An suim leat cur le do chumas seirbhísí dlí a thairiscint trí Ghaeilge le hArd-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge?

Tá an cúrsa ar líne seo oiriúnach d’abhcóidí agus d’aturnaetha a bhfuil líofacht Ghaeilge acu chomh maith le daoine gairmiúla a oibríonn leis an Dlí agus leis an nGaeilge

An suim leat cur le do chumas seirbhísí dlí a thairiscint trí Ghaeilge le hArd-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge?

Míníonn Ronan Munro SC, céimí den chúrsa Ard-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge agus abhcóide sinsir mar a chuidigh an cúrsa agus an cháilíocht seo leis ina shaol gairmiúil.

“Nasc an tArd-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge mo chuid scileanna abhcóideachta agus mo chuid scileanna teanga le chéile agus mhisnigh sé go mór mé le cásanna a dhéanamh sa Chúirt trí Ghaeilge. Is acmhainn fíorluachmhar iad na fasaigh a chuirtear ar fáil mar chuid d’ábhar an chúrsa. Go deimhin cúpla seachtain tar éis dom an cúrsa a chríochnú fuair mé deis an scileanna nua dlí agus teanga seo a chur ag obair nuair a fuair mé mionteagasc i gcás coiriúil a raibh an díotáil as Gaeilge ann.”

Ronan Munro SC, Abhcóide Sinsir

Tá an cúrsa ar líne seo ar oscailt agus thar a bheith oiriúnach d’abhcóidí agus d’aturnaetha a bhfuil líofacht Ghaeilge acu chomh maith le daoine gairmiúla a oibríonn leis an Dlí agus leis an nGaeilge.

Cuimsítear cúrsaí sibhialta agus coiriúla, dréachtú, abhcóideacht, comhchomhairle agus idirbheartaíocht. Reáchtáiltear bréagchúirteanna agus trialacha bréige mar dhlúthchuid den chúrsa agus tugtar neart deiseanna do na rannpháirtithe am a chaitheamh ar a gcosa chomh maith le cleachtaí sa dréachtú agus sa téarmaíocht. Cuirtear béim ar na ceantair chleachtais ina ndéantar obair trí Ghaeilge.

Múintear gné an dlí den chúrsa ar líne tráthnóna Dé Luain (18:00–20:30) ó thús Dheireadh Fómhair go dtí mí an Mhárta. Ina theannta sin, bíonn deis ag rannpháirtithe freastal ar ranganna i gceart-scríobh na Gaeilge ar líne tráthnóna Dé Céadaoin (18:00–21:00), scil riachtanach don té a bhíonn ag cleachtadh trí Ghaeilge.

Cuireann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán tacaíocht airgeadais ar fáil don chúrsa seo.

Ní foláir d’iarrthóirí leibhéal cumais sásúil sa Ghaeilge a léiriú i scrúdú iontrála a reáchtálfar ar líne, Dé Luain an 25 Meán Fómhair 2023, 18h00-18h30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúint) nó leibhéal níos airde ó 2021 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí (Gach eolas ag teg.ie). Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais.

Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard–Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge, GLIOGÁIL ANSEO [https://www.kingsinns.ie/education/courses-open-to-lawyers-nonlawyers/advanced-diploma-in-legal-practice-through-irish]

Faoi Óstaí an Rí

Tá Óstaí an Rí lonnaithe idir Sráid Henrietta agus Cnoc an Bhunreachta i mBaile Átha Cliath 1 agus is foras oideachais neamhspleách é a bhfuil clú agus cáil air as oiliúint ghairmiúil sa dlí den scoth a sholáthar. Is ann atá an scoil dlí is sine in Éirinn agus is ionad suntasach stairiúil é.

Chomh maith le hoideachas a chur ar abhcóidí faoi oiliúint, tairgeann an Scoil Dlí cúrsaí páirtaimseartha inrochtana i sainréimsí dlí don pobal i gcoitinne idir dhaoine a bhfuil cúlra dlí acu agus daoine nach bhfuil.

Bíonn na cúrsaí á dteagasc ag cleachtóirí dlí saineolacha agus faightear i measc na mac léinn ceannairí agus ceannródaithe, nuálaithe agus lucht inspioráide. Tá an Scoil Dlí ag tús cadhnaíochta ó thaobh cúrsa dlí a mhúineadh trí Ghaeilge.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt le do thoil ar kingsinns.ie

Fág freagra ar 'An suim leat cur le do chumas seirbhísí dlí a thairiscint trí Ghaeilge le hArd-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge?'