An Ióga agus an t-easpag agus saol scanrúil na dteifeach

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar faoin Ióga agus leabhar scanrúil faoi shaol na dteifeach

An Ióga agus an t-easpag agus saol scanrúil na dteifeach

On Yoga. The Architecture of Peace

Foilsithe ag Taschen (Clúdach crua)
Toisí: 9.3 x 13.1 orlach
Meáchan: 4.95 punt
280 leathanach
ISBN 978-3-8365-8487-6
Eagrán Ilteangach: Fraincis, Béarla, Gearmáinis.

Sa bhliain 2019 mhol Easpag Caitliceach Phort Láirge agus an Leasa Mhóir, Alphonsus Cullinan, nach gceadófaí ióga sna scoileanna. Mheasas ag an am go raibh sé tar éis é féin a chaitheamh sa chos, rud nach mbeadh ar a chumas a dhéanamh gan dua dá mbeadh a chos timpeall a mhuiníl aige agus é ag cleachtadh ióga. Ní raibh aon mheas aige ar an aireachas (mindfulness) ach oiread.

Bhí dhá litir ar an Irish Times ag tabhairt amach faoin Easpag.

Tá litir an Easpaig feicthe agam. N’fheadar an raibh leagan Gaeilge den litir ann? Tar éis an tsaoil, tá anamacha bochta Ghaeltacht na Rinne ag súil le treoir uaidh ina dteanga féin, nach bhfuil?

Ach d’imigh sin is tháinig seo. Tá leabhar nua amuigh ag Michael O’Neill: n’fheadar an leabhar é a dhaingneodh tuairimí an Easpaig nó an dtiocfadh sé ar athrú aigne i dtaobh ióga dá léifeadh sé é? (Tar éis an tsaoil, tá traidisiún an-láidir ann go mba iógaí é Críost féin: pléitear é i gCaibidil IV den leabhar How to be a Yogi (1902) le Swâmi Abhedânanda.

Ceaptar go bhfuil ióga á chleachtadh inniu ag 250 milliún duine ar fud an domhain. Níl figiúirí cruinne agam i gcás Phort Láirge, áfach.

 

A Dream of Europe
le Jacob Ehrbahn
foilsithe ag Dewi Lewis Publishing
296 leathanach
160 grianghraf
Toisí: 295mm x 295mm
Clúdach crua. Luach: £35.00
ISBN: 978-1-911306-76-4

Tá siad ag teacht! Na teifigh! Agus cén fáth nach mbeadh? An ceart dóibh fanacht ina dtíortha féin, tíortha atá réabtha ag cogadh agus bochtaineacht? An bhfanfása sa tSiria, cuir i gcás, agus do chlann a chur i mbaol?

Agus ó ligeamarna do na coirpigh chogaidh tuirlingt in Aerfort na Sionainne agus caife Gaelach a ól ar a suaimhneas, nach bhfuil cuid den mhilleán orainne faoinar tharla san Iaráic, san Afganastáin agus aon áit eile a bhfuil cogadh leanúnach ar siúl ag Meiriceá agus a chuid comhghuaillithe cróga? Nach bhfuil dualgas orainne níos mó a dhéanamh ar son na dteifeach – fiú mura mbeadh ann ach cuid den ualach uafásach sin a bhaint dár gcoinsias? Saol na dteifeach is ábhar don leabhar scanrúil seo A Dream of Europe.

Fág freagra ar 'An Ióga agus an t-easpag agus saol scanrúil na dteifeach'

  • Séamas de Barra

    Aistriúchán ar ráiteas an Dr Alphonsus Cullinan ar an ióga, agus ar an aireachas.

    Deireadh Fómhair 10, 2019

    A Phríomh–Oide, a mhúinteoir, agus a bhaill den bhfoireann,

    Mo bheannachtsa oraibhse go léir, agus an bhliain nua acadúil ag tosnú, agus bíodh a fhios agaibh gur mó duine ag guí oraibh go rialta. Is í an phaidreoireacht an eochair le gach uile lá scoile, agus is í a chroílár í. Ní haon dua le leiní an phaidreoireacht. Is saorgáideach a thagann sí chucu, ach a ndóthain aimsire, a ndóthain spáis, agus an suíomh ceart, a thabhairt dóibh. Is minic a chonaic mé féin é sin, go háirithe le linn adhradh, nó le linn an Choróin Pháirteach a rá (í go léir, nó cuid di), nó le linn machnamh simplí treoraithe, ar shliocht as an mBíobla, nó le linn tamall ciúnais a thabhairt do leiní nuair a labhrann siad san le hÍosa ina gcuid féin focal.

    Thá a lán daoine thr’éis a iarraidh orm focal a rá i dtaobh an ióga agus an aireachais. Is í mo cheistse –– ‘Cé acu a thabharfaidh siad san níos giorra dho Chríost sinn, nó a chuirfear ina Áit sin iad?’ Ní bun Críostaí athá leis an ióga, agus níl sé oiriúnach do chomhthéacs na scoile paróiste seo againne, agus go háirithe le linn teagasc ar an gcreideamh a thabhairt. Maidir leis an aireachas de, gheofaí a rá go bhfuil sé sin á chleachtadh ó thosach i dtraidisiún na Críostaíochta, ach ní neamhshuimiúlacht é an t–aireachas Críostaí, ach machnamh arb ar Chríost athá sé bunaithe, ina bhfolmhaítear gach uile rud neamhriachtanach amach as an aigne, chun go mbraithfimis láithreacht agus grá Dé. Thug an Pápa Proinsias aitheasc uaidh in 2015, gur mheabhraigh dhon lucht éisteachta ná faigheadh cleachtais dála an ióga, ár gcraitheacha a oscailt do Dhia. ‘Gheobhadh sibh milliún cúrsa a dhéanamh ar an spioradáltacht, milliún cúrsa ar an ióga, ar Zen, agus ar a leithéidí sin go léir, agus ní bhfaigheadh an méid sin ar fad saoirse a thabhairt daoibh,’ a dúirt sé. Go dtaga sibh ar Chríost, agus go dtaga sibh ar an tsaoirse, in bhur gcuid paidreoireachta. ‘Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh’ (Matha 7,7). Ach a dtaga sibh Air sin, go ngrá sibh É, agus go lige sibh Do san sibhse a ghráchant. Thá san ag teacht an–mhór le sprid an chláir nua againne, ‘Méadú ar an nGrá agaibh’.

    Mí Dheireadh Fómhair athá anois againn, mí na Corónach Muire, agus mí urghnách an Mhisin, molaimse dhaoibhse an Choróin Pháirteach a rá, agus a éascú dos na leiní tamall a thabhairt i láthair Íosa le linn adhradh, nó le linn machnamh ciúin sa seomra ranga. Gheobhaidh sibhse ina Fhochair sin síocháin ná fuil luach le cur uirthi. Deireadh Fómhair 18, déarfaidh na milliúin leanbh ar fuaid an tsaoil le chéile an Choróin Pháirteach ar son na Misean. Go n–aontaítear sa phaidreoireacht sinn.

    Guím gach uile bheannacht oraibh i gcomhair na bliana athá romhainn,

    Mise le meas,

    + Phonsie Cullinan
    An Ró–Oirmhinneach Alphonsus Cullinan, DD,
    Easpag Phort Láirge agus Leasa Móir.

  • Séamas de Barra

    Ceartúchán ––
    An leagan ceart ar an dara líne den dara paragraf:

    Is í mo cheistse –– ‘Cé acu a thabharfaidh siad san níos giorra dho Chríost sinn, nó a chuirfear ina Áit sin iad?’

  • Gabriel Rosenstock

    Táim buíoch den Bharrach as an aistriúchán sin. Ni léir dom, áfach, an aistriúchán de chuid an Bharraigh atá ann nó aistriuchán oifigiúil atá ceadaithe agus faofa ag Easpag Phort Láirge agus Leasa Móir; más aistriúchán nua de chuid an Bharraigh é, conas in ainm Dé nár cuireadh leagan Gaeilge den ráiteas sin ar fáil an chéad lá?
    Tá rud nó dhó le rá ag Cumann na Sagart Caitliceach faoin gconspóid seo, dála an scéil:
    https://www.associationofcatholicpriests.ie/2019/10/what-about-yoga-and-mindfulness/

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar Ghabriel Rosenstock:

    Mé féin a d’aistrigh an ráiteas sin. Ní mise Easpag Phort Láirge agus Leasa Móir. Ní fheadarsa ar cuireadh leagan Gaeilge den ráiteas ar fáil nuair a foilsíodh é. Chuaigh díom féin leagan Gaeilge a aimsiú de ar láithreán Gréasáin Dheoise Phort Láirge agus Leasa Móir.
    Cén bhaint atá ag Cumann na Sagart Caitliceach leis an Association of Catholic Priests? Baint ar bith. Mhúscail mise láithreán Gréasáin an Association sin, agus chuaigh díom teacht ar fhocal Gaeilge in aon áit air. Is as Béarla atá an t–alt a dtugann Gabriel tagairt dó, ‘What about Yoga and Mindfulness’. Ní sia gob an ghé ná gob an ghandail. Níl síniú ar bith leis an alt. Dá bhrí sin, níl aon bhun lena áitiú gurb é tuairim an Association sin mar Chomhlachas atá san alt.
    Is nuachtán Gaeilge is ea tuairisc.ie. Níl fuath ar bith don Bhéarla ag foireann eagarthóireachta tuairisc.ie. Mar sin féin, ní bheadh aon duine réasúnta ag súil leis go nglacfaidís le ráiteas mós fada as Béarla. Tá easpa sagart ar Dheoise Phort Láirge agus Leasa Móir. Dá réir sin, tá easpa sagart Gaelach ar an Deoise. De réir mar a thuigim, éiríodh as Aifreann an Domhnaigh a cheiliúradh sa Rinn ábhar míonna ó shin. Sagart Gaelach ba ea an tAth. Uinseann Ó Maidín, Manach Liath, ar i Mainistir Chnoc Mheilearaí a bhí sé ag cur faoi. Cailleadh an tAth. Uinseann, tamall ó shin. Dhéanadh seisean a dhícheall do Mhuintir na Rinne, sa samhradh go háirithe. Trócaire sa chré air.
    Cén spéis atá ag Gabriel i dteagasc na hEaglaise Caitlicí? Cuireadh agallamh ar Ghabriel, agus ar mhac dearthár dó, Mario, tamall de bhlianta ó shin. Ar RTÉ Raidió 1 a craoladh an t–agallamh. Le linn an agallaimh d’eachtraigh Gabriel gur creideamh éigin neamh–Chríostaí a bhí sé a chleachtadh an uair sin. Is é mo chuimhnese air gurb é ainm an chreidimh sin, Avaida, agus go ndúirt Gabriel gur creideamh ón India is ea Avaida. Níl aon tuairim agam cén creideamh atá Gabriel a chleachtadh i láthair na huaire.
    An méid a deir an Dr Cullinan i dtaobh an ióga agus an aireachais, sin é teagasc na hEaglaise Caitlicí air. Is léir gur ag aontú leis an bPápa Proinsias ar an ióga atá an Dr Cullinan. Níl a fhios agamsa cé a scríobh an t–alt sin ‘What about Yoga and Mindfulness’. Níl san alt ach tuairim phríobháideach aon duine amháin. Ní cuid de Mháistreachas na hEaglaise Caitlicí atá ann. Más mian le léitheoirí doiciméad de chuid na hEaglaise Caitlicí a léamh ar ghluaiseachtaí na ‘Nua–Aoise’ trí chéile, léidís Íosa Críost Iompróir Uisce na Beatha –– Marana Chríostaí ar an ‘Nua–Aois’ (Feabhra 3, 2003)/Jesus Christ the Bearer of the Water of Life –– A Christian Reflection on the ‘New Age’. Mura bhfuil aistriúchán Gaeilge ar an doiciméad sin, gach uile sheans go bhfuil aistriúchán Gearmáinise air.

  • Gabriel Rosenstock

    Níorbh fhiú do mo chara Séamas uasal de Barra ainm an chreidimh ‘neamh-Chríostaí’ (más fíor!) atá á chleachtadh agamsa (más fíor!) a litriú i gceart. Ainm an chreidimh sin ná Advaita. Tá ceann de phríomhscrioptúir Advaita aistrithe go Gaeilge agam, dála an scéil:
    https://www.evertype.com/books/ashtavakra-gita-ga-sa.html
    Teagasc an-simplí, an-ársa atá sa Gita Ashtávakra ach deirtear nach bhfuil ach duine as milliún in ann é a thuiscint. Ba bhreá liom dá mbeadh an Barrach ar dhuine acu! Ní creideamh é Advaita. Formhór na gcreideamh, bíonn gá acu le le gníomh creidimh – nó chreidfeadh gach éinne iontu! Tagaimse le hAdvaita agus aontaím leis; ní gá dom géilleadh do mar chreideamh faoi mar nach gá dom creideamh i gcrann, abair! Ní chreidimse i bpióg sa spéir, dála an scéil.
    Cá bhfuair an Barrach an tuairim bhaoth gur creideamh neamh-Chríostaí é Advaita? An bhfuil an tÍosánach Sebastian Painadath léite aige? An bhfuil an tAthair Painadath léite ag Easpag Phort Láirge agus Leasa Móir?
    https://dimmid.org/index.asp?Type=B_BASIC&SEC=%7B2C6168C3-A221-44C9-80B8-A3CE074FACDD%7D
    Sagart eile a thaitníonn go mór liom is ea an tAthair de Mello:
    https://www.demellospirituality.com/
    Seans maith nach bhfuil an Vatacáin róthógtha leis an Athair Painadath, ná leis an Athair de Mello agus tá a fhios agam go bhfuil ‘hotline’ nó beolíne chun na Vatacáine ag Séamas. Nó bhíodh le linn ré Ratzinger mar chairdinéal. Roinneas oifig leis tráth den saol – is e sin le rá, leis an mBarrach, ní le Ratzinger – agus mura bhfuil breall orm, is cuimhin liom a bheith san oifig, lá, nuair a chuir sé glaoch ar an Vatacáin faoi cheist éigin a bhi ag déanamh scime dó. Is trua nár ghlaoigh sé ar an Athair Painadath.
    Ní dóigh liom go raibh aon mheas ag Ratzinger ar na hÍosánaigh úd ,de Mello agus Painadath. Ach déarfainn go bhfuil Íosa Críost an-cheanúil orthu. Nach é sin is tábhachtaí i ndeireadh na dála!

  • Séamas de Barra

    Is ait an mac é Gabriel Rosenstock. Tá a shaol tugtha aige ag suirí le fealsúnachtaí deoranta aduaine. Tá seanfhocal ag na hUltaigh: ‘Déan do shuirí i bhfad ó bhaile, ach déan do phósadh ar an charn aoiligh.’ B’fhéidir gur ghlac Gabriel ródháiríre comhairle Phádraic Mhic Phiarais: ‘bogaimis amach ón gcarn aoiligh.’
    Faigheann Gabriel cámas ormsa mar gheall ar ‘Avaida’ a thabhairt ar an bhfealsúnacht nó ar an gcreideamh is ansa leis féin i láthair na huaire. Níor chuala mise an focal ach aon uair amháin, agus is ag Gabriel a chuala mé é; ní fhaca mé i scríbhinn an focal go dtí inniu. ‘Advaita’, a deir sé, an litriú ceart ar an bhfealsúnacht/ar an gcreideamh sin. Is fealsúnacht de chuid an Hiondúchais is ea Advaita. Creideamh is ea an Hiondúchas, dar ndóigh. Níl Gabriel féin cinnte de cé acu creideamh é [nó í] Advaita. ‘Ainm an chreidimh sin ná Advaita,’ a deir sé. sa chéad pharagraf. Ach tagann athrú aigne ansin sa dara paragraf air, agus ar seisean ‘Ní creideamh é Advaita’. Is léir nach bhfuil aon bheann ag Gabriel ar phrionsabal sin na Loighce, Prionsabal an Neamh–Bhréagnaithe; is é sin le rá, sa chomhthéacs seo, nach féidir do rud a bheith ina chreideamh, agus gan a bheith ina chreideamh, san am céanna. An bhfuil a fhios ag Gabriel cé acu firinscneach nó baininscneach atá an focal?
    Is d cuimilteach atá in –d– ‘Advaita’, agus dá réir sin, mhaithfí do dhuine an dá fhoghar a shimpliú, agus v a dhéanamh den dv, tharla an d cuimilteach agus v a bheith an–ghairid dá chéile sa bhéal, ó thaobh a gcuid urlabharthach gníomhach de. Is é mo thaithíse ar Bhéarla cuid mhaith Indiach gur pléascach glan is ea t acu i lár focail, agus dá réir sin, gur mar d a chloisfeadh an gnáth–Bhéarlóir ó Éirinn, nó ó Shasana, an t san fhocal sin.
    Ar an méid atá léite go dtí seo agamsa ar an Advaita, is iomaí leagan de/di ann, ach ní insíonn Gabriel cé acu leagan is rogha leis féin. Aontaíonn sé le hAdvaita, ach ní chreideann sé ann/inti. Mar a deireadh Neil Ní Chinnéide na Gráige i gCorca Dhuibhne, trócaire uirthi: ‘is mó duine ar an saol, agus iad go léir ann.’
    Mura creideamh neamh–Chríostaí é/í Advaita, is fealsúnacht neamh–Chríostaí é/í. Ar a bhfuil léite agamsa ar thuairimí an Ath. Sebastian Painadath, Íosánach, is í mo bharúilse gur eiriceach is ea é. Agus is iomaí eiriceach i gCumann Íosa i láthair na huaire, is baolach. Ach go bhfios dom, níor thug an Vatacáin aon bhreithiúnas go fóill ar an Ath. Painadath, agus ainneoin gur ina Íosánach a bhí an Pápa Proinsias ó thús, déanaim amach go gcuirfeadh an Advaita casadh aigne ar fad air. Is fear gnímh é an Pápa Proinsias, agus aontaíodh duine leis, nó ná haontaíodh, is fuath leis an bPápa Proinsias an síorghrinniú ar a n–imleacán a bhíonn ar siúl ag ‘diagairí’ agus ag ‘fealsúna’ áirithe. Ach tá breithiúnas tugtha ar an Íosánach eile úd, an tAth. Anthony de Mello, beannacht Dé lena anam, agus seo cuid de: ‘dearbhaíonn an Chomhdháil seo [An Chomhdháil le Craobhscaoileadh an Chreidimh] nach bhfuil na tuairimí réamhráite ag teacht leis an gCreideamh Caitliceach, agus go bhfuil díobháil mhór iontu,’ Samhain 15, 2006.
    Tá DD ag an Easpag Alphonsus Cullinan. Ciallaíonn sé sin gur bronnadh an chéim ‘Dochtúir Diagachta’ airsean. Acadamh an Alphonsianum sa Róimh a bhronn an dochtúireacht air. Is Acadamh de chuid Ord an tSlánaitheora é sin, agus is ag díriú isteach ar Dhiagacht na Moráltachta a bhítear ann sin. Ní cheapfainn go gcuirfeadh an Dr Cullinan a chuid ama amú le saothar an Ath. Painadath, ná le saothar an Ath. de Mello, mura n–iarrfadh an Vatacáin air saothair na beirte sin a léamh, agus a thuairim a thabhairt ar iad a bheith ceartchreidmheach ó thaobh na Moráltachta de, nó gan a bheith.
    Níl aon bheolíne agamsa leis an Vatacáin, ná ní bhíodh le linn don Dr Joseph Ratzinger a bheith ina Chairdinéal ach a oiread. Cuireann Gabriel agús i dtosach na habairte seo a leanas: ‘Mura bhfuil breall orm, is cuimhin liom a bheith san oifig, lá, nuair a chuir sé [is é sin mise, Séamas de Barra] glaoch ar an Vatacáin faoi cheist éigin a bhí ag déanamh scime dó.’ Níl aon chúis ag Gabriel leis an agús sin, murab amhlaidh atá sé ag seachaint an chlúmhillte. Níor chuir mise glaoch ar bith ar aon oifig de chuid na Vatacáine le linn domsa, agus do Ghabriel, a bheith ag obair in aon oifig le chéile sa Ghúm na blianta ó shin. Is beart mí–eiticiúil agamsa a bheadh ann, dá ndéanfainn a leithéid de ghlaoch. Ní bheadh aon bhaint ag glaoch mar sin le gnó an Ghúim, agus is glaoch costasach a bheadh ann. Ní raibh aon aithne dhíreach agamsa ar aon duine a bhí ag obair sa Vatacáin san am, agus b’ait an cúram dom glaoch ón nGúm a chur ar dhuine sa Vatacáin nach mbeadh aon aithne agam air. Níl aithne agam féin ach ar aon duine amháin sa Vatacáin sa lá atá inniu ann, agus is léachtóir é sin ar cheann d’Ollscoileanna na Vatacáine. Tá dochtúireacht san Fhealsúnacht, agus dochtúireacht sa Diagacht ag an léachtóir sin.
    Ag déanamh éagóra ar an Dr Ratzinger atá Gabriel. Níor casadh riamh an Dr Ratzinger ormsa, ach deir na daoine a bhfuil aithne acu air gur duine é atá thar a bheith cúirtéiseach le gach uile dhuine. Tá meas ag an Dr Ratzinger ar dhaoine go leor nach mbeadh sé ag aontú leo ó thaobh na diagachta de. Sa bhliain 2005 a ceapadh ina Phápa an Dr Ratzinger, agus ba sa bhliain 2013 a d’éirigh sé as an bPápacht. Is é ‘An Pápa Emeritus Beinidict XVI’ is gnách a thabhairt ó shin air.
    Ar an gcur síos ag Gabriel féin ar Advaita, is léir gurb é rud a mheallann é chuige/chuici, gur Gnóisíochas atá ann/inti. Is é sin le rá gur cultas é/í ag mionlach an–bheag daoine a dtuigtear dóibh gur acu féin amháin atá fios fátha an aon scéil. Ní mar sin don Chríostaíocht. Más maith le duine an Chríostaíocht a thuiscint, léadh sé Na Biáidí, agus na Soiscéil, Soiscéal Eoin go háirithe –– fíorthosach an tSoiscéil, agus an cur síos ar an Suipéar Déanach, abair. Agus cuimhníodh sé air gur gheall Críost féin gur thúisce a scaoilfí isteach sna Flaithis na striapacha agus na Poibleacánaigh, ná a scaoilfí isteach na Fairisínigh agus na Scríobhaithe. Is í an Chríostaíocht creideamh na bpeacach, agus na n–ainniseoirí, creideamh na gramaisce, nó na grifisce.
    Ní hí creideamh an mháistirchine í. Tá saghas Naitseachais ag baint le Náisiúnachas antoisceach Hiondúch na hIndia. Tá cruthaithe le déanaí, ó thaobh na géinitice de, nach bhfuil aon bhun ag ardaicmí na Hiondúch i dTuaisceart na hIndia lena chreidiúint de gurb iad ‘an scoth’ iad; ach gur beag ar fad idir ciníocha uile na hIndia, agus idir teangacha uile na hIndia, thuaidh ná theas, agus gur ón tSancrait a d’eascair teangacha uile na hIndia, agus nach teanga nádúrtha ach teanga chumtha í an tSancrait. Tugaim faoi deara go bhfuil na hAirméinigh ag tosú ar a áitiú gurbh uathu féin an t–ardchultúr ar fud an domhain, pé acu san India, san Eoraip, nó i Meiriceá Theas é; agus gur ón Airméinis, go deimhin, a d’eascair an Bhascais. ‘Char dhadaí beagán,’ mar a deir na hUltaigh. D’inis Gabriel féin blianta ó shin dom gur thug gaolta Liútaracha sa Ghearmáin dó ‘Papist’ go tarcaisneach air féin, agus é ar saoire ina gharsún acu. Ón nGearmáin ba ea athair Ghabriel, agus ainneoin sloinne Giúdach a bheith ar an athair, is Liútarach ba ea ó thús é, mura bhfuilimse ag dul amú.
    Ní hionadh, i gcomhthéacs na Gearmáine go háirithe, go mbeadh Gabriel ag iarraidh teitheadh óna aitheantas casta féin. Cuimhnímis ar an bhfuath go léir a bhí sa Ghearmáin do na Giúdaigh sa 19ú céad, agus san 20ú céad. Tá ardmheas ag Gabriel ar Sheán Ó Ríordáin File. Cén chomhairle a chuirfeadh an Ríordánach air? Ní dóichí rud de ná gurb iad na focail a déarfadh an Ríordánach le Gabriel ‘Fill Arís.’ Tar éis an tsaoil, ní ceann de na Biáidí is ea ‘Is beannaithe iad siúd a thugann fuath dá chéile, nó dóibh féin.’ Bhí an tAth. Benedict J. Groeschel, CFR, ar dhuine de bhunaitheoirí Chuallacht na mBráithre Proinsiasacha leis an Athnuachan, a bhfuil mainistir i Maigh Rois i gCathair Luimnigh acu, agus ceann eile i gCathair Dhoire. Bhí dochtúireacht sa tSíceolaíocht ag an Ath. Benedict. Deireadh seisean gurb é an fuath dó féin, is bun leis na handúile is mó a bhíonn ag duine i gcaitheamh a shaoil.
    Is é toil Dé go slánófar gach uile dhuine, ach ní bhrúfaidh Dia an slánú ar aon duine, agus tabharfaidh sé cead dúinn dul go hIfreann, más in é a roghnóimid féin sa deireadh. Is deacair dúinne é a thuiscint, ach is le grá dúinn a thabharfaidh sé an cead sin dúinn.

