‘Optics’ seachas ‘fibre optics’ – an tAire Cumarsáide Denis Naughten éirithe as mar gheall ar chonspóid leathanbhanda

Dúirt an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil sa Dáil tráthnóna go bhfuil sé tar éis a chur in iúl don Taoiseach go bhfuil sé ag éirí as

‘Optics’ seachas ‘fibre optics’ – an tAire Cumarsáide Denis Naughten éirithe as mar gheall ar chonspóid leathanbhanda

Tá an tAire Cumarsáide Denis Naughten éirithe as a chúram mar aire mar gheall ar an gconspóid faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.

I ráiteas a thug sé uaidh sa Dáil tráthnóna, dúirt an tAire Naughten:

“Ar mhaithe le mo theaghlach, lucht mo dháilcheantair agus an 1.1 milliún duine atá ag fanacht ar sheirbhís riachtanach [leathanbhanda], agus gnáthphobal na tuaithe, atá mé tar éis a chur in iúl don Taoiseach go bhfuil mé ag éirí as,” a dúirt Naughten.

Dúirt urlabhraí cumarsáide Fhianna Fáil Timmy Dooley go raibh trua aige don Aire Naughten mar nach raibh aon duine sa bhfreasúra ag iarraidh go n-éireodh sé as.

Thug Naughten le fios go raibh ráite ag an Taoiseach leis nach raibh muinín aige as.

Dúirt sé gurb amhlaidh gur mó a bhain scéal a éirí as le “pobalbhreitheanna ná le pollaí teileachumarsáide”. Tugadh tús áite do “opinion polls” seachas “telecom poles” agus do “optics” seachas “fibre optics”.

Shéan sé go láidir go ndearna sé aon chur isteach ar an bpróiseas tairisceana maidir leis an gconradh do sholáthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.

D’admhaigh Naughten inné gur bhuail sé ar dhá ócáid le David McCourt, cathaoirleach Granahan McCourt, an t-aon chomhlacht a bhí fágtha sa phróiseas tairisceana, agus gur eagraigh sé lón dó i mbialann na Dála fad is a bhí an próiseas tairisceana ar siúl. Cé nár labhair sé le McCourt an lá sin, sheas Naughten an lón €37 dó féin agus dá chlann.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin go raibh muinín aige as Naughten agus é sásta “go fóill” le míniú an Aire ar chúrsaí. Dúirt sé go bhfreagródh Naughten ceisteanna faoin scéal sa Dáil tráthnóna, ach ina áit sin léigh an t-iar-aire amach ráiteas gairid inar fhógair sé go raibh sé curtha in iúl aige don Taoiseach go raibh sé ag éirí as.

Dúirt polaiteoirí de chuid an fhreasúra tráthnóna go raibh go leor ceisteanna fós le freagairt faoin méid a tharla agus gur chóir don Taoiseach anois na freagraí sin a thabhairt.

 

 

 

Fág freagra ar '‘Optics’ seachas ‘fibre optics’ – an tAire Cumarsáide Denis Naughten éirithe as mar gheall ar chonspóid leathanbhanda'

  • Murchadh

    “€37 ar lón do McCourt AGUS dá chlann”?? Cad a bhí acu…pláta lán sceallóga an duine? ‘Gordon Bleu’ ab ainm do chcócaire na sceallóga a dhéanann speisialú i sásanna ‘trés recherché’? Bhí banda leathan féna mbolg t’réis an bhéile sin deirimse leat. Ha Ha nach saonta an dream sinn! Maithfear dóibh é mar fuair gach éinne €5 sa bhuiséad.