An scannán Gaeilge ‘Arracht’ roghnaithe le dul san iomaíocht do na Oscars

Is é Arracht rogha IFTA don rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr agus beifear ag súil anois go n-éireoidh leis áit a bhaint amach ar an ngearrliosta d'ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl mí Aibreáin seo chugainn in Los Angeles

An scannán Gaeilge ‘Arracht’ roghnaithe le dul san iomaíocht do na Oscars

Tá an scannán Gaeilge Arracht, scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana.

Is é Arracht rogha IFTA don rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr agus beifear ag súil anois go n-éireoidh leis áit a bhaint amach ar an ngearrliosta d’ainmniúcháin na ngradam a bheidh ar siúl mí Aibreáin seo chugainn in Los Angeles.

Agus a rogha á fógairt acu, mhol lucht IFTA scannán “suaithinseach” Tom O’Sullivan agus cineamatagrafaíocht “chumhachtach” Kate McCullough. Tugadh moladh ar leith don aisteoir Gaeltachta Dónall Ó Héalaí, atá i gceann de phríomhpháirteanna an scéinséara, as a thaispeántas “iontach agus tochtmhar”.

As na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara do Dhónall Ó Héalaí.

Dúirt stiúrthóir an scannáin Tom O’Sullivan go raibh “ríméad an domhain” air go raibh a scannán roghnaithe ag lucht IFTA chun dul san iomaíocht ar son na hÉireann.

Scéal iascaire, a thugann dídean do strainséir ar iarratas an tsagairt áitiúil in aimsir an Ghorta Mhóir, is ábhar don scannán a bhfuil go leor duaiseanna agus léirmheasannna moltacha faighte cheana féin aige.

Tá Arracht, a stiúir Tom O’Sullivan, ar an dara scannán atá léirithe faoi Cine4, scéim atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann chun fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt. 

Is cinnte go mbeidh TG4 thar a bheith sásta le cinneadh IFTA, léiriú eile ar an rath a bhí ar scannáin Cine4 go nuige seo.

Tá ráite ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont gurb é mian an stáisiúin gradam Oscar a bhuachan agus nach bhfuil aon chúis nach bhféadfaí déanamh amhlaidh.

Tá léirmheasanna moltacha faighte ag Arracht, léiriú de chuid Macalla Teo, ó bhí a premiere aige in Tallinn na hEastóine ag deireadh na bliana seo caite.

Thug an scannán leis gradaim ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus ag Féile Scannán Ghlaschú agus bronnadh tuilleadh gradam air ag an bhFéile Scannán Idirnáisiúnta ‘American Golden Picture’.

Fuair sé níos mó ainmniúchán IFTA ná mar a fuair léiriú ar bith eile i mbliana.

Fógrófar an gearrliosta do na hainmniúcháin Oscar ar an 9 Feabhra 2021 agus fógrófar na hainmniúcháin féin ar an 15 Márta. Beidh searmanas na nOscar féín ar siúl ar an 25 Aibreán.

Fág freagra ar 'An scannán Gaeilge ‘Arracht’ roghnaithe le dul san iomaíocht do na Oscars'

  • Siúnach

    An bhfuil sé le feiceáil áit ar bith ar an gréasáin nó an mbeidh sé sna pictures aríst tar éis dianghlasál?