  • Gabriel Rosenstock

    Is mór an peaca é dul rófhada ón mbaile – chun na hIndia! – agus creideamh á lorg agat, dar le Séamas. Cá bhfuil fréamhacha na Críostaíochta? Sa Mheán-Oirthear, ar ndóigh. Nach i bhfad ó bhaile atá Séamas de Barra mar sin! Tar éis an tsaoil, ní ina Chaitliceach a bhí Críost ach ina Ghiúdach . . .
    Deir Séamas gur ag seachaint an chlúmhillte a bhíos leis an agús a chuireas le mo thuairim gur mheasas gur chuala mé é ag glaoch, lá, ar an Vatacáin ach go bhféadfadh go raibh breall orm. Clúmhilleadh? Nach é sin an clú a bhí – agus atá – ar Shéamas, é a bheith nach mór ina gharda Eilvéiseach agus cosaint a déanamh aige ar an Vatacáin. Níos Eilvéisí ná cáis emmental a bhí sé riamh, an cháis sin a bhfuil na poill go léir inti.
    Tá sé in am ag an bPápa scríobh chuig an mBarrach agus a rá leis, ‘Ní gá dhuit sinn a chosaint níos mó, a bhuachaill. Fág fúinne é, maith an fear!’

    Ní dóigh liom go bhfuil fabht ar bith ar mo chuimhne, dála an scéil. Tá “luibh an ghrásta” á glacadh agam le breis is scór bliain anuas, luibh a thugann cuimhne an-ghéar duit. Bacopa monnieri an t-ainm Laidine atá ar an luibh mhíorúilteach sin ach ‘brahmi’ a thugtar uirthi san India: ba nós le páistí na hIndia, bail ó Dhia is ó Mhuire orthu, brahmi a ghlacadh chun go mbeidís in ann scrioptúir ar nós an Ashtávakra Gita a chur de ghlan mheabhair.
    Níor thugas-sa le fios gur le linn uaireanta oifige, nó uaireanta oibre, a cuireadh an glaoch práinneach sin chun na Vatacáine (má cuireadh). Más buan mo chuimhne (mo bhuíochas leat, a luibh an ghrásta!) be le linn sos tae na maidine a tharla sé. Bhí an dá shos tae againn sa Ghúm ag an am agus theastódh sos tae uait i ndiaidh na sosanna sin, uaireanta, agus a raibh de ghlaonna aisteacha á ndéanamh ag daoine. Is cuimhin liom glaoch amháin díobh sin – leaba i measc na naomh go raibh ag an té a dhein an glaoch áirithe sin, níl sé linn níos mó, glaoch ar an gcainéal SKY a bhí ann agus mo dhuine ag iarraidh a fháil amach cathain a bheadh Miss Universe á chraoladh. Bhuel, bhíos ag iarraidh haiku a scríobh ag an am agus idir rud amháin agus rud eile – glaoch ar an Vatacáin (más fior) agus glaoch ar SKY – ní raibh a fhios agam faoin spéir cá rabhas agus b’éigean dom an haiku bocht a chaitheamh sa bhosca bruscair: ginmhillte a bhí sé, sular rugadh é! Ach níorbh é sin deireadh an scéil, ná baol air. Ghlaoigh duine de na mion-bhasanna isteach orm – bhí bas mór agus cúpla mion-bhas ann, agus ar seisean, ‘Cad seo?’ Bhí píosa páipéir ina ghlac aige. Bhí sé tar éis an diabhal bosca bruscair a ransáil agus teacht ar an haiku bocht leathscríofa. ‘Haiku’ arsa mise. Ní raibh an focal chomh mór i mbéal an phobail is atá sé anois agus mheas sé gur ‘F— you’ a bhí ráite agam leis agus gearánadh leis an Rannóg Phearsanra mé. ‘Haiku!’ arsa mise leosan chomh maith.
    An gceadaíonn an Vatacáin haiku, dála an scéil, nó an dtabharfaí eiriceach ar an té a scríobhfadh an haiku seo a leanas:
    https://www.culturematters.org.uk/index.php/arts/poetry/item/3312-guerilla-christ

  • Séamas de Barra

    Tá athrú eile aigne tagtha ar Ghabriel Rosenstock. Is creideamh is ea Advaita anois, pé fada gearr ina chreideamh/ina creideamh é/í. Ag tagairt a bhí mise d’fhealsúnachtaí deoranta aduaine, mar is léir ar an dara habairt i bhfreagra Bhealtaine 5 agam. Ina Ghiúdach a tógadh Íosa Críost, agus ba é a bhunaigh an Eaglais. Ba ar Pheadar, ‘an Charraig’, a bhunaigh Críost an Eaglais. Tháinig sé sa saol nach bhfoighneodh ceannairí na nGiúdach a thuilleadh leis na Críostaithe, agus gur dhíbir na ceannairí úd na Críostaithe as na sionagóga. Sa chúigiú céad a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn. Mar sin, is creideamh í an Chríostaíocht atá fréamhaithe go domhain in Éirinn.
    Más féidir go raibh breall ar Ghabriel, agus nár ghlaoigh mise ar an Vatacáin ón nGúm na blianta ó shin, cad chuige dósan a bheith ag tagairt arís dó. Ní ag cosaint na Vatacáine, ná an Phápa, a bhí mise, sa díospóireacht againn le chéile, ach ag cosaint theagasc na hEaglaise, rud atá de dhualgas orm a dhéanamh, ar feadh mo dhíchill. Is baill den Eaglais is ea na tuataí leis, ach ráineodh nach eol do Ghabriel é sin. Dá músclódh sé doiciméid Chomhairle Vatacánach II, ní thógfadh sé i bhfad air teacht air.
    ‘Brahmi’ nó ‘Luibh an ghrásta’ a bhíonn Gabriel a ghlacadh ar mhaithe lena chuimhne. Sin agaibh arís é. É ag dul chomh fada leis an India ar mhaithe lena chuimhne. Cár fhág sé na huibheacha? Ní gá dó ach dul chomh fada leis an siopa, nó leis an ollmhargadh is giorra dó, chun uibheacha a cheannach. Is iomaí seanduine ar sciob Galar Alzheimer iad le 20 bliain in Éirinn. Craobhscaoileadh mar dhogma leighis i mblianta 1960 é, gur ciorrú ar do shaol is ea uibheacha, agus im, a ithe, agus bainne uachtair a ól. Is é a mhalairt sin atáthar a chraobhscaoileadh inniu. Tá a fhios inniu againn gur fearrde an chuimhne ach uibheacha a ithe, agus gur fearrde sláinte duine, ar scata slite, ach im a ithe, agus bainne uachtair a ól. Dá mb’áil le Gabriel Making the Cure leis an Dr Patrick Logan a léamh, d’fhoghlaimeodh sé a lán i dtaobh leigheasanna na gnáthmhuintire in Éirinn. Ach dá dheoranta agus dá aduaine é an leigheas, is ea is fearr le Gabriel é. Tá fianaise imthoisceach ann nach í luibh an ghrásta, ach luibh an chiorraithe a bhíonn Gabriel a ghlacadh.
    Ba le linn uaireanta oifige, nó uaireanta oibre, a bhíodh na sosanna tae againne sa Ghúm. Maidir leis ‘na glaonna aisteacha’ go léir, is minic a d’aistrigh foireann teileafóin na Roinne glaonna Ghabriel chugamsa nuair nach mbíodh Gabriel sa seomra, agus is an–annamh a bhí baint ag na glaonna sin le gnó an Ghúim. Is cuimhin liom glaoch a theacht ar Ghabriel lá, timpeall 5.00 P.M., ón nGearmáin. Lean fear na Gearmáine air ag caint gan stad, gan aon deis chainte a thabhairt domsa. Sa deireadh b’éigean dom a fhiafraí de: ‘cad tá uait?’ ‘Ba mhaith liom labhairt le Gabriel Rosenstock,’ arsa é sin. ‘Ní mise Gabriel,’ arsa mise. Ní foláir nó mheas mo dhuine gurbh é Gabriel a d’fhreagair an fón. Ó Cho. Luimnigh mé féin agus Gabriel go bunúsach. Chuir fear na Gearmáine ceathrú uaire an chloig amú ormsa an tráthnóna sin le caint gan dealramh. Ní hé Gabriel amháin, mar sin, a bhíodh bodhraithe leis ‘na glaonna aisteacha’.
    Bhí Caoimhín Ó Marcaigh ina Eagarthóir Sinsearach sa Ghúm tráth, beannacht Dé lena anam. Lá amháin bhuail an Marcach isteach don seomra a raibh mé féin agus Gabriel ag obair ann. Ag scríobh hadhcú a bhí Gabriel, hadhcú nach raibh baint ar bith aige le hábhar téacsleabhair, ná foclóra de chuid an Ghúim. Thug an Marcach ordú do Ghabriel gan a bheith ag cumadh hadhcúnna le linn uaireanta oibre, faoi bhun baint éigin a bheith leis an obair acu. Ní chreidimse go raibh mór–bhas ná mion–bhas ar bith sa Ghúm, lenár linn-ne, nach n aithneodh idir ‘hadhcú’ agus an focal borb atá i gceist ag Gabriel.
    An dóigh le Gabriel, dáiríre, nach mbíonn ach fidilí feaidilí ar bun ag an Vatacáin, agus gurbh fhiú leo am a chur amú ag mionscrúdú hadhcúnna, féachaint an bhfaighidís eiriceacht iontu? Fastaím ó thuaidh, a dhuine!
    Foilsíodh hadhcú liom féin sa nuachtán Gaeilge, Anois, faoi eagarthóireacht Thomáis Mhic Shíomóin, na deicheanna de bhlianta ó shin. Mar seo a ghabhann sé: ‘Meas tú, an gcaithfidh tú IQ ard a bheith agat chun hadhcú a scríobh? Ní chaithfidh tú!’ Sin hadhcú arbh fhiú duais Oireachtais é, ach táim fós ag fanacht leis an duais, agus beidh go ceann i bhfad, a déarfainn.

  • Gabriel Rosenstock

    Thug an Barrach sampla dá chuid déantús haiku féin dúinn. Ní haiku a bhí ann in aon chor ach senryu – senryu lag, i mo thuairimse – agus mura bhfuil a fhios aige cén difríocht atá idir haiku agus senryu ba chóir dó glaoch gutháin a chur ar an gcairdinéal Seapánach, Thomas Aquinas Manyo (Osaka), ar máistir haiku é.

  • Séamas de Barra

    Is mar Ógláchas ar hadhcú a scríobh mise an dán sin. Ní chloíonn an tÓgláchas le rialacha dochta ná le nósmhaireachtaí dochta meadarachta.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní hé an haiku atá ag déanamh scime dhom i láthair na huaire ach an méid seo a bhí le rá ag an mBarrach: deir sé gur cuimhin leis glaoch a theacht ormsa lá, timpeall 5.00 P.M. Lean Gearmánach mistéireach éigin air ag caint gan stad, gan aon deis chainte a thabhairt don Bharrach. A dhiabhail álainn! Cérbh é féin nó cén sórt tuin chainte a bhí aige? Tuin na Baváire? An bhfuil aon seans gurbh é Ratzinger a bhí ar an líne?! Cá bhfios. Nílim á rá gurbh é a bhí ann, ach cá bhfios? Tharla rudaí níos aite ná sin sa Ghúm.
    Nach iontach ar fad gur cuimhin leis an mBarrach gur timpeall 5.00 p.m. a tharla an eachtra dhiamhair osnádúrtha sin. Caithfidh go bhfuil brahmi, luibh na cuimhne, á ghlacadh aige. Más buan mo chuimhnese, níor inis an Barrach domsa go raibh Gearmánach ar an bhfón chugam, ná níor fhág sé nóta deas béasach ar mo dheasc: ‘Bhí glaoch duit. Gearmánach. Guth domlasta dogmatach aige, gach aon Nein! Nein! agus Mein Gott! aige. Níor fhág sé a ainm. Mise, le meas, S. de Barra’.

  • Séamas de Barra

    Is é mo chuimhnese gur ó Bheirlín a bhí an Gearmánach ag glaoch. Chomh fada le m’eolas–sa is sa Róimh a bhí an Cairdinéal Ratzinger ag obair san am. Is é is dóichí ná a chéile gur inis mise do Ghabriel an mhaidin dár gcionn go raibh glaoch air féin tráthnóna an lae roimhe sin. Deir mo ghaolta is mo chairde anois is arís liom go bhfuil an–chuimhne agam. Ní aithneoinnse brahmi, ná luibh na cuimhne, ó sheamróg.
    Bhí post lánaimseartha sa Ghúm san am sin agam, agus ní i mo rúnaí pearsanta ag Gabriel a bhí mé. Cad chuige nach ndéarfadh Gabriel lena chairde ó thar lear glaoch ag baile air, mar a dhéanfadh Críostaí, agus gan a bheith ag cur mo chuid amasa amú le ‘caint ar sraith’ mar a déarfadh na Gaillmheánaigh?
    Tá súil agam go dtacóidh Gabriel leis an ngluaiseacht nua chun saorchead a chur in áirithe do gach uile dhuine, Ógláchas ar hadhcú a scríobh, más in é is rogha leo féin.

  • Gabriel Rosenstock

    Is mian liom deireadh a chur go luath leis an siar is aniar seo. Feicim go mbíonn an Barrach ag brath go minic ar shean-nathanna ar nós, ‘Ní sia gob na gé ná gob an ghandail.’ Is dóigh le Gaeil áirithe – Caitlicigh den seandéanamh ach go háirithe – go dtugann an nathán calctha údarás éigin dá gcuid ráiteas. A mhalairt atá fíor. Is minic nach bhfuil sa nathán calctha ach leithscéal chun smaointe nua agus dearcadh nua a sheachaint. Mairimid i ré atá solúbtha ó thaobh inscne de. B’fhearr a rá, ‘Ní sia bod na gé ná bod an ghandail.’
    Ní maith leis an mBarrach smaointe nua – ná seansmaointe – ag teacht ón India ná ón tSeapáin chugainn. Níor mhaith liom seineafóibe a chur ina leith ach is cineál Zenófóibe é cinnte. Mar a deir Seán Ó Ríordáin:
    Níl áit ar fud na cruinne
    Nach ann a saolaíodh sinne.

