An slabhra teaghlaigh a chuireann loinnir i soilse na Nollag

Tá nádúr cine sa saol i gcónaí agus tá saibhreas oidhreachta ag baint le snátha fada ginealais

An slabhra teaghlaigh a chuireann loinnir i soilse na Nollag

Gasúir lagbhríocha. Mé féin agus mo dheartháir, Pádraic. Gaoth aniar aduaidh ó Chuan na Beirtrí Buí isteach ag cur creathnú ionainn.

Díorma éidreorach ar bhóthar tuaithe; beirt ghasúir bheaga agus m’athair mór, a bhí imithe amach sna blianta.

De shiúl na gcos a bhí muid ag déanamh an bhealaigh abhaile sa gclapsholas théis faoistin na Nollag. Pébí peacaí a bhí ceaptha a bheith orainn! Céard a bheadh gasúiríní in ann a dhéanamh as bealach, agus maidir le m’athair mór, ba dheacair é a shamhlú san aois a raibh sé ann, eisean i mbun mísce ná mailíse.

Sonaí Josie Phádraic (Ó Catháin) a bhí ar m’athair mór. Aneas as ceantar Leitir Padhbram sa bpobal céanna seo – Iorras Aithneach – a tháinig a sheanathair siúd, Pádraic na Coise.

Ní bhfuair mé amach ariamh cén fáth ar tugadh Pádraig na Coise air; b’fhéidir go mbíodh sé ag treorú eallaigh do dhream éigin. Ach tá a fhios agam gur Joe a bhí ar m’athair mór ó cheart, ach gur tugadh Sonaí air. Seans go rabhthas ag déanamh idirdhealú idir é féin agus a athair siúd, Josie Phádraic na Coise.

Tá mé a cheapadh an oíche úd ar bhóthar gaofar le taobh Chuan na Beirtrí Buí go raibh Sonaí ag iarraidh mo dheartháir agus mé féin a choinneáil faoina ascaill ón doineann. Fiú agus go raibh sé tugtha uaidh an uair sin, bhí airde agus fairsinge ina cholainn i gcónaí. Bhí dhá mhíle siúil orainn fós.

Ansin…carr!

Is beag carranna a bhí ar bhóithre iarthar Chonamara san am. Chuir muid suim sa mbeagán acu a chonaiceamar. Níor aithnigh muid an ceann seo, ach rinne an tiománaí lagan ar a chuid siúil, agus stop sé an taobh eile dúinn.

‘Dia dhuit, a Sonaí.’

Ní raibh a fhios ag m’athair mór ó thalamh an domhain cé a bheadh ag beannú dó amach as fuinneog cairr oíche Nollag. Bhreathnaigh sé níos géire ar an bhfear óg. ‘Ó,’ arsa m’athair mór ‘is tú Sonaí – Sonaí Chaodháin!’.

Fear óg as an gceantar, fear as teaghlach a raibh ceangal ag Sonaí Josie leo in imeacht na mblianta. Ar nós go leor sna blianta sin, bhí Sonaí Chaodháin sa mbaile as Sasana le haghaidh na Nollag.

Shuigh m’athair mór sa suíochán tosaigh agus muide sa suíochán cúil. Carr dá dtabhairt abhaile oíche Nollag! Féirín Nollag nár chleacht muid.

Tá sé ar an gcuimhne is soiléire atá agam ar m’athair mór, Sonaí Josie Phádraig na Coise. Bhí mé féin agus mo dheartháir ag diabhlaíocht an lá dár gcionn, Lá Nollag.

Beirt Shonaí!

Bhí Sonaí Josie, m’athair mór, pósta ag Kate Phádraic Mháirtín as Oileán Fhínse amach ó chósta Charna. Bhí mianach an tsléibhe agus na n-oileán mara ina chreatacha. Ba as an Oileán Máisean, níos faide amach ná Fínis, a mháthair Máire Ní Chuirrín. Dá rachainn na cianta siar, silim gur as mo pharóiste féin in Iorras Aithneach gach ar bhain liom.

Bhí an t-ainm Sonaí coitianta ar dhaoine sna blianta i bhfad siar. Níor airigh mé an t-ainm dá thabhairt ar mhórán duine ar bith eile sna bólaí seo le fada, fada, go dtí le gairid.

