An Gúm ag súil le fás ar dhíolachán ‘Bran’ agus aisteoir ‘Star Wars’ ag trácht ar an madra Gaelach

Luaigh Domhnall Gleeson, an t-aisteoir mór le rá as Baile Átha Cliath ,an tsraith leabhar Gaeilge faoin madra beag buí ‘Bran’ agus é faoi agallamh ar chlár teilifíse Seth Meyers i Meiriceá

An Gúm ag súil le fás ar dhíolachán ‘Bran’ agus aisteoir ‘Star Wars’ ag trácht ar an madra Gaelach

Tá an Gúm ag súil go dtiocfaidh borradh mór faoin díolachán ar an tsraith leabhar faoin madra  beag Bran i ndiaidh don aisteoir Domhnall Gleeson na leabhair a lua in agallamh ar chlár teilifíse i Meiriceá agus i nuachtáin le deireanas.

Bhí Gleeson faoi agallamh ar chlár Seth Meyers faoin scannán nua Goodbye Christopher Robin ina bhfuil a páirt an scríbhneora AA Milne aige, nuair a thagair an t-aisteoir don tsraith leabhar Gaeilge do dhaoine óga.

Nuair a d’fhiafraigh Meyers de Gleeson, a bheidh le feiceáil san eagrán is déanaí de Star Warssa  ar léigh sé leabhair Winnie the Pooh le Milne agus é ag fás aníos mhínigh an t-aisteoir as Baile Átha Cliath nár léigh toisc gur i nGaeilge a labhraíodh sé go dtí go raibh sé ceithre nó cúig bliana d’aois agus gurbh é Bran an carachtar is mó is cuimhin leis óna óige.

“Is as Éirinn mé, agus labhraínn an Ghaeilge, teanga na hÉireann, an oiread céanna Gaeilge agus Béarla, agus bhí go leor den mhadra ‘Bran’ agus a leithéid agam, bhí sé go hálainn,” a dúirt sé.

Ní raibh aon aithne ag Meyers ar Bhran, agus ba léir nár shíl sé go raibh sé inchurtha leis an mbéirín beag buí.

“That’s your Winnie the Pooh? Bran the Dog?” a dúirt sé agus é ag gáire.

Dúirt Seosamh Ó Murchú, príomheagarthóir an Ghúim, a d’fhoilsigh an leagan Gaeilge de Spot the Dog leis an údar Sasanach Eric Hill, nár chuala sé an tagairt a rinne Gleeson don tsraith ach go bhfuil sé buíoch de agus súil aige go dtiocfaidh borradh faoin díolachán dá bharr.

“Bíonn éileamh i gcónaí ar Bran, agus bhí ón gcéad uair a cuireadh i gcló é beagnach 40 bliain ó shin. An chéad ghlúin sin a thóg a gclann le Bran, is tuismitheoirí críonna anois iad agus tá garpháistí acu anois atá á dtógáint leis an tsraith. Tá tuairim is 20 leabhar déanta againn go dtí seo agus tháinig an ceann is déanaí amach trí nó ceithre bliana ó shin.

“Is branda ar leith é ‘Bran’ agus d’éirigh go maith leis in iliomad teanga, 60 teanga nó mar sin. Ar ndóigh, Spot a bhí ann i mBéarla, ach in Éirinn chuaigh Bran i bhfeidhm níos mó ar go leor daoine ná Spot, agus ní lucht na Gaeilge amháin. Cuimhníonn cainteoirí Béarla ar Bhran seachas Spot agus seans gurbh é Bran an t-aon leabhar Gaeilge a bhíodh sa tigh,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Bhásaigh Eric Hill, údar na sraithe, trí bliana ó shin agus é 86 bliain d’aois. Foilsíodh Where’s Spot? i 1980 agus ba é an chéad leabhar do pháistí a raibh cluaisíní ar na leathanaigh a bhféadfadh an gasúr iad a chrochadh agus féachaint fúthu. Tá os cionn 60 milliún cóip dá chuid leabhar díolta ar fud an domhain. Tá ainmneacha éagsúla ar an madra beag buí i dteangacha éagsúla na cruinne — ‘Dribbel’ san Ollainnis, ‘Tippens’ sa tSualainnis, ‘Bolinha’ sa Phortaingéilis, agus ‘Tassen’ san Ioruais, mar shampla.

Fág freagra ar 'An Gúm ag súil le fás ar dhíolachán ‘Bran’ agus aisteoir ‘Star Wars’ ag trácht ar an madra Gaelach'

  • aindrias

    Seol coip chuig Aonad na Gaeilge, an Chomhairle Eorpach, Rue de la Loi, an Bhruiseil.