An t-éileamh chun struchtúr na craoibhe peile a athrú ag bailiú nirt roimh vóta na cinniúna

Cor suntasach sa scéal a bhí ann i rith na seachtaine nuair a labhair Uachtarán CLG, Larry McCarthy, agus an tArdstiúrthóir, Tom Ryan, ar son Mholadh B

An t-éileamh chun struchtúr na craoibhe peile a athrú ag bailiú nirt roimh vóta na cinniúna

Tá an feachtas chun struchtúr Chraobh Shinsir Peile na hÉireann a athrú ag bailiú nirt roimh Chomhdháil Speisialta atá le reáchtáil i bPáirc an Chrócaigh amárach.

Tá na hathruithe is mó riamh ar leagan amach na craoibhe beartaithe agus cé go raibh tuairim ann le roinnt seachtainí anuas go dteipfeadh ar na moltaí atá curtha chun cinn agus gurb é an status quo a bheadh i ndán do chomórtais peile na bliana seo chugainn, tá athrú tagtha air sin le seachtain.

Cor suntasach sa scéal a bhí ann i rith na seachtaine nuair a labhair feidhmeannas CLG ar son Mholadh B, ina moltar go mbeadh comórtas sraithe mar chuid de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann.

Dúirt Uachtarán CLG, Larry McCarthy, nach raibh sé ag iarraidh brú a chur ar éinne eile a bhfuil vóta acu ach gur mheas sé go raibh sé in am “céim mhisniúil” a ghlacadh agus gur mhaith leis struchtúr nua a fheiceáil ar chraobh na peile an bhliain seo chugainn. Dúirt Ard-Stiúrthóir CLG, Tom Ryan, go bhfuil sé féin i bhfabhar Mholadh B freisin.

Tugadh le fios gur beag difear a bheadh idir Moladh A, Moladh B agus an struchtúr atá ann faoi láthair ó thaobh teacht isteach de, rud a bhí ag déanamh imní do na comhairlí cúige ach go háirithe.

De réir Mholadh B, bheadh sraith, bunaithe ar an tSraith Náisiúnta i láthair na huaire, mar chuid de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann. Bhainfeadh na cúig fhoireann ab fhearr i Roinn 1 áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais agus bheadh áit don dá fhoireann ab fhearr i Roinn 2 agus rachadh buaiteoirí Roinn 3 agus Roinn 4 isteach sna réamhbhabhtaí.

D’imreodh na foirne ó Roinn 3 agus Roinn 4 nár bhain áit amach sna réamhbhabhtaí i gCorn Tailteann.

Reáchtálfaí craobhacha na gcúigí i gcónaí ach d’imreofaí na cluichí i rith an earraigh agus ní bheadh aon bhaint ag na comórtais sin le Craobh na hÉireann.

Níl tacaíocht ar bith léirithe do Mholadh A, a d’fhágfadh, dá nglacfaí leis, go gcuirfí foirne ó chúige Uladh agus cúige Laighean isteach i gcraobhacha Chonnacht agus na Mumhan gach bliain.

Beidh vóta ag 183 toscaire ag an gComhdháil Speisialta inniu agus teastaíonn móramh 60% (110 vóta) chun go nglacfaí le rún.

Ní fios go fóill conas a bheidh na toscairí ar fad ag vótáil ach tá sé fógartha ag roinnt contaetha go bhfuil treoir tugtha dá dtoscairí vótáil ar son Mholadh B. Meastar go bhfuil breis is leathchéad vóta ag an moladh sin faoi láthair.

Tá formhór na gcontaetha i gCúige Laighean ar son Mholadh B – An Mhí, an Iarmhí, Loch Garman, Cill Dara agus Uíbh Fhailí. Níl aon chinneadh fógartha go fóill ag Baile Átha Cliath, ná ag Cill Chainnigh, Cill Mhantáin ná Ceatharlach.

I gConnachta, deir Sligeach, Liatroim agus Ros Comáin go bhfuil siad i bhfabhar Mholadh B ach tuigtear go bhfuil Gaillimh agus Maigh Eo, a bhfuil níos mó vótaí acu ná na trí chontae eile le chéile, i gcoinne an athraithe.

Meastar go mbeidh formhór na gcontaetha i gCúige Uladh in aghaidh aon athrú atá beartaithe, áfach, agus cé go bhfuil contae an Chláir, Tiobraid Árann agus Corcaigh i gCúige Mumhan uile i bhfabhar Mholadh B, tá ráite ag Ciarraí, Luimneach agus Port Láirge go bhfágfaidh siad an cinneadh faoi na toscairí aonair.

Beidh an 52 vóta atá ag an Ard-Chomhairle agus an 38 vóta atá ag na comhairlí thar lear cinniúnach sa vóta.

Mura nglactar le Moladh A ná Moladh B, beidh na comórtais mórán mar a bhí ar feadh blianta, cé go bhfuil sé i gceist fáil réidh le comórtas an tSár-Ochtair agus gnáthchluichí ceathrú ceannais a imirt ina áit, mar a bhí i gceist go dtí 2018.

Fág freagra ar 'An t-éileamh chun struchtúr na craoibhe peile a athrú ag bailiú nirt roimh vóta na cinniúna'