An mhí seo caite an Márta is fliche riamh

Roimhe seo ba é Márta 2019 an Márta ba fhliche ó tosaíodh ar chuntas a choimeád 83 bliain ó shin

An mhí seo caite an Márta is fliche riamh

Ba í an mhí seo caite an Márta is fliche ó tosaíodh ar chuntas a choimeád 83 bliain ó shin, de réir réamhthorthaí Met Éireann.

Ar an meán 173.3mm báistí a thit sna ceantair éagsúla, 169% níos mó ná an meán fadtéarmach.

Sa Tuaisceart, 137.4mm báistí a bhí i gceist, 58% níos mó ná an meán.

Márta 2019 an Márta ba fhliche roimh cheann na bliana seo.

Bhí mí Feabhra na bliana seo níos tirime agus níos teo ná mar a bhíonn de ghnáth.

De réir taighde a foilsíodh le déanaí tá ceithre chontae Gaeltachta i measc na gcúig chontae is fliche go dtí seo in 2023.

Ciarraí ba fhliche, bhí Corcaigh sa dara háit, Maigh Eo sa tríú háit agus an Ghaillimh sa cheathrú háit.

As taighde a rinne O’Flynn Medical ar eolas Met Éireann, fuarthas amach gurb iad Ceatharlach agus Baile Átha Cliath na contaetha is tirime.

Bhí mí an Mhárta 2023 ar an Márta is fliche i Sasana le 40 bliain. 111.3mm báistí a thit ansin, 91% níos mó ná an meán fadtéarmach.

197.5mm a bhí i gceist sa Bhreatain Bheag, 91% níos mó ná an meán. 128.7mm báistí a thit in Albain, 3% níos mó ná an meán sa tír sin.

Fág freagra ar 'An mhí seo caite an Márta is fliche riamh'