Anois tá Sonaí eile againn anseo ar an mbaile – Sonaí Shéamus Ó Catháin. Bhí Sonaí Josie Ó Catháin dhá ghlúin siar uaim; tá Sonaí Shéamuis Ó Catháin dhá ghlúin chun tosaigh. Ba é Sonaí Josie sin-sin-seanathair Sonaí Shéamuis. Sé Sonaí Shéamuis mo gharnia, mac le mac mo dhearthár, Séamus. I Sasana a rugadh Sonaí Shéamuis ach tá a thuismitheoiri Séamus agus Laura tagtha abhaile chun cónaithe. Seanainm ar an mbaile aríst. Ba é Sonaí Josie Phadraic an chéad cheann acu sa snáth teaghlaigh; sé Sonaí Shéamuis, Phádraic (Paddy), Mháirtín, Sonny, Josie, Phádraic na Coise an dara Sonaí.

An dá Sonaí.

Tá an dá Sonaí feicthe agam faoi Nollaig, ag dhá cheann an tsaoil – Sonaí Josie agus é mallchosach faoi Nollaig ag teannadh le deireadh a shaoil; Sonny Shéamuis Ó Catháin agus é ag tabhairt na chéad choisméigeacha gliondracha leis i dtús a shaoil, agus Deaidí na Nollag ar an mbealach.

An dá Shonaí ar an sloinne céanna, ar an mbaile céanna, agus ar an téad ghinealais chéanna.

Ach ní hionann an cosán anois. Ní bhíonn na sluaite ag an bhfaoistin, ní bhíonn seanóirí agus gasúiríní lagbhríocha i gcomhluadar a chéile ag siúl abhaile leis an gclapsholas le cósta Chuan na Beirtrí Buí. Ach bhí aoibhneas ag baint leis, bhíodar théis a gcuid peacaí – pé ar bith sórt peacaí a bhí i gceist – a chraobhscaoileadh i láthair an tsagairt faoi Nollaig.

Ach tá nádúr cine sa saol i gcónaí agus tá saibhreas oidhreachta ag baint le snátha fada ginealais. Ní bheidh an cineál saoil ag Sonaí óg agus a bhí ag an Sonny a shiúil ar bhóithre Chonamara i bhfad roimhe. Ach, is cuid é den slabhra teaghlaigh, agus den bhaile beag ar thaobh an tsléibhe, agus cuirfidh sé loinnir i soilse na Nollag i mbliana.

muide gasúir agus Sonaí gaibhte amach go maith sna blianta.

Eideoigíní Séideoigíní a bhí ionann, mp dhearthair Pádraic agus mé féin. Silim go raibh ár n-athair mór, Sonaí Josie, in aonturas ag tábhairt scáth dúinn ón ngaoithe aduaidh. Ag siúl abhaile a bhíomar sa gclapsholas agus muid ag fáil ropadh gála isteach ó Chuan na Beirtrí Buí. Silim go raibh m’athair mór agh tabhacht cosaint dúinn ón bpréachadh. Má bhí sé sean féin bhí fad agus fairsingeacht ina choláin fós. Oíche Nollag agus faoisdean na Féile fáighte againn. Maiteanas na bpeacaí, pébi cé na peacaí a bheadh orainn;

beag caranna a bhí ar bóthar in iarthar Chonamara san am sin. Laghadaigh an carr ar a cuid siúil. Stop sí lénar dtaobh.

Dia dhuit, A Sonaí. Baineadh get as m’athair mór. Cen duine uasal i gcarr a d’aithneodh eisian. Chuir m’athair mór roicniú ina bhaitis ag déanamh staidéir ar an bhfear óg. “Ó”, arsa sé ar ball “Ó by dad, is tú Sonaí Chaodháin”.

Ba é an t-am é a dtagadh go leor daoine abhaile as Sasana faoi Nollaig agus carranna a diobh.

Osclaíodh doirse. Cuireadh Sonai, m’athair mór sa suiochán tosaigh. Cuireadh na

Fág freagra ar 'An slabhra teaghlaigh a chuireann loinnir i soilse na Nollag'