ATHRÚ AERÁIDE – An mbeidh lá eile ag an long phaisinéirí?

AN SAOITHÍN AERÁIDE: b’aoibhinn leis an Saoithín Aeráide taisteal trasna an Atlantaigh gan dochar a dhéanamh don timpeallacht, ach ní hionann agus Greta Thunberg, níl ar a chumas bád seoil agus criú a eagrú dó féin

ATHRÚ AERÁIDE – An mbeidh lá eile ag an long phaisinéirí?

Tá aithne ag an Saoithín Aeráide ar fhear a chuir an t-aistear idir an Eoraip agus an Bhrasaíl de ar bord loinge – faoi dhó. Na 1960idí a bhí ann agus ní bhíodh sé d’acmhainn ach ag fíorbheagán daoine ticéad eitleáin a cheannacht. Trí seachtaine a thóg an turas farraige idir Rotterdam agus Santos. ‘Chuir mé suas deich kilo meáchain ceal cleachtadh coirp ar an mbád, ach b’iontach an t-aistear é; bhí an t-am agat aithne cheart a chur ar do chomhphaisinéirí,’ a dúirt an fear liom. Ar long phaisinéirí a bhí ar a bealach idir cathair Salvador agus cathair Rio a chas tuismitheoirí chéile an fhir chéanna ar a chéile.

Bhí scéalta an fhir seo ar aigne an tSaoithín Aeráide an tseachtain seo caite agus é ar eitleán idir an Bhrasaíl agus an Eoraip. B’aoibhinn leis féin an turas sin a chur de ar bhád, ach faraor géar tá ré na longa paisinéirí thart, ní cheadaítear paisinéirí ar bháid lastais go dtí an Bhrasaíl a thuilleadh agus, ní hionann agus Greta Thunberg, níl ar chumas an tSaoithín Aeráide bád seoil agus criú a eagrú dó féin.

Ceist an aerthaistil fhadraoin a réiteach, sin é ceann de na dúshláin is mó atá romhainn, mar chine daonna, má theastaíonn uainn maireachtáil i ndomhan domhandaithe – agus an domhan céanna a choinneáil inmharthana.

Tháinig éadóchas ar an Saoithín Aeráide nuair a léigh sé alt in iris ar bord an eitleáin ar a raibh sé ag taisteal ina rabhthas ag déanamh mórtais gurb é an sprioc atá roimh an aerlíne ná go mbeadh 5% den bhreosla inathnuaite faoin mbliain 2030. 5%? 2030?

Tháinig a thuilleadh éadóchais ar an Saoithín Aeráide nuair a léigh sé tuairisc i nuachtán – bhí a chosa ar talamh aige faoin am seo – nach mbeifear in ann eitleán a thógáil go brách a thrasnódh an tAtlantach agus a d’fheidhmeodh ar leictreachas: bheadh an cadhnra a bheadh ag teastáil chuige sin i bhfad róthrom.

Agus cé go mbeifear in ann eitleáin a thógáil as seo go ceann roinnt blianta a d’iompródh suas go 130 duine ó Bhaile Átha Cliath go Londain, mar shampla, agus a d’fheidhmeodh ar leictreachas, caithfidh an litiam a theastódh do na cadhnraí teacht as áit éigin agus ceist chasta í sin freisin.

Éirí as aerthaisteal ar fad an réiteach is éasca má bhíonn slite eile taistil ar fáil a dhéanfadh cúis; ach céard é an réiteach mura mbíonn a leithéid ar fáil – ar thuras trasna an Atlantaigh, mar shampla?

Éirí as an taisteal ar fad?

Glacadh leis go bhfuil modhanna taistil áirithe truaillitheach agus iarracht a dhéanamh an dochar a dhéantar a chúiteamh ar bhealach éigin?

Nó filleadh ar laethanta na longa paisinéirí – ach iad a thógáil ar bhealach nach ndéanfadh oiread dochair don timpeallacht?

Níor mhiste leis an Saoithín Aeráide dá dtarlódh sin: bhí a cholainn san Eoraip tar éis an turais eitleáin trasna an Atlantaigh, ach bhí a aigne fós sa Bhrasaíl. Mothúchán níos casta ná scairdtuirse a bhí i gceist, agus rith sé leis an Saoithín Aeráide gurbh fhéidir nach bhfuil an duine ceaptha taisteal ar chor ar bith ar luas atá mórán níos airde ná an luas ar a iompróidh a dhá chos féin é.

Fág freagra ar 'ATHRÚ AERÁIDE – An mbeidh lá eile ag an long phaisinéirí?'