  • Séamas de Barra

    Ní maith le Gabriel na seanfhocail, ainneoin gur cuid den teanga Ghaeilge iad, agus de na teangacha eile a bhfuil salacharáil éigin agamsa díobh. Tugann seisean faoi na Gaeil, Caitlicigh den seandéanamh go háirithe. B’fhéidir gurbh fhiú do Ghabriel scaradh le cúpla euro chun a fháil amach ó shíciteiripeoir cad chuige an fuath go léir atá aige féin do na Gaeil. Ba mhar a chéile ‘Gael’ agus ‘Caitliceach ó Éirinn’ i nGaeilge Chonamara, aimsir Phádraic Mhic Phiarais. De réir dealraimh, ní bheadh aon locht ag Gabriel ar sheanfhocal ón India, cé gur fada bunaithe an creideamh Críostaí ansiúd, in Kerala, abair, agus in Goa.
    Téann Gabriel i leith na graostachta ansin, ach tá a chuma air nach dtuigeann sé gur ar an bhfireann is gnách an bod a bheith; eisceacht is ea an cábún, gan amhras. Tá Feiminigh na hÉireann, idir Fheiminigh Radacacha, agus Fheiminigh Mheasartha, ar buile, mar gheall ar an iarracht atá á déanamh ag éilít idé–eolaíochta ar an bhfocal ‘bean’ a ruaigeadh as doiciméid oifigiúla, agus deireadh a chur le leithris ban. Tá mearbhall ar Ghabriel más dóigh leis nach gcuimhneoidh Feiminigh na hÉireann an méid sin dó.
    Ní thugann sé sampla ar bith den fhuath, dar leis, atá agamsa do smaointe nua, agus do sheansmaointe, pé acu ón India, ná ón tSeapáin iad. Cén bhaint atá ag an tSeapáin leis an scéal?
    Tá dulta amach ag lucht géinitice na hIndia ar an gciníochas caca atá laistiar de chóras na sainaicmí san India, agus ar choimpléasc ardchéimíochta shainaicmí ‘uachtaracha’ an Hiondúchais. Tá ardmheas san India ar an Máthair–Ab Treasa Kholkata. Ba i gClochar Loreto Ráth Fearnáin a ghabh sise leis an mbeatha rialta i dtosach. Ar an taobh eile de bhalla an ghairdín cúil seo agamsa i Ráth Fearnáin atá ionad an Chlochair sin. Ba faoi réimeas an Phápa Proinsias a ainmníodh Treasa Kholkata ina naomh; Meán Fómhair 4, 2016, a rinneadh é sin.
    Ach is duine é Gabriel atá gafa leis an Advaita, fealsúnacht ag mionlach beag daoine, agus tá fuath aigesean don phrofanum vulgus.
    Tá aithne na mblianta agamsa ar scoláire Béarla ón tSeapáin, an tOllamh Nobuaki [Nobi] Tochigi. Tá aistriúchán Béarla Thomas Kinsella ar An Táin aistrithe go Seapáinis ag Nobi, agus é ag obair leis ar fhilíocht W. B. Yeats a aistriú go Seapáinis. Ba tríd an gceol Gaelach a chuir mé féin agus Nobi aithne ar a chéile i dtosach, Tigh Mhick Hughes ar Shráid na Seansaireachta i mBaile Átha Cliath, agus le linn Sheachtain Wille Clancy i Sráid na Cathrach, i gCo. an Chláir. Tá mioneolas ag Nobi ar ghnéithe go leor d’Éirinn. Ar scoil ag na hÍosánaigh a bhí Nobi, ach ní chleachtann sé féin creideamh ar bith. Ar a shon sin is uile, airíonn sé sprideanna a bheith i ngach uile áit dá dtéann sé in Éirinn. Breá nár bhac sé leis an India, fo–ilchríoch ar giorra go mór í ná Éire don tSeapáin! Is é is dóichí gurb iad aingil choimhdeachta na ndaoine a lán de na sprideanna a n–airíonn Nobi iad. Tá aingeal coimhdeachta ag gach uile dhuine againn –– ag Gabriel féin –– agus cuirfidh aingeal coimhdeachta ar an mbóthar ceart, an duine a bhíonn faoina chúram, ach an duine sin é a iarraidh ar an aingeal coimhdeachta.
    Is deacair a dhéanamh amach cén chodarsnacht atá Gabriel a dhéanamh idir ‘seineafóibe’ agus ‘Zenófóibe’. Cá bhfuair Gabriel an litriú neamh–Chaighdeánach sin? An féidir gurb é rud is ‘Zenófóibe’ ann fuath do Zeno na Gréige, an Stóch stuacach nach maireann ach blúiri fáin dá shaothar?
    Ag caint ar fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin, tá línte leis seo a oireann go beacht do Ghabriel:
    ‘Imreoir do dhuine anseo/Agus imreoir do dhuine ansiúd,/Taoi scaipithe id dhaoine,/Beir ag athrú choíche/Go n–imreoir gach duine atá cúl/Le cine, is go n–imreoir an duine is dual.’ [‘Daoine’ (Ó Coileáin 2011) lch 153]. Nó b’fhéidir nár fhág Gabriel blianta an déagóra ina dhiaidh riamh, agus gur fearr a oireann na línte eile seo dó: ‘Is eagal liom tréigean datha/is eagal liom brí/Is bás, dar liom fós, freagairt,/Is beatha fiafraí,/Ragham amú tamall eile/Is chífeam an tír.’ [‘Guí’ ibid. lch 130]. Tá na cúlfhiacla curtha go maith anois ag Gabriel. B’fhéidir gur rómhithid do rud a dhéanamh ar an Naomh–Phápa Eoin Pól II, agus ‘dul amach ar an bhfarraige mhór’. ‘Ara, seo leat, seo leat, seo leat,’ mar a déarfadh Mrs Doyle. Cad chuige do Ghabriel ‘a thigh is a threabh’ a thréigean?

  • Gabriel Rosenstock

    Níl drochmheas agam ar an seanfhocal. Tá míléamh, mar is gnáth, déanta ag an mBarrach orm; n’fheadar an d’aon ghnó é nó an é nach bhfuil ar a chumas léamh idir na línte. Nach bhfuil leabhar seanfhocal curtha amach agam le Mercier Press: conas a bheadh drochmheas agam ar an seanfhocal!
    https://www.amazon.co.uk/Irish-Proverbs-English-Mercier-bi-lingual/dp/185635282X
    Níl ann ach nach maith liom an róbhrath ar sheanfhocail chun rud éigin a rá. Is locht an-mhór ar an scríbhneoireacht chruthaitheach, cuir i gcás, a bheith ag brath ar chora cainte seachas stíl agus guth de do chuid féin a fhorbairt. Bac ar fhás na hintleachta agus na hindibhidiúlachta in Éirinn ab ea an róbhrath ar theagasc na hEaglaise, is é sin le rá, gach aon diabhal rud a shlogadh gan cheist. Is dream ‘dara láimhe’ sinn, a deir Jiddu Krishnamurti, más ag brath ar chaint daoine eile a bhímid. Níor mhaith liom brath an iomarca ar Krishnamurti, ach tá an ceart aige sa mhéid sin. Nach bhfuil?

  • Gabriel Rosenstock

    Dála an scéil, tá tuairimí aite ag an mBarrach faoi go leor nithe: Ifreann, cuir i gcás. Deir sé go dtabharfaidh “Dia cead dúinn dul go hIfreann, más in é a roghnóimid féin sa deireadh. Is deacair dúinne é a thuiscint, ach is le grá dúinn a thabharfaidh sé an cead sin dúinn.” Is dócha go gceapann an Barrach gur diagaire nótáilte é. Duine de mhórdhiagairí ár linne ab ea Hans Kung, beannacht Dé leis. Bhí agallamh leis in eagrán mhí na Nollag den iris Spiegel.
    An raghair ar Neamh, an dóigh leat, a Ollaimh Kung, arsa Spiegel leis.
    Tá súil agam é, a d’fhreagair Kung.
    Raghair go hIfreann, a deir daoine áirithe, mar is eiriceach thú!
    Shéan an tOllamh Kung go mba eiriceach é.
    Leanaimse an soiscéal, ar seisean, seachas diagacht na Meánaoise.
    An bhfuil a leithéid de rud ann agus Ifreann, arsa Spiegel leis ansin, á ghriogadh gan dabht. D’fhógair Kung mórdhiagaire, go neamhbhalbh, nach raibh a leithéid de rud ann agus Ifreann síoraí. Cruthaímid ár nIfreann féin, ar seisean, mar shampla le cogaí (an cogadh sa tSiria cuir i gcás) agus le caipitleachas gan srian.

  • Séamas de Barra

    Tá Gabriel bocht tosaithe ar a bheith ag déanamh aithrise air féin. Ní hamhlaidh a fhanann sé le freagra uaimse, ach é a thabhairt, mar a bheadh, ‘freagra’ air féin.
    Ba sa bhliain 2008 a d’fhoilsigh Mercier Press an cnuasach seanfhocal sin le Gabriel. Is dócha go bhfuair seisean an áirithe sin airgid as an leabhar a shaothrú. Ar chreid sé tráth sna seanfhocail? Tá lé aige leis an Advaita, ach ní chreideann sé ann/inti. Tagann athrú aigne ar Ghabriel fiú le linn dó freagra a scríobh. Níl sé míréasúnta a dhéanamh amach go bhfuil sé faighte bailithe de na seanfhocail ó shin. Is é rud atá sé a dhéanamh: ag forchaitheamh ormsa a chuid féin spéise sna seanfhocail tráth. Níl aon teorainn leis an scéal thairis, nuair a bhíonn duine i bponc. Is annamh a bhainimse leas as seanfhocal, ach mar sin féin … an rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire! Nach iad an t-ióga agus an t–aireachas a chuir tús leis an díospóireacht seo?
    I dtaobh Ifrinn, áiríonn scoláirí Bíobla gur sa Nua–Thiomna is mó atá trácht ar Ifreann, agus gurb é Íosa Críost féin is mó a thagraíonn d’Ifreann. Nuair a chuimhneodh duine air, murab ann d’Ifreann, cad chuige ba ghá le Dia a Mhac féin a chur ar an saol? Ba chun an cine daonna a shaoradh ó iarmhairtí Pheaca an tSinsir é, agus na grásta a chur ar fáil dúinne gan dul go hIfreann nuair a gheobhaimis bás. Féadfaimidne glacadh leis na grásta sin, nó diúltú dóibh. Tá ban–naomh Polannach ann arb ainm di an tSiúr Faustina Kowalska. Tuairiscíonn sí féin gur minic a chonachtas Críost i bhfís di, agus gur thug Críost an–chuid treoracha di faoinár mbráidne. Ceann díobh sin is ea go dtabharfadh Críost turas ar gach uile dhuine againn, agus sinn ag fáil bháis, agus go dtabharfadh Críost 3 dheis dúinn glacadh lena chuid trócaire, nó diúltú di. Mura nglacaimid le trócaire Chríost, rachaimid go hIfreann go cinnte. Bhí an–deabhóid ag an Naomh–Phápa Eoin Pól II don tSiúr Faustina, agus ba eisean ba mhó faoi deara ise a ainmniú ina ban–naomh, rud a rinneadh Aibreán 30, 2000. Is cuid den deabhóid don tSiúr Faustina paidir a dtugtar ‘Séipéilín Thrócaire Dé’ uirthi a rá ar anam duine atá caillte. Idir 3.00 P.M. agus 4.00 P.M. is rogha le Críost féin go ndéarfaí an phaidir sin, más fíor an tSiúr Faustina, mar gur i rith an uair an chloig sin a fuair seisean bás ar an gCrois. Dála an scéil, ní droch–Chaitliceach duine mura gcreideann sé i bhfíseanna den saghas a chonacthas don tSiúr Faustina. Ní cuid den Chreideamh iad.
    Diagaire ba ea Hans Küng ceart go leor, ach baineadh an stádas mar dhiagaire Caitliceach de sin de na blianta ó shin. Eiriceach ba ea Küng, go ndéana Dia trócaire ar a anam. Tá scéal ar fhear a chuaigh chun faoistine go dtí Padre Pio. Thosaigh an fear úd ar chur síos do Phadre Pio ar na dea–ghníomhartha a bhí déanta aige féin, agus idir na húdaraí agus na hádaraí, d’admhaigh sé nár chreid sé in Ifreann. Theip ar an bhfoighne ag Padre Pio, agus arsa é sin le mo dhuine: ‘Beir leat go gcreidfidh tú ann, nuair a bhainfidh tú amach é.’ Tarlaíonn uaireanta go ligtear anam amach as an bPurgadóireacht chun turas a thabhairt ar an saol seo, agus fógra a thabhairt do dhuine aithrí a dhéanamh. Tá sé le tuiscint as scéal Lazaras nach ligfear duine as Ifreann go deo, ach tá tuairiscí ann gur ligeadh daoine as Ifreann chun go dtabharfaidís turas ar an saol seo, agus fógra a thabhairt do dhaoine gur ag dul amú a bhí siad, agus gurb é Ifreann a bhí ag faire orthu mura n–athróidís béasa. Ach na daoine úd a scaoileadh as Ifreann, b’éigean dóibh filleadh ansin ar Ifreann tar éis dóibh an fógra a thabhairt. Sin iad na rudaí. Sin é an chaoi a bhfuil sé. Ná creideadh léitheoirí tuairisc.ie san fhógra i dtaobh Kitty Kat. Ní bheidh aon sos Kitty Kat in Ifreann, ná ní bheidh aon suí caidrimh ag na hanamacha damanta agus na haingil le chéile, chun cúrsaí an tsaoil eile a chur trí chéile. Ní bheidh cead ag na hanamacha damanta ach a bheith ag mallachtaigh agus ag diamhaslú go síoraí.

  • Gabriel Rosenstock

    Slogann an Barrach an síolteagasc go léir a bhaineann leis an Máthair Treasa. Thug Christopher Hitchens, “a lying, thieving Albanian dwarf” uirthi. Ach – in ainm Dé – ná féachaimis ar dhá thaobh an scéil. Níl ach taobh amháin ann, nach ea?! Ná leigh The Missionary Position de chuid Hitchens, ar eagla an taobh eile den scéal a léamh.
    https://www.amazon.co.uk/Missionary-Position-Mother-Teresa-Practice/dp/0857898396

  • Séamas de Barra

    Is ráiteas do–earráide is ea an ráiteas ón Vatacáin a ainmníonn duine ina naomh/ina ban naomh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé chomh cinnte is atá an Cháisc ar an Domhnach, gur slánaithe atá an duine a ainmnítear amhlaidh, agus nach miste do gach uile Chaitliceach deabhóid a bheith acu dó/di. Má dhéanann Caitliceach fadchónaí sa diúltú do ráiteas do–earráide, cuireann sé/sí coinnealbhá latae sententiae [láithreach] air féin/uirthi féin. Ní gá don Chaitliceach cion a bheith aige/aici ar dhuine ar bith a ainmnítear ina naomh.
    Maidir le Christopher Hitchens, is Trotscaíoch ba ea é sin ó thús, mar ba ea a dheartháir, Peter, atá fós beo. Ach d’iompaigh Christopher ina Nua–Choimeádach, agus ba mar gheall ar shléacht 9/11 é sin, más fíor. Ní fheadair aon duine ach an méid Trotscaíoch a d’iompaigh ina Nua–Choimeádaigh, sular bhain Donald Trump, agus an Pápa Proinsias, an bonn ón Nua–Choimeádachas. Tar éis dó a chéim ollscoile a tharraingt, thug Peter tamall ag obair sa Taobh Thuaidh de Shasana, agus fuair sé amach ansiúd rud a chuir ard–iontas air –– gur ag tacú leis an bPáirtí Coimeádach a bhí an–chuid de lucht oibre an Taoibh Thuaidh de Shasana. Thug Peter na blianta ina iriseoir san Aontas Sóivéadach, agus chonaic sé ansiúd an bhail a fhágann an Cumannachas Aindiach ar náisiún, agus chuir an méid sin casadh aigne air. Tá Peter casta ar an gCríostaíocht. Anglacánach is ea le blianta é, cé go bhfuil an–locht, ar scata slite aige, ar an Eaglais Anglacánach i Sasana, abair. Ní mór ná go mbeadh Peter ag aontú leis an Eaglais Chaitliceach ar an nginmhilleadh, agus áitíonn sé gurb é an dlí ar an gcolscaradh –– córas an cholscartha ‘gan locht a lua’ –– córas a tugadh isteach sa Bhreatain i dtosach bhlianta 1960, a scrios an teaghlach sa Bhreatain. Tá mac do Pheter atá iompaithe ina Chaitliceach, Dan, agus is é Dan Eagarthóir na hirise Caitlicí, Catholic Herald.
    Is gá cúlra na beirte deartháireacha, Christopher agus Peter, a thuiscint. Ba de bhunaibh Giúdach a máthair, agus Protastúnach ba ea a n–athair. D’fhág a máthair ann a fear céile, agus ghabh sí le fear eile. Ach chuir an mháthair, agus an fear nua, lámh ina mbás féin ar an aon láthair amháin, agus ba é Christopher an chéad duine a tháinig ar na coirp. Is cuma cé chomh hAindiach is a bheadh duine, chroithfeadh a leithéid d’eachtra aon duine daonna ó bhonn. Is é is dóichí gurbh iad a chuid Trotscaíochais, agus an eachtra sin, is bun le fuath Christopher don chreideamh. Thacaigh Christopher leis na Meiriceánaigh agus leis na Sasanaigh sa dá Chogadh i gceantar Mhurascaill na Peirse. Chuir an Pápa Eoin Pól II, agus Joseph Cairdinéal Ratzinger go láidir i gcoinne an dá chogadh sin. Níor thángthas ar airm ollscriostacha ar bith ag an Iaráic, agus tuigtear coitianta anois gur cogaí éagóracha ba ea an dá chogadh. Maraíodh na céadta míle Iarácach sna cogaí sin, agus b’in é, thar aon rud eile, a ghin an fuath do Mheiriceá agus don Bhreatain, agus a chuir ann don Stát Muslamach, arm neamhdhleathach a bhfuil léirscrios diamhair déanta ar thíortha an Mheán–Oirthir acu.
    I dtaobh an fhuatha ag Christopher Hitchens don Mháthair–Ab Treasa, tá díospóireacht ar YouTube idir Bill Donahue an Catholic League i Meiriceá, agus Christopher Hitchens, a ndéanann Donahue an Mháthair–Ab a chosaint go maith inti. Bhí an–mheas ag Malcolm Muggeridge ar an Máthair–Ab Treasa, agus ba ise ba mhó faoi deara Muggeridge a iompú ina Chaitliceach. Scríobh Muggeridge leabhar ar an Máthair–Ab Treasa, Something Beautiful for God. Tá le rá ar son na Máthair–Aba, agus ar son an Oird a bhunaigh sise, Misinéirí na Carthanachta, gur thug siadsan, agus go dtugann siad, aire fiú do na daoine is boichte san India, an tAos Seachanta. Chuirfeadh sé iontas ormsa dá rachadh ball ar bith de lucht leanúna Advaita i ngaobhar ná i ngaire d’aon duine den Aos Seachanta.
    Matamaiticeoir, diagaire, agus fear teangacha is ea an Dr John Lennox. Ar Ollscoil Oxford i Sasana a thug an Dr Lennox a shaol acadúil. Ó Chathair Ard Mhacha is ea go bunúsach é, agus is Airminiach is ea é, is é sin le rá, Cailvíneach Liobrálach. Creideann an Dr Lennox gur féidir do Chríostaí an slánú a chailleadh, rud nach gcreideann ladhar mhaith Protastúnach Bunchreidmheach. Tá cosaint an–mhaith déanta ag an Dr Lennox ar an gcreideamh i nDia, agus tá spior spear déanta aige de thuairimí Christopher Hitchens. Casadh an Dr Lennox orm féin cúpla bliain ó shin tar éis léachta a thug seisean i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Shínigh an Dr Lennox dhá cheann dá chuid leabhar domsa an oíche sin. Tá díospóireacht eile ar an ábhar céanna ar fáil ar YouTube idir Christopher Hitchens, agus John Haldane, Caitliceach ó Albain, agus fealsamh Tómaíoch. Bhí Haldane ábalta go maith do Hitchens sa díospóireacht, agus is fiú an YouTube sin a fhaire.
    Rinne Christopher, agus a dheartháir Peter, an tsíocháin le chéile, tamall sula bhfuair Christopher bás. Tháinig an–spéis ag Christopher sa Bhíobla, agus dá mhídhóchula é, an–chara dó ba ea Protastúnach Soiscéalach ón Taobh Theas de na Stáit Aontaithe, Larry Taunton. Cé go ndearnadh ginmhilleadh ar leanbh le Christopher, tháinig sé ar an tuairim gur duine daonna an leanbh sa bhroinn, agus gur beart an–ghránna is ea an ginmhilleadh. Go ndéana Dia trócaire ar anam Christopher. Má slánaíodh Christopher, gach uile sheans gur le paidreacha na Máthair–Aba Treasa é sin. Cuimhnímis gur ordaigh Críost dá chuid lucht leanúna grá a bheith acu dá gcuid naimhde, agus a bheith ag guí orthu siúd a bhíonn ag déanamh géarleanúint orthu, agus ag déanamh clúmhilleadh orthu.

  • Gabriel Rosenstock

    Éinne a cheistíonn gné ar bith dár n-oidhreacht Ghaelach is cúl le cine é, dar leis an mBarrach; frith-Ghaelach atá sé. Éinne a cheistíonn gné ar bith dár n-oidhreacht Chríostaí, frith-Chríostaí atá sé. Chomh fada siar le 1937 san iris An Gaedheal, bhí go leor gnéithe dár n-oidhreacht Ghaelach – agus aigne na nGael féin – á scrúdú ag critic géarchúiseach a scríobh faoin ainm Craiftine:
    “Sin é tragóid na filíochta Gaoluinne – easpa fáis, an ró-chion ar an mbéaloideas, an leisce chun an sean-rud d’fhágaint, an síor-fhéachaint siar. Ach is locht é sin a bhaineann linn mar chine.’ An raibh Craiftine frith-Ghaelach? An raibh An Gaedheal féin frith-Ghaelach?
    Tá dualgas ar intleachtach gach gné dá shaol a scrúdú agus a cheistiú. Saol amú saol gan féinscrúdú, a deir Sócraitéas. Tógadh mise im’ Chaitliceach ach níor tógadh mé chun mo chlab a choimeád dúnta. Is Ainrialaí mé agus ceistím gach gné den saol. Ceistím an Chríostaíocht agus sibhialtacht an Oirthir trí chéile:
    https://culturematters.org.uk/index.php/arts/poetry/item/3700-western-christian-civilisation
    Ní leanaimse comhairle an Ríordánaigh:

    Dún d’intinn ar ar tharla
    Ó buaileadh Cath Chionn tSáile

    Ní déarfadh file den chéad ghrád le héinne a intinn a dhúnadh! Tá dualgas orainn ár n-intinn a oscailt.
    Maidir leis an ‘ráiteas do-earráide’ a luann an Barrach. “Io non sono infallibile”, a dúirt an Pápa Eoin Pól a Dó, ‘nílimse do-earráide, ach amháin nuair a labhraím ex cathedra agus níl ar intinn agam é sin a dhéanamh!” Níl faic sa Bhíobla a thacaíonn le do-earráideacht an Phápa. Faic. Níl aon bhonn ceart fúithi. Tamall sular cailleadh é, theastaigh ón diagaire Hans Kung go bpléifí an do-earráideacht, ‘non in destructionem, sed in aedificationem ecclesiae, ní chun an eaglais a scriosadh ach chun í a neartú.’

