Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?
A bheith ar stáitse le mo chara Louise agus agallamh beirte faoi bheirt iascairí a bheith á dhéanamh againn!
An rud is fearr faoin Oireachtas…
An deis a thugann sé dom amhráin ó Chiarraí/Chúige Mumhan a chur faoi bhráid an lucht éisteachta, agus an deis a thugann sé dom bualadh le daoine ná cím ach uair sa bhliain!
An rud is measa faoin Oireachtas…
Go dtagann deireadh leis!
Cill Airne arís?
Táimse ana-shásta leis sin, gan dabht, mar níl an turas abhaile rófhada!
Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas…
Bain lán na súl is na gcluas as!
Club na Féile nó Corn Uí Riada?
Ceann ar cheann. Caithfear tabhairt faoi Chorn Uí Riada ar dtús. Shuífinn ann ó mhaidin go hoíche ag éisteacht leis na hamhránaithe breátha, rud a dheineas le blianta fada.
Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?
Ceist ana-dheacair. Níl aon locht agam air chun an fhírinne a rá.
Céard is comhartha Oireachtas maith ann?
Pian id’ bholg le gáirí agus duine a bheith sásta leis an amhrán a dúrt.
Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?
Teacht slán? Bíonn sé deacair teacht chugat féin ina dhiaidh…
Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?
2022! An ceann ab fhearr ar fad, agus iontas an domhain Corn na mBan a bheith ag teacht go Corca Dhuibhne ina dhiaidh!
Fág freagra ar '‘Tugann an tOireachtas deis dom amhráin ó Chúige Mumhan a chur faoi bhráid an lucht éisteachta’'