An phaindéim agus an Breatimeacht ag bagairt ach gan ceannaire ar bith ag an státseirbhís

Meastar gur easaontas polaitiúil idir Arlene Foster agus Michelle O’Neill an chúis nach bhfuil aon duine ceaptha go fóill mar cheann feadhna na státseirbhíse

An phaindéim agus an Breatimeacht ag bagairt ach gan ceannaire ar bith ag an státseirbhís

Ar an 6 Nollaig anuraidh d’fhógair David Sterling, ceannaire na státseirbhíse i dTuaisceart Éireann, go n-éireodh sé as a phost ag deireadh mhí Lúnasa. D’fhág sé an státseirbhís ar an 31 Lúnasa, mí is an lá amárach.

B’ionann sin agus fógra ocht mí, dalladh ama chun a chomharba a cheapadh agus an t-athrú ré a bhainistiú.

In ionad athrú gan dua áfach tá státseirbhís an Tuaiscirt gan príomhfheidhmeannach. Thairis sin theip ar an gCéad-Aire agus an LeasChéad-Aire ceapachán a dhéanamh tar éis dóibh clabhsúr a chur leis an bpróiseas earcaíochta Dé Céadaoin seo caite. Beagnach mí tar éis imeacht David Sterling chuir Arlene Foster agus Michelle O’Neill agallamh ar thriúr iarrthóirí. Deirtear gur feidhmeannaigh sa státseirbhís logánta iad an triúr iarrthóirí sin. Ba iadsan a bhí ar an ngearrliosta a chuir Coimisiún na Státseirbhíse faoi bhráid na gcéad-airí i ndiaidh agallamh.

De réir cleachtais bíonn na daoine a chuirtear ar ghearrliosta cáilithe agus sásúil don phost. Nós aisteach go leor é polaiteoirí a bheith ag cur iarrthóirí faoi agallamh. Go hiondúil dhearbhódh polaiteoir go raibh sí nó sé sásta le ceapachán agus faomhadh nó ceadú a bheadh i gceist. Ach in Stormont tá an chumhacht glactha chucu féin ag na chéad airí chun agallamh sa bhreis a chur ar iarrthóirí agus glacadh leo nó diúltú dóibh.

Maítear gur rúnaithe roinne, an rang is sinsearaí sa státseirbhís, ab ea an triúr ar an ngearrliosta, beirt fhear agus bean. Más fíor sin bhí an bheirt fhear san státseirbhís abhus le fada agus tháinig an bhean anall bliain go leith ó shin ó phost sinsearach in Whitehall. I bhfianaise stádas na n-iarrthóirí meastar gur easaontas polaitiúil idir Arlene Foster agus Michelle O’Neill is cúis leis an gcinneadh nach gceapfaí éinne ón ngearrliosta.

Bheadh an teip sin ciotach in am ar bith ach ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin bpráinn atá le ceapachán faoi láthair. Liosta le háireamh iad na héigeandálaí atá le fuascailt, agus géarghá ag an aicme pholaitiúil le príomhfheidhmeannach éifeachtach ar an eite eile den chóras, an státseirbhís.

Chomh maith leis an bpaindéim Covid-19 atá ag treisiú ar cosa in airde, níl ach 95 lá fágtha go mbeidh an Breatimeacht, le margadh nó dá uireasa, i réim. Tá gá le ceannaireacht iontaofa ar an státseirbhís chun déileáil leis na fadhbanna móra a eascraíonn ón dá scéal sin. An bhfuil sé ar chumas Stormont, idir fheidhmeannas agus státseirbhís, cúrsa a leagan amach chun a dhul i ngleic leis na heachtraí stairiúla sin?

Sin ceist dheacair i bhfianaise na laigí ó thaobh dearadh polasaí agus bainistiú tograí a tháinig chun solais ag an bhfiosrú poiblí faoin RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite. Is iomaí duine idir pholaiteoirí, chomhairleoirí polaitiúla agus státseirbhísigh a náiríodh ag éisteachtaí an fhiosraithe sin a chinn nach raibh caimiléireacht i gceist ach a rinne 44 moladh chun an córas a fheabhsú. Bhain bunáite na moltaí sin leis an státseirbhís a fheabhsú ó thaobh cumais agus cultúir. Bhí sé do-ghlactha go gcuirfeadh státseirbhísigh gnáthchleachtais as a riocht chun polaiteoirí a chosaint ar an Acht um Shaoráil Faisnéise, mar a tharla nuair nár coinníodh miontuairiscí.

Glacadh leis go dtitfeadh an crann ar cheannaire nua na státseirbhíse chun na leasuithe riachtanacha a chur i bhfeidhm agus ceannaireacht láidir a sholáthar don 23,000 oibrí sa tseirbhís. Bheadh baint shonrach ag smaointe iarrthóra faoin gcur chuige don ghnó sin le ceapachán.

Bhí a fhios ag Oifig an Fheidhmeannais (oifig na gcéad-airí) go gcaithfí déileáil leis an gcúram sin go práinneach ó mhí an Mhárta nuair a eisíodh tuarascáil an Bhreithimh Coghlin, cathaoirleach an fhiosraithe. Ar ndóigh tháinig an phaindéim sa mbealach ach caithfear obair eile a dhéanamh chomh maith.

Baineadh siar as daoine nuair a tháinig sé chun solais nár fógraíodh an post go dtí mí Iúil agus gur tugadh achar an-ghearr, timpeall coicís chun iarratais a chur isteach. Níor thaise sin, áfach, don gheit a baineadh as an bpobal Déardaoin nuair a nochtadh gur theip ar an gCéad-Aire agus an LeasChéad-Aire iarrthóir a cheapadh nuair a chuir siad clabhsúr ar an bpróiseas.

Tráth a bhfuil gá le státseirbhís a bheidh pras i mbun cúraim chun a dhul i ngleic leis an éiginnteacht dhúshlánach maidir le Breatimeacht, chomh maith le slad na paindéime, táthar ag caint ar cheannaire eatramhach agus próiseas earcaíochta nua.

An bhfuil cúis ar bith lena chreidiúint go gcuirfidh daoine níos oilte isteach ar an bpost i ndiaidh na praisí reatha? Agus más easaontas polaitiúil faoi ndear gan duine a bheith ceaptha, an mbeidh an chéad ghearrliosta eile inghlactha ag an DUP agus Sinn Féin? Chímid Boris Johnson (agus Dominic Cummings?) ag cur a ladar i gceapacháin na státseirbhíse in Whitehall, nós a cháintear go forleathan. An mbeadh rath níos fearr ar an bpróiseas dá gcoinneofaí na polaiteoirí i bhfad uaidh ansiúd agus anseo?

Fág freagra ar 'An phaindéim agus an Breatimeacht ag bagairt ach gan ceannaire ar bith ag an státseirbhís'