An tAire Oideachais le ceistiú faoi staid ‘náireach’ an Ghaeloideachais sa stát

Deir Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, nach bhfuil leithscéal ar bith ag an rialtas gan freastal ceart a dhéanamh ar an oideachas lán-Ghaeilge agus é a chur chun cinn ar fud na tíre

An tAire Oideachais le ceistiú faoi staid ‘náireach’ an Ghaeloideachais sa stát

Tá an tAire Oideachais le teacht os comhair choiste Oireachtais tráthnóna chun ceisteanna a fhreagairt ar theip an stáit freastal a dhéanamh ar an éileamh atá ann don oideachas lán-Ghaeilge.

Labhróidh an tAire Norma Foley le comhaltaí Chomhchoiste na Gaeilge i dTeach Laighean inniu agus deir Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur “cúis náire” é go bhfuil an oiread sin fadhbanna ann ó thaobh an Ghaeloideachais in Éirinn, idir easpa scoileanna, easpa múinteoirí agus tuilleadh.

Deir Ó Snodaigh nach bhfuil leithscéal ar bith ag an rialtas gan freastal ceart a dhéanamh ar an oideachas lán-Ghaeilge agus é a chur chun cinn ar fud na tíre.

“Faoi láthair níl sé ceart go mbeadh scolaíocht trí mheán na Gaeilge á dhiúltú d’aon pháiste ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile – tá breis is 2,000 dalta ag fágaint Gaelscoile tar éis rang a sé gan aon seans acu ar mheánscolaíocht trí mheán na Gaeilge toisc nach ann do na scoileanna, nó nach bhfuil go leor spáis iontu siúd atá ann. Chuile bhliain tá na céadta leanaí nach bhfuil spás dóibh ina nGaelscoil áitiúil, fiú más ann [don scoil],” arsa Ó Snodaigh.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc le gairid go bhfuil beagnach 6,000 dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna i sé cheantar ar leith sa stát nach bhfuil aon Ghaelcholáiste iontu chun freastal ar na daltaí nuair a fhágann siad an bhunscoil.

“Is cúis náire é dúinn, mar Chomhchoiste na Gaeilge, go bhfuil cúrsaí Gaeloideachais sa tír seo amhlaidh,” arsa Ó Snodaigh, agus dúirt go mbeidh sé ag iarraidh ar an Aire Foley agus ar an rialtas “tiomantas oscailte agus cinnte” a thabhairt go mbeidh Gaeloideachas ar fáil i ngach ceantar sa tír taobh istigh de dheich mbliana.

Tá 13 contae sa stát nach bhfuil aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge iontu faoi láthair.

Deir Ó Snodaigh freisin go gcaithfear a chinntiú go bhfuil na háiseanna a bhíonn ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith leo siúd a bhíonn a fáil i scoileanna Béarla.

“Pléifear chomh maith leis an Aire na dúshláin atá ann maidir le múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna an Stáit agus an síor-athrú gan bhunús ar an gcóras scrúdaithe ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta.”

Fág freagra ar 'An tAire Oideachais le ceistiú faoi staid ‘náireach’ an Ghaeloideachais sa stát'