An t-aon cheacht atá foghlamtha – gan sprioc tithíochta a leagan síos

Tuigeann muid ar fad faoin tráth seo go bhfuil roinnt fadhbanna bunúsacha a gcaithfear dul i ngleic leo le réiteach a fháil ar an ngéarchéim thithíochta

An t-aon cheacht atá foghlamtha – gan sprioc tithíochta a leagan síos

Taca an ama seo anuraidh bhí muid i lár feachtais olltoghcháin a raibh an tithíocht – don dara olltoghchán as a chéile – ar an gceist ba phráinní i súile an phobail. D’éirigh leis an rialtas a bhí in oifig ag an am a chur i gcion orainn go raibh dul chun cinn ag tarlú agus go raibh an tionscal tógála ag cloí leis na spriocanna a bhí leagtha amach dó. Bheadh dhá scór míle teach nua, beagnach, tógtha faoi dheireadh na bliana agus ba ghearr go bhfeicfí toradh na bpleananna tithíochta agus an dul chun cinn leis an éigeandáil tithíochta – éigeandáil ár linne.

Ní raibh na vótaí ach comhairthe nuair a tháinig sé chun solais go raibh an figiúir a bhí dá chur i láthair an phobail faoi thógáil tithe míchruinn. Ní hamháin go raibh an líon tithe a bheadh tógtha faoi dheireadh na bliana i bhfad níos ísle ná mar a gheall Fianna Fáil agus Fine Gael le linn an fheachtais, tháinig sé chun solais luath go maith gur thuig na páirtithe nach mbeifí ag cloí leis na spriocanna agus go raibh an dallamullóg curtha ar an bpobal le linn an fheachtais.

Luath san athbhliain, freisin, nuair a cuireadh an comhrialtas nua le chéile, ar deireadh thiar, fógraíodh gur tugadh an aireacht tithíochta do James Browne, rud a chuir iontas ar do leor.

Ní raibh aon taithí mar aire sinsir ag Browne roimh mhí Eanáir seo caite agus glacadh leis gur cuireadh isteach sa roinn é chun go mbeadh Mícheál Martin in ann feidhmiú de facto mar aire tithíochta ag tabhairt treorach don aire nua. Pé acu an mar sin a bhí nó nach ea, níl ag éirí le James Browne mar aire agus níl ag éirí leis an rialtais dul i ngleic leis an líon daoine atá fós gan dídean agus ag fanacht i lóistín éigeandála ar fud na tíre.

Tuigeann muid ar fad faoin tráth seo go bhfuil roinnt fadhbanna bunúsacha go gcaithfear dul i ngleic leo le réiteach a fháil ar an ngéarchéim thithíochta. Tá cuid acu follasach don dall – níl seirbhísí ná séarachais ar fáil ina go leor áiteanna sa tír agus tá cultúr forleathan ann cur in aghaidh forbairtí tithíochta fiú i measc na bpolaiteoirí féin – an fhadhb is bunúsaí ar fad. Níl dóthain oibrithe ná ceardaithe ar fáil leis an obair a dhéanamh ar na suíomhanna atá dá réiteach ar fud na tíre. Aithnítear na fadhbanna ach an réiteach?

Plean eile tithíochta, sraith eile scéimeanna agus gealltanas go mbeidh 300,000 teach tógtha faoin mbliain 2030. Agus an ceacht atá foghlamtha – gan sprioc bhliantúil a leagan síos. Plean réalaíoch atá anseo, a deir an rialtas, ach ní chuirfear aon sprioc i bhfeidhm mar gur mó aird a bhíonn ar na spriocanna ná ar an obair atá á déanamh.

Ná bíodh muid ag díriú ar spriocanna ach ar fhiúntas na hoibre a deir siad – is beag an mhaith a leithéid do na mílte atá gan dídean agus ag fanacht le teach nó áras de shaghas éigin leis na blianta anois.

Fág freagra ar 'An t-aon cheacht atá foghlamtha – gan sprioc tithíochta a leagan síos'