An lá go raibh róidió i bPáirc an Chrócaigh

Ní le cluichí na liathróide móire amháin a bhaineann na ceangail thrasAtlantacha ag CLG

An lá go raibh róidió i bPáirc an Chrócaigh

Mura raibh a dtriall ar shuíochán in Ardán an Chíosógaigh, is ar éigean gur thuig cuid de na scórtha míle Meiriceánach a chonaic na Pittsburgh Steelers agus na Minnesota Vikings ag imirt a chéile i bPáirc an Chrócaigh cúpla seachtain ó shin go raibh iarsmalann freisin mar chuid den áit sin ó bhí 1998 ann.

Ní milleán sin dóibh. Tharlódh an scéal céanna a bheith ag roinnt mhaith arb iad na Cluichí Gaelacha is ansa leo mura ndeachaigh siadsan freisin trí na geataí atá ag bun Ascaill Iósaif.

Is trua seoid mar í a bheith i bhfolach ar an saol, ach tá mé cinnte faoin am a mbeidh an obair ar fad atá beartaithe don taobh sin den Staid tugtha chun críche go mbeidh Músaem CLG mar chuid lárnach, fheiceálach den fhorbairt.

Tá sin ag dul dó.

Tráthúil to leor is taispeántas a léiríonn an ceangal idir Meiriceá agus Cumann Lúthchleas Gael an ceann is deireanaí atá le feiceáil san iarsmalann. Mura bhfuil dul amú orm beidh sé ann go dtiocfaidh tús an fhómhair seo chugainn. B’fhiú uair an chloig nó dhó a chaitheamh ann, má chastar an bealach tú.

Bhí an cluiche atá luaite agam idir na ‘hOibrithe Cruach’ agus na ‘Lochlannaigh’ ar an gcéad chluiche i Sraithchomórtas an NFL a imríodh i bPáirc an Chrócaigh – nuair a chuireann tú san áireamh an dúil a bhíonn ag na Poncánaigh sa mblúirín is lú de stair a sinsear, bí cinnte go raibh sin ráite minic go leor leo faoi bhealach go Baile Átha Chliath. Ach bhí scéalta lena chos sin le tabhairt abhaile go Pittsburgh agus go Minnesota acu siúd a rinne cuairt na hiarsmalainne.

Bhí sé le feiceáil ansiúd acu gur imir foirne de chuid Aerfhórsa na Stát Aontaithe agus saighdiúirí na tíre sin in aghaidh a chéile i 1946 agus iad faoi bhealach abhaile ón Dara Cogadh Domhanda. Seacht mbliana dár gcionn imríodh cluiche i Sraith Aerfhórsa na Státaí ann ar mhaithe le Cumann na Croise Deirge in Éirinn. Bhí 40,000 i láthair nuair a bhuaigh na Burtonwood Bullets ar na Wethersfield Rangers. Tá ceangal faoi leith ag na Steelers le Páirc an Chrócaigh – bhuaigh siad ar na Chicago Bears ann i 1997 agus tá an babhta de Ghloine Phort Láirge a thugadar abhaile ar taispeáint i gceanncheathrú na foirne go dtí an lá atá inniu ann.

Ní le cluichí na liathróide móire amháin a bhaineann na ceangail thrasAtlantacha seo ach oiread.

Is é an daorchluiche (baseball) an cluiche is mór a bhfuil tóir air sna Státaí. Tá cruthúnas ann go raibh a leathbhádóir, an Cluiche Corr (rounders), á imirt in Éirinn sna 1600idí. Tharlódh go mba eisimircigh de chuid na tíre seo a thug an spórt chun na Státaí leo . Ach is cluichí den chineál céanna é an Brännboll a imrítear i gCríocha Lochlann agus tá leagan den chluiche ar a dtugtar Schlagball sa nGearmáin.

Thug daoine go leor as na tíortha sin aghaidh freisin ar Mheiriceá. Dá bharr, ní móide gur féidir linn úinéireacht iomlán a éileamh ar cluiche Babe Ruth.

Is ar na Stáit Aontaithe is túisce a chuimhnítear agus cur síos á dhéanamh ar cheangail na gCluichí Gaelacha le Meiriceá Thuaidh, ach ar ndóigh ní hamháin gur leis an ilchríoch sin freisin a bhaineann Ceanada ach is í an tír is mó atá inti.

Tá imirt ar na Cluichí Gaelacha i gCeanada ón 19ú céad – imircigh as Éirinn a thug leo iad. Agus iad ag freastal ar Boys King College School in Albain Nua [Nova Scotia] bhíodh páistí na n-imirceach sin i mbun iomána sa sioc agus sa sneachta. Mhol a bpríomhoide, William Cochrane arbh as Tír Eoghain dó, gan bacadh leis an sliotar a ardú, ach é a bhualadh feadh na talún. B’in tús na hiomána oighir. Chuir saighdiúirí a bhí i Fort Edward in aice láimhe suim sa gcluiche freisin agus thug siadsan leo é ó bheairic go beairic. Le himeacht ama rinneadh haca oighir den iománaíocht-oighir.

Ag fanacht leis an ngeimhreadh anois i Pittsburgh agus i Minnesota atá siad siúd a bhí i bPáirc an Chrócaigh cúpla seachtain ó shin agus iad ag eachtraí cuid de na rudaí a chonaic siad dá muintir.

Gan dabht beidh beagán áibhéile ag baint le cuid acu, ach is fadó an lá tuigthe ag an bPoncánach gur raiméis é scéal an ghréasaí leipreacháin agus a phróca óir.

Ach an gcreidfear na daoine a thug cuairt ar Mhúsaem CLG agus a bhfuil an nuacht ag dul abhaile leo faoin am ar thug 100,000 duine cuairt ar an áit a bhfaca siad an cluiche go bhfeicfidís…róidió.

Bí cinnte go ndéarfar gur scéal i mbarr bata sin, ach féach nach ea, ach lomchlár na fírinne.

Agus Chluichí Tailteann thart i mí Lúnasa 1924 thosaigh róidió i bPáirc an Chrócaigh faoi cheannas fear as Missouri a raibh Tex Austin mar ainm air. Seachtain a mhair sé agus thit pobal na príomhchathrach, go háirithe, i ngrá le bronco-mharcaíocht, coraíocht le bulláin agus leis an uile chineál cleasaíochta dá réir. Rinneadh cur síos i nuachtáin na linne ar an ‘cow-hop’ agus ar ‘man-killer’ agus orthu siúd a bhí sa lucht féachana, bhí easpaig agus Uachtarán an tSaorstáit.

‘Sin mo scéal daoibh. Má tá bréag ann faigh í, mar ní mise a chum ná a cheap.’

Fág freagra ar 'An lá go raibh róidió i bPáirc an Chrócaigh'