An lá le saoirse an phreasa agus cearta an íobartaigh

B’údar mór imní dlí de chuid Stormont do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid ghnéis agus do na meáin

An lá le saoirse an phreasa agus cearta an íobartaigh

Ba dheacair buille níos troime don Aire Cirt, Naomi Long agus do Stormont a shamhlú. A bhuíochas do dhúshlán ó sheirbhísí nuachta, rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste gur sháraigh dlí a tháinig i bhfeidhm Meán Fómhair 2023 cearta daonna agus saoirse iriseoireachta.

Mhaígh gearánaithe in aghaidh an dlí gurb é a thoradh gur choir a bheadh ann a rá gur phéidifíleach ab ea Jimmy Saville. Dá bharr d’fhéadfaí sé mhí príosúin a ghearradh ar íospartaigh, iriseoirí nó gnáthdhaoine a déarfadh rud le linn comhrá.

Ní raibh an tAire Naomi Long toilteanach a rá sa Tionól Dé Luain nach ndéanfadh sí achomharc in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte. Dúirt sí go scrúdódh a Roinn an breithiúnas ach bhí sí cosantach in áit a admháil gur deineadh praiseach. Scaip sí an milleán, ag leagan béime air gur vótáil an Tionól i bhfabhar a hachta, rud a rinne, agus rud a cheistigh an breitheamh. Scannal a bheadh ann airgead poiblí a chaitheamh ar achomharc.

Bhí an dlí in ainm is ainmneacha daoine a mbeadh na póilíní á bhfiosrú maidir le cionta gnéis a cheilt go dtí go gcúiseofaí iad. Ba é éifeacht an Achta a mhol Long is a Roinn, agus a fuair tacaíocht an Tionóil, nach bhféadfaí na hamhrastaigh sin a ainmniú lena mbeo nó go ceann 25 bliain i ndiaidh a mbáis.

Ba léir do gach éinne go raibh dlí nua riachtanach abhus i ndiaidh cás cúirte a tharraing an t-uafás poiblíochta inar frítheadh imreoirí rugbaí neamhchiontach as cionta gnéis. Dá dheasca, rinne an t-iarbhreitheamh Sir John Gillen athbhreithniú cuimsitheach ar chleachtais sna cúirteanna agus ar an dlí. I measc go leor moltaí eile d’éiligh sé bac ar ainmniú amhrastaigh go dtí go gcúiseofaí nó nach gcúiseofaí iad.

Níor mhol sé neamhaithnideacht go buan ach ar chúis éigin ba é sin éifeacht an achta a dhréacht Roinn Cirt Stormont. Is é a theideal Acht Cirt (Tuaisceart Éireann) 2022 (Cionta Gnéis agus Gáinneáil). Níl forálacha ar nós na gcinn ar tugadh a ndúshlán in aon dlí sa Ríocht Aontaithe ná in Éirinn.

Dé hAoine seo caite rialaigh an Breitheamh Humphreys san Ard-Chúirt go raibh na forálacha a bhain leis an ábhar seo, altanna 12-16 neamhbhailí. Ní raibh siad dlíthiúil mar gur sháraigh siad an tsaoirse cainte a dhearbhaíonn An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Rialaigh sé freisin nach raibh an ceart ag abhcóide na Roinne a dúirt go raibh an chuid sin den Acht ag teacht leis na moltaí a rinne Sir John Gillen.

Ba iad na nuachtáin an Belfast Telegraph agus an Irish News a thug dúshlán an Achta. Thug an BBC, an Times agus eagraíochtaí eile as Londain cás freisin. Rialaigh an breitheamh i bhfabhar na n-achainíoch. Bhí tábhacht leis an rialú do shaoirse an phreasa agus an phráinn chéanna leis d’íobartaigh. Ar éigean a bhí an dlí rite nuair a bhí litreacha ó dhlíodóirí sa timpeall ag cur fainic ar mheáin agus ar dhaoine nach iad. B’údar mór imní an t-acht do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid ghnéis agus do na meáin. Bhí a fhios le míonna anuas go raibh fadhb mhór leis an Acht seo; tá sé thar am ag an Roinn agus ag an Aire Long é sin a admháil agus a chur ina cheart.

Fág freagra ar 'An lá le saoirse an phreasa agus cearta an íobartaigh'