B’ait agus ba dhuairc an feic é. Teach na Parlaiminte in Westminster ina chíor thuathail gan ach dornán de na feisirí ag déanamh anailíse go críochnúil. Margadh an Bhreatimeachta ag titim as a chéile agus tuairt is tuairteáil ar na bacáin. Ócáid as an gcoitiantacht ab ea í gan dabht, Príomh-Aire ag cur vóta ar fionraí mar go dteipfeadh uirthi dá rithfeadh sí é. Sheachain Theresa May an teip sin ach b’uirísliú é sa mhullach ar iliomad buillí eile agus gan aon chinnteacht ann go mbeadh rath ar an tseift is déanaí seo ach oiread.
Níorbh í an Príomh-Aire amháin a léirigh a laige. Bhí easpa cumais follasach i measc na bhfeisirí eile, cé is moite de dhornán acu. Tá scata sa pháirtí Caomhach a shíleann, is cosúil, nach gá dóibh ach an aisling a lua chun go mbronnfar orthu í, mar cheart. Tá a thuilleadh gan diongbháilteacht ná pragmatachas agus tá éidreoir an fhreasúra truamhéalach.
Ba é fuarchaoineachán roinnt cúlbhinseoirí i ndiaidh chinnteacht Margaret Thatcher is iad ag ionsaí Theresa May a spreag mé chun comparáide idir aicme pholaitiúil an lae inniu agus a réamhtheachtaithe. An raibh mianach níos fearr sna daoine a chuaigh le polaitíocht blianta ó shin? Ní dhéanfaidh mé plé ar bith ar an bhfear leis an ngruaig oráiste sa Teach Bán mar measaim gur eisceacht é ar oiread sin bealaí nach féidir é a rangú i measc na ngnáthpholaiteoirí.
Anseo i dTuaisceart Éireann níl éinne atá inchurtha le John Hume, státaire mór agus straitéisí mór an leathchéid seo caite. Níl ceannairí Shinn Féin inchomparáide le Gerry Adams agus Martin McGuinness ó d’iompaigh siad ar phróiseas na síochána, agus tá sé de mhí-ádh ar cheannaire an DUP gurb ise an duine is laige sa ról sin i saolré an pháirtí.
Nuair a thug iarPhríomh Aire na Breataine, John Major léacht cuimhneacháin Albert Reynolds an tseachtain seo ba mheabhrú é nach raibh sé de cháil ar cheachtar fear lena linn go raibh siad eisceachtúil, ach ba bheart cróga agus stairiúil Forógra Shráid Downing. Tá a fhios freisin go ndearna Tony Blair agus Bertie Ahern éacht don tsíocháin abhus d’ainneoin na mbotún a rinne siad beirt i réimsí eile.
Níl sé i gceist agam polaiteoirí an deiscirt a scrúdú anseo- táim ag cloí leis an tuaisceart agus tionchar pholaiteoirí na Ríochta Aontaithe abhus.
Bhí scata de Státrúnaithe de chuid na Breataine anseo le hocht nó naoi mbliana gur chuma ann nó as iad. Ní raibh tábhacht leis sin a fhad is a bhí rialtas/bréagrialtas in Stormont cé gur díol suntais é nár fhoghlaim Owen Paterson ná a chomharba Theresa Villiers tada faoi leagan amach mhuintir na teorann. Tá siad beirt i measc na dTóraithe is diongbháilte ag iarraidh an tAontas Eorpach a fhágáil agus iad ag maíomh gur áibhéil agus áiféis é a rá go bhfuil gá le teorainn chrua a sheachaint. Tháinig James Brokenshire i gcomharbacht ar Villiers. Thit Stormont lena linn agus ní dhearna sé tada faoi. Ba í Karen Bradley a chomharba siúd, bean a rinne ealaín den neamhghníomh go dtí gur bhuail taom fuinnimh í chun a ceannaire agus a cara Theresa May a chosaint.
Ní raibh éinne den dream sin chomh cumasach ná chomh dúthrachtach i mbun a ndualgais is a bhí Mo Mowlam, abair, nó fiú státrúnaithe conspóideacha mar Peter Mandelson agus Peter Hain. I bhfad rompu sin, cheap Margaret Thatcher an feisire Humphrey Atkins mar Státrúnaí. ‘Humphrey who?’ a dúradh nuair a ceapadh é. Bhí sé in oifig le linn stailc ocrais na H-Bhlocanna agus níorbh aon réalta é. Ach ceapadh piarda polaitiúil mar chomharba air – James Prior. Ní hamháin gur pholaiteoir cumasach é Prior ach roghnaigh sé foireann ardchumais – Nick Scott, Grey Gowrie agus níos deireanaí, Chris Patten. Cé go mba Thóraithe iad d’fhágfadh siad éinne den dream a bhí anseo le deich mbliana in áit na leathphingine.
Ábhar ceannaire ab ea Prior – ‘Wet’ mar a tugadh air – a bhí in aghaidh pholasaithe eacnamaíochta Thatcher. Sin é an fáth gur ‘ruaig’ sí é go Tuaisceart Éireann ag am an-chorrach. I measc na mball eile den chomhaireacht bhí Geoffrey Howe, Lord Carrington, Francis Pym agus Michael Heseltine, gan ach dornán acu a lua. Ní bhaineann sé le hábhar ach amháin sa mhéid is gur deacair a theacht ar iomaitheoir chomh cumasach leo sin i measc chomhghleacaithe Theresa May. Astu siúd atá sa tóir ar an gceannaireacht- Davis, Johnson, Raab, cuir i gcás, tá cáilíocht chomónta ar leith acu – theip orthu mar airí i rialtas May.
Ní dea-theist ar pholaitíocht an lae inniu é an scéal seo. Gnó do lá eile cad is siocair leis.
Des O Murchu
Na bac leis sin! Teastionn mo Brexit in Bed uaim asap!