An iad na hoibrithe a íocfaidh an téiléireacht

Tá sé soiléir anois cén fáth a raibh oiread cainte ag an bPríomh-Aire Starmer agus an Seansailéir roimh ré faoi ‘dhaoine atá ag obair’

An iad na hoibrithe a íocfaidh an téiléireacht

Ba mhór an spórt é. Seansailéir Státchiste na Breataine Rachel Reeves ag breathnú caol díreach ar Rishi Sunak is í ag fógairt £450 de chostas cánach ar eitilt phríobháideach go Los Angeles. D’iompaigh seisean a cheann i dtreo an duine lena thaobh mar a bheadh sé ag ligean air féin nár bhain an sáiteán leis. Nuair a bhí Sunak ina Phríomh-Aire is ar éigean a d’imigh sé caoga míle ó bhaile gan a dhul i muinín eitleáin arbh le duine dá chairde saibhre é.

Bhain an Seansailéir, an chéad bhean sa bpost, geit as daoine lena buiséad. Bhí dea-scéala aici do Stormont, £1.5 billiún á chur le hallúntas bliantúil Stormont don bhliain seo chugainn agus £640 milliún i sparán na bliana seo, go dtí Aibreán seo chugainn. Beidh easnamh fós in Stormont i mbliana ach is cabhair mhór iad na milliúin nua. Ba léir go raibh Reeves tiomanta don earnáil phoiblí. Mar is dual do rialtas Lucht Oibre bhí rún aici an tseirbhís sláinte agus an córas oideachais a neartú; ba léir go mbeadh costas mór ag baint lena dtarrtháil i ndiaidh ceithre bliana déag de dhéine na dTóraithe.

Bí ag caint ar chostas, ardú cánach £40 billiún. Tá sé soiléir anois cén fáth a raibh oiread cainte ag an bPríomh-Aire Starmer agus an Seansailéir roimh ré faoi ‘dhaoine atá ag obair’. Bhí geallúintí tugtha ag an Lucht Oibre nach ngearrfaí breis cánach ar oibrithe agus sheas siad lena bhfocal – ar pháipéar ar aon nós. Níor méadaíodh cáin ioncaim ná árachas náisiúnta (stampa) d’oibrithe ach áirítear gur beag seans go dtabharfaidh na hoibrithe na sála leo ó phraghas na n-athruithe ar árachas náisiúnta.

Is ar fhostóirí a thitfidh an t-ualach is mó, níos mó ná leath an £40 billiún. Beidh ollchomhlachtaí in acmhainn an costas a sheasamh ach is údar imní é an tionchar a bheidh aige ar ghnólachtaí beaga agus ar na hoibrithe iontu. Maidir leis an árachas náisiúnta íocann fostaithe agus daoine féinfhostaithe sciar de bunaithe ar a bpá agus íocann an fostóir sciar freisin.

Ó Aibreán 2025 beidh 1.2% de mhéadú go 15% ar an méid árachais náisiúnta a íocfaidh an fostóir. Ina theannta sin ardófar íosphá go £12.21 san uair – sin méadú 6.7%. Tá an ráta nua sin sách suarach ach sa mhullach ar an méadú ar chostas an árachais náisiúnta bheadh sé soineanta a mheas nach mbeidh oibrithe thíos leis ar bhealach éigin.

Tá níos mó fiontair bheaga agus mheánmhéide ná ollchomhlachtaí i dTuaisceart Éireann agus imní nochta ag úinéirí agus oibrithe faoi éifeacht an bhuiséid orthu. Tá go leor i dtionscail an fháilteachais den bharúil go gcuirfidh an costas breise bac ar earcaíocht agus dá réir, srian ar dheiseanna forbartha don ghnó agus d’oibrithe.

‘Beimid ag iarraidh an méid chéanna oibre a dhéanamh le foireann níos lú,’ arsa úinéir. ‘Seans go gcaithfimid amanna oibre a chiorrú,’ arsa duine eile. Dúirt lucht déantúsaíochta, grósaeir agus ionadaithe lucht miondíolaíochta, agus a lán nach iad, gur bhuille trom é an costas breise agus gur bhac ar fhorbairt é. Ba chosúil gurb iad na hoibrithe a bheadh ag íoc an téiléireacht.

Fáiltíodh roimh chinneadh an tSeansailéara na scéimeanna forbartha ‘city deals’ ar cuireadh stop leo le déanaí a athnuachan. Chomh maith leis na cinn a bhí faofa cheana i mBéal Feirste agus i nDoire/Srath Bán, tá súil go meallfaidh na scéimeanna ar chósta an Aifir agus sa réigiún Lár-Theas (Ard Mhacha go Fear Manach) infheistíocht. Rinne an Seansailéir Reeves go leor cainte faoi fhás agus faoi fhorbairt ach bhí míshuaimhneas forleathan abhus go gcuirfeadh an buiséad laincis ar dhul chun cinn.

I réigiún ina bhfuil gá le postanna ar ardchaighdeán tá spreagadh riachtanach. Sna gnólachtaí bheaga is oibrithe iad na fostóirí chomh maith leis na fostaithe agus is beag atá le spáráil ag éinne. Bhí súil le hinfheistíocht ón iasacht i ngeall ar rochtain a bheith ag an Tuaisceart ar mhargadh na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh ach níor tharla sé.

Dá uireasa, bhí súil go mbeadh lucht rachmais sa bhaile in ann tabhairt faoi fhorbairt ach i bhfianaise a bhfuil ráite is beag seans go spreagfaidh an buiséad infheistíocht intíre. Ní dea-thuar é do na hoibrithe a raibh an buiséad in ainm is a bheith mar chosaint acu.

Fág freagra ar 'An iad na hoibrithe a íocfaidh an téiléireacht'