An t-iar-aire stáit Gaeltachta Dara Calleary ceaptha in áit Robert Troy

Tá Dara Calleary ina bhall de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta Thithe an Oireachtais agus bíonn sé le cloisteáil go minic ar na meáin Ghaeilge

An t-iar-aire stáit Gaeltachta Dara Calleary ceaptha in áit Robert Troy

Tá an Teachta Dála Dara Calleary, Gaeilgeoir as Maigh Eo, ceaptha ina aire stáit sa Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta in áit Robert Troy.

D’éirigh Calleary, a thug seal gairid ina aire stáit Gaeltachta, as an aireacht talmhaíochta le linn na paindéime in 2020 mar gheall gur fhreastail sé ar ócáid de chuid Chumann Gailf Thithe an Oireachtais in Óstán an Stáisiúin ar an gClochán, i gcontae na Gaillimhe.

Dúirt Calleary go mbeadh an chonspóid a bhain le ‘Golfgate’ i gcónaí ann agus gur ghabh sé leithscéal as botún mór a dhéanamh, botún ar íoc sé as.

Bhí fonn anois air, áfach, tabhairt faoina phost nua agus tógáil ar an obair a bhí déanta ag a réamhtheachtaí, Robert Troy.

D’éirigh Troy as a aireacht mar gheall ar chonspóid faoina chuid réadmhaoine.

Bhí sé faoi bhrú mór mar gheall nach ndearna sé leas a dhearbhú mar ba chóir i gcás a chuid tithe.

Dúirt an freasúra gur chóir go ndéanfadh an Coiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú sa Dáil an cás a iniúchadh.

Dúirt Troy nach raibh aon ní le ceilt aige agus gurb é an rud ba mheasa a rinne sé ná gur theip air “dícheall cuí” a dhéanamh.

Iar-leascheannaire ar Fhianna Fáil é Dara Calleary a bhí tráth ina urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta ag an bpáirtí. Tá sé ina bhall de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta Thithe an Oireachtais agus bíonn sé le cloisteáil go minic ar na meáin Ghaeilge.

Coicís a chaith Dara Calleary ina aire stáit Gaeltachta i samhradh 2020. D’fhág sé an post sin nuair a ceapadh ina aire talmhaíochta é. D’éirigh an té a bhí ina Aire roimhe, Barry Cowen as oifig de bharr conspóide a bhain le heachtra a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil. Beagán le cois míosa a bhí Calleary ina aire talmhaíochta nuair a thug conspóid ‘Golfgate’ air éirí as.

Cur chun cinn na trádála a bheidh mar chúram ar Dhara Calleary ina phost nua sa Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta.

Fág freagra ar 'An t-iar-aire stáit Gaeltachta Dara Calleary ceaptha in áit Robert Troy'