  • Séamas de Barra

    Níl a dhóthain eolais ag Gabriel ar mo chuidse tuairimí ar oidhreacht Ghaelach na hÉireann, ná ar oidhreacht Chríostaí na hÉireann chun go ndéarfadh seisean an méid seo: ‘Éinne a cheistíonn gné ar bith dár n–oidhreacht Ghaelach is cúl le cine é, dar leis an mBarrach; frith–Ghaelach atá sé. Éinne a cheistíonn gné ar bith dár n–oidhreacht Chríostaí, frith–Chríostaí atá sé.’

    Ní dúirt mise faic mar gheall ar fhilíocht na Gaeilge sa díospóireacht seo idir an bheirt againn. Is sampla eile fós is ea é sin aige ar an scéal thairis, a bhfuil Gabriel ina mháistir air. Ina gCaitlicigh a tógadh formhór den ghlúin Éireannach ar díobh mise, agus den ghlúin ar díobh Gabriel. Ach tugtar faoi deara nach ndeir seisean cén creideamh atá anois aige. Ní creideamh é/í an Advaita, agus d’inis sé féin dúinn nach gcreideann seisean ann/inti. Fealsúnacht éilíteach is ea an Advaita. Bhí Gabriel á cheapadh, ábhar litreacha ó shin, go mbeadh lé agamsa leis an Advaita. Is é meon Ghroucho Marx atá agamsa den Advaita: ‘ní ghlacfainnse ballraíocht i gclub ar bith a ghlacfadh liomsa mar bhall!’ Is nuacht agam féin is ea gur Ainrialaí é Gabriel. Ar éigean atá Páirtí ar bith Ainrialach ar an saol a ghlacfadh le Gabriel mar bhall.

    Ní leanann Gabriel comhairle Sheáin Uí Ríordáin, a deir sé. Ní leanaimse leis, ach tuigeadh riamh dom go raibh ardmheas ag Gabriel ar an Ríordánach, agus gur tháinig Gabriel an–mhór faoi anáil an Ríordánaigh. Is nuacht agam Gabriel a rá nach file den chéad ghrád ba ea an Ríordánach. Aontaímse le Gabriel ar an méid sin. Bhraith an Ríordánach coimhthíos le teanga bheo na Gaeltachta, agus bhíodh sé ag déanamh iontais de ghnéithe den teanga bheo nach bhfuil iontu ach gnéithe den teanga mar a labhraíodh go nádúrtha í agus í ina neart.

    I dtaobh an naomh–ainmniú a bheith ina ráiteas do–earráide, sin é gnáth–thuiscint na hEaglaise Caitlicí ar an scéal –– feicigí libh The New Catholic Encyclopedia (1967), agus tuairim San Tomás Acaín [Quodl. 9:8:16]. Cad chuige dul i leith ráitis de chuid an Naomh–Phápa Eoin Pól II? D’ainmnigh Eoin Pól II líon mór duine ina naoimh –– níos mó ná an méid ar ainmnigh scata Pápaí i dteannta a chéile ina naoimh iad. Deir Gabriel nach bhfuil faic sa Bhíobla a thacaíonn le do–earráideacht an Phápa. Níl an ceart aige. Cuir i gcás: Matha 16:19: [Freagra Chríost ar Shíomón Peadar] ‘Agus tabharfaidh mé duit eochracha ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar neamh.’ Creidimidne, Caitlicigh, gurbh é Peadar an chéad Phápa ar an Eaglais Chaitliceach. Níl aon aibhreadh ar Ghabriel ach an mac léinn in At Swim Two Birds le Flann O’Brien, a bhfiafraíonn a uncail de: ‘Tell me this: do you ever open a book at all?’ Ag tagairt dó féin mar mhac léinn, dar ndóigh, atá Flann O’Brien/Brian Ó Nualláin/Myles na Gopaleen. Cé go bhfuil Pápa na Róimhe ina ancaire ag Protastúnaigh go leor, bheadh a thuilleadh acu ar ag aontú le Gabriel a bheidís nach bhfuil faic sa Bhíobla a thacaíonn le do–earráideacht an Phápa. Is iad na Bunchreidmhigh is mó a bheadh ag aontú le Gabriel ar an bponc sin. Pé tuairim a bhí ag Hans Küng ar an do–earráideacht, agus é ar an saol seo, tá dulta amach ó shin aige uirthi, pé acu in airde nó síos a ghabh an tAth. Küng tar éis an Bhreithiúnais Phairticleártha.

  • Gabriel Rosenstock

    Is deacair a chreidiúint go ndéarfadh Críostaí ar bith an méid atá ráite ag an mBarrach faoi Hans Küng – ‘pé acu in airde nó síos a ghabh an tAth. Küng’. Go maithe Dia dhó é! Bíodh a fhios ag an mBarrach nach bhfuil éinne chun dul síos, an tAth. Hans Küng ná an Barrach féin, agus tá focal an Athar Küng againn air sin – diagaire ceart agus na dintiúir chearta aige!

  • Séamas de Barra

    Ag caint in éagmais a fheasa atá Gabriel i dtaobh Ifrinn, agus ní hé ‘a haon’ aige é. Is amhlaidh a ghéilleann seisean san Uilíochas, i.e. an t–áitiú go slánófar gach uile dhuine againn, nach ndamnófar aon duine. Tá argóint ar bun i láthair na huaire idir Easpag Cúnta ar Ard–Deoise Chaitliceach Los Angeles, an Dr Robert Barron, agus an Dr Taylor Marshall, i dtaobh an Uilíochais. Tá fonn ar an Dr Barron glacadh le tuairim Hans Urs von Balthasar, i.e. gur féidir a bheith ag súil leis nach ndamnófar aon duine. Fear é an Dr Marshall a bhí ina mhinistir Easpagóideach [i.e. is í an Eaglais Easpagóideach príomhchuallacht Anglacánach na Stát Aontaithe], ach a d’iompaigh ina Chaitliceach, agus a mbíonn YouTubes agus podchraoltaí ag teacht go tiubh te tapa uaidh. Is scoláirí Tómaíocha an Dr Barron agus an Dr Marshall araon, agus dar leis an Dr Marshall gur séanadh ar theagasc traidisiúnta na hEaglaise is ea tuairim Bhalthasar. Ba é Balthasar an diagaire ba rogha leis an bPápa Eoin Pól II tráth, ach tuairiscítear gur thosaigh Balthasar, i ndeireadh a shaoil, ar a bheith ag plé le cártaí an Tarot, agus gur chuir siad sin as a mheabhair é, rud a tharla do Kharl Rahner chomh maith, más fíor. Roimhe sin bhí Balthasar tagtha faoi anáil an mhistigh mhná ón Eilvéis, Adrienne von Speyr, agus insíonn cara liom dom, gurbh í Adrienne von Speyr ba chiontach le Balthasar a chur amú.
    Ba é teagasc Naomh Agaistín agus teagasc San Tomás Acaín in Eaglais an Iarthair, go ndamnófaí formhór mór na ndaoine dár mhair riamh, an massa damnata. Nuair a cuireadh ar aitheantas Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Láir, agus Meiriceá Theas, fuarthas amach go raibh an–chuid daoine ar an saol nár chuala riamh trácht ar Íosa Críost, agus tosaíodh ar an seanteagasc a cheistiú. An mbeadh sé cóir go ndamnófaí formhór na ndaoine, tharla go raibh a oiread sin daoine ann nár múineadh an Chríostaíocht dóibh? Bhí an diagaire Spáinneach, Francisco Suárez (1548–1617), Íosánach, ar na diagarí a thosaigh ar an gceistiú sin, agus tháinig sé ar an tuairim go slánófaí, ar a laghad, formhór na gCaitliceach. Duine an–inspéise é Suárez. Scríobh sé a dhá oiread focal le San Tomás Acaín: timpeall le 10 milliún focal a scríobh San Tomás Acaín; ach timpeall le 20 milliún focal a scríobh Suárez. Chuir Suárez i gcoinne na daoirseachta in Impireacht na Spáinne, agus dhóigh údaráis na Spáinne a chuid leabhar go poiblí. Tugtar suas inniu dó gurbh é Tionscóir an Dlí Idirnáisiúnta é.
    Ba líonmhaire in Eaglais an Oirthir na diagairí a d’áitigh go slánófaí líon mór daoine, agus bhí an áirithe sin diagairí ann a d’áitigh go slánófaí sinn go léir. Tá ailt an–inspéise le hAvery Cairdinéal Dulles ar an ábhar seo, ‘The Population of Hell’, First Things (Bealtaine 2003), agus ‘Who Can Be Saved?’, First Things (Feabhra 2008). Cuireann na Tradisiúnaithe Radacacha i leith Origen (184–253) gur chreid sé siúd go slánófaí gach uile dhuine, ach níl na diagairí ar aon aigne i dtaobh Origen. Ó Chathair Alastair san Éigipt ba ea Origen.
    Níl an ceart ag Gabriel i dtaobh Ifrinn. Dá mb’áil leis Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí a mhúscailt –– Míreanna 1033–1037 –– gheobhadh sé fuílleach fianaise iontu sin gur féidir do dhuine dul go hIfreann, cuir i gcás, má chailltear duine agus peaca marfach ar a anam/ar a hanam, agus gan é sin a bheith curtha i bhfaoistin d’aon toisc aige/aici, ná mura nglacann sé/sí le grá trócaireach Dé: Matha 13: 41–42: ‘41 Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t olc, 42 agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’ agus ibid. Matha 25: 41: 41 ‘Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: “Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.” ’
    Deirtí i dtosach an 17ú céad nach rachadh na Turcaigh [i.e. na Muslamaigh], na Giúdaigh, ná na hEiricigh [na Prostúnaigh] ar neamh. Ach de réir a chéile tosaíodh ar idirdhealú a dhéanamh ar an eiriceacht fhoirmiúil agus ar an eiriceacht ábhartha. Is eiricigh ábhartha cuid mhaith againn, gan a fhios dúinn féin, toisc go bhfuil codanna den Chreideamh nach bhfuil i gceart againn. Ach is mó an baol atá ann go rachaidh an t–eiriceach foirmiúil go hIfreann; is é sin, duine a mbeadh sáreolas aige nó aici ar theagasc na hEaglaise Caitlicí, ach a dhiúltódh glacadh leis, mar sin féin.
    Le blianta gearra déanacha rinne an Pápa Beinidict XVI athdhearbhú ar an idirdhealú ar an eiriceacht fhoirmiúil agus ar an eiriceacht ábhartha, i gcomhthéacs na Liútarach. Rinne seisean amach nach mbeadh sé cóir ‘eiriceach foirmiúil’ a thabhairt ar Liútarach, de cheal gan a mhalairt a chreidiúint ó bhí sé/sí ina leanbh. Is é seo teagasc Lumen Gentium [Míreanna 14–16], An Bunreacht Dogmach ar an Eaglais, ag Comhairle Vatacánach II: ‘Duine ar bith, mar sin, a mbeadh a fhios acu go ndearna Críost riachtanas den Eaglais Chaitliceach, ach a dhiúltódh gabháil léi, nó fanacht inti, níorbh fhéidir iad a shlánú.’[Mír 14] Mar sin féin, féadfar daoine nach Caitlicigh iad a shlánú ar chúinsí áirithe, ach iad a bheith dáiríre [Míreanna 15–16].
    Cuid de na Protastúnaigh, creideann siad go bhfuil siad féin slánaithe, agus nach féidir an slánú a chailleadh. Ní hin é a chreidimidne Caitlicigh, mar go gcreidimid go bhfuil toil shaor againn go léir, agus gur féidir dúinn diúltú do Dhia, agus sinn ag fáil bháis. Níl aon áirithe agamsa, ná ag Gabriel, go slánófar sinn. Bhí aithne ag beirt againn ar sheanduine sa Ghúm a d’fhógair gur go hIfreann ab fhearr leis féin dul, mar nach mbeadh sna Flaithis ach ‘daoine liatha leamha’. Faoi mar a dúirt mise roimhe, ní bheidh cead cumarsáid a dhéanamh leis na ‘carachtair’ eile in Ifreann. Ní bheidh aon tae agus suí caidrimh ann, mar a bhíonn ag Oireachtas na nGael. Ní bheidh cead ach a bheith ag mallachtaigh, agus ag diamhaslú go síoraí. Beidh gá againn go léir le grásta na haithrí roimh bhás.
    Maidir leis an Ath. Hans Küng, tá gach cuma air gur eiriceach foirmiúil ba ea é féin. Ach is féidir go ndearna seisean aithrí ina chuid eiriceachta díreach roimh bhás. Tosach na breithe ag Dia. Is féidir a bheith ag guí ar anam duine tar éis a bháis/a báis, mar gur roimh bhás duine a chuirtear toradh na guí sin i bhfeidhm –– go siarghabhálach, mar a déarfá. Tuairiscítear ar Mhuire Fatima gur inis sise do leanaí Fatima gurb iomaí duine ag dul go hIfreann de cheal gan duine ar bith a bheith ann chun a bheith ag guí orthu.
    Ní ag brath ar ár samhlaíocht, ná ár gcuid cruthaitheachta féin atá an Chríostaíocht. Ní dán hadhcú is ea í, ná Ógláchas ar hadhcú, ach a oiread. Ní uainn féin teagasc na Críostaíochta, ach ó Chríost. Cloímis le focail Chríost. Cuimhnímis ar na Críocha Déanacha: Bás, Breithiúnas, Ifreann, nó an Ghlóir Neamhaí.

  • Gabriel Rosenstock

    Bíonn an Barrach ag caitheamh anuas ar an Advaita agus tá tuairim mhaith agamsa nach dtuigeann sé ó thalamh an domain cad is bri le Advaita dáiríre. Duine a thuig go maith é ab ea an máistir Advaita, Papaji, agus mínímse anseo thíos don Bharrach agus d’éinne a mbeadh spéis aige san fhírinne, deich gcéim ghairide a thabharfaidh cur amach ar Advaita duit:
    CÉIM a hAON
    “Is tú an Comhfhios sula raibh tús ann…” . .
    Anois, cad atá anseo againn? An chéad dá fhocal, ‘Is tú . . .’ Scrúdaímis iad. In áit ‘Is tusa Máire’ nó ‘Is tusa an Barrach’, abair, nó ‘Is duine thú’ a rá, is é a deir Papaji, ‘Is tú an Comhfhios.’ Má smaoiníonn tú air – sea – is tú an Comhfhios ceart go leor. Mura smaoiníonn tú air, mura bhfiafraíonn tú díot féin cé thú féin, cé nó cad atá ionat, conas a bheadh freagra na ceiste sin agat? Cé thú! Géillfidh tú, gan cheist, do na gnáthlipéid chun cur síos a dhéanamh ort féin: ainm, sloinne, aois, gnéas, teanga, creideamh, oideachas, náisiúntacht, tuairimí, polaitíocht, mothúcháin, réimse spéiseanna agus mar sin de. Glacfaidh tú leis an mósáic sin mar phictiúr dílis díot féin ag staid áirithe de do shaol.
    Ní tusa na lipéid sin ná an diabhal é, a deir Papaji linn. Is tú an Comhfhios agus – éist leis seo – is tú an Comhfhios sula raibh tús ann. Is léir, mar sin, go bhfuil an-chuid ar fad i gCéim seo a hAon. An t-uafás. Tá scata ná raghaidh ar aghaidh go dtí na céimeanna eile – ar treisiú iad ar Chéim a hAon – mar nach féidir leo glacadh leis an gcéad chéim seo in aon chor.
    Cad is brí le bheith i do Chomhfhios sula raibh tús ann? An gciallaíonn sé sin go raibh tú riamh ann? Sea, sin is brí leis ceart go leor! Is teagasc réabhlóideach amach is amach é sin agus tá sé á chraobhscaoileadh le cúig mhíle bliain anuas. Teagasc radacach. Cuireann sé gach aon ní bun os cionn nó fágann sé peirspictíocht eile ar fad agat – más féidir labhairt ar pheirspictíocht in aon chor agus rud nach bhfuil tús ná deireadh leis idir chamáin againn, Tú Féin. Teagasc radacach – ón Laidin radix, fréamh.
    Rugadh thú is níor rugadh thú. Tháinig tú ar an saol ceart go leor. Tá a fhios againn an méid sin. Agus roimhe sin? Ní rabhais ann ab ea? Fastaím! Deir W .B Yeats i gceann de na línte is draíochtúla aige, ‘I’m looking for the face I had before the world was made.’ (Bhí an Yeatsach mar chomhaistritheoir ar leagan de na hUpainiseadaí agus is féidir an t-eagrán sin a léamh ar líne).
    Bhís riamh ann, mar sin. Má ghlacann tú leis sin – nó fiú má tá aigne oscailte agat ina thaobh – duitse an gearrchúrsa fealsúnachta seo sa traidisiún Advaita de réir an mhaistir Papaji. Mura nglacann tú leis, ní dhéanfaimid mórán dul chun cinn anseo. An féidir é a shamhlú fiú amháin? An tSíoraíocht – ní am éigin nó staid éigin amach anseo (nó tar éis do bháis) ach an Comhfhios sin is Tusa ann anois agus ar feadh na Síoraíochta, gan Tús, gan Chríoch.
    Athraíonn an tuiscint sin gach aon ní. Sa tSíoraíocht sin, sa tSaoirse sin tá, leis, Ríméad gan Teorainn agus sin é do dhúchas is do nádúr Féin – gan fhios duit.
    Gan fhios duit, go fóill. Beidh a fhios agat ar ball é. Go luath. Nó chomh luath agus is maith leat féin é.
    CÉIM A DÓ
    An bhfuil rud éigin ionat atá ag freagairt do Chéim a hAon, guth inmheánach á rá leat go ciúin is go cinnte go bhfuil an fhírinne cloiste agat? (An fhírinne agus an fhírinne amháin a shaorfaidh sinn). Má tá, ar aghaidh leat go dtí Céim a Dó mar sin. (Mura bhfuil aon dealramh le Céim a hAon, dar leat, ní fiú leanúint ort agus eolas a chur ar na céimeanna eile mar nach mbeidh aon dealramh leosan ach oiread).
    “Déan dearmad ar an méid is féidir dearmad a dhéanamh air agus cuir aithne ort Féin mar an té nach féidir a dhearmad go deo.”
    Bhuel, cad atá anseo againn? An ceart glacadh leis mar ráiteas? Máistir sa traidisiún ársa Advaita ab ea Papaji ach ní ghlacfainnse le focal ar bith uaidh (ná ó éinne eile) gan é a thástáil is a iniúchadh i gceart roimh ré.
    “Déan dearmad ar an méid is féidir dearmad a dhéanamh air . . .”
    Sea sea, bíonn an chuimhne plúchta leis an iliomad rudaí, nach mbíonn? Déanfar dearmad orthu ar aon nós, cuid mhaith acu, luath nó mall. Déan dearmad anois orthu! Ach ná déan dearmad ort Féin, ar an bhFinné atá ag breathnú ar an sruth bruscair atá ag gabháil anois os comhair do dhá shúl go dtí an láthair dumpála. Ná déan dearmad ort Féin. Ná caill radharc ort Féin. Cé thú Féin? Is tú an Comhfhios sula raibh tús ann!
    Déanann daoine díspeagadh orthu féin go minic – á rá leo féin nach bhfuil siad sách cliste, sách dathúil, sách suáilceach, sách seo is siúd. ‘Is tú an Comhfhios sula raibh tús ann.’ Cad d’fhéadfadh a bheith níos mó ná sin, níos fairsinge ná sin, níos tábhachtaí ná sin, níos iontaí na sin, níos áille ná sin?
    Bhí sé ina nath ag na Gréagaigh fadó – ná bac cad is dóigh le daoine eile fút, cuir aithne ort féin, is leor sin:- γνῶθι σεαυτὸν nó gnōthi seauton.
    CÉIM A TRÍ
    “Is tú an Fhírinne agus níl ann ach an Fhírinne.”
    Le gach céim de na céimeanna seo, téimid níos doimhne agus níos doimhne sa mhistéir. Tá an gearrchúrsa seo á leagan amach ina chéimeanna anseo ach dáiríre, ní céimeanna iad ach aon léim amháin tuisceana agus grásta.
    Is aistear spáis é seo – ní mór dúinn gluaiseacht ar luas lasrach chun póirsí dorcha ár dtuisceana a shoilsiú agus an t-amhras a chloí. Is tú an Fhírinne agus níl ann ach an Fhírinne. An nglacann tú leis sin? Glac leis. Athróidh sé do shaol. Ní bréag í an Fhírinne, a deirtear. Cad atá ionatsa? Bréag? Ná glac leis sin. Níl bun ná barr leis sin. Is tú an Fhírinne. Cén fáth nach nglacfá leis sin, leis an bhFírinne, leat Féin? Dála an scéil, ní gá dhuit brath ar Papaji ach oiread mar ní déarfaidh seisean ach, ‘Bí ag brath ort Féin amháin!’ Ach i dtosach báire, faigh amach cé thú Féin.
    Is cuma má d’inis tú bréag inné. Is cuma sa sioc. Is tusa an Fhírinne ghlan laistiar den bhréag. Conas dul laistiar den bhréag is an bhréag a bhréagnú? Fiafraigh díot Féin, Cé mé? Cé atá ionam? Cad atá ionam? Bréag? Ní hea, is mé an Comhfhios sula raibh tús ann. Is mé an Fhírinne agus níl ann ach an Fhírinne.
    CÉIM A CEATHAIR
    “Is é an Tost do nádúr agus ní féidir teacht air. Is ann dó de shíor.”
    Táimid truaillithe ag torann agus tá comhcheilg in aghaidh an tosta ar siúl le fada.
    Tá sean-nath sa Ghaeilge, ‘Ag lorg an chapaill bháin is an capall bán fút’. I bhfocail eile, ní féidir dul sa tóraíocht ar an Tost, ar an gCiúnas, ar an Sonas, ar an bhFírinne. Tá sé ionat cheana mar Thost. Ní in aon áit eile atá sé – déan dearmad ar Shangrí-Lá is ar Thír na nÓg. Ionatsa atá sé. Ionat féin. Istigh ionat. Istigh ionainn go léir atá Ríocht Neimhe. Aimsigh an Tost. Fáiltigh roimh gach nóiméad a thugann deis duit chun imeacht ó challán an tsaoil, ó shíorphlódú na smaointe; ní gá duit an díseart a thabhairt ort féin. Is leor fiafraí, ‘Cé mé féin, cad atá ionam. “Is tú an Comhfhios sula raibh tús ann. Déan dearmad ar an méid is féidir dearmad a dhéanamh air agus cuir aithne ort féin mar an té nach féidir a dhearmad go deo. Is tú an Fhírinne agus níl ann ach an Fhírinne. Is é an Tost do nádúr agus ní féidir teacht air. Is ann dó de shíor.”
    Is tú Féin an ní atá á lorg agat, an Bhrí atá á santú agat, an Suaimhneas atá uait go géar. Ná lorg lasmuigh díot féin é. Doirt tú féin san Fhairsinge atá ionat Féin, fairsinge gan teorainn, aigéan grá.
    CÉIM A CÚIG
    “Is tú an Folús . . . eascraíonn an uile ní as sin, damhsaíonn thart is filleann arís air.”
    Déarfaidh daoine áirithe go bhfuil sé sin ró-Oirthearach dóibh, nach n-oireann sé dá
    n-aigne Iartharach. Ná lig do d’aigne teacht idir thú agus an fhírinne. Úsáid d’aigne chun d’aigne a shárú agus teacht ar an Tost. Sa Tost agus san Fhairsinge ionainn Féin a aimseofar an Folús. Conas an Folús a aimsiú in éagmais an Tosta? Ba dheacair.
    Tá an domhan lomlán den uile ní – is deacair an Folús a bhrath; táimid féin chomh lomlán sin, lán de chuimhní, lán de mhianta; na lipéid go léir atá orainn agus a shainmhíníonn sinn – baineann, fireann, óg, aosta, tír, teanga, reiligiún, stádas, jab, dualgais, caithimh aimsire
    . . . go heireaball siar. Is deacair teacht ar an bhFolús. Is deacair teacht ar an ‘mise’ laistiar den mhasc. Cé mé? “Is mé an Comhfhios sula raibh tús ann . . .”
    Téann teagasc seo Advaita i bhfad siar, cúig mhíle bliain nó níos sia siar – sula raibh tús ann! An rud a thagann ar an saol imeoidh. An rud nach dtagann, ní imeoidh. Do cholainn is d’aigne, do phearsantacht, gach aon chuid díot a tháinig ar an saol seo – do lúidín – imeoidh. An rud nár saolaíodh – an Féin a bhí riamh ann – ní imeoidh. An Tost. An Folús. An Fhairsinge. Ní imeoidh. Cá raghaidís!
    CÉIM A SÉ
    “Is tú an Folús, an tSíocháin. Bí síochánta ionat féin is leathfaidh an tSíocháin. Is é an rud a eascraíonn as an tSíocháin ná an tSíocháin agus is é a eascraíonn as mearbhall ná mearbhall. Bí Ciúin!”
    Níl le déanamh mar sin ach a bheith ciúin, ab ea? Sea. ‘Bí Ciúin!’ Ní gá ‘Is mé an tSíocháin’ a rá leat féin mar chuirfeadh sé sin, fiú amháin, isteach ar an gCiúnas. Bí Ciúin. Is leor sin. Bí sa Chiúnas sin atá ionat féin, ar an ngrinneall.
    Bí Ciúin! An dá fhocal sin, briseann siad an Ciúnas. Bí Ciúin mar sin is ná bíodh focal asat!

