An príomhfhórsa fós le cur chun catha ag na hÚcránaigh ach tús curtha leis an bhfeachtas frith-ionsaithe

Tá roinnt míonna caite ag na hÚcránaigh ag réiteach don fheachtas seo agus is léir go gceaptar go bhfuil sé ar a gcumas anois dul chun cinn suntasach a dhéanamh

An príomhfhórsa fós le cur chun catha ag na hÚcránaigh ach tús curtha leis an bhfeachtas frith-ionsaithe

Níorbh ionadh ar bith é nuair a dheimhnigh an tUachtarán Zelenskyy gur cuireadh tús leis an bhfeachtas frith-ionsaithe, a rabhthas ag súil go mór leis, ar an talamh thar an líne choimhlinte i gCúige Zaporizhzhia agus deisceart Chúige Donetsk seachtain ó shin.

Ar feadh dhá mhí bhí ionsaithe á ndéanamh ag na hÚcránaigh taobh thiar den líne choimhlinte agus tuairiscíodh ó na láithreacha cogaidh sa deisceart níos mó ná seachtain ó shin go raibh siad ar an ionsaí arís ar an talamh tar éis dóibh a bheith ar an gcosaint ar feadh níos mó ná sé mhí.

Níorbh ionadh ar bith é gur seoladh an feachtas sa deisceart ach oiread. Dá mbeadh na hÚcránaigh in ann frith-ionsaí a dhéanamh san ais ó dheas i dtreo Mhuir Azov d’fhéadfaidís an ceangal talún idir an Donbas agus an Chrimé, atá chomh tábhachtach do na Rúisigh, a bhriseadh.

Sular sheol siad an feachtas bhí orthu measúnú a dhéanamh féachaint an raibh a gcuid fórsaí réidh le haghaidh feachtais ar scála mór. Bhí orthu a mbreithiúnas a dhéanamh freisin an raibh fórsaí cosanta na Rúise díghrádaithe go dtí an pointe go mbeadh sé deacair acu an ais i dtreo Mhuir Azov a chosaint.

Is cosúil go raibh freagraí dearfacha acu ar an measúnú agus ar an mbreithiúnas sin.

Ullmhacht na nÚcránach

Meastar gur earcaigh na hÚcránaigh thart ar 70,000-90,000 saighdiúir chun 20 briogáid nua a bhunú roimh an bhfeachtas. Fuair 9 mbriogáid trealamh míleata ó thíortha an iarthair, mar shampla deimhníodh go bhfuair siad thart ar 75 tanc Leopard agus thart ar 100 feithicil armúrtha troda Bradley roimh tús mhí an Mheithimh.

Cuireadh trealamh ó acmhainní na hÚcráine féin faoi 3 bhriogáid eile agus beidh an 12 bhriogáid seo mar chuid de phríomhfhórsa an fheachtais.

Chuir siad na hocht mbriogáid eile le chéile mar fhórsa a rachaidh isteach sna ceantair atá athghafa chun iad a chosaint i gcoinne frith-ionsaithe.

Dar le hurlabhraithe éagsúla de chuid na hÚcráine, bhí a ndóthain trealaimh mhíleata acu le haghaidh tús a chur leis an bhfeachtas ar an talamh.

Cuireadh oiliúint bhunúsach ar chuid mhaith de na briogáidí thuasluaite le linn an earraigh i dtíortha an iarthair agus ina theannta sin fuair cuid mhaith de cheannasaithe na mbriogáidí traenáil sa Ghearmáin chun feachtas ar scála mór a chomhordú.

Mheas na hÚcránaigh go raibh na briogáidí réidh le dul chun catha, gheofar amach le linn an fheachtais an raibh an measúnú sin ceart.

Díghrádú na Rúiseach

Roimh mhí na Bealtaine thosaigh na hÚcránaigh ag déanamh níos mó ionsaithe ar threalamh cogaíochta leictreonaí na Rúise ná mar a rinne siad roimhe seo. Chuir siad níos mó béime ar ionsaithe frith-airtléire ag an am céanna chomh maith agus measadh gur scrios siad ar a laghad a dhá oiread níos mó gunnaí airtléire ná mar a scrios siad ar an meán gach mí roimhe sin.

