An lá le Coimisinéir Teanga na Breataine Bige i gcás faoi dhíol scoile 

Chinn Binse sa Bhreatain Bheag nár thug comhairle aird mar ba cheart ar chúrsaí teanga nuair a chinn siad scoil a dúnadh a dhíol ar an margadh príobháideach seachas í a fhágáil i seilbh an phobail

An lá le Coimisinéir Teanga na Breataine Bige i gcás faoi dhíol scoile 

Bhí an lá le Coimisinéir Teanga na Breataine Bige i gcás a thóg sé in aghaidh cinneadh na n-údarás scoil a dhíol gan na himpleachtaí don Bhreatnais a chur san áireamh.

Rinne an Coimisinéir Teanga, Aled Roberts, nach maireann, fiosrúchán faoi chinneadh Chomhairle Swansea, nó Abertawe, an scoil a dhíol nuair a dúnadh í.

Chinn an Chomhairle nárbh aon áis don phobal an scoil lán-Bhreatnaise, Ysgol Gynradd Gymraeg Felindre, nuair a dúnadh í.

I ndiaidh dó gearán a fháil faoin scéal, chinn an Coimisinéir Breatnaise nár thug an Chomhairle aird mar ba cheart ar chúrsaí teanga nuair a chinn siad an scoil a dhíol ar an margadh príobháideach seachas í a fhágáil i seilbh an phobail.

Rinne an Chomhairle achomharc go dtí Binse na Breatnaise agus mhaígh nach raibh aon pholasaí nua i gceist leis an gcinneadh faoin scoil agus nár bhain na Caighdeáin Teanga le hábhar dá bharr.

Ach shocraigh an Binse gurb amhlaidh gur sháraigh an Chomhairle na caighdeáin, na rialacha a leagann síos cad iad na dualgais atá ar eagraíochtaí ó thaobh na Breatnaise. B’ionann, a dúradh, an cinneadh faoin scoil agus cinneadh ‘polasaí’ rud a d’fhág gur tháinig na caighdeáin i gceist.

Dúirt Fflur Jones, ón gcomhlacht dlí Darwin’s Gray, a bhí ag gníomhú thar ceann Oifig an Choimisinéara, gur léirigh breithiúnas an bhinse a thábhachtaí is a bhí sé go ndéanfadh na húdaráis áitiúla measúnú cuimsitheach ar na himpleachtaí don Bhreatnais nuair a bhíonn maoin á díol acu.

Dúirt Leas-Choimisinéir Teanga na Breataine Bige, Gwenith Price, gur cinneadh tábhachtach a bhí i gcinneadh an Bhinse mar gur soiléiriú é ar cad is cinneadh polasaí ann agus ar cad iad na dualgais atá ar údarás áitiúil ó thaobh na teanga i gcásanna mar seo.

Fágann breith an Bhinse go gcaithfear níos mó airde a thabhairt feasta ar cheist na teanga agus cinntí polasaí agus straitéise á ndéanamh, a dúradh.

Tá ardú tagtha le roinnt blianta anuas ar líon na ngearán a fhaigheann Oifig Choimisinéir Teanga na Breatnaise faoi chinntí polasaí a bheith á ndéanamh gan cás na teanga a chur san áireamh.

Fág freagra ar 'An lá le Coimisinéir Teanga na Breataine Bige i gcás faoi dhíol scoile '