An rud is annamh is iontach – mórghealach ghorm le feiceáil as Éirinn anocht

Is fíorannamh go mbíonn gealach ghorm agus mórghealach ann ag an am céanna agus ní tharlóidh a leithéid arís go dtí 2037

An rud is annamh is iontach – mórghealach ghorm le feiceáil as Éirinn anocht

Táthar ag moladh do dhaoine lán na súl a bhaint as an spéir anocht agus amárach, mar a mbeidh mórghealach ghorm ann.

Is fíorannamh go mbíonn gealach ghorm agus mórghealach ann ag an am céanna agus ní tharlóidh a leithéid arís go dtí 2037.

Bíonn cuma níos mó agus níos gile ar an mórghealach.  Bíonn lánghealach ann ag an bpointe is giorra dá fithis timpeall an domhain.

Bíonn gealach ghorm ann nuair a bhíonn an dara lánghealach ann in aon mhí amháin, nó an ceathrú ceann in aon séasúr amháin. Ón bhfeiniméan sin a thagann an nath Béarla ‘once in a blue moon’, a chiallaíonn nach dtarlaíonn rud ach uair sna naoi n-aird nó go hannamh.

Deir Astronomy Ireland gur anocht le héirí na gealaí is fearr breathnú ar an iontas seo sa spéir, an mhórghealach ghorm. Bíonn éirí na gealaí ann ag an am céanna le dul faoi na gréine – timpeall 8.45pm anocht.  Ag an tráth seo den lá a thagann Seachmall na Gealaí i gceist chomh maith, feiniméan a chuireann cuma níos mó fós ar an ngealach.

De ghnáth bíonn an ghealach timpeall 384,400 ciliméadar ón domhan ach 357,264 ciliméadar uainn a bhíonn an mhórghealach.

Táthar buartha nach mbeidh an lánghealach le feiceáil chomh soiléir is ba cheart in áiteanna de dheasca na drochaimsire agus an spéir scamallach.

 

 

Fág freagra ar 'An rud is annamh is iontach – mórghealach ghorm le feiceáil as Éirinn anocht'

  • Ciarán

    An Vicipéid
    Bíonn lánghealach (full moon) ann nuair a mbíonn an Ghealach ar an taobh thall den Domhan ón nGrian, agus leath iomlán den Ghealach lonraithe ag an nGrian.[3]

    Bíonn mórghealach (supermoon) ann ag an bpointe is giorra dá fithis timpeall an domhain. De ghnáth bíonn an ghealach timpeall 384,400 ciliméadar ón domhan ach 357,264 ciliméadar uainn a bhíonn an mhórghealach. Bíonn cuma níos mó agus níos gile ar an mórghealach.

  • Gabriel Rosenstock

    An rud is annamh? Léigh mé an scéal seo ar an 29 Lúnasa 2023!