An lámh in uachtar ag an bhfoghlaim de ghlanmheabhair ar an smaointeoireacht chriticiúil san Ardteist – taighde nua

De réir taighe nua is ag brath ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair agus an tabhairt chun cuimhne a bhíonn daltaí na hArdteiste seachas a bheith ag réiteach fadhbanna as a stuaim féin

An lámh in uachtar ag an bhfoghlaim de ghlanmheabhair ar an smaointeoireacht chriticiúil san Ardteist – taighde nua

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews

Is beag tástáil a dhéantar i scrúdú na hArdteiste ar scileanna a bhaineann le réiteach fadhbanna, smaointeoireacht chriticiúil agus cruthaitheacht, de réir taighde nua.

De réir an taighde nua sin, is ag brath ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair agus an tabhairt chun cuimhne a bhíonn daltaí na hArdteiste seachas a bheith ag réiteach fadhbanna as a stuaim féin.

Máitear sa taighde a rinne an Dr Denise Burns ó Lárionad Measúnachta, Cáilíochta agus Cigireachta aonad oideachais DCU, nach n-éiríonn leis an Ardteist an chruthaitheacht a chothú ná an intleacht a spreagadh sna daltaí. 

Maítear chomh maith go dtugann múnla na hArdteiste mar atá sé faoi láthair buntáiste do dhaltaí a bhfuil sé d’acmhainn ag a muintir íoc as ranganna breise dianteagaisc nó atá ag freastal ar scoileanna ina leagtar béim ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair.

Deirtear gurb amhlaidh go gcuireann sé seo leis an mbearna shocheacnamaíochta idir saibhir agus daibhir, go háirithe chomh fada is a bhaineann sé le freastal ar choláistí triú leibhéal.

Moltar sa taighde go rachfaí i dtreo measúnú rangbhunaithe a dhéanamh ar dhaltaí ina scoil féin ar mhaithe le réimse níos leithne scileanna a thástáil.

Deirtear freisin gur chóir a bheith níos soiléire faoin leibhéal scileanna a mbítear ag súil leis tar éis cúpla bliain sna hábhair éagsúla.

23 ábhar i scrúdú na hArdteiste a bhí i gceist leis an taighde, ach ní raibh an Ghaeilge ar cheann acu. Rinneadh anailís ar 688 cáipéis agus ar thrí mhilliún focal le linn an taighde idir 2005-2010. Labhraíodh freisin le tríocha dalta faoina dtaithí féin ar an scrúdú.

Fuarthas amach sna hagallaimh sin gurb é an bealach ab éifeachtaí le torthaí maithe a fháil, dar leis na daltaí, ná ceisteanna scrúduithe a thuar, freagraí a réiteach agus ansin iad a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Caitear amhras sa taighde ar a bhailí is atá an Ardteist d’fhorbairt intleachtúil daoine óga idir 16-19 bliain d’aois.

Fuarthas amach go raibh an anailís agus an chruthaitheacht ar lár ar fad nach mór ó na scrúduithe go léir seachas an Ealaín, an Béarla agus an Ceol.  Is ar an fhoghlaim de ghlanmheabhair agus an tabhairt chun cuimhne a bhí an bhéim i bhformhór na n-ábhar eile agus 73% den scrúdú bitheolaíochta, mar shampla, bunaithe ar fhíricí a bheith foghlamtha ag an dalta. Deirtear sa taighde go n-eascraíonn ceisteanna as an gcur chuige sin sa chás go mbeadh dalta ag tabhairt faoin eolaíocht ag an triú leibhéal, mar a bhfuil an bhéím ar mhodhanna taighde eolaíochta seachas fírící réamhfhoghlamtha.

In ainneoin a laghad béime a cuireadh ar fhadbanna a réiteach agus an smaointeoireacht chriticiúil sna scrúduithe Ardteiste, thug na daltaí a ghlac páirt sa taighde le fios gur bhain siad taitneamh agus tairbhe as aon deis a tugadh dóibh na buanna sin a úsáid. Údar imní dóibh, áfach, ab ea an t-ualach eolais a bhí le foghlaim de ghlanmheabhair acu in ábhair áirithe.

Dúirt an Dr Denise Burns, údar an taighde nua, go raibh sé “dlite” ag daoine óga go mbeadh scrúduithe ann a chothaíonn an dea-fhoghlaim agus a chuireann de dhúshlán orthu a scileanna intleachtúla a fhorbairt. 

“Chun go mbeadh éifeacht leis an measúna sa seomra ranga, caithfimid muinín a bheith againn i ngairmiúlacht na múinteoirí, forbairt ghairmiúl a chur orthu agus struchtúir éifeachtacha a bhunú chun caighdeáin chuí a chinntiú.

“Mí Feabhra seo caite chuir an NCCA tús le hathbhreithniú eile ar an Ardteist. Tá súil againn go mbeidh rath an uair seo ar leasú na hArdteiste,” a dúirt an Dr Denise Burns. 

Cé nach raibh scrúdú Gaeilge na hArdteiste san áireamh sa taighde seo tá amhras mór léirithe ag saineolaithe éagsúla faoi bhailíocht an scrúdaithe sin chomh maith.

Anuraidh, mar shampla, dúirt leas-dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Pádraig Ó Duibhir, gur soiléir go dtig le daltaí Ardteiste an-chuid a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus iad ag tabhairt faoin scrúdú Gaeilge.

Dúirt Ó Duibhir go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hábhair “is éasca le honóir a bhaint amach ann” agus go dtuigeann gach duine atá ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais “nach bhfuil caighdeán na Gaeilge sna scoileanna ag feabhsú”.

Fág freagra ar 'An lámh in uachtar ag an bhfoghlaim de ghlanmheabhair ar an smaointeoireacht chriticiúil san Ardteist – taighde nua'

  • leitheoir

    Is fíor an méid sin faoin Ardteist. Céard faoi na hOllscoileanna? An dtagann deireadh leis an gcleachtas sin (an fhoghlaim de ghlanmheabhair) san Ollscoil?

  • Mairéad

    Is cinnte nach bhfuil féin-fhorbairt, smaointeiteacht chriticiúil ná cruthaitheacht ar fáil don chainteoir dúchais nó don dalta Gaelscoile as an chúrsa Gaeilge Ardteiste. Dá mbeadh an cúrsa Bhéarla Ardteiste comh bunúsach céanna bheadh raic. Feileann an droch-chúrsa na múinteoirí Gaeilge toisc pointí CAO ar fáil go héasca do dhaltaí le Gaeilge fíor-bhunúsach. An rud is mó a chothaíonn an Ardteist ná “passivity”.