Trí bhabhta as ocht gcinn déag a imríodh go dtí seo i gcomórtas an URC agus is breá liom a thuairisciú go bhfuil na ceithre chúige suite ar an taobh ceart de thábla an chomórtais.
Go deimhin is iad na Connachtaigh atá ar a bharr faoi láthair le trí phointe dhéag de bharr bua sna trí chluiche go dtí seo agus pointe bónais saothraithe acu i gceann amháin acu. Níl na Muimhnigh ach pointe amháin taobh thiar d’fhoireann na Gaillimhe, a bhuíochas sin don dá bhua agus comhscór i gceann eile. Sa séú háit atá Cúige Laighean, foireann a chaill a gcéad chluiche sa gcomórtas as baile i gcoinne Ghlaschú. Cheartaigh siad an botún sin sa dá chluiche baile a bhí acu le coicís anuas.
Is ionann an cás ag na hUltaigh é. Bhuaigh siad a gcéad dhá chluiche ach chaill siad i gcoinne Chúige Chonnacht ar an mBóthar Beag Dé Sathairn seo caite. Tá Cúigí Uladh agus Laighean cothrom ó thaobh na bpointí de: trí cinn déag an taobh acu agus gan iad ach trí phointe ó bharr an tábla faoi láthair. Ní tada é sin chomh luath seo sa gcomórtas. Seans go mbeidh athrú ar bharr an tábla céanna tar éis imirt Bhabhta 4 den chomórtas an deireadh seachtaine seo.
Anocht i mBéal Feirste imreoidh Cúige Mumhan in aghaidh Chúige Uladh sa dara cluiche idirchúige an séasúr seo. Seans go mbeidh pé foireann a thugann an lá leo suite ar bharr thábla an chomórtais ag a dheireadh agus iad ag brath ar thorthaí i gcluiche eile le fanacht ann.
Is cinnte go bhfuil buntáiste ar leith ag foireann an bhaile sa gcoimhlint seo ach tá siadsan cráite de bharr roinnt imreoirí a bheith gortaithe. Cé nach bhfuil na Muimhnigh baileach chomh buailte céanna maidir le gortuithe tá cúpla imreoir tábhachtach ar iarraidh orthusan freisin. Mar sin féin, beidh na cuairteoirí ar a míle dícheall ar thóir ceithre phointe ar an mbóthar. Ní féidir é sin a chur as an áireamh.
Imreoidh Cúige Chonnacht a gcéad chluiche as baile an séasúr seo amárach agus iad i nDún Éideann. Sa naoú háit atá Dún Éideann faoi láthair le dhá bhua i gcoinne na Lions agus na nDragons, dhá fhoireann atá fós at thóir bua in aon chluiche. Mar sin féin, ní bheidh tada éasca sa gcoimhlint seo do na Connachtaigh. Tá a gcuid imreoirí idirnáisiúnta ag filleadh ar fhoireann an bhaile agus a fhios acu gur cúis mhór cainte agus náire a bheas ann má chailleann seo sa mbaile i gcoinne Chonnacht.
Níl a fhios agam an fiú mórán a scríobh faoi chluiche an Domhnaigh idir Cúige Laighean agus na Dragons, agus fir Leo Cullen ag imirt as baile. Is deacair a gcéad bhua an séasúr seo a thuar d’fhoireann na Breataine Bige.
Fág freagra ar 'An-seans ag Cúige Mumhan agus Cúige Uladh cráite ag gortuithe'