Le linn na tréimhse céanna rinneadh i bhfad níos mó ionsaithe ar na línte soláthair gar don fhronta agus tháinig méadú suntasach ar líon na dtrucailí soláthair a scriosadh lá i ndiaidh lae. Ag an am céanna rinneadh ionsaithe ar an gcóras soláthair níos faide ón líne thosaigh agus tharla roinnt mhaith ionsaithe ar thraenacha, ar an ngréasán iarnróid agus ar áiseanna stórála ola sna críocha gafa agus trasna na teorann sa Rúis.

Faoi lár mhí na Bealtaine, tar éis do na hÚcránaigh diúracáin ar a dtugtar Storm Shadow a fháil ón mBreatain, bhí siad ag déanamh ionsaithe go domhain sna críocha gafa ar cheanncheathrúna, áiteanna comhchruinnithe agus áiseanna míleata eile de chuid na Rúise.

Níos déanaí agus díreach roimh thús an fheachtais ar an talamh tuairiscíodh go raibh siad ag déanamh iarrachtaí loig mhianach gar don líne choimhlinte a ghlanadh.

Ba é sprioc na n-iarrachtaí thuasluaite ná cumas cosanta na Rúiseach a lagú a oiread agus ab fhéidir sula ndeachaigh na hÚcránaigh ar an ionsaí arís. Seans go ndearna siad breithiúnas go raibh cuid den sprioc seo bainte amach. Feicfear laistigh de thart ar mhí an raibh an breithiúnas sin ceart nó an mbeidh orthu iarrachtaí níos déine a dhéanamh.

Dul chun cinn an fheachtais

Cé nach bhfuil mórán faisnéise ag teacht ó na haiseanna éagsúla den fheachtas agus cé go bhfuil éiginnteacht fós faoi chúrsaí ar an talamh, tá gnéithe áirithe den fheachtas níos soiléire anois:

  • Tá cúpla briogáid curtha chun catha ag na hÚcránaigh ach níl an príomhfhórsa curtha chun catha fós.
  • D’éirigh leo roinnt sráidbhailte a athghabháil ar cheann de na haiseanna ach níor éirigh leo briseadh tríd an bpríomhlíne chosanta, atá thart ar 15 ciliméadar ón bhfronta.
  • Theip orthu ar ais amháin eile agus cailleadh roinnt mhaith trealaimh mhíleata, 6 tanc Leopard agus 16 fheithicil armúrtha troda Bradley, ar a laghad, san áireamh. Is deacair a shamhlú go mbeidh siad in ann cur suas i bhfad leis an ráta caillte sin ar gach ais mura bhfaighidh siad soláthairtí breise le cur ina n-áit. Seans go bhfaighidh siad cuid de na soláthairtí sin.
  • Tá na Rúisigh ag baint úsáid níos mó as a n-aerfhórsa ná mar a rinne siad i gcathanna roimhe seo, rud a chuireann fórsaí ionsaithe na hÚcráine i mbaol. Beidh ar na hÚcránaigh teacht ar réiteach de shaghas éigin ar an bhfadhb seo sula gcuirfidh siad an príomhfhórsa chun catha.

Anuas air sin tuairiscíodh go bhfuil na Rúisigh ag cloí le teagasc cosanta míleata sna chéad chathanna. Bhí siad sásta talamh a ghéilleadh ionas go dtiocfadh na hÚcránaigh amach ó chlúdach a gcórais frith-aerárthaí. Ansin nuair nach raibh cosaint ón aer acu chuaigh na Rúisigh ar an bhfrith-ionsaí chun an talamh a athghabháil. Caithfimid fanacht go dtí go bhfeicfimid an gcloífidh siad leis an teagasc céanna nuair a chuirfear an príomhfhórsa chun catha.