    CÉIM A SEACHT
    “Is tú an Spás nach mbogann choíche, nach dtaistealaíonn. Gairdín an tSonais atá ionat.” B’fhéidir go raibh a fhios agat cheana é – b’fhéidir nach raibh – ach is é an sonas do nádúr, do dhúchas féin. Ná himigh ó do nádúr, ná tréigh do nádúr, coinnigh do nádúr slán. Is olc an t-éan a shalaíonn a nead féin. Faigh amach, mura bhfuil a fhios agat faoin am seo, cad is ea é – do nádúr. Tú féin. ‘Is tú an Comhfhios gan tús … Gairdín an tSonais atá ionat.’
    Ní raibh teagasc ársa na nUpainiseádaí ar fáil san Iarthar go dtí ár linn féin. Léigh an fealsamh mór Schopenhauer aistriúchán Laidine orthu agus mhol chun na spéartha iad: ‘Sie ist der Trost meines Lebens gewesen und wird auch meines Sterbens sein,’ a dúirt sé, ‘Is iad sólás mo shaoil iad agus sólás mo bháis a bheidh iontu leis’.
    Is tú an Comhfhios gan tús . . . Ní féinhiopnóis é seo; mar sin féin, ní mór dúinn é a mheabhrú dúinn féin, go háirithe má bhí ár bhfíor-nádúr ceilte orainn go dtí seo. Deimhnigh do nádúr féin mar Ghairdín an tSonais, go háirithe má chreid tú go dtí seo gur caitheadh amach as Gairdín an tSonais sinn agus gur i ngleann na ndeor atáimid. Do roghasa! Ach, a deir tú, nach bhfuil míshonas ann?
    CÉIM a hOCHT
    Mianta agus uaillmhianta an ego is cúis le míshonas.
    “Le bheith sona, níl gá le faic. Fan Ciúin. Ní eachtra éigin atá sa Sonas, a chara dhil. Is é do Nádúr é. Ní gá dhuit faic a dhéanamh chun é a thuilleamh. Le Féineolas amháin a thagann an Sonas mar is é an Sonas do Nádúr Féin.”
    Mianta agus uaillmhianta. Cothaímid na tréithe sin an t-am ar fad, go háirithe i gcóras an chaipitleachais agus an tomhaltais bhuile ina mairimid. Cad atá uait? An crannchur a bhuachan? Tá sé buaite cheana agat. Is beo duit. Tá gach a bhfuil uait agat cheana féin. ‘Le bheith sona, níl gá le faic. Fan Ciúin.’
    CÉIM A NAOI
    ‘Is tú an Comhfhios gan tús …’ Go breá – ach an dtuigimid na tréithe a bhaineann leis an gComhfhios céanna? Ar múineadh an focal ar scoil dúinn fiú amháin? Nó ar seachnaíodh é?
    “Ni bhraitheann na céadfaí í agus ní thuigeann an aigne í.” Díreach é! Is ag brath ar na céadfaí agus ar an aigne a bhímid i gcónaí. Tá dia déanta againn den eolaíocht; bíonn fíricí uainn i gcónaí agus an rud nach bhfuil an aigne in ann a mhíniú, éirímid mífhoighneach lena leithéid sin. Na céadfaí agus an aigne, áfach, ní leor iad. Conas teacht ar an gComhfhios ina n-éagmais?
    “Í féin a thagann uirthi féin nuair nach mbogann an aigne!” Gan amhras!
    “An Mhóimint seo, is í an Mhóimint seo i gcónaí í, ní athróidh sí.” Smaoinigh air sin! Ní athróidh sí! Sea, ach conas dul inti, bheith inti? Nach bhfuil gach éinne ag caint air sin na laethanta seo, Mindfulness nó Aireachas. (Cuireadh tús leis an aighneas seo le heaspag Éireannach ag caitheamh anuas ar ióga agus aireachas). Deir Papaji: “Le bheith sa Mhóimint seo, tréigh gach dúil – an dúil le bheith inti san áireamh.” Ansin, aithneoidh tú an Féin ionat féin agus is é an Féin céanna é atá i ngach duine. An Féin céanna: ní Féin atá cosúil le Féin ‘eile’ ach an Féin CÉANNA. Ní fhéadfadh teannas, troid ná cogadh a bheith eadrainn dá dtuigfí sin.
    “Is é an Féin an uile ní.” Smaoinigh air sin ar feadh soicind mar is cuid lárnach de theagasc Advaita é. Níl de dhifríocht idir ‘tusa’ is ‘mise’ ach na focail sin, na coincheapa sin, ‘tusa’ is ‘mise’. D’fhéadfá do shaol ar fad a chaitheamh ag smaoineamh air sin:
    “Foinse an uile ní – is é an rud céanna é, an Féin.” Ráiteas bolcánach é sin ag Papaji, ráiteas mistéireach. Sea, ach is mistéir ghlé í má thuigeann tú i gceart í, má bhuaileann sí thú idir an dá shúil. Foinse an uile ní. Agus is tusa an Fhoinse sin! Tusa is mise. Is gach duine eile. Is ón bhFoinse sin a labhair Papaji. Ní foghlaim ná léann ná scoláireacht atá laistiar dá bhriathra ach an fhírinne lom shíoraí; caithimid sinn féin a lomadh chun í a thuiscint. Is nuair a thuigimid í tagann deireadh le hamhras, deireadh le heagla, deireadh leis an mbás. Tá an Ríméad istigh, a deir sé, agus is tusa an Ríméad sin. Tá an Fhírinne istigh, is is tusa an Fhírinne sin. Tá an Áilleacht istigh. Tusa an Áilleacht sin. Tá an Grá istigh agus is tusa an Grá sin. Cad eile a bheadh uait!
    Anois, sin is brí le Advaita, go hachomair. Moladh go deo le Papaji a thug an léargas sin dúinn.

  • Séamas de Barra

    Creidimidne Caitlicigh gur ainmneacha ar Dhia is ea An tAon, an Fhírinne, an Áilleacht, agus an Mhaith. Is de chlann altrama Dé sinn, ach ní sinne Dia. Dar leis an bhfealsamh Caitliceach, Peter Kreeft, dhá rud a déarfadh Dia le duine againne, dá labhródh sé go díreach le duine againn: 1) Is mise Dia; 2) ní tusa Dia.
    Más cruinn an tuairisc atá tugtha ag Gabriel ar theagasc Phapaji, is creideamh Nua–Aoise é/í an Advaita, mar gur léir air/uirthi go gcreideann lucht Advaita gurb é Dia gach uile dhuine againn. Ní fhéadfadh sé sin a bheith ag teacht leis an gCríostaíocht, agus cibé slata tomhais atá ag Gabriel ar an gCríostaíocht, is léir gur ag iarraidh a bheith ina Chríostaí agus ina Advaitach san am céanna atá sé. Sincréiteachas atá ann sin nach nglacfadh ceann ar bith de na creidimh Chríostaí leis. Tá dulta amach sa deireadh againn ar an méid a gcreideann Gabriel ann go fírinneach. Ní haon iontas nach gcreideann Gabriel go ndamnófar duine ar bith againn. Conas a dhamnófaí Dia? Tá cruthú agamsa nach é Gabriel Dia. Níl míorúiltí ar bith déanta aige.
    B’in ceann de na cúiseanna a ndúirt Íosa leis na Fairisínigh agus leis na Scríobhaithe gur go hIfreann a ghabhfaidís: mar go ndearna Críost rudaí nach bhféadfadh ach Dia a dhéanamh, agus fós ní chreidfidís ann. Chun a cheart a thabhairt don eiriceach, an tAth. Hans Küng, go bhfios domsa, níor chuir sé in iúl riamh gurb é Dia gach uile dhuine againn.
    Tá faighte amach ó shin agam féin ó téarma.ie go bhfuil leagan Gaelaithe ar ‘Origen’, agus gurb é ‘Oraigéin’ é. Focal firinscneach sa cheathrú díochlaonadh is ea ‘Oraigéin’. An–áis is ea téarma.ie.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní sinne Dia, arsa an Barrach. Nach ea? Cá bhfios dó?! Cad atá ar an gcéad leathanach den Bhíobla Naofa?

    Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin,
    ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é (Geineasas 1.27)

    Tá a mhíniú féin ag an mBarrach air sin, bí cinnte de, agus tá mo mhíniú féin agamsa, leis, air.
    Mar a deir Vivekananda: “So if we are Advaitists, we must think from this moment that our old self is dead and gone. The old Mr., Mrs., and Ms. so-and-so are gone, they were superstitions, and what remains is the ever-pure, the ever-strong, the almighty, the all-knowing – that alone remains for us, and then all fear vanishes from us. Who can injure us, the omnipresent?”
    Caitlicigh a léann an sliocht míorúilteach sin, smaoiníonn siad ar ‘metanoia’ agus athraíonn siad a bport. Ní hé gach Caitliceach a athraíonn a phort, ar ndóigh. Is píobairí an aon phoirt iad go leor Caitliceach. Ach an té a mhachnaíonn go macánta ar fhocal Dé i nGeineasas 1.27, bheadh a aigne siúd oscailte don inspioráid a thagann ina slaoda ó Vivekananda, Papaji, Sri Nisargadatta agus máistrí eile gan cháim den déanamh uasal sin.

    Ní ghlacann an Barrach leis an sincréiteachas. Rud amháin nó rud eile is ea thú, ní feidir é a bheith ina ghruth is ina mheadhg agat. Bhuel, is féidir! Agus tugtar míorúilt air sin. Agus tá ar chumas gach éinne míorúilt a dhéanamh – dán a chruthú, cuir i gcás, nó leanbh a thabhairt ar an saol. Mar más i ndeilbh Dé a cruthaíodh sinn, níl aon teorainn linn.

    Sagart ar bith a luaimse, fógraíonn an Barrach ina eiriceach láithreach é:
    http://www.bedegriffiths.com/
    An tAthair Bede Griffiths, cuir i gcás. Eiriceach eile, is dócha, ab ea? A Shéamais, ar mhaith leat sinn go léir a dhó ag an stáca? Cé a bheidh fágtha?

  • Séamas de Barra

    Is léir nach dtuigeann Gabriel an focal ‘chruthaigh’. Briathar aistreach é, agus dá mbeadh cuspóir aige, is créatúr a bheadh sa chuspóir sin. Ní féidir gurbh é Dia an cuspóir sin, mar nach amhlaidh a cruthaíodh Dia.

    Más iad Dia iad na hAdvaitaigh, leithéid Vivekananda, conas go gcaithfidh siad dul i leith an Bhéarla, agus nach féidir dóibh iad féin a chur in iúl as Gaeilge do lucht léite tuairisc.ie. Tar éis an tsaoil, ceann de bhuanna Dé is ea é a bheith uilechumhachtach.

    Má dhéanann Caitliceach fadchónaí i bhfáschreideamh Advaita, déanann sé eiriceach de féin, agus cuireann coinnealbhá láithreach air féin [latae sententiae]. Áitíonn Gabriel gur féidir é a bheith ina ghruth agus ina mheadhg ag duine, agus gur míorúilt is ea é sin. Ní hea ambaist, ach sárú ar Phrionsabal an Neamh–Bhréagnaithe, prionsabal bunaidh de chuid na loighce. Ní míorúilt is ea ceann ar bith de na ‘míorúiltí’ a áiríonn Gabriel.
    Ní míorúilt is ea beart ar bith mura sáraíonn sé gnáthrialacha na fisice.

    Dá loiscfí Gabriel ina bheatha, cé acu Advaitach athbheirthe, nó Advaitach athbheirithe a bheadh ann? Ceist nach réiteodh beirt. Ní heol dom gur thug an Vatacáin breith ar bith ar an Ath. Bede Griffiths. Ach is é mo thuairimse gur eiriceach ba ea an tAth. Griffiths, mar gur Chaitliceach ba ea é a d’iompaigh ina Hiondúch. Níor ghlac an tAth. Griffiths le teagasc na hEaglaise Caitlicí ar an homaighnéasacht. Chaith sé tamall ar an nGráig i gCorca Dhuibhne i ndeireadh bhlianta 1920, nó i dtosach bhlianta 1930. Ní ar an nGráig a d’iompaigh an tAth. Griffiths ina Hiondúch. Bhí a ndóthain gníomhaithe cearc ar an nGráig an uair sin. Tá imeartas focal san abairt deiridh sin, an té a thuigfeadh é!

  • Gabriel Rosenstock

    Duine againn féin ab ea an tAthair Andrew Greeley, Gael-Mheiriceánach. Eiriceach eile, gan dabht, a déarfadh an Barrach. Dá mbeadh sé beo inniu, seans maith go ndéarfadh sé leis an mBarrach: ‘Tá an teagasc Críostaí ar eolas go paiteanta agat, a Shéamais, ach tá gá le caiticeasma nua!’
    D’aithin an tAthair Greeley go raibh bearna ann agus líon sé an bhearna sin lena chaiticeasma féin. Seans go n-aimseodh léitheoirí an chaiticeasma sin ní hamháin freagraí spéisiúla ach ceisteanna spéisiula ann chomh maith. Tá sé ar fáil saor in aisce ó Holy Books.com ag an nasc seo:
    https://holybooks.com/the-great-mysteries-andrew-greeley/
    Tá leabhar haiku de mo chuid féin ag Holy Books.com, agus cead ag cách é a léamh saor in aisce, ach ní chuige sin atáim ach a leithéid seo: phléigh an tAthair Greeley an caiticeasma nua leis an gCairdinéal John Wright, féachaint an bhfaigheadh sé beannacht na hEaglaise. Gháir Wright. Dúirt sé nár mhaith leis cur i gcoinne an chaiticeasma nua ag Greeley – ach níor mhaith leis tacú leis ach oiread. Beidh léitheoirí in ann a n-aigne féin a dhéanamh suas, i.e. an calctha go deo atá teagasc Críostaí na hEaglaise nó an rud beo beathach é atá ag fás agus a dtiocfaidh athruithe air i gceann na haimsire. Tá caiticeasma nua an Athar Greeley á lua anseo agam mar go n-aontaíonn sé go binn leis an tuairim atá agam féin i dtaobh Ifrinn. ‘Ní heol dúinn go cinnte,’ a deir sé, ‘an bhfuil éinne in Ifreann nó ach bhfuil.’

  • Gabriel Rosenstock

    Ós Lá Machnaimh inniu é ar fud an domhain, b’fhearr dúinn a bheith inár dtost:
    https://www.rte.ie/gaeilge/2021/0519/1222534-cleachtai-machnamh-as-gaeilge/

  • Séamas de Barra

    Tharla deireadh a bheith ag teacht leis an díospóireacht seo, nó sos cogaidh ar a laghad, bheinnse buíoch d’Eagarthóir tuairisc.ie, ach an focal scoir seo a leanas agamsa a fhoilsiú, tharla gur foilsíodh freagra dúbailte, faoi dhó, ó Ghabriel, agus focal scoir, nó fógra sosa cogaidh chomh maith, uaidhsean.

    Ní aontaímse le Gabriel i dtaobh na nGael–Mheiriceánach. Ní daoine againn féin iad na Gael–Mheiriceánaigh, dáiríre. Formhór mór na nGael–Mheiriceánach, níl siad le haithint a thuilleadh ó WASPs na Stát Aontaithe. Is iad ‘na Gael–Mheiriceánaigh’ an rangú ‘eitneach’ is gustalaí sna Stáit Aontaithe le blianta fada –– níos gustalaí ná na Giúdaigh, a deirtear.

