An t-am seo bliana cuimhním ar dhán Nollag mo dhearthár agus é ag caoineadh bhás Dheaide s’againne

Idir dhánta Nollag agus ‘Smaointe Beatha Chríost’, téann cuid de scéal na Nollag i bhfeidhm ar an aindiachaí féin

An t-am seo bliana cuimhním ar dhán Nollag mo dhearthár agus é ag caoineadh bhás Dheaide s’againne

An t-am seo chuile bhliain cuimhním ar an dán Nollag a scríobh mo dheartháir Mícheál agus é ag caoineadh bhás Dheaide seo againne.

‘Nollaig Easpach’ a thug sé air.

Crothnóidh muid thú i mbliana,

Dá thabhartaisí dá ngealann féile:

Gan tú ar fáil le clabhsúr ’chur

Ar dhraíocht chiúin na hoíche

‘Le gur fearr a bheidh muid…’

Is í féin go ceansa ag freagairt:

‘Áiméan, a Thiarna.’

Más ag cuimhneamh ar a athair a bhí Mícheál nuair a scríobh sé an dán sin is ag a mháthair a bhí Máirtín Ó Direáin ag cur a bheannacht nuair a scríobh sé an ceann seo ochtú bliain ó shin:

In oileán beag i gcéin san Iarthar

Beidh coinnle ar lasadh anocht,

I dtithe ceann tuí is i dtithe ceann slinne,

Dhá cheann déag de choinnle geala a bheas ar lasadh anocht.

Mo chaoinbheannacht siar leis na coinnle geala,

A bheas ar lasadh anocht,

Is céad beannacht faoi dhó

Le lámh amháin a lasfas coinnle anocht.

Is gearr ó casadh cur síos dhom ar bhreith Chríost agus más aindiagaí dúr féin mé chaithfeadh an nádúr atá ann a dhul i bhfeidhm orm.

‘Smaointe Beatha Chríost’ atá ar an ábhar ar fad. I Laidin a scríobhadh i dtosach é i dtús an cheathrú haois déag. Tomás Gruama Ó Bruacháin, canónach i gCill Ala, a chuir Gaeilge air sna blianta 1430-61. Seo é an cuntas ar bhreith Chríost i litriú an lae inniu:

Agus mar a bhí sé gan amhaltas gan doghrainn i mbroinn a mháthar, is mar sin a bhí sé sa saol amuigh. Agus thit sé chun cosa a mháthar, agus thóg an mháthair den talamh é go luath. Agus thug sí póg mhilis dó agus chuir ina hucht é. Agus líonadh a cíocha de bhainne ó ghrásta an Athar, agus teagascadh í ón Spiorad Naomh, agus nigh é ó bhainne a cíoch uile. Agus chuir bréidín beag a cinn uime agus cheangail é, agus chuir sa mhainséar é. Agus shléacht an damh agus an t-asal dó, agus chuireadar a mbéil ar an mainséar, agus bhíodar ag sraothartach agus ag cur a n-anála uime mar a bheadh réasún acu, óir thuigeadar bochtaine an Mhacaoimh agus fuaire na haimsire, agus gur ráinig a leas a theacht. Lig an mháthair ar a glúine an t-am sin, agus ghuigh é.

Agus thug buíochas don athair agus dúirt: Glóire agus grásta duit, a Thiarna agus a Athair Naofa, a thug do Mhac grách dom féin, agus guím thú, a Dhia Shuthain, agus tusa a Mhic Dé Bhí agus a Mhic mo bhroinne féin. Agus ghuigh Iosaf é mar an gcéanna, agus tharraing lán a dhoirn d’olann nó den rud eile a bhí i bpillín an asail, agus chuir i dtaobh an mhainséir faoin mbantiarna é, agus rinne an rud céanna leis an bpillín; chuir faoina huillinn é, agus is mar sin a bhí ríon fhlaithiúnas Dé agus bantiarna an tsaoil. Agus choinnigh a haghaidh agus a leaca ar an mainséar maille le croí feochair te a choimhéad a haon-Mhic ghrách dhil féin.

Fág freagra ar 'An t-am seo bliana cuimhním ar dhán Nollag mo dhearthár agus é ag caoineadh bhás Dheaide s’againne'