An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ceaptha ina Bhainisteoir Cumarsáide le TG4

Rachaidh an polaiteoir Gaeltachta, a bhfuil cónaí air ar an gCeathrú Rua, i mbun a chúraim nua an mhí seo chugainn

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ceaptha ina Bhainisteoir Cumarsáide le TG4

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ceaptha ina Bhainisteoir Cumarsáide le TG4.

Éireoidh an polaiteoir Gaeltachta, a bhfuil cónaí air ar an gCeathrú Rua, as an Seanad go luath, agus rachaidh sé i mbun a chúraim nua an mhí seo chugainn.

Bhí machnamh á dhéanamh ag Ó Clochartaigh ar a raibh i ndán dó i saol na polaitíochta ó d’éirigh sé as Sinn Féin ag deireadh na bliana seo caite toisc, a mhaígh sé “nár chloígh” an páirtí leis na caighdeáin iompair “ba chuí” i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar-Maigh Eo Theas.

Sular thug sé faoi shaol na polaitíochta go lánaimseartha chaith Ó Clochartaigh tréimhsí ag obair in earnáil na teilifíse, na meán agus na drámaíochta agus thug sé tréimhsí chomh maith ag plé le hobair phobail le heagraíochtaí Gaeltachta éagsúla.

Thug sé seal ina Léiritheoir Sraithe ar an sobalchlár Ros na Rún, bhí sé tamall ina Stiúrthóir Ealaíne ar amharclann na Taibhdheirce agus bhí sé ina Bhainisteoir ar an nuachtán Gaelscéal.

Tá sé ina Sheanadóir ó 2011.

Post nua i TG4 é post an bhainisteora cumarsáide agus tuigtear go mbeidh cuid de na cúraimí i leith na bolscaireachta agus cúrsaí caidreamh poiblí a bhíodh ar leascheannaire an stáisiúin ar Ó Clochartaigh. Tá leascheannaire TG4 Pádhraic Ó Ciardha, duine de mheitheal bhunaithe TG4, ag éirí as an mhí seo.

Fág freagra ar 'An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ceaptha ina Bhainisteoir Cumarsáide le TG4'

  • Éamonn Ó Gribín

    Go n-éirí leat!

  • Éamonn Ó Gribín

    Go n-éirí leat