    An méid a deir an tAth. Greeley i dtaobh Ifrinn, chun na fírinne a rá, sin é a múineadh domsa ar scoil. Ba dheacair a rá gur eiriceacht is ea é, ach is le déanaí atá sé á thuiscint dom féin gur leagan an–séimh atá ann sin ar an méid a bhíodh á mhúineadh ar feadh breis is míle bliain, ag formhór na ndiagairí in Eaglais an Iarthair. Is minic leis na Traidisiúnaithe a mhaíomh go bhfuil a chruthú, i gcuid dá ndúirt Críost féin, go ndamnófar formhór mór na ndaoine dár mhair, agus dá mairfidh riamh. Is é an sliocht is mó a tharraingíonn na Traidisiúnaithe anuas, sa chúram sin, Matha 7:13: 13 ‘Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach. 14 Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.’ Tá a chómhaith de shliocht i Soiscéal Lúcáis, Lúcás 13: 24–30: ‘22 Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim. 23 Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo: 24 “Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é. 25 Tar éis d’fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’ Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!’ 28 Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach. 29 Agus tiocfaidh siad anoir is aniar ann, aduaidh is aneas, agus beidh siad ina suí chun boird i ríocht Dé. 30 Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”

    Is é ‘doras’ atá i gceist ag Críost, dar ndóigh, doras an Chreidimh: Eoin 10: 9–10: 9 Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach. 10 Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial. Agus arsa Críost i Soiscéal Eoin 10: 16: ‘Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.’ Is é toil Dé go slánófaí gach uile dhuine, ach ní bhrúfaidh seisean an slánú ar aon duine againn. Ba é tuairim na ndiagairí ar feadh breis is míle bliain gurb é Ifreann an áit is trócairí dóibh siúd nach slánófar. Ach creidimidne go slánófar daoine nach baill den Eaglais Chaitliceach go follasach iad. Cuir i gcás, creidtear go traidisúnta gur sna Flaithis atá Ádhamh agus Éabha, agus ní Caitlicigh, ná Giúdaigh ba ea iad siúd. Is í an mheabhair a bhaineann an Eaglais Chaitliceach inniu as an teagasc traidisiúnta, extra ecclesia nulla salus [níl slánú ar bith ann taobh amuigh den Eaglais], gur tríd an Eaglais Chaitliceach a shlánófar gach uile dhuine a shlánófar, bídís go follasach ina mbaill den Eaglais Chaitliceach, nó ná bíodh. An gaol atá ag an Athair, ag an Mac, agus ag an Spiorad Naomh le chéile, tá an–chur síos air sin i Soiscéal Eoin, agus go háirithe sa chur síos ar an Suipéar Déanach.

    An cathú atá ar Ghabriel, is é sin, a chreidiúint go bhfuil sé féin, nó go bhféadfadh sé a bheith, ar comhchéim le Dia, sin é go díreach an cathú a cuireadh ar Éabha i nGairdín Pharthais, de réir Gheineasas 3: 1 Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?” 2 Dúirt an bhean leis an nathair nimhe: “Ní miste dúinn toradh na gcrann sa ghairdín a ithe: 3 ach toradh an chrainn atá i lár an ghairdín, dúirt Dia faoi: ‘ná hithigí é agus na bainigí leis le heagla go bhfaigheadh sibh bás’.” 4 Agus dúirt an nathair nimhe leis an mbean: “Ní bhfaighidh sibh bás, ní bhfaighidh sin! 5 Óir is eol do Dhia an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n–osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe agus fios na maitheasa agus an oilc agaibh.” Níor sheachain Ádhamh a bhean Éabha ar Pheaca úd an tSinsir, agus sin é an chúis arb é ‘Peaca Ádhaimh’ a thugtar ina dhiaidh sin ar Pheaca an tSinsir. Ach rinne Ádhamh agus Éabha aithrí sa pheaca sin, agus sna peacaí a rinne siad ina dhiaidh sin i rith a saoil, agus is sna Flaithis atá siad inniu. ‘Mhúinfí ceacht duit gach lá,’ mar a deir Muintir Dhún Chaoin.

  • Gabriel Rosenstock

    I ndeireadh na dála, ní hiad na diagairí proifisiúnta (Küng et al) ná na diagairí amaitéaracha (an Barrach et al) a réiteoidh agus a cheiliúrfaidh mistéir na beatha dúinn ach na filí. Táim ag caint ar naomh-fhilí Advaita ar nós Adi Shankara, ní file an fhéinfhuatha ar líon eiriceacht phiúratánach an Jansenachais le bréantas é:

    ‘Mar ghadhar ag déanamh caca ar fud an tí istoíche
    Nó mar sheilmide ag taisteal, do bhréan an fios mo smaointe . . .’ (Seán Ó Ríordáin)

    Ní bhaineann néaróis lofa den saghas sin leis na mórfhilí Advaita. Líontar le lúcháir gan teorainn iad nuair a aithníonn siad a bhfíornádúr diaga féin. Caith sé nóiméad ag éisteacht le filíocht Adi Shankara agus leigheasfar d’anam:
    https://www.youtube.com/watch?v=5pLjr8Zp5gs

    mano buddhi ahankara chittani naaham na cha shrotravjihve na cha ghraana netre
    na cha vyoma bhumir na tejo na vaayuhu chidananda rupah shivo’ham shivo’ham

    Ní mé an aigne, an intleacht, an ego ná an chuimhne,
    Ní mé na cluasa, an craiceann, an tsrón ná na súile,
    Ní spás mé, ná talamh, ná tine, uisce ná gaoth:
    Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
    Is mise Síve síoraí

    na cha prana sangyo na vai pancha vayuhu na va sapta dhatur na va pancha koshah
    na vak pani-padam na chopastha payu chidananda rupah shivo’ham shivo’ham

    Ní anáil mé, ná na cúig dúile,
    Ní damhna mé, ná cúig thruaill an chomhfheasa
    Ná ní urlabhra mé, ná lámha, ná na cosa:
    Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
    Is mise Síve síoraí

    na me dvesha ragau na me lobha mohau na me vai mado naiva matsarya bhavaha
    na dharmo na chartho na kamo na mokshaha chidananda rupah shivo’ham shivo’ham

    Ní bhaineann ‘is maith-ní maith’ liom,
    Ná saint ná seachrán,
    Ní bhaineann mórtas liom ná éad,
    Níl dualgas ar bith orm
    Ná dúil sa mhaoin, sa drúis ná sa tsaoirse:
    Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
    Is mise Síve síoraí

    na punyam na papam na saukhyam na duhkham na mantro na tirtham na veda
    na yajnah aham bhojanam naiva bhojyam na bhokta chidananda rupah shivo’ham shivo’ham

    Gan suáilce, gan duáilce, gan phléisiúr, gan phian,
    Níl gá agam le mantra, le hoilithreacht,
    Le scrioptúr, le deasghnáth,
    Ní mé an t-eispéireas ná neach a raibh eispéireas aige:
    Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
    Is mise Síve síoraí

    na me mrtyu shanka na mejati bhedaha pita naiva me naiva mataa na janmaha na bandhur na mitram gurur naiva shishyaha chidananda rupah shivo’ham shivo’ham

    Ní bhaineann eagla roimh bhás liom,
    Sainaicme ná creideamh ar bith,
    Níl athair agam ná máthair
    Mar nár rugadh riamh mé,
    Ní gaol le héinne mé, ná cara,
    Ní oide ná dalta mé:
    Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
    Is mise Síve síoraí

    aham nirvikalpo nirakara rupo vibhut vatcha sarvatra sarvendriyanam
    na cha sangatham naiva muktir na meyaha chidananda rupah shivo’ham shivo’ham

    Ní bhaineann déachas liom, éagruth é mo chruthsa,
    Mairim gach áit, ar fud na gcéadfaí uile,
    Níl ceangal orm, nílim saor ná i mo dhaor:
    Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
    Is mise Síve síoraí
    Áiméan.

  • Séamas de Barra

    Ní rófhada a mhair an sos cogaidh idir mise agus Gabriel, tar éis an tsaoil, agus ní rófhada a d’fhan Gabriel dílis do Hans Küng, ach a oiread. Dar le Gabriel, ní hiad na diagairí, ach na filí –– leithéid Adi Shankara, duine de ‘naomhfhilí Advaita’ –– ‘a réiteoidh agus a cheiliúrfaidh mistéir na beatha dúinn.’ Timpeall na bliana 700 A.D. a saolaíodh Shankara, dála an scéil.
    Cuireann Gabriel i leith Sheáin Uí Ríordáin bhoicht gurb eisean, ‘file an fhéinfhuatha ar líon eiriceacht phiúratánach an Jansenachais le bréantas é.’ Pé locht atá ar an Ríordánach mar fhile, ní hé an féinfhuath é. Samhlaíonn Gabriel an Piúratánachas agus an Jansenachas le chéile. De réir dealraimh, is é rud is Piúratánachas ann, i dtuiscint Ghabriel, an Dochtachas i gcúrsaí Mhoráltacht na Collaíochta. Ach ní foláir nó níl aon chuid den cháineadh a rinne an Eaglais Chaitliceach ar an Jansenachas, i gcaitheamh na mblianta, léite ag Gabriel. Ar an méid atá léite agamsa de, ní cuimhin liom tagairt ar bith do Mhoráltacht na Collaíochta ann. Is amhlaidh a chuirtear i leith na n–eaglaiseach ón bhFrainc, a theith ón bhFrainc aimsir Réabhlóid na Fraince, gurbh iad siúd a thug an Dochtachas i gcúrsaí Mhoráltacht na Collaíochta go hÉirinn, mar gur ar Chliarscoil Mhaigh Nuad a fostaíodh cuid acu nuair a bhain siad Éire amach. Ach is rud é Dochtachas a thuileann agus a thránn. Ní déarfadh aon duine réasúnta gurb é an Dochtachas atá in uachtar i Moráltacht na Collaíochta ag an Eaglais Chaitliceach leis na deicheanna de bhlianta. Ní thugann Gabriel a cheart don Ríordánach. Tá focal an Ollaimh Seán Ó Coileáin againn air, ceart go leor, gur in aghaidh a thola a rinne an Ríordánach a fhaoistin, a thóg Comaoineach, agus a ghlac leis an Ola Dhéanach, agus é ag fáil bháis in 1977. Bheadh fonn orm féin an tOllamh Ó Coileáin a chreidiuint, ach casadh síciatraí ormsa, agus mé i mo fhear óg, a d’inis dom gur an–deacair comharthaí sóirt na scitsifréine agus comharthaí sóirt na rámhaillí a leanann an eitinn, a idirdhealú ar a chéile. Tosach na breithe ag Dia! Plá ar an tír ba ea an eitinn sa trian láir den 20ú céad.
    Léadh Gabriel Persona Humana, Ráiteas ar Cheisteanna Áirithe i dtaobh Eitic na Collaíochta, ráiteas de chuid na Comhdhála Beannaithe le Teagasc an Chreidimh, ag an Vatacáin, Nollaig 29, 1975. Chuir an Ráiteas sin an teitheadh ar pé Dochtachas a bhí ann timpeall Eitic na Collaíochta. Casadh seandaoine orm féin, agus mé i m’fhear óg, arbh é an Dochtachas, a bhíodh ann timpeall Eitic na Collaíochta le linn a n–óige, a chuir teitheadh orthu as an Eaglais Chaitliceach, nó ar a laghad, a ndearna sé an–deacair dóibh glacadh le teagasc na hEaglaise Caitlicí ar an ábhar sin. Gach uile sheans gur tháinig an Ríordánach faoi lé an Dochtachais úd agus é ina fhear óg. Ach is iomaí athrú a thagann ar dhuine i rith a shaoil.
    Níorbh iad na Francaigh ba chiontach leis an Dochtachas a leathadh go hÉirinn. Bhí sé ann i ndeireadh an 16ú céad, agus i dtosach an 17ú céad, mar go raibh Cliarlathas agus cléir Chaitliceach na hÉireann, ba chuma cén pholaitíocht a bhí acu, ná cén cúlra eitneach ar díobh iad, tugtha don Bhaiánachas an uair úd, agus ina dhiaidh sin, do chomharba an Bhaiánachais, an Jansenachas. Eiseacht ba ea na hÍosánaigh. Agus ní ar imeall na ngluaiseachtaí earráideacha úd a bhí na hÉireannaigh, ach i lár na cuilche. Ach ní le cúrsaí Mhoráltacht na Collaíochta, ach le cúrsaí na ngrást, a bhain an dá theagasc earráideacha sin. Cuir i gcás, ceann d’earráidí an Jansenachais ba ea nach ar son gach uile dhuine a fuair Críost bás. Ní hamháin gur earráid is ea é sin; is dearg–eiriceacht atá ann. Ní dóichí rud de ná gur ó Shasana go príomha a tháinig an Jansenachas féin go hÉirinn. Níor chuir i gcoinne an Jansenachais in Éirinn ach na hÍosánaigh. Íosánaigh Shasana, is i gcoinne an Jansenachais a bhí siad, agus iad ar son an Creideamh Caitliceach a bheith go buacach arís i Sasana. Ach gnáthchléir Chaitliceach Shasana, is ar son an Jansenachais a bhí siad, agus ar son teacht ar chomhréiteach le Monarc Protastúnach Shasana. Níor mhar a chéile Íosánaigh na hÉireann, go díreach, agus Íosánaigh Shasana: i gcoinne an Jansenachais a bhí Íosánaigh na hÉireann, ceart go leor, ach iad ar son teacht ar chomhréiteach le Monarc Protasúnach Shasana. Eisceacht i gcomhthéacs na hÉireann ba ea an Proinsiasach, Flaithrí Ó Maoil Chonaire, Ard Easpag Thuama [1609–1629]. Ar Mhór–Roinn na hEorpa a thug an Maoil–Chonaireach blianta na heaspagóideachta aige féin. Dá bhfillfeadh seisean ar Éirinn, chuirfeadh na Sasanaigh chun báis é. Bhí an Maoil–Chonaireach an–mhór i leith na déine i gcúrsaí na ngrást, ach é go mór ar son Éire a bheith neamhspleách ar Shasana. Bhí aithne mhaith ag Jansen ar an Maoil–Chonaireach, agus is amhlaidh a tuigeadh do Jansen gur ar aon tuairim leis féin ar chúrsaí na ngrást a bhí an Maoil–Chonaireach, ach nach n–easaontódh an Maoil–Chonaireach go poiblí go deo leis an Vatacáin. Jansen féin, bhí sé sásta glacadh le rialú na Vatacáine ar a chuid féin tuairimí. Ba iad lucht leanúna Jansen a rinne gluaiseacht den Jansenachas, tar éis bháis do Jansen. Tá leabhar an–inspéise ann ar an ábhar sin leis an Dr Oirmhinneach Thomas O’Connor, Irish Jansenists, 1600–1670 (Baile Átha Cliath 2008).
    Ag iarraidh sinn a dhalladh le filíocht Adi Shankara atá Gabriel. Tugaim faoi deara go n–áitíonn Shankara [seanchara ag Gabriel] gurbh é féin ‘Síve síoraí’. Tá Síve ar cheann de na trí phríomhdhia ag na Hiondúigh. Tá na milliúin dia ag na Hiondúigh, dar ndóigh. Tá bean chéile ag Síve, de réir dealraimh, arb ainm di Parvati nó Sati. Sna Himiléithe atá an lánúin ag cur fúthu. Is é sin le rá, nach bhfuil aon suaitheantas rómhór ag baint le Síve mar dhia, ach gurb é an fheidhm atá faoi: an chruinne cé a mhilleadh d’fhonn í a athchruthú. Chuirfeadh sé sin i gcuimhne do dhuine an mana Laidine ag na Máisiúin, solve et coagula; cumann rúnda iad seo nach ndearna rún ar bith dá gcuid fuatha don Eaglais Chaitliceach ó bunaíodh iad. Ach cogar seo dom, a Ghabriel, mheas mise gur cuid de chreideamh na nAdvaitach is ea gurb iad féin Dia. Ach nach bhfuil jab ar a dhéanamh amach, go cruinn baileach abair, cé acu de na milliúin dia Hiondúch aon Advaitach ar leith?

  • Gabriel Rosenstock

    ‘Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia’, a deir Séamas (via Dia sa Sean-Tiomna, más fíor). Níl a fhios agam. Is glice é an Barrach seo againne, i mo thuairmse. Is máistir é ar an ‘filibuster’ é, i.e. taictic chun a chéile comhraic a chloí le fadchaint fhadálach.
    Ar aon nós, cuid de na Críostaithe is coimeádaí ar domhan – níos coimeádaí ná an Barrach fiú amháin, más féidir é sin a shamhlú – níl siad ag teacht le scéal na nathrach in aon chor; deir siad nach raibh Ádhamh agus Éabha riamh ann: is Críostaí é Dennis Venema, bitheolaí in Ollscoil Trinity Western, agus deir sé tar éis dúinn an géanóm a mhapáil, nach féidir an cine daonna a rianú siar go dtí aon lánúin amháin. Fágaimis an pháistiúlacht sin faoi leithéidí Edwin Poots agus an Caleb Foundation:
    https://en.wikipedia.org/wiki/Caleb_Foundation

    Seasaimse leis an nóisean aoibhinn sin go bhfuil gach duine againn ina dhia agus seasaim leis na filí Indiacha a dhearbhaíonn é sin. Tukaram, abraimis:

    Tá gach duine ina Dhia

    Tá gach duine ina Dhia dar liom!
    duáilce ná fabht
    ní léir do mo shúil níos mó.
    Síor-ríméad anois é

    an saol a bhí lán d’fhulaingt;

    suaimhneach é mo chroí mar linn lán,

    ag cur thar maoil.

    An aghaidh is a scáil

    ag faire ar a chéile;

    is éagsúil iad, ach is ionann.

    Agus nuair a dhoirteann an sruthán san aigéan . . .

    ní hann níos mó don sruthán!

    Ach ar eagla go gceapfadh an Barrach gur nóisean Hiondúch é seo, ní hea in aon chor. Céasadh an file Súfaíoch Sufi Hallaj nuair a d’fhógair sé an fhírinne sin, i.e. go mba é Dia é. Dia ab ea é, cinnte. Ainbhiosáin ab ea lucht a chéasta. Tá sé ráite go deas ag Moslamach eile, Ibn Arabi:

    Nuair a nochtann mo Shearc

    Nuair a nochtann Sé
    Cén tsúil a dhearcann ar mo Ghrá bán?
    A shúilsean ní hí mo shúilse,
    Mar nach bhfeiceann éinne É ach É féin amháin.

    Ní hiad na Hiondúigh agus na Moslamaigh amháin ach filí Caitliceacha chomh maith atá ag iarraidh spléachadh a fháil ar an mistéir dhiaga seo ar a dtugtar Advaita nó Neamhdhéachas. Braithim laistiar d’fhilíocht an Athar Thomas Merton chomh maith é:

    Féach os ard an éanlaith! An leo an chantain
    Atá ag éag i solas na coille
    An t-éisteoir á ghoineadh le saigheada na gile?
    Nó an ag spraoi i bhfáinní tosta iad
    Teorainneacha ár n-uaignis (anseo thíos)
    Á dtarraingt acu i bhfirmimint gan cháim

    Áit a bhfuil soilse glasa ginte ag an earrach
    Le lonrú ina néalta ar ghéaga gruama?
    Linnte lán de spéartha agus de thostanna
    Cad iad na hamhráin samhraidh throma atá fós faoi shuan
    Ar bhur mbruacha faoina ngiolcach chrón?

    Is mó ná séasúr a shaolófar anseo, a dhúlra,
    Id’ dhomhansa de scátháin smaointeacha!
    Tá an t-aer ciúin ag súil le nóta amháin,
    Solas amháin, ga amháin agus earrach na n-aingeal a bheidh ann:
    Scal amháin, sciorr-laom ar an linn lonrach, is ansin
    Asperges me! A dhíseart m’anama, is féach! slánaíodh sinn!
    Mar, ar nós gráinne tine
    Ag cnádadh leis i gcroí an uile ní beo
    Cuireann Dia a chumhacht dhoroinnte –

    Adhlacann a aigne atá rófhairsing do dhomhain
    I síol is i bhfréamh is i seamaide is i mbláth,

    Go dtí, faoi sholas iontach Aibreáin,
    Tost cráifeach an earraigh faoi ualach róthrom
    Níl an saol in ann brú uafásach an Rúin shíoraí Aige
    A fhulaingt níos mó.

    Ansin, soir siar is gach aon áit, féach! carraigeacha is crainn
    Féaraigh is cnoic is srutháin is éanlaith is an fhirminint
    Is ár n-anam ionainn ina laom, ár mbá sa ghile,
    Is an dúiche fhiáin, aineoil, gan lorg chos an duine,
    Lán de laom-phunainn ghlana ár gclaochlaithe.
    Is ansin, Ó, an íomhá scríofa ansin atá oilte ar íobairt,
    An trí duibheagánach aontaithe atá clóite ionainn,
    Criathraithe ag siolla soilseach an iomais sin, casann isteach,
    Is cuireann an solas sin síos síos i gcroí an dorchadais is na díchuimhne,
    Tumann is, sa tóir sin, aimsíonn an lasair

  • Séamas de Barra

    Más fadchaint fhadálach atá ar bun agamsa, is fadfhilíocht fhadálach a bhíonn Gabriel a chaitheamh idir an dá shúil ag an léitheoir. Nárbh é Séamus Ó Grianna a dúirt: ‘Déan thusa na dlíthe; dhéanfaidh mise na dántaí.’ Ach tá a fheidhm féin ag an bprós, a Ghabriel! Is meascán diamhair a bhíonn sna freagraí ag Gabriel idir págántacht dhochreidte na hIndia, agus teagasc eiriceach a bhí tráth ina gCaitlicigh, leithéid Hans Küng.

