An Taoiseach le tús a chur le díospóireacht faoin nGaeilge sa Dáil

Maífidh an Rialtas sa Dáil inniu go bhfuil plean ‘uaillmhianach’ á chur i bhfeidhm acu don Ghaeilge agus déarfaidh an freasúra nach bhfuil aird mar is cuí á tabhairt acu ar an ngéarchéim teanga

An Taoiseach le tús a chur le díospóireacht faoin nGaeilge sa Dáil

Cuirfidh an Taoiseach Micheál Martin tús le díospóireacht faoin nGaeilge sa Dáil inniu. 

Déanfaidh an Taoiseach cur síos ar a bhfuil á dhéanamh chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa díospóireacht atá á reáchtáil do Sheachtain na Gaeilge.

Déanfaidh an freasúra cáineadh ar an easpa dul chun cinn, dar leo, atá á dhéanamh ag an Rialtas i leith na Gaeilge agus ar an neamhaird a mhaítear atá á déanamh acu den ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht. 

Tá sé i gceist ag an Taoiseach béim a leagan ar an “uaillmhian” a bhaineann le polasaí Gaeilge an Rialtais.

“Ceiliúradh iontach ar an nGaeilge agus ar chultúr na hÉireann a bhíonn i 

Seachtain na Gaeilge i gcónaí. Cé go mbeidh an plé difriúil ó bhlianta eile agus an fhéile ag tarlú ar líne, táim ag súil go mór le díospóireacht faoi ról lárnach na Gaeilge sa tsochaí agus faoi obair an Rialtais sa réimse seo. 

“Tá clár an Rialtais an-uaillmhianach maidir leis na gealltanais atá ann faoi chosaint agus caomhnú na gceantar Gaeltachta agus maidir lena chinntiú go bhfanfaidh na ceantair sin i gcroílár na teanga beo.” 

Déarfaidh an Taoiseach go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh i dtaobh chur chun cinn Bhille Leasaithe na  dTeangacha Oifigiúla agus maidir le pobail Ghaeilge a spreagadh lasmuigh den Ghaeltacht. 

Déanfaidh sé trácht chomh maith ar na “hardáin” a deir sé atá á bhforbairt ag an Rialtas ionas go mbeidh daoine óga níos rannpháirtí i saol na Gaeilge. 

“Is deis iontach í Seachtain na Gaeilge dúinn ar fad lenár gcaidreamh leis an teanga a scrúdú agus a mheas agus tá mé cinnte go mbainfidh a lán daoine taitneamh as ócáidí na bliana seo sa bhaile agus thar sáile,” a dúirt an Taoiseach roimh dhíospóireacht an lae inniu.

Dúirt an Príomh-Aoire agus Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers gur ceiliúradh tábhachtach ar an teanga a bhí i Seachtain na Gaeilge do chainteoirí líofa agus dóibh siúd a bhí ag iarraidh feabhas a chur ar a gcumas sa teanga. 

Deis a bhí inti freisin le cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain.

Tapóidh sé féin an deis inniu, a dúirt an tAire Stáit, chun “tosaíochtaí an Rialtais don Ghaeltacht agus dul chun cinn Bhille Leasaithe Acht na dTeangacha Oifigiúla tríd an Teach, a léiriú”.

“Píosa reachtaíochta cinniúnach é an bille seo a athshocróidh caidreamh an Stáit leis an teanga agus is cúis áthais dom go bhfuil tacaíocht na dTeachtaí ar fud an Tí aige, chomh maith le tacaíocht na n-eagraíochtaí teanga.”

Dúirt an tAire Stáit gurb é an Taoiseach a chuirfeadh ceann ar an díospóireacht agus gur léiriú é sin ar an tosaíocht a thugann an Rialtas don teanga. 

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, príomhpháirtí an fhreasúra, nach mbeadh aon ghlacadh aige féin ná a chomhghleacaithe le haon mhórtas tóin gan taca ón Rialtas le linn na díospóireachta.

“Gealltar go leor ach ní dhéantar mórán, sin an fhadhb a bhaineann leis an Rialtas seo. Beidh mise ag díriú airde inniu ar na cúiseanna go bhfuil díomá orm féin agus ar phobal na Gaeilge faoi pholasaí teanga an Rialtais. Tá díomá orm faoin easpa dul chun cinn atá á dhéanamh agus faoin gcaint ar fad nach mbíonn aon toradh uirthi. Tá an ghéarchéim teanga ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta ag éirí níos measa agus níl siad ag dul i ngleic i gceart léi. 

“Tá sé éasca a rá, mar shampla, go n-athróidh an Bille Teanga caidreamh an Stáit le pobal na Gaeilge agus ní tharlóidh sin mura n-éiríonn linn an bille a leasú agus a láidriú go mór,” arsa an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Fág freagra ar 'An Taoiseach le tús a chur le díospóireacht faoin nGaeilge sa Dáil'

  • S. Mac Muirí

    Clár uaillmhianach eile ar na bacáin i mBÁC. Mura dtosófar ag labhairt 7 ag scríobh na Gaeilge i ndorchlaí na cumhachta beidh an teanga chomh scáinte sa tsráid ghalltachta 7 sa nGaeltacht féin is atá sí gann ar fad ar shuíomh idirlín Shinn Féin.