An LÉ Samuel Beckett –bád cogaidh nó bád tarrthála?

In ainneoin na ngaiscí tarrthála atá déanta aici sa Mheánmhuir, ní bheidh ár gcolúnaí ag crochadh pictiúr den LÉ Samuel Beckett ná dá criú ar an bhfalla go luath

An LÉ Samuel Beckett –bád cogaidh nó bád tarrthála?

Deacair snámh in aghaidh easa nó in aghaidh srutha i ré nua seo an chomhdhearcaidh. Tá ár neamhspleáchas coinsiasa, cultúrtha agus tuairimíochta níos mó i mbaol sa lá atá inniu ann ná mar a bhí sé riamh, is baolach.

D’aon ghnó níor bhreathnaíos ar an gclár teilifíse The Crossing a craoladh ar RTÉ 1 ag druidim le haimsir na Nollag anuraidh. Ná ní rabhas ar Inis Sionnach (Haulbowline) i gcuan Chorcaí chun fáilte a chur roimh an LÉ Samuel Beckett agus a criú ar theacht abhaile dóibh óna gcamchuairt tarrthála in uiscí na Meánmhara. Ná ní shamhlóinn go raibh lear mór d’iascairí na hÉireann ann ach an oiread.

Nuair a fhéachaimse ar bhád cabhlaigh ní bád cabhlaigh a chímse ach bád cogaidh. Cad chuige go mbeadh an dearcadh sin agamsa, fiafraíonn tú? Bhuel, sna hochtóidí agus sna nóchaidí agus go fiú go dtí an lá atá inniu ann, ceann de na feidhmeanna ba mhó, feictear domsa, a bhí ag na báid seo ná a bheith ar dualgas patróil thart ar chósta na hÉireann, ag déanamh monatóireachta ar chúrsaí iascaireachta agus ag féachaint chuige nach raibh iascaire ar bith nó bád iascaireachta ar bith, dá laghad é, ag sárú dlí na farraige.

Thiar sa chéad seo caite bhíodar thar a bheith gníomhach nuair a bhí Cogadh na mBradán ar siúl. Cogadh na mBradán? Ag tús na n-ochtóidí cuireadh cosc ar iascaireacht bradán le líonta monafhiliméada. Sarar cuireadh an cosc seo i bhfeidhm bhíodh na líonta seo á n-úsáid ag an domhan mór agus a mháthair. Is cuimhin liom féin a bheith ag breathnú amach ar an bhfarraige i gceantar iargúlta in iarthar na hÉireann an lá áirithe seo i lár an tsamhraidh ag tús na n-ochtóidí agus bhí an bá ag cur thar maoil le báid bheaga agus iad ag iascaireacht bradán – múinteoirí, dlíodóirí, innealtóirí, státseirbhísigh srl is gan aon cheadúnas bradán ag éinne acu!

Ansan cuireadh reachtaíocht i bhfeidhm ag cur bac ar iascaireacht bradán le líonta monafhiliméada scun scan. Lean na hiascairí beaga (a bhí tar éis infheistiú mór, gan trácht ar dhua mór, a chur isteach sna líonta seo) orthu ag iascaireacht ach má dhein, seo leis an LÉ Eithne agus a cuid deirfiúracha an LÉ Orla, Ciara agus Deirdre srl agus iad á dtóraíocht agus á bhfaire de ló agus d’oích’ ar feadh na mblianta fada. Dianfheachtas gan dealramh a bhí ann – na báid chabhlaigh á ngéarleanúint ar an bhfarraige agus na báillí (agus go fiú na gardaí i gcásanna áirithe) ar a dtóir ar an míntír.

Cogadh gan chiall, gan toradh agus gan tairbhe ba ea é agus ba mhíorúilt í nár maraíodh éinne sa chaismirt amaideach, sheafóideach seo. B’é críoch agus deireadh an bhirt é ná gur cuireadh na milliúin punt d’airgead an cháiníocóra amú agus fágadh tionscal na hiascaireachta ar an dé deiridh mar atá sé inniu. Míorúilt a bhí ann freisin nár maraíodh baill de na báid chabhlaigh nó de na hiascairí a bhí in adharca leo. Tugadh iascairí áirithe (fir bhochta, mhacánta a bhí ag iarraidh a gclanna a thógáil agus slí bheatha a thuilleamh as an iascaireacht) os comhair na gcúirteana agus gearradh fineálacha troma agus i gcásanna áirithe téarmaí príosúntachta (fiú má cuireadh ar athló iad níos minice ná riamh) orthu. Fágadh iascairí áirithe le taifead coiriúil ina seilbh, rud a chiallaigh nach bhféadfaidís cur isteach ar phoist áirithe ná dul ar imirce agus cead cónaithe a fháil i dtíortha thar lear.

Faid is a bhí an chaismirt seo ar siúl bhí cead a gcinn ag na longa próiseála agus na holltrálaeir a bheith ag iascaireacht ar a suaimhneas níos faide amach gan cíos, cás ná cathú orthu agus iad beag beann ar an reachtaíocht gan dealramh seo. B’fheachtas truamhéalach a bhí ann agus ní haon ionadh é go bhfuil na ceantair Ghaeltachta bánaite sa lá atá inniu ann agus tionscal na hiascaireachta in ísle brí agus ar an dé deiridh agus gan ach corrdhuine le feiceáil i mbun iascaireachta.

B’fheachtas é freisin a bhí lomlán le fimíneacht maidir le dearcadh an phobail i leith chaomhnú an bhradáin – daoine ag tacú leis an reachtaíocht ach ag ordú bradáin fhiáin ar bhiachlár na bialainne agus iad ar buile nuair ba bhradán feirme a cuireadh os a gcomhair.

Agus bhí bealaí níos fearr, níos carthanaí agus níos ciallmhaire ann chun fáil réidh leis na líonta monafhiliméada agus chun na bradáin a chaomhnú ná longa móra bagracha a sheoladh isteach i ngach cuan agus i ngach bá beag thart ar chósta na hÉireann le buíonta bordála istigh iontu agus iad réidh le ruathar a thabhairt faoi bháid bheaga, faoi naomhóga agus a lasta éisc agus a dtrealamh iascaireachta a bhaint díobh agus na hiascairí a bhí istigh iontu a chur faoi bhraighdeanas. Bhí sé ar nós a bheith ag baint úsáid as ceapord chun cnó a chnagadh nó tíogar chun luch a mharú.

Is droch-íomhá den bhád cabhlaigh atá fágtha mar oidhreacht ag iascairí beaga chósta na hÉireann, faraor. Tógfaidh sé níos mó ná gaisce tarrthála – gaisce fiúntach a bhfuil ardmholadh tuillte aige gan amhras –  amuigh sa mheánmhuir chun an íomhá sin a chlaochlú, dar liom.

Tuigimse, ar ndóigh, nach bhfuil sna báid chabhlaigh ach airm de chuid an stáit ag am ar bith ach fós féin níor chuala riamh gur léiríodh míshástacht óna dtaobhsan de i leith na hoibre seo a bhí ar siúl acu agus iad ar dualgas patróil thart faoi chósta na tíre seo le breis agus tríocha bliain anuas.

Ar an drochuair, ní bheidh mise ag crochadh pictiúr den LÉ Samuel Beckett ná dá criú ar an bhfalla go luath.

Fág freagra ar 'An LÉ Samuel Beckett –bád cogaidh nó bád tarrthála?'