Cuireadh moill ar oibríochtaí ar an talamh le cúpla lá anuas ach nuair a chuirfear an príomhfhórsa chun catha beidh práinn ag baint leis do na hÚcránaigh go ndéanfaidís dul chun cinn suntasach. Mura n-éiríonn leo briseadh trí línte cosanta na Rúiseach comhartha a bheidh ann go bhfuil an dá arm sa chogadh níos cumasaí ar an gcosaint ná ar an ionsaí agus nach mbeidh i ndán don chogadh ach cogadh tnáite as seo amach.

Fág freagra ar 'An príomhfhórsa fós le cur chun catha ag na hÚcránaigh ach tús curtha leis an bhfeachtas frith-ionsaithe'

  • Gabriel Rosenstock

    Ceistímse na hailt a bhíonn ag Tuairisc.ie ar an tragóid san Úcráin. Is i dtéarmaí míleata den chuid is mó iad na hailt sin agus friotal na cogaíochta iontu tríd síos. San alt thuas, mar shampla, tá an friotal a leanas: líne choimhlinte / ionsaithe / frith-ionsaí /láithreacha cogaidh / fórsaí / 20 briogáid nua /70,000-90,000 saighdiúir / 9 mbriogáid trealamh míleata / diúracáin/ úsáid níos mó as an aerfhórsa / cogadh tnáite etc. Níl an focal ‘síocháin’ luaite oiread is uair amháin san alt thuas. Nach spéis le héinne an tsíocháin? Nach spéis le héinne an taidhleoireacht?
    Chomh fada siar le Márta 2022 bhí tráchtairí ar nós Tariq Ali ag iarraidh an cheist a chur, conas stop a chur leis an gcogadh:
    https://www.democracynow.org/2022/3/9/tariq_ali_how_russian_invasion_backfired
    Is maith a thuig Ali gurb iad na hÚcránaigh féin agus na teifigh atá thíos leis seo go léir; is iad na hÚcránaigh atá ag fulaingt ó lá go lá. An é nach bhfuil aon réiteach ar an scéal seachas críochdheighilt nua? An mbeadh léitheoirí Tuairisc.ie ar son na críochdheighilte? Shamhlóinn go mbeadh a bhformhór acu ar son na síochána ach ní chloisimid aon chaint ar an tsíocháin ó Tuairisc.ie, faraor.

  • jpmorley0@gmail.com

    Ainchúinsí agus namhaid neamhthrócaireach don tsíocháin is ea Putin. A intinn lomlán d’fhuath nimhe agus d’fhóiréigean. D’fhonn talamh a ghabháil chuir sé fórsaí na Rúise ar ionradh isteach i dtír shíochánta neamhspleách na hÚcráine mar a ndearnadh buamáil marfach ar thithe, óispidéil, óispis agus scoileanna. Daoine iontu, idir fhearaibh, mhná agus páistí nach raibh baint ná páirt acu le cogaíocht d’aon sórt agus iad curtha de dhroim an tsaoil aige. Daoine nach raibh uathu ach a saol a chaitheamh go síochánta. Ní háirím éigniú a chuid t
    saighdiúirí ar mhná, idir óg is aosta, agus iliomad coireanna cogaidh eile atá anois ar taifead i gcomhair lá níos faide anonn. Beidh ar Putin freagairt dóibh agus astu sin go léir..má mhaireann sé. Cé dhearúdfaidh an pictiúr uathfar den óigbhean leathmharbh sin (agus leanbh ina broinn) á hardú amach as óispidéal a scriosadh t’réis ‘ionsaí míleata’ ón aer? Dís eile a cuireadh san úir a bhuíochas do Putin. Bhí an fíoch fola ceannann céanna air sa tSiria mar ar dhíthígh a chuid fórsaí na mílte sibhialtaigh gan trua gan taise. An spéis leis siúd an tsíocháin, meas tú? An bóthar a tugadh do gach n-aon a chuaigh ag cuimilt boise agus ag tláithínteacht leis go nuige seo. Níl an dara rogha againn, is oth liom a rá, ach dul i ndeabhaidh lainne leis an Ras-Putin seo agus é ‘chur dá bhonnaibh. Níl aon tslí eile ann chun déileáil lena chineál siúd barbathachta ach cor a thabhairt in aghaidh an chaim. Chruthaigh an stair é sin riamh anall. Nóta: ‘Anailís Mhíleata’ is teideal don aiste seo.