    Níl Críostaí ‘coimeádach’ ar bith ar an saol nach nglacann le scéal Ádhaimh agus Éabha. Formhór mór na n–eolaithe, glacann siad leis gur ó aon lánúin amháin a shíolraigh gach uile dhuine beo ar an saol inniu –– tugaidís ‘Ádhamh’ agus ‘Éabha’ orthu, nó ainmneacha éigin eile ar nós ‘Éabha mhitreacoindreach’, agus ‘Ádhamh Y–chrómasómach’.

    Le blianta gearra déanacha, táthar á mhaíomh nach d’aon stoc amháin iad an cine daonna, ach gurbh amhlaidh a bhí caidreamh collaí ag baill den homo sapiens sapiens le Néandartálaigh, agus le Deiníosavaigh. Ach is ag déanamh neamhshuime d’eolaíocht nua na hEipigéinitice atáthar sa méid sin. Más fíor an eolaíocht sin, de réir mar a d’aistrigh baill den homo sapiens sapiens aneas as an Afraic, nó anoir aneas as an Leithinis Arabach, abair, mhúch an mhalairt aeráide cuid de na géinte a bhí go dúchasach iontu, sa tslí is go gceapfá inniu gur stoc eile ar fad iad na Néandartálaigh agus na Deiníosavaigh. Tá an–chaint i láthair na huaire ar Vitimín D 3, agus an tslí a neartaíonn sé sin go mór an córas imdhíonachta. Ach tá idir vitimín agus hormón i Vitimín D 3, agus tá a fhios go cinnte againn go múchann sé sin géinte áirithe sa duine. Argóint eile a dhéantar is ea go gcaithfidh gur den stoc céanna go bunúsach iad an homo sapiens sapiens agus na Néandartálaigh, agus na Deiníosavaigh, má d’éirigh leo leanaí a ghiniúint trí chaidreamh collaí le chéile. Is ag na Cruthaíochtaithe Caitliceacha a bhíonn an argóint seo –– muintir The Kolbe Center for the Study of Creation.

    De réir imlitreach le Pius XII, Humani Generis (1950), §36, is ceadmhach don diagaire agus don eolaí Caitliceach taighde a dhéanamh ar an éabhlóid, ó thaobh an bhunúis atá le colainn an duine; ach ní foláir dóibh na hargóintí a mheá ar son éabhlóid na colainne, agus na hargóintí ina coinne, agus géilleadh do Mháistreachas na hEaglaise ar an scéal, má thugann an Máistreachas a bhreith air sin. Caithfidh gach uile Chaitliceach a chreidiúint gurb é Dia go díreach a chruthaíonn anam spioradálta an duine. Is an–deacair an tIlghineachas, agus teagasc na hEaglaise Caitlicí ar Pheaca an tSinsir a bhreith dá chéile, ibid., §37, agus níor thug Pius XII an tsaoirse chéanna don diagaire, ná don eolaí Caitliceach, chun an tIlghineachas a chur i bhfáth. Is é rud é an tIlghineachas, an t–áitiú nach ó Ádhamh amháin a shíolraigh a bhfuil beo de dhaoine daonna ar an saol inniu; agus nach bhfuil in ‘Ádhamh’ ach cur síos ar shinsir dhifriúla dhaoine daonna an lae inniu. Is é teagasc na hEaglaise Caitlicí ar Pheaca an tSinsir gur tríd an nginiúint nádúrtha a chuirtear smál Pheaca an tSinsir ar dhuine, agus nach tríd an aithris ar pheaca duine eile a dhéantar é sin.

    Insíonn Geineasas 3:20 dúinn gur ‘Thug an fear [i.e. Ádhamh] Éabha ar a bhean mar gurb í máthair na mbeo go léir í.’ Níl véarsa 20 ach tamaillín tar éis an chur síos ar Pheaca an tSinsir, agus dá réir sin, tá le tuiscint go raibh sliocht ar Ádhamh agus ar Éabha sula ndearna siad Peaca an tSinsir. Ba é tuairim fhormhór dhiagairí móra na hEaglaise nach raibh collaíocht ar bith i nGairdín Pharthais roimh Pheaca an tSinsir. Ach is é teagasc na hEaglaise Caitlicí inniu gurbh é Dia féin a chruthaigh an pósadh [Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, §1603]. Dá bhrí sin, mura raibh collaíocht ar bith i nGairdín Pharthais roimh Pheaca an tSinsir, bhí an pósadh ann, agus má bhí sliocht ar Ádhamh agus ar Éabha roimh Pheaca an tSinsir, ní foláir nó bhí neart acu an uair úd giniúint d’éagmais na collaíochta. Is léir ar Gheineasas 4:1 gur trí chaidreamh collaí a gineadh Cáin. Ach ba tar éis a ruaigthe as Gairdín Pharthais a saolaíodh Cáin d’Ádhamh agus d’Éabha. Tá freagra sa méid sin féin ar Dennis Venema; is é sin nach ag brath ar an gcollaíocht a bhí Ádhamh agus Éabha i dtosach chun giniúint. Níl a fhios againn cén fad a bhí neart acu giniúint d’éagmais na collaíochta, ach tá a fhios againn gur tríd an gcollaíocht a gineadh Cáin. Má bhí siad a trí nó a ceathair de ghlúine i nGairdín Pharthais, abair, d’fhágfadh sin gaol i bhfad amach a bheith ag an gceathrú glúin le chéile, agus faoin am sin b’éigean don dream nach tríd an gcollaíocht a gineadh iad, na daoine ar tríd an gcollaíocht a gineadh iad a phósadh, agus d’fhágfadh sin slán an teagasc traidisiúnta ar Pheaca an tSinsir. Is é sin, nár ghá dóibh dul i muinín an chiorraithe coil, má theastaigh uathu cloí le hordú Dé i nGeineasas 1:28: ‘Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air.’ Tar éis an tsaoil, de réir na gnáth–thuisceana ar an gciorrú coil, is tríd an gcollaíocht a dhéantar é; ní ciorrú coil é, mura dtéitear i muinín na collaíochta d’fhonn giniúint.
    Creidimidne Caitlicigh gur pósadh geanmnaí a bhí ag Muire agus ag Iósaf le chéile, agus gur ar aontumha a bhí Críost féin, dar ndóigh. Creidimid gurbh amhlaidh a coimpríodh Muire gan smál Pheaca an tSinsir. De réir fís phríobháideach de Naomh Iósaf a chonacthas don tSr Mary Ephrem in Ohio sa bhliain 1958, d’inis Naomh Iósaf dise go raibh smál Pheaca an tSinsir air féin ó thús, ach gur glanadh an smál sin dá anam, go gairid tar éis a choimpeartha. Tá an–mheas dá réir sin ar an ngeanmnaíocht agus ar an aontumha ag an Eaglais Chaitliceach. Is cuimhneachán atá iontu sin ar an tslí a raibh an cine daonna roimh Pheaca an tSinsir.
    Ní beag sin.

  • Séamas de Barra

    Ceartúchán: ní hé ‘an Eipigéinitic’ an leagan ceart ar an gcoincheap a bhí i gceist agamsa, ach ‘an Eipigéineolaíocht’. Feicigí libh téarma.ie, faoin bhfocal epigenesis.

  • Gabriel Rosenstock

    Cuireadh tús leis an iomarbhá seo le mionléirmheas ar leabhar a bhain le ióga. Tacaíonn an Eaglais Chaitliceach le dialóg idirchreidmheach ach deinim amach nach dialóg ach siosma, nó scoilt, ab fhearr le Séamas!
    Creidtear go han-láidir san India, go háirithe sa Chaismír, go mba iógaí é Críost. Creidtear nár cailleadh ar an gcros é. Tá iógaí oilte in ann a chroí a stopadh; stopann an chuisle, stopann an anáil; tá an duine ‘marbh’ ach gan a bheith marbh.
    Creidtear go han-láidir gur mhair Críost i ndiaidh a bháis agus gur chaith sé an chuid eile dá shaol fada san India.
    https://www.youtube.com/watch?v=rVP3Jsp8CE8
    Is dóigh liom féin gur scéal álainn é. Más fíor é, ní gá go gcuirfeadh sé alltacht ar Chríostaí ar bith. A mhalairt! An rud a chuireann alltacht ormsa ná daoine a sheachnaíonn dialóg faoi scéalta den sórt sin.
    I ndeireadh na dála, ní féidir agus ní fiú argóint a dhéanamh faoi chreideamh éinne eile. Tá daoine a chreideann i leipreacháin. Go breá! Lig chugat is uait, nach ea? Ceart dom, ceart duit! Ní aontódh Tomás de Torquemada leis an mana sin, ná Cúistiúnaithe an lae inniu.
    Mholfainn do dhaoine breathnú ar an YouTube taitneamhach seo. An síscéal é nó lomchlár na fírinne? Cá bhfios? Ar shlí, is cuma.
    https://www.youtube.com/watch?v=TEvomvO8cb0

  • Séamas de Barra

    Pádraig Ua Maoileoin ó Chom Dhíneol, trócaire air, bhí ardsaibhreas Gaeilge aige, agus comhghleacaí dom féin agus do Ghabriel sa Ghúm fadó ba ea Pádraig. Seo sampla den saibhreas sin: ‘chomhraiceoinn an fód leat, dá mbeadh fios na scríbe agam.’ Is é ‘téarmaí tagartha’ an leagan a bheadh ar ‘fios na scríbe’ sa Ghaeilge nua.
    Is an–deacair fios na scríbe a bheith ag duine agus é i mbun dialóige, ná comhrá féin, le Gabriel. Tá lé ag Gabriel leis an Advaita, ach ní hamhlaidh a chreideann sé ann/inti. Creideamh is ea an Advaita, dar le Gabriel. Ach leis sin tagann athrú aigne ar Ghabriel, go n–áitíonn sé nach creideamh is ea an Advaita. Níor casadh riamh Prionsabal an Neamh–Bhréagnaithe ar Ghabriel, agus dá gcasfaí, ghéillfeadh sé ann go dtí go dtiocfadh sé ar Phrionsabal níos ‘áille’ ná é. Ó thaobh meoin de, is sna miondéaga atá Gabriel i gcónaí.
    Ní ghlacfaidh Gabriel leis an gcuntas ar Chríost ag na daoine ba mhó a raibh aithne acu ar Chríost, nó staidéar déanta acu ar a shaol: Matha, Marcas, Lúcás, agus Eoin. An t–áitiú sin ag na hIndiaigh gur iógaí ba ea Críost, nach bhfuair sé bás ar an gCrois, agus gur chaith sé blianta fada san India, is béaloideas é sin. Níl ar chumas Ghabriel an béaloideas agus an fhírinne a idirdhealú ar a chéile. Ar an chéad dul síos, dá mba iógaí é Críost, is ag sárú na Chéad Aithne de na Deich nAitheanta a bheadh sé: ‘Is mise do Thiarna Dia; … ní bheidh déithe eile agat i mo láthairse’ [litriú an lae inniu ar leagan an Ath. Teaboid Gállduf (1639)]. An duine a théann go domhain san Ióga, tuigeann sé gur dírithe ar dhéithe de chuid na Hiondúch a adhradh atá cuid de shuímh an Ióga. Cad chuige a mbeadh Críost, an Dara Pearsa den Tríonóid Ró–Naofa, ag adhradh dhéithe bréige na Hiondúch? Tá an–chosúlacht ag béaloideas na nIndiach ar Chríost le cuntas na Muslamach air, is é sin, nach fíor go bhfuair sé bás ar an gCrois. ‘Scéal álainn’ is ea an scéal sin ag na hIndiaigh. Ach is í an cheist: an scéal fíor é? Arsa Gabriel féin: ‘I ndeireadh na dála, ní féidir agus ní fiú argóint a dhéanamh faoi chreideamh éinne eile.’ Cuma na do–earráideachta atá ar an dearbhú sin ag Gabriel. Cuireann sé i gcuimhne dom scéal ar fhear a bhí tráth ina Phroibhinseal ar Phroinsiasaigh na hÉireann. Thug an Proibhinseal an lá fada ar chruinniú éigin, i mbun margáintíochta. Sa deireadh thiar, d’fhógair an Proibhinseal: ‘sin agaibh mo chuid prionsabal, agus mura dtaitníonn siad libh, tiocfaidh mé ar ais amárach, agus prionsabail eile ar fad agam.’ Ní aithníonn Gabriel an síscéal ó lomchlár na fírinne; níl an fhírinne ag cur aon tinnis air. Is é sin le rá, go ngéilleann Gabriel sa Neamhshonrachas. Dhaor an Pápa Gréagóir XVI an Neamhshonrachas sa chéad Imlitir aige siúd, Mirari vos arbitramur (1832).
    Maidir le Torquemada, tá a fhios le fada gur de bhunadh Giúdach é féin, ainneoin é a bheith go mór ina gcoinne mar Chúistiúnaí. Fuair taighdeoir Giúdach amach le déanaí gur mhac le Giúdach saibhir ba ea Hitler féin. Gin éigin ba ea Hitler, is é sin, gur de thoradh éigniú a dhéanamh ar chailín aimsire Caitliceach a coimpríodh Hitler.
    Ní bhíodh ach leathchreideamh ag na seandaoine féin sna ‘daoine maithe’. D’fhiafraigh mo mháthairse dá máthair féin lá: ‘an gcreideann tusa sna ‘daoine maithe’? ‘Ní chreidim ambaic, arsa máthair mo mháthar; ach tá siad ann.’ D’eachtraigh mo mháthair domsa, do mo dheartháireacha is do mo dheifiúracha, agus sinn óg, gur chuala sí féin, agus an líon tí ar fad, an bhean sí, ar an Doire Thiar, 2 mhíle siar ó thuaidh ón tSnaidhm sa taobh theas de Cho. Chiarraí, in am mhí mhairbh na hoíche. Cheapfainn féin gur sionnach a raibh ocras air a bhí ag déanamh an ghlóir. Bíonn glór an–chaointeach ag an sionnach, mar is eol go maith do mhuintir na mbruachbhailte i mBaile Átha Cliath le blianta.

  • Gabriel Rosenstock

    “Sa deireadh thiar, d’fhógair an Proibhinseal: ‘sin agaibh mo chuid prionsabal, agus mura dtaitníonn siad libh, tiocfaidh mé ar ais amárach, agus prionsabail eile ar fad agam.”

    Proibhinseal ar Phroinsiasaigh na hÉireann a dúirt, dar leis an mBarrach. An féidir an Barrach a thrust, faoin rud is lú? Nach é Groucho Marx a dúirt an méid sin thuas, dar le Quote Investigator!
    Ní thrustálfainnse an Barrach faoi rud ar bith, chun na fírinne a rá. Is cuimhin liom lá sa Ghúm agus d’fhiafraíos de cén t-am é (ní chaithimse uaireadóir) agus thug sé an t-am mícheart dom! (Am éigin sa Mheánaois a thug sé dom).
    ~
    “Ní ghlacfaidh Gabriel leis an gcuntas ar Chríost ag na daoine ba mhó a raibh aithne acu ar Chríost, nó staidéar déanta acu ar a shaol: Matha, Marcas, Lúcás, agus Eoin,” a deir an Barrach. Is fearr an aithne a bhí ag Soiscéalaithe eile ar Chríost, dar liomsa, Tomás agus Máire Mhaigdiléana, cuir i gcás.
    Ach níl aon údarás ag Soiscéal aoibhinn Naomh Tomás, dar leis an Vatacáin agus leanann an Barrach na horduithe go léir a thagann ón Róimh, is cosúil, mar sin ní docha go bhfuil Soiscéal Naomh Tomás léite aige fiú. Ba chóir do gach éinne Soiscéal Naomh Tomás a léamh, an páiste, an déagóir, an seanóir. Is sna miondéaga atáimse, dar leis an mBarrach. Bhuel, ní bhaineann aois ar bith liomsa, a dhuine chóir, mar nár rugadh riamh mé (bunphrionsabal Advaita).
    Seo blas beag bídeach de Shoiscéal Naomh Tomás mar sin. Léargas eile ar fad ar Chríost atá ann:
    ~
    Is briathra ceilte iad seo a tháinig ó bhéal Íosa nuair ba bheo dó. Agus Didymos Iúdás Tomás a bhreac síos iad:

    (1) Agus ar seisean: ‘An té a aimsíonn brí na mbriathra seo ní bhlaisfidh sé den bhás.’
    (2) Deir Íosa:
    (1) “An té atá ag cuardach ní ceart dó éirí as go dtí go n-aimsíonn sé é.
    (2) Agus nuair a aimseoidh sé é, beidh iontas air.
    (3) Agus nuair a bheidh iontas air, beidh alltacht air.

    ~
    Is é an prionsabal atá laistiar d’Advaita ná féinfhiosrú. Cé thú fein? Cad atá ionat?
    I Soiscéal Naomh Tomás, moltar dúinn a fháil amach cé sinn féin agus ár nádúr glórmhar diaga féin a aimsiú agus a nochtadh dúinn féin. An creideamh é sin, nó eolaíocht, nó dea-nós? Is cuma liomsa cén lipéad a chuirtear air. Tabhair Críostaiocht air, nó Advaita, nó síceolaíocht, is cuma
    . . . próiseas féinchuardach is ea é. Má tá tuilleadh eolais ó éinne faoin bpróiseas sin, mholfainn dóibh suíomh David Godman a iniúchadh:
    https://www.davidgodman.org/
    Deir Íosa féin i Soiscéal Naomh Tomás, duine a bhí beo in aimsir Chríost, murab ionann agus soiscéalaithe áirithe nach bhfaca riamh agus nár chuala riamh ina steillebheatha é:
    “Mura gcuireann sibh eolas oraibh féin, is bocht a bheidh bhur saol, is bocht a bheidh sibhse.”
    Is mar fhile a labhrann Íosa i Soiscéal Naomh Tomás. Deir sé: ‘Tá tine caite agamsa ar an domhan, agus féachaigí, táim á gardáil go léimfidh sí ina laom.’
    Ba chóir d’fhoilsitheoir Gaeilge éigin leagan Gaeilge de Shoiscéal Naomh Tomás a fhoilsiú.
    Is soiscéal álainn é. Is dea-scéal é.
    Fágaimis an focal scoir ag Íosa mar sin:
    ~
    ‘Na leanaí sin ar an gcíoch, tá siad ar nós na ndaoine a théann ar neamh.’
    Chonaic Íosa leanaí ar an gcíoch.
    Ar sisean lena chuid deisceabal:
    ‘Tá na rudaí beaga sin ar an gcíoch ar nós na ndaoine sin a théann ar neamh.’
    Ar siadsan leis: ‘An mar rudaí beaga a rachaimidne ar neamh?’
    Arsa Íosa leo: ‘Nuair a bheidh an dís ina haon, agus an taobh istigh ar nós an taobh amuigh agus an taobh amuigh ar nós an taobh istigh, agus an taobh thuas ar nós an taobh thíos – is é sin le rá, an baineannach agus an fireannach mar aon, nach fireannach é an fireannach agus nach baineannach an baineannach . . . .
    ~
    Arsa na deisceabail: ‘Taispeáin dúinn an áit a bhfuilir, mar is gá dúinne dul á lorg.
    Ar seisean leo: ‘An té a bhfuil cluas air, bíodh sé ag éisteacht!
    Maireann an solas sa neach solais, agus is ag taitneamh a bhíonn an neach sin ar an domhan go léir. Mura mbíonn sé ag taitneamh, bíonn dorchadas ann.’

  • Séamas de Barra

    Ní chaitheann Gabriel uaireadóir, a deir sé. Ach bíonn sé ag súil leis go mbeidh uaireadóir ag daoine nach iad Dia iad ina dtuairim féin –– mo dhálasa –– chun a rá le Gabriel cén t–am é; agus go mbeidh siad ann chun a bheith ag éisteacht le cairde do Ghabriel ó thar lear nach n–aithneodh glór Ghabriel, agus nach miste leo ár gcuid ama a chur amú le caint ar sraith. Ar aon chuma, cuimhnímis beirt ar Sheán Ó Casaide, trócaire air, athair na buíne ceoil ‘Na Casaidigh’, agus an chomhairle a chuir Seán orainne le linn shos tae na maidine. sa Ghúm fadó: ‘an clog nach bhfuil go maith, ní fiú an deam é; agus an clog nach fiú an deam é, níl sé go maith.’ Tá ciall léi sin, an té a thuigfeadh í. Ach más é Gabriel Dia, conas nach mbeadh a fhios aige cén t–am é, uaireadóir aige nó uaidh. Ceann de bhuanna Dé is ea é a bheith uilefheasach. Diagacht Ghabriel, is diagacht í a chodail amuigh, ní foláir liom. Is é an léamh a dhéanaimse ar an sampla sin ag Quote Investigator nárbh eol dóibh Groucho Marx a bheith ar fhoireann mhargáintíochta an taoibh eile an lá úd, agus gur ag Proibhinseal na bProinsiasach a chuala Groucho an abairt sin an chéad lá riamh. Is ait liom go rachadh a oiread de dhuine chomh ‘braighteálta’ le Gabriel.

    Is Soiscéil Apacrafúla iad Soiscéal Thomáis, agus Soiscéal Mháire Mhaigdiléana. Is Soiscéil de chuid an Ghnóisíochais Chríostaí iad, agus sin é an chúis, dar ndóigh, arb aoibhinn le Gabriel iad. Is é rud is Gnóisíochas ann cultas beag éilíteach ar dóigh leo gur acu féin atá fios fátha an aon scéil. Is cineál Gnóisíochais is ea an Advaita.

