An tAire Tithíochta le ceistiú i dTeach Laighean faoi chás na Gaeltachta sa chóras pleanála

Tá súil ann go bpléifidh an tAire O’Brien inniu na treoirlínte atá le foilsiú aige maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht chomh maith leis na moltaí a rinne údaráis áitiúla maidir leis an bhfadhb

An tAire Tithíochta le ceistiú i dTeach Laighean faoi chás na Gaeltachta sa chóras pleanála

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien go bpléifidh sé inniu i dTithe an Oireachtais an moladh go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála ar leith don Ghaeltacht.

Chuir ceithre údarás áitiúil moltaí éagsúla i láthair ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ag deireadh na bliana seo caite.

Dhiúltaigh an tAire Tithíochta, a bheidh os comhair an choiste chéanna inniu, labhairt ar mholtaí na n-údarás nuair a cuireadh ceist Dála air fúthu le déanaí.

Ach thug sé le fios go bpléifeadh sé ceist “shonrach” na moltaí ach a mbeadh deis sin a dhéanamh mar chuid de phlé “níos doimhne” ag cruinniú an lae inniu.

Tá cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus an chosaint a thugtar don Ghaeilge sa chóras pleanála á bplé ag ionadaithe ón Roinn Tithíochta le hionadaithe ó Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta le tamall.

Cé go ndeir an dá Roinn nach bhfuil toradh ar na cainteanna sin fós, beidh cluasa ar bior inniu acu siúd ar spéis leo cás na Gaeltachta sa chóras pleanála féachaint an dtabharfar eolas ag an gcruinniú coiste faoi cén dearcadh atá ag an Aire agus na státseirbhísigh faoin scéal.

Bhí treoirlínte faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht le foilsiú ag an Aire O’Brien roimh an Nollaig ach tugadh le fios go raibh sin curtha siar go dtí uair éigin luath sa bhliain nua.

Cuirfear suim go háirithe inniu i ndearcadh an Aire i leith mholtaí na n-údarás áitiúil.

Mhol údaráis áitiúla Chiarraí, Phort Láirge, Chorcaí agus na Mí mí na Nollag seo caite go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála agus forbartha ar leith don Ghaeltacht.

Mhol siad chomh maith go dtabharfaí reachtaíocht isteach a thabharfadh cead dóibh tús áite a thabhairt do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta sóisialta sa Ghaeltacht.

Tá coiste idir-rannach bunaithe ag an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta chun ceisteanna tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht a fhiosrú ach tá imní léirithe nach bhfuil ionadaithe ón nGaeltacht ná ó phobal na Gaeilge ar an choiste sin.

Dúirt Conradh na Gaeilge go bhfuil baol ann nach mbeidh “glór na Gaeltachta agus phobal na Gaeltachta lárnach” sa phróiseas d’uireasa áit ar an gcoiste agus rith Coiste Gaeilge an Oireachtais rún mí na Nollag ag moladh don Aire Tithíochta ionadaíocht a chur ar fáil d’ionadaithe “ó phobal na Gaeltachta agus ó phobal na Gaeilge”.

Agus é ag labhairt roimh an gcruinniú inniu, dúirt cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuiltear ag súil moltaí na n-údarás áitiúla agus na treoirlínte atá beartaithe ag an Aire a phlé.

“Tá tithíocht de dhíth go géar ar fud na Gaeltachta. Má táimid i ndáiríre faoi thodhchaí na Gaeltachta, tá orainn a chinntiú go bhfuil agus go mbeidh tithíocht ar fáil do theaghlaigh le Gaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Ba mhaith linn na sonraí [maidir leis na treoirlínte] a phlé leis an Aire agus a chinntiú go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm a bheidh leo. Go n-éascóidh siad cothabháil agus forbairt pobal áitiúil, agus go mairfidh pobal na Gaeltachta an chéad ghlúin eile agus sna glúnta ar aghaidh.

“Léirigh an méid a bhí le rá ag lucht bainistíochta na gComhairlí Contae a tháinig os ár gcomhair go dtí seo go bhfuil soiléiriú de dhíth orthu maidir lena ndualgais i leith forbairt tithíochta sna ceantair Ghaeltachta, agus maidir leis na coinníollacha teanga ba chóir dóibh a chur i bhfeidhm.

“Ba mhaith linn na sonraí sna treoirlínte a bheidh á bhfoilsiú ag an Aire a phlé leis, agus a chinntiú go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm a bheidh leo, agus go ndéanfaidh siad cothabháil agus láidriú ar na ceantair Ghaeltachta uilig.”

Fág freagra ar 'An tAire Tithíochta le ceistiú i dTeach Laighean faoi chás na Gaeltachta sa chóras pleanála'