  • Gabriel Rosenstock

    Dá ndéanfadh do chomharsa ionradh ort, dá léimfeadh sé thar chlaí isteach chugat, cad a dhéanfá? Frithionsaí? É a lámhach? Nó an ndéanfá iarracht éigin ar chumarsáid a dhéanamh leis?
    Dream fuilteach ab ea na Sasanaigh san India:
    https://freekidsbooks.org/walk-with-gandhi/
    D’éirigh le Gandhi an ruaig a chur orthu gan troid ina n-aghaidh agus b’ábhar inspioráide é
    i gcoimhlintí eile nuair a thuig leithéidí Nelson Mandela agus Martin Luther King nach bhfuil gá leis an lámh láidir, go bhfuil bealaí eile ann seachas buamaí agus tancanna.

    https://www.aei.org/op-eds/can-biden-deter-a-russia-nuclear-attack-on-ukraine-yes-if-he-gives-ukraine-tactical-nukes/
    Tá moladh anois againn ón American Enterprise Institute gur cheart go mbeadh airm núicléacha ag an Úcráin! Déan anailís mhíleata air sin!

  • Máire

    Seachas tabhairt amach d’anailísí míleata ar iarradh air anailís mhíleata a scríobh as ucht anailís mhíleata a scríobh ar rith sé le Gabriel alt a scríobh faoi conas a bhainfeadh sé síocháin amach san Úcráin agus é a chur faoi bhráid Tuairisc.ie le foilsiú? Nó an bhféadfadh eagarthóir Tuairisc in ainm Dé cuireadh a thabhairt do Gabriel – duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge – alt dá leithéid a scríobh?

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Conas síocháin a bhaint amach san Úcráin?’
    Ní hansa: tarraingíodh Putin a chuid fórsaí míleata amach as an Úcráin láithreach. Beidh síocháin amárach againn! Féadfaidh na teifigh dul abhaile agus maireachtáil go síoch síochánta dála mar bhí siad i gcónaí. Cá bhfuil an duine nach réiteodh leis sin? Agus ní call aon alt a scríobh faoin mbealach ab fhearr leis an tsíocháin a bhaint amach.

  • Gabriel Rosenstock

    Tiocfaidh deireadh leis an gcogadh seo. Tagann deireadh le gach cogadh. Beidh orthu suí síos.
    Cén fáth nach bhfuil siad ag suí síos? Cén fáth nach suífidh siad síos amárach? Mar tá brabús le déanamh as gach cogadh. Brabús ollmhór.
    https://www.commondreams.org/opinion/military-contractor-ceos-are-laughing-at-taxpayer-s-expense
    Ní gá domsa alt a scríobh faoi seo. Tá scata leabhar ann mar gheall ar an saibhreas dochreidte a
    chothaíonn an chogaíocht:
    https://www.amazon.com/dp/1568586973/ref=nosim/?tag=tomdispatch-20
    Tá nath cainte ann i gcúrsaí coireolaíochta agus bleachtaireachta: ‘Lean an t-airgead.’
    Féach, tá sé an-simplí dáiríre: gé na n-uibheacha órga is ea an cogadh san Úcráin (ní do na hÚcránaigh bhochta); gé, ag na tíortha a dhéanann amhábhair na cogaíochta: buamaí gunnaí, tancanna etc.
    Cé atá chun an ghé sin a mharú? Conas síocháin a bhaint amach? Dí-armáil éigeantach ar fud an domhain.

