An máistir dofheicthe

Cumhacht dhofheicthe an chumhacht is cumhachtaí......

HEAliAlNaimiPICTURE

CÉ hÉ an fear is cumhachtaí ar domhan? Barack Obama, b’fhéidir? Nó Vladimir Putin seans? Ar ndóigh, braitheann go leor ar an mbrí a bhaintear as an bhfocal ‘cumhacht’. Más airm agus saighdiúirí atá i gceist, is dócha gur duine den bheirt úd a thabharfadh an sway leis. Ach más é ‘cumas chun cúrsaí an domhain a athrú thar oíche’ an bhrí a bhainimid as an bhfocal, thabharfainn an choróin do dhuine eile ar fad.

Duine nár chuala an chuid is mó againn trácht air riamh. Fear a bhfuil gar don cheithre scór slánaithe aige agus atá fós sa phost ar ceapadh ann é 20 bliain ó shin.

Ar ndóigh, is éacht ann féin é sin i saol na polaitíochta! Nach diabhaltaí nach bhfuil cáil níos mó ar an bhfear céanna? Is fear é seo, áfach, nach mbíonn aird an phobail uaidh a bheag nó a mhór. Feairín beag ciúin, spéaclóirí agus croiméal breá air, nach dtabharfá mórán suntais dó dá gcasfadh sé duit sa tsráid. Fear a bhíonn gléasta uaireanta in éadaí Arabacha agus uaireanta eile i gculaith bhreá de chuid Saville Row.

Fear darb ainm Ali al-Naimi, Aire Ola na hAraibe Sádaí.

An fear a bhfuil OPEC go huile agus go hiomlán faoina smacht aige. An fear a shocraíonn praghas na hola ar na margaí idirnáisiúnta. An fear is cúis leis an titim 40% ar phraghas na hamhola le sé mhí anuas – titim a bhfuil impleachtaí ollmhóra aige, maith nó olc linn é, don gheilleagar domhanda. An fear, d’fhéadfá a rá, a chinn nach mbeifeá ag íoc ach €1.43 nó mar sin ar lítear peitril i do gharáiste áitiúil an tseachtain seo, seachas an €1.55 a d’íoc tú cúpla mí ó shin. Ar ndóigh, tá cleachtadh againn le beagnach leathchéad bliain anuas ar phraghas na hola a bheith ag dul in airde. Ní minic a fheicimid a mhalairt; ach táimid á fheiceáil anois.

Go deimhin, bheadh an titim seo níos feiceálaí fós murach an méid cánach a bhaineann an Rialtas s’againne amach – tuairim is 60c as gach euro a chaitear ag na caidéil. Bíodh sin mar atá, seo é an titim is mó agus is fadtéarmaí le blianta. Mar is iondúil, tá cúis an-simplí leis: easpa éilimh. De thairbhe an lag trá geilleagair idirnáisiúnta, tá titim shuntasach ar an méid ola atá in úsáid timpeall na cruinne. A bhuíochas don phróiséas conspóideach fraiceála (‘fracking’), tá foinsí nua ola tagtha chun cinn freisin, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is ó thús na bliana seo amháin, áfach, atá tionchar na n-athruithe seo le feiceáil sna margaí. Le sé nó seacht de bhlianta anuas, níor thit praghas na hamhola riamh faoi bhun $100 an bairille; i mí an Mheithimh, bhíothas fós ag baint $107 an bairille amach ar amhola ar an margadh idirnáisiúnta.

An tseachtain seo caite, bhí an praghas sin tite go dtí $66.

Go traidisiúnta, is éard a dhéanfadh OPEC i gcás mar seo ná gearradh siar ar an méid ola a sholáthraíonn siad – rud a choinnigh praghasanna ard, ó tharla smacht iomlán a bheith acu ar an margadh. Ach is tábhachtaí i bhfad don Araib Shádach anois a sciar féin den mhargadh a chosaint ná praghas ard a bhaint amach; chuige sin atá Ali al-Naimi nuair a ghearann sé praghas na hamhola arís agus arís eile. Sin drochscéal dóibh siúd a sholáthraíonn ola don chuid eile den domhan agus a bhfuil a gcuid geilleagar féin ag brath air sin – an Rúis, mar shampla, agus cuid mhaith eile de bhaill eile OPEC. Ní mó ná sásta atá Putin, mar shampla. D’fhéadfá dollar a cheannach ar 35 rúbal Rúiseach i dtús an tsamhraidh; theastódh 50 rúbal uait anois chun an margadh céanna a dhéanamh.

Ach níl aon amhras ach gur deascéal don chuid eile dínn é – agus ní hamháin don té atá ag iarraidh an tanc peitril a líonadh. Deir na saineolaithe linn go dtiocfaidh fás 1.3% ar olltáirgeacht intíre na cruinne, bliain i ndiaidh bliana, má fhanann praghas na hola ag an leibhéal seo. Gan aon cheo a bheith déanta – nó gan a bheith déanta – ag Enda Kenny nó Michael Noonan. Ní hamháin go gcosnóidh sé i bhfad níos lú muid féin a choinneáil te teolaí an geimhreadh seo, ach ba cheart go dtiocfadh borradh níos mó fós faoi eacnamaíocht na hÉireann dá bharr – cuma céard a dhéanann an Rialtas s’againne.

A bhuíochas sin uile don fhear úd nár chualathas trácht air… Ali al-Naimi.

Gura fada buan é!

Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury

Fág freagra ar 'An máistir dofheicthe'