An bóthar fada glactha ag fear nua na hÉireann, cearta maíte na Gaeltachta agus Déiseach sa tóir ar thearmann i mBeirmiúda

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

An bóthar fada glactha ag fear nua na hÉireann, cearta maíte na Gaeltachta agus Déiseach sa tóir ar thearmann i mBeirmiúda

An bóthar fada glactha ag fear nua na hÉireann

Oíche lán mórtais a bhí san Aviva aréir nuair a fuair Éire an ceann is fearr ar an bPortaingéil 2-0 ach ócáid ar leith a bhí ann do theaghlach amháin agus Kevin O’Toole mar chuid de scuad na hÉireann den chéad uair.

Is beag duine sa tír seo a chuala trácht ar an bhfear óg 26 bliain d’aois sular tugadh isteach sa scuad é ach, agus Ryan Manning, Robbie Brady, Callum O’Dowda agus Josh Honohan uile ar iarraidh, cuireadh fios ar O’Toole, atá ag imirt le New York City FC thall san MLS.

Ba as Dún Laoghaire dá sheanáthair, Eric O’Toole, ach chuaigh seisean ar imirce i 1958 agus ba i New Jersey a rugadh Kevin.

Ní raibh deireadh lena gcuid taistil ag clann Uí Thuathail, áfach, agus chaith an teaghlach cúpla bliain sa bPolainn nuair a bhí Kevin ina ghasúr nuair a ghlac a athair le post i Vársá. Deir Kevin gur ansin a fuair sé a ghrá don sacair agus é ag imirt amuigh sa sneachta agus é ar scoil.

Caithfidh go bhfuair sé oideachas maith mar d’fhreastail O’Toole ar cheann de na hollscoileanna is mó le rá sna Stáit Aontaithe, Princeton, agus céim aige ón Scoil Gnóthaí Poiblí agus Idirnáisiúnta.

Dá thráchtas, dhírigh sé ar chúlú arm Mheiriceá ón Afganastáin in 2021 agus cé acu an raibh “dualgas morálta” ar na Stáit Aontaithe fanacht sa tír chun cabhair dhaonnúil a thabhairt.

Ní fios ar cuireadh mórán ceisteanna air faoin ábhar sin amuigh i mBaile an Aba i rith na seachtaine agus O’Toole ag traenáil lena chomrádaithe nua. Gach seans gur mó ceisteanna a cuireadh air faoi Lionel Messi. D’imir O’Toole i gcoinne an Airgintínigh nuair a chas New York City FC agus Inter Miami ar a chéile i Yankee Stadium anuraidh.

An Chraobh Shinsir ag an nDaingean ach cearta maíte ag an nGaeltacht

Níl sé baileach cruinn a rá go mbeidh curaidh nua againn ar Chraobh Chiarraí Thiar amárach ach ó tharla go bhfuil deireadh curtha le tréimhse cheannais an Daingin ar an gcomórtas, d’fhéadfadh go mbeadh suim níos mó sa gcluiche ceannais.

Bhí fir an bhaile mhóir sa tóir ar a n-ochtú craobh as a chéile i mbliana ach fuair An Ghaeltacht an ceann is fearr orthu i gcath na gcuradh sna babhtaí leathcheannais.

Bua aon phointe amháin a bhí ag seaimpíní Chraobh Idirmheánach Chiarraí ar sheaimpíní Chraobh Shinsir Chiarraí, 0-9 in aghaidh 0-8, agus an Ghaeltacht anois ag iarraidh an chraobh áitiúil a bhuachan den chéad uair ó 2017, an bhliain dheireanach gur éirigh leo craobh an chontae a bhaint, mar a tharlaíonn sé.

Agus Corn an Dochtúra Uí Mhuineacháin ina nglac orthu, ní dhéanfaidh fir an Daingin an oiread sin caointe agus léiriú é b’fhéidir ar an mbéim a chuir an Ghaeltacht ar an gcluiche gurbh é Brian Ó Beaglaoich a d’aimsigh péire de na pointí acu sa dara leath den chluiche leathcheannais, níos lú ná 48 uair an chloig ó thug sé leis a chéad ghradam All-Star san RDS. Chuir an Ghaeltacht foireann láidir chun páirce agus iad ag ullmhú d’fheachtas na Mumhan ach ba dhóigh leat gur spreagadh ann féin an deis an ceann is fearr a fháil ar na comharsana.

Caisleán Ghriaire a bheidh ina gcoinne amárach. Is faide fós an cumann sin ag fanacht le greim a fháil ar an gcorn seo agus caithfidh tú dul siar go dtí 1977 don uair dheireanach go raibh siadsan ina ríthe ar Chiarraí Thiar.

An tseachtain seo chugainn a chuirfidh an Ghaeltacht agus an Daingean tús lena bhfeachtais i gcraobhacha na Mumhan agus iad ag iarraidh sampla mhná Naomh Abán a leanúint tar éis dóibh craobh idirmheánach an chúige a bhuachan cúpla seachtain ó shin.

Power ag iarraidh gan dul amú i mBeirmiúda

Bhí ábhar ceiliúrtha ag galfairí ón tír seo le roinnt seachtainí anuas. Ar ndóigh, bhí Rory McIlroy agus Shane Lowry mar chuid d’fhoireann na hEorpa a bhuaigh Corn Ryder ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus chinntigh Tom McKibbin áit ag comórtas na Masters agus an Open an bhliain seo chugainn nuair a bhuaigh sé an Hong Kong Open ag tús na míosa seo.

Tá an triúr sin san iomaíocht ag an DP World Championship thall i Dubai an deireadh seachtaine seo ach ní hé deireadh an domhain é d’aon duine acu mura n-éiríonn rómhaith leo.

Scéal eile atá ann don Déiseach Séamus Power atá san iomaíocht ar an taobh eile den domhan. Thall i mBeirmiúda atá Power agus cúpla toradh maith ag teastáil má tá sé chun a chárta PGA a choinneáil.

Tá Power sa 133ú háit ar liosta an FedEx Cup i láthair na huaire agus ní bhaineann ach an chéad 100 galfaire stádas iomlán amach ar an PGA Tour don bhliain seo chugainn.

Fágann sin go bhfuil toradh láidir uaidh an deireadh seachtaine seo ach ba cheart go mbeadh cuimhní maithe aige ar chúrsa Port Royal mar is anseo in 2022 a bhuaigh Power an ceann is déanaí den dá chomórtas atá buaite aige ar an PGA Tour.

Gortuithe agus drochimirt ba chúis le deacrachtaí Power go dtí seo i mbliana ach is cúis dóchais don Éireannach é go bhfuil cúpla toradh maith bainte amach aige le roinnt seachtainí anuas. Caithfidh sé ceann eile a fháil an deireadh seachtaine seo nó rachaidh rudaí go tóin poill i mBeirmiúda.

Fág freagra ar 'An bóthar fada glactha ag fear nua na hÉireann, cearta maíte na Gaeltachta agus Déiseach sa tóir ar thearmann i mBeirmiúda'