An scannán Fidil Ghorm á thaispeáint i gCois Fharraige

Tá Fidil Ghorm mar chuid den tsraith scannán Cine4

An scannán Fidil Ghorm á thaispeáint i gCois Fharraige

Beidh an fadscannán Gaeilge Fidil Ghorm á thaispeáint ag Club Scannán Chois Fharraige i Seanscoil Sailearna (Amharclann Chois Fharraige) anocht.

Beidh an scannán seo le feiceáil i roinnt pictiúrlann eile an tseachtain seo, ag tosú ar an 7 Márta. Ar na pictiúrlanna sin, tá an Eye Cinema i nGaillimh agus an Century Cinema i Leitir Ceanainn.

Is iad an comhlacht léiriúcháin ABÚMedia faoi stiúir na léiritheoirí Bríd Seoighe agus Pierce Boyce, a léirigh an scannán. Comhlacht léiriúcháin iad ABÚMedia atá lonnaithe i gceantar Chois Fharraige i gConamara agus iad ag filleadh ar an gceantar leis an scannán tar éis dóibh camchuairt a dhéanamh ag féilte scannáin idirnáisiúnta.

Taispeánadh an scannán den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anuraidh, áit ar ghnóthaigh sé an gradam don ‘Best Irish First Feature’. Bhí sé ag féilte scannáin idirnáisiúnta ó shin, an Newport Beach Film Fest ina measc, áit ar ghnóthaigh sé Duais an Lucht Féachana. Bhí an scannán ina rogha oifigiúil ag an Whistler Film Festival, an Capital 19th Irish Film Festival agus ag féilte eile chomh maith.

Is í Anne McCabe a stiúir an scannán agus is í Patricia Forde a scríobh an script, Ronán Fox a rinne an cineamatagrafaíocht agus tá ceol nuachumtha leis ag Odhrán Ó Casaide. Díríonn Fidil Ghorm ar scéal Molly, cailín 10 mbliana d’aois atá trína chéile mar go bhfuil a hathair i gcóma de bharr timpiste.

Creideann Molly, atá á cur i láthair go cumasach ag an aisteoir óg Edith Lawlor, go dtiocfaidh biseach ar a hathair, atá gan aithne gan urlabhra i dteach altranais, má fhoghlaimíonn sí le ceol a chasadh ar an bhfidil, mar a dhéanadh seisean

Ar na haisteoirí atá sa scannán tá an buachaill óg, Ruadhán Ó Flatharta, ón Spidéal atá i bpáirt dheartháir óg Mholly. Beidh Ruadhán i láthair ag an scannáin i gCois Fharraige chomh maith leis an stiúrthóir Anne McCabe agus cuid eile den fhoireann léiriúcháin. Scannán teaghlaigh é seo atá feiliúnach do gach aoisghrúpa.

Tá an scannán á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna anocht, Déardaoin an 6 Márta ag 8:15pm. Is mar chuid den tsraith scannán Cine4, scéim a chuir TG4 ar bun, a rinneadh an scannán. Tá ticéid ar fáil ar an doras nó ar-líne ar www.clubscannan.ie

Fág freagra ar 'An scannán Fidil Ghorm á thaispeáint i gCois Fharraige'