  • Gabriel Rosenstock

    Réiteach simplí, thuas: Tarraingíodh Putin siar!
    Go breá. Tuigim an pointe.
    Níl aon chaint ar NATO a tharraingt siar, áfach an bhfuil? Cén fáth nach bhfuil?
    https://theconversation.com/ukraine-war-follows-decades-of-warnings-that-nato-expansion-into-eastern-europe-could-provoke-russia-177999

  • Máire

    Tá mearbhall orm anois. Níl tú sásta leis na haltanna i dTuairisc ach níl tú fhéín sásta alt a scríobh do Tuairisc mar deir tú nach bhfuil gá leis mar tá na rudaí a shíleann tú ar gá iad a bheith ráite, ráite ag daoine eile i mBéarla. Má shíleann tú go bhfuil sé sin sásúil cén fáth go bhfuil tú ag tabhairt amach do Tuairisc as ucht gan alt dá leithéid a bheith acu…..?

  • Art

    An cheart ar fad ag Gabriel. Ba chóir do NATO deireadh a chur láithreach lena n-ionradh gránna ar an bPolainn agus tíortha eile oirthear na hEorpa i gcoinne toil muintir na dtíortha sin, éirí as a bheith ag céasadh agus ag marú na ndaoine ansin, agus a saoirse a thabhairt ar ais dóibh….. Tá an dá rud díreach mar an gcéanna.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní fhéadfainn aon rud a rá i bhfoirm ailt nach bhfuil ráite agam sna boscaí thuas:
    a) gé na n-uibheacha órga atá sa chogadh do dhaoine áirithe; ní theastaíonn uathu go
    marófaí an ghé sin
    b) ceistímis NATO; ceistímis chomh maith an ghluaiseacht atá ann chun deireadh a chur le neodracht na hÉireann
    c) tacaímis go léir le gluaiseachtaí dí-armála
    d) is ar an gcogaíocht atá na meáin dírithe, Tuairisc.ie ina measc; níl éinne acu ag díriú ar an tsíocháin

    Cén fáth ar síochánaí mé, dála an scéil? Cén fáth ar scríobhas leabhar faoi Gandhi? Thugas cuairt ar Hiroshima. B’fhearr sin ná alt ar bith, leabhar ar bith.

  • jpmorley0@gmail.com

    Aibhléiseoir óg arb Úcránach ó Kherson é ó dhúchas a rinne job dom inniu. A theach féin faoi uisce anois agus a chuid ainmhithe go léir báite. Dhiúltaigh dul san arm mar nach gcreideann sé sa chogadh. D’éalaigh leis as an dtír ag tús an chogaidh, a thuismitheoirí ag teacht anonn chuige anois gan mhoill. ‘Bhí saol maith agam ansiúd, gach rud ar deil agam. Níor theastaigh uaim bailiú liom ach ní rachainn san arm.’ ….’Ní cogadh ar son saoirse é seo ach ‘meaisín ollmhór gnó is airgid’. ‘Táid ar fad sáite ann, SAM i dtús cadhnaíochta, an tSín, an Rúis agus an tAE’. Agus….deir sé, (rud a bhain stangadh asam)
    ‘Is é Zelenski an t-amplóir is mó acu.’ ‘Déantar buamaí a raideadh anuas ar Kherson gach aon lá.’ ‘Níl fhios agam cén fáth, tá Rúisis agus Úcráinis líofa agam, cairde ón dá thaobh agam riamh roimhe seo.’ ‘Níl fhios agam cén chrích a bheidh air seo’. Thost sé ansin agus líon a dhá shúil le deora. Bhí bean óg ón Úcráin ag labhairt ar RnG i nGaeilge (!) …b’fhiú do Tuairis.ie cuireadh a thabhairt di alt a scríobh. Agus vox pop a dhéanamh …tragóid agus tubaist thar beart ar fad é seo.

  • Carraig53@protonmail.com

    Nuacht an Lae: Scaoileann an Rúis diúracáin ar Kyiv le linn do cheannairí ón Afraic a bheith ar mhisean síochána. Beidh cruinniú acu le Putin ar ball chun ‘síocháin’ a phlé leis.