    Ba sa dara leath den dara céad A.D. a cumadh Soiscéal Apacrafúil Thomáis. Dá réir sin, ní féidir gur casadh Íosa Críost ar údar Shoiscéal Apacrafúil Thomáis sa ghnáthshlí, agus Íosa Críost ar an saol seo. Formhór na scoláirí Bíobla, déanann siad amach gur sa dara céad A.D. a scríobhadh Soiscéal Apacrafúil Mháire Mhaigdiléana chomh maith.

    Na 3 Shoiscéal Shionoptacha, Soiscéal Mhatha, Soiscéal Mharcais, agus Soiscéal Lúcáis, meastar gur roimh an mbliain 70 A.D. a scríobhadh iad. Tá daoine a deir gur timpeall na bliana 90 A.D. a scríobhadh Soiscéal Eoin, ach deir a thuilleadh gur thúisce ná sin a scríobhadh é seo.

    Is cuid de ghnáthchuimhne na hEaglaise Críostaí gur Aspail ba ea na Soiscéalaithe Matha, Marcas, agus Eoin. Is cuid den ghnáthchuimhne chéanna gur bunaithe ar Shoiscéal Mharcais atá Soiscéal Lúcáis, agus gurbh é Lúcás a scríobh na Gníomhartha chomh maith. Gheobhaidh léitheoirí tuairisc.ie cur síos ar na Soiscéil, agus ar údair na Soiscéal, in Catholic Bible Dictionary, faoi Eagarthóireacht Ghinearálta an Ollaimh Scott Hahn. Ollamh le Diagacht an Bhíobla is ea an tOllamh Hahn ar Ollscoil na bProinsiasach in Ohio, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is ministir Cailvíneach ba ea Hahn ó thús, agus é go dubh i gcoinne an Chreidimh Chaitlicigh tráth, agus é ar a dhícheall ag iarraidh Cailvínigh a dhéanamh de na Caitlicigh a chastaí air. Thosaigh sé ar staidéar iarchéime a dhéanamh. D’fhoghlaim sé teangacha an Bhíobla. Bhí ag dul de tuiscint cheart a fháil ar an Apacailipsis [An Taispeánadh, an leabhar deiridh den Bhíobla]. Le teann fiosrachta thosaigh sé ar Aifreann a éisteacht, agus chuir sé ard–iontas air a oiread sleachta as an mBíobla a léitear le linn an Aifrinn. Nuair a thángthas chomh fada le ‘A Uain Dé a thógas peacaí an Domhain’, fuair Hahn freagraí sa deireadh ar na ceisteanna a bhí aige i dtaobh an Apacailipsis, agus thosaigh sé ar ghol go faíoch. D’iompaigh sé ina Chaitliceach, agus d’iompaigh a bhean, Kimberly ina Caitliceach leis. Má tá i–ghuthán, nó fón cliste, ag léitheoirí tuairisc.ie, nó ríomhaire, gheobhaidh sibh fuílleach léachtaí le Scott Hahn, agus fuílleach agallamh a cuireadh air, agus cuirfidh siad sin go mór leis an tuiscint atá ar an mBíobla agaibh, agus ar an gCreideamh Caitliceach. Tá na fichidí leabhar scríofa ag Hahn. Ba é Joseph Cairdinéal Ratzinger, a deir Hahn, faoi deara dó féin iompú ina Chaitliceach.

    Dála an scéil, ba é Tomás Aspal [Tomás an Amhrais, nó Tomás an Leathchúpla], a thug an Chríostaíocht chun na hIndia, agus rinneadh mairtíreach ansiúd de. Tá ardmheas ar Thomás Aspal mar gurbh é bunaitheoir na Críostaíochta i Malabar é. Sa taobh thiar theas den India atá Malabar. ‘Críostaithe San Tomás’ a thugtar ar Chríostaithe na háite sin.

    Sasanach ba ea an t–údar, Gilbert Keith Chesterton [1874–1936], agus Anglacánach Ard—Eaglaiseach, a d’iompaigh ina Chaitliceach i ndeireadh a shaoil. Ba mhinic leis díospóireacht phoiblí a bheith aige le George Bernard Shaw. Bhí siad an–mhór le chéile, ainneoin gan iad a bheith ag aontú le chéile. Arsa Chesterton babhta: ‘nuair a roghnaíonn daoine gan creidiúint i nDia, ní hamhlaidh nach gcreidfidh siad i rud ar bith ina dhiaidh sin, ach go gcreidfidh siad aon rud in aon chor.’ Tá a chuma air gurb iontnúith ag Gabriel bocht é, mar a déarfadh an tOileánach.

  • Gabriel Rosenstock

    Dá mbeinnse im’ Dhia bheadh an t-am ar eolas agam agus níor ghá dom ceist a chur ar an mBarrach in aon chor. Is fíor. Ach ní raibh an t-am uaim ar chor ar bith. Cén fáth a mbeadh an t-am uaim? Mar a deir Angelus Silesius, misteach mór na Gearmáine,’ Die Zeit ist Ewigkeit, Ewigkeit ist Zeit: síoraíocht is ea am, am is ea síoraíocht – don té nach bhfeiceann aon difríocht.’ Nuair a d’fhiafraios den Bharrach cén t-am é, ní rabhas ag súil le ceathrú chun X ná fiche tar éis Y uaidh mar fhreagra béasach, mar níl aon spéis agam in X ná Y. Spruschaint a bhí ar siúl agam, mionchomhrá. Ar aon chuma . . .
    Ní dóigh liom gur gá d’éinne léamh idir na línte chun teacht ar an tuairim nach bhfuil grá buan daingean ag an mBarrach dom. (Níl sé rocheanúil ar chine tofa Dé, na Giúdaigh, ach oiread más féidir ciall ar bith a bhaint as na tagairtí buile atá déanta aige dóibh thall is abhus sa díospóireacht seo eadrainn; agus maidir leis na Hiondúigh bhochta, níl seans faoin spéir acu!)
    Cine tofa Dé iad muintir Chorca Dhuibhne i súile an Bharraigh agus leithéid Phádraig Ua Maoileoin mar fháidh acu: Duibhnigh, ambaiste, dream nach ndrannfadh Naomh Pádraig leo ar ór ná ar airgead. Bhíodh Pádraig Ua Maoileoin ag magadh fúmsa, leis, agus scríobh sé alt aineolach uair amháin, ionsaí ar an bhfealsúnacht mhacraibheathach (macriobiotic) agus gan tuairim faoin spéir aige faoin Daochas atá mar bhunchloch leis an modh maireachtála sin. Ní hamháin nár thuig sé coincheap an yin, níor thuig sé an yang ach oiread: gan yin gan yang a bhí sé, an créatúr. Agus deinim amach go raibh sé mórálach as an méid sin! Is é sin le rá, go raibh sé móralach as a bheith aineolach ar an Dao. ‘Ni bhaineann sé linn!’ an dearcadh a bhí aige i leith an Daochais. (agus go leor leor leor eile) Ach baineann! Mar rud uilíoch is ea an Dao. Bheadh sé chomh maith agat a rá nach mbaineann teacht is imeacht na taoide linn. Ach b’in iad na Gaeil duit, go dtí le fíordhéanaí. Dúnta isteach ina gcocún cultúrtha féin agus amhras orthu faoi chultúir eile. Amhras agus eagla. Ag cur misinéirí ar fud an domhain, ag tathant ar phobail thar lear a dteanga féin, a gcultúr fein agus a gcreideamh féin a thréigean. Deargimpiriúlachas, ar ndóigh . . . Ar aon nós . . .
    Níl grá ag an mBarrach dom agus caitheann sé anuas ar mo chuid tuairimí, sea agus ar mo chuid filíochta chomh maith; ipso facto, ní Caitliceach ach eiriceach é. Amach is amach. Tá ordaithe ag Críost dúinn grá a thabhairt dá chéile. Tá sé chomh simplí leis sin. Grá. Ní ar maos i ngrá atá ráitis an Bharraigh thuas,de réir mo ghrá-mhéadairse ar aon nós.
    An é nach féidir a bheith i do Chaitliceach gan grá a bheith i do chroí agat do gach éinne? Sea, sin é anois agat é: ní féidir. Grá. Míníonn Soiscéal Naomh Eoin go hachomair é. Ní mór dúinn grá a thabhairt dá chéile mar is ó Dhia é an grá. Téann Naomh Eoin céim amháin níos faide. Deir sé, ‘Dia is ea Grá, Grá is ea Dia.’ Níl tábhacht le haon ní eile. Grá. Mumbó-jumbó, cuid mhaith, gach aon ní eile. Ní bhacfainn leis. Cur amú ama. Bun agus barr an scéil an grá.
    Críostaí tiomanta ar bith cheapfá go mbeadh buntús na Críostaíochta ar eolas aige, is é sin go n-ordaítear don Chríostaí grá a thabhairt dá chomharsa agus cé hé mo chomharsa? An cine daonna ar fad, Giúdaigh, Hiondúigh, Duibhnigh . . . iad go léir léir.
    Déarfadh Naomh Pól (agus é ag scríobh chun na nGalatach) nach bhfuil a leithéid de rud ann agus Giúdach, Hiondúch, Duibhneach etc. Is aon dream amháin sinn i mistéir an ghrá: “Níl Giúdach na Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile . . .’
    Dúirt Gandhi é ar bhealach eile: ‘An Hiondúch thú, a Uasail Gandhi?’ Agus tháinig an freagra álainn uaidh: ‘Sea, is Hiondúch mé. Is Moslamach mé chomh maith, Críostaí, Búdaíoch, agus Giúdach.’
    Bí ar nós Gandhi, in ainm Chroim! Bí ar nós Gandhi, a Shéamais de Barra, Gandhi, a gciallaíonn a leasainm Mahatma, ‘anam mór’. Is tríd an ngrá amháin agus grá don chine daonna go léir a thuilltear an gradam sin, ‘mahatma’.
    In ainm Dé, ná bí ag caitheamh anuas ar chreideamh daoine eile. Stop! Éirigh as! Is peaca é, peaca in aghaidh d’anama féin. Ná déan díspeagadh ar Ghiúdach, ar Hiondúch ná ar Chonamarach. Cad deir Soiscéal Naomh Matha: ‘Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh; óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh . . . A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil fein, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar . . .’

  • Séamas de Barra

    Níl aon aibhreadh ar Ghabriel ach Máirtín Ó Cadhain, a dúirt é seo babhta: ‘ní fiosrach atá mé ach ag cuartú eolais. Ní dhéanfainnse iontas de má d’fhiafraigh Gabriel díomsa aon uair amháin, ar a laghad, cad a chlog é, ach níl cuimhne agam air. Bhíodh mo chuid féin ardsmaointe á ndéanamh sa Ghúm domsa.
    Braitheann Gabriel nach bhfuil grá buan daingean agamsa dósan. Cuireann sé i gcuimhne dom amhrán de chuid B. B. King, ‘Nobody Loves Me but My Mother’, amhrán a thaitin an–mhór le comhghleacaí eile dúinne sa Ghúm, Seán Ó Cadhain, beannacht Dé lena anam. Ní dúirt mise nach raibh mé ceanúil ar na Giúdaigh, ach ní chreidim go mbeadh Giúdaigh ar bith ceanúil ar bheirt a luaigh mé féin a raibh dúchas Giúdach iontu: Torquemada, agus Hitler. Maidir leis an nGiúdach, Groucho Marx, is iomaí gáire a bhain sé seo i gcaitheamh na mblianta asamsa. Tá daoine eile a raibh dúchas Giúdach iontu, nach mbeadh Giúdaigh ceanúil orthu: Reinhard Heydrich, an Naitsí a chéadchuimhnigh ar an Réiteach Deireanach; Alfred Rosenberg, Eastónach a bhí i mbun bolscaireacht Naitsíoch ag Hitler. Ní cheapfainn go mbeadh gach uile Ghiúdach rócheanúil ach a oiread ar Leinín, ná ar Throtscaí, beirt ar dúchas Giúdach a bhí iontu. Scéal eile ar fad is ea cén meon a bheadh ag Giúdaigh sa lá atá inniu ann d’athair Ghabriel féin, fear ar sloinne Giúdach a bhí air, ach fós é a bheith ina dhochtúir sa Wermacht le linn an Dara Cogadh Domhanda. Tá scéal grinn ag Woody Allen ar an raibí a phós é féin agus Louise Lasser le chéile: ‘Raibí Leasaithe a phós sinn, raibí an–leasaithe –– Naitsí!’
    Is béaloideas is ea é nár thug Pádraig Naofa turas ar Chorca Dhuibhne riamh. Ach gan dabht, ní aithníonn Gabriel an béaloideas ón bhfírinne. Maidir le Pádraig Ua Maoileoin, trócaire sa chré air, bhí aithne na mblianta agamsa ar Phádraig, agus níor chuala mé riamh drochfhocal uaidh i dtaobh Ghabriel. Tuigeadh riamh dom go raibh Pádraig ceanúil ar Ghabriel. Cúis imní do Phádraig ba ea é go raibh Gabriel chomh gafa sin le haistí bia ó Oirthear Domhain, agus mheas Pádraig gur mhiste do shláinte Ghabriel é a bheith chomh tugtha do na haistí bia sin. Bhí Pádraig lán den ghreann agus den mhagadh, agus tá a chuma air gur ghlac Gabriel ródháiríre leis sna cúrsaí sin. Ag easaontú ó bhonn liomsa, ar scata ábhar, a bhí Pádraig, ach níor éirigh sé riamh as a bheith ag comhrá liom. Is amlaidh a bhí spéis ag Pádraig i ndaoine, toisc é a bheith ina úrscéalaí, is dócha, agus labhraíodh sé le gach uile shaghas duine. Bhí an–ghal Tigh Chatháin ar an mBuailtín le chéile againn i bhFómhar na bliana 2002, cúpla mí sula bhfuair seisean bás. Bhíodh sé i gcónaí ag plé cúrsaí Gaeilge liom, agus is iomaí focal agus canúin chainte a d’fhoghlaim mise uaidh sin i gcaitheamh na mblianta. Agus bhí sé d’umhlaíocht i bPádraig a admháil gur fhoghlaim sé féin pointe nó dhó uaimse i dtaobh Ghaeilge na Gráige, dá mhéad a chuid féin eolais ar fhochanúintí Ghaeilge Chorca Dhuibhne. Is beag duine a bhfuil a fhios acu a charthanaí a bhí Pádraig le daoine a bhí ar an ngannchuid, le daoine ar tháinig mí–ádh éigin orthu; agus bhíodh sé ag cur airgid go dtí cairde dó a bhí ina sagairt ar na misin thar lear leis. Bhí cur amach ag Pádraig ar an saol thar lear. Iníon dó, Nollaig, thug sí tamall i dTír na mBascach Spáinneach. Thug Pádraig turas ar Nollaig fad a bhí sí ansiúd, agus chuir mé féin spéis sa chur síos a bhí aige ar a ghlóraí atá na Bascaigh le hais na nÉireannach. Chuir sé samhnas ar Phádraig gur béas leis na Bascaigh ciarsúir pháipéir a chaitheamh ar an urlár i dtithe tábhairne agus i mbialanna, ach bíonn sin i gceist i bpáirteanna eile de Stát na Spáinne chomh maith. Ba é úrscéal Ernest Hemingway, The Old Man and the Sea, a spreag Pádraig chun an t–úrscéilín, Fonn a Níos Fiach, a scríobh.
    Níl Gabriel féin rócheanúil ar na Gaeil, na daoine ar díobh a mháthair, agus is léir é sin ar an bhfreagra is déanaí uaidh. Bíonn sé ag ligean air féin gur Críostaí agus gur Caitliceach é féin, nuair nach Advaitach, ná dia beag, ná dia mór, é féin, beag ná mór, agus nuair a oireann sé sin dó chun a bheith ag tabhairt fúmsa. Tarraingíonn sé anuas teagasc Chríost ar an ngrá, ach is ag tabhairt sleachta as Soiscéal Apacafúil Thomáis a bhí sé an babhta leathdhéanach, soiscéal de chuid an Ghnóisíochais Chríostaí –– eiriceacht nach nglacann ceann ar bith de chreidimh Chríostaí an lae inniu léi. Ní fiú le Gabriel éisteacht leis na hAspail arbh é Críost féin a roghnaigh iad: Lúcás 10: 13–16: 13 ‘Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach. 14 Ach is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag an tSíodón sa bhreithiúnas ná agaibhse. 15 Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! 16 An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.’ Is cuid den ghrá is ea an fhírinne a insint do dhuine. Seo sliocht as Soiscéal Eoin: Eoin 15: 5–6: 5 ‘Mise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh. 6 Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.’ Is é an Críost a thaitníonn le Gabriel, Críost arbh é Gabriel féin a chum.
    D’iompaigh Naomh Pól go mór i gcoinne a mhuintir féin, na Giúdaigh, ainneoin é féin a bheith ag déanamh géarleanúint ar na Críostaithe tráth. D’iompaigh Naomh Eoin, chom maith, mar go bhfaca Eoin lena shúile cinn an íde a thug ceannairí na nGiúdach ar Íosa Críost, an Meisias. Tá feabhas tagtha in áiteanna ar chaidreamh na nGiúdach agus na gCaitliceach le chéile. Bhí an tAth. Benedict J. Groeschel, CFR [Cuallacht Bhráithre San Proinsias leis an Athnuacha], ar bhunaitheoirí na Cuallachta sin. Bhí an–chaidreamh le Giúdaigh ag an Ath. Benedict, as a óige in New Jersey, agus ina dhiaidh sin i Nua–Eabhrac, Giúdaigh Cheartchreidmheacha, go háirithe. Deireadh an tAth. Benedict gurbh iad na Raibithe Giúdacha i Nua–Eabhrac ba thúisce i gcónaí chun an Eaglais Chaitliceach a chosaint ar lucht a hionsaithe.
    Bhuaileadh Giúdaigh isteach chuig an Ath. Benedict Céadaoin an Luaithrigh, in Ard–Eaglais Phádraig, chun go gcuirfeadh seisean an luaithreach ar chlár a n–éadain, agus ar ócáidí eile, chun go gcuirfeadh seisean a bheannacht orthu. Agus is iomaí Giúdach a dúirt leis an Ath. Benedict go mbídís ag faire na sraithe teilifíse ‘Sunday Night Live’ ar EWTN aige, mar gurbh í sin an t–aon ní amháin ar an teilifís arbh fhiú a bheith á faire.
    An fear a rinne feallmharú ar Mhahatma Gandhi, Nathuram Godse, ba náisiúnaí Hiondúch é. Ní Caitliceach Gaelach a rinne an feallmharú, agus ba é an chúis a ndearna Godse feallmharú ar Ghandhi go bhfacthas do Ghodse gur ag géilleadh rómhór do na Moslamaigh a bhí Gandhi. Bhí an–mheas ag Ceannaire na Pacastáine, Benazir Bhutto, ar na mná rialta ó Éirinn a chuir oideachas uirthi féin. Moslamach ba ea Benazir Bhutto, a ndearnadh feallmharú in 2007 uirthi. Níltear cinnte cé a rinne an feallmharú seo, ach tharlódh gur bhaill d’al–Qaeda a rinne é.
    Tá súil agamsa nach í an aois leanbaí atá ag teacht ar Ghabriel. D’fhógair sé i bhfreagra Bhealtaine 27 nach amhlaidh a rugadh riamh é! Dúirt sé le linn agallaimh a chuir Harry McGee air nár rugadh riamh é, ach gur saolaíodh ceart go leor é. Mheas mise nach raibh spéis dá laghad ag Gabriel i ndifríochtaí den saghas sin idir na canúintí! Cé mhéad de theangacha na hIndia atá ar a thoil ag Gabriel, agus cathain a tháinig sé isteach ar an tSeapáinis? Tá súil agam nach ón mBéarla a d’aistrigh sé na sleachta filíochta atá tugtha aige le linn na díospóireachta seo. Dá mba é Dia é, bheadh ar a chumas na sleachta a aistriú díreach ó na teangacha bunaidh, dar ndóigh, gan dul i muinín na n–aistriúchán Béarla.

  • Gabriel Rosenstock

    Scaothaireacht!

  • Gabriel Rosenstock

    Ní focal sách láidir é ‘scaothaireacht’. Rup rap!

  • Séamas de Barra

    Tugaim faoi deara gur ag gearán ar an scaothaireacht, agus ar an rup rap, atá Gabriel. Baineadh sé triail as an mbainne gabhair, agus as an iógart. Níl aon teorainn leis an mbainne gabhair, ná leis an iógart, chun buachan ar an ngaoth, agus chun duine a dhéanamh crua ina bholg. Mura n–oireann ceachtar den dá earra sin do Ghabriel, b’fhéidir go n–oibreodh an sgrámó. Bhíodh an–mhuinín ag Myles na Gopaleen as an sgrámó. Dar le Myles go leigheasfadh an sgrámó iomard ar bith.