AN GHAELTACHT: Na socruithe déanta do chluiche mór na Gaeltachta i gCiarraí

Imreoidh Cumann Caide na Gaeltachta i gcoinne an Teampaill Nua i bPáirc Aibhistín de Staic Dé Domhnaigh seo chugainn i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae

AN GHAELTACHT: Na socruithe déanta do chluiche mór na Gaeltachta i gCiarraí

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is i bPáirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí an deireadh seachtaine seo chugainn a dhéanfaidh Cumann Caide na Gaeltachta iarracht áit a bhaint amach i gcraobh shinsir peile den dara huair le trí bliana anuas.

Bhain an fhoireann as Corca Dhuibhne áit amach i gcluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Phiarsaigh na Dromad inné.

An dTeampall Nua a bheidh leo i gcluche mór an Domhnaigh a thosóidh ag 3.30pm.

Imreofar an cluiche ceannais sa phríomhghrád sóisir, idir Naomh Seanán agus na Gaeil, i bPáirc Aibhistín de Staic an lá céanna ag 1.30pm.

Tá cúpla cluiche mór imeartha ag an nGaeltacht in aghaidh an Teampaill Nua le blianta beaga anuas. Bhuaigh an Teampall Nua orthu i gcluiche leathcheannais na craoibhe idirmheánaí in 2016 ach d’éirigh le fir Chorca Dhuibhne díoltas a bhaint amach in 2017 nuair a bhuadar orthu i gcluiche ceannais na craoibhe.

Bhain an Ghaeltacht áit amach i gcluiche ceannais na bliana seo nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Phiarsaigh na Dromad i Staid an Ghearaltaigh inné, 1-15 in aghaidh 1-9.

Is beag a bhí idir na foirne sa chéad leath ach d’aimsigh Óigí Ó Sé cúl don Ghaeltacht tar éis 21 nóiméad a d’fhág cúilín chun tosaigh iad, 1-03 in aghaidh 0-5. Ach fuair Piarsaigh na Dromad 1-2 roimh leath ama, Niall O’Shea a fuair an cúl, agus bhí fir Uíbh Ráthaigh dhá phointe chun tosaigh ag an mbriseadh, 1-7 in aghaidh 1-5.

Bhí an bhearna chéanna idir na foirne tar éis 40 nóiméad ach ba iad imreoirí na Gaeltachta ba láidre a chríochnaigh. D’aimsigh siad ocht bpointe as a chéile, ceithre cinn ag Seán M. Ó Conchúir agus péire an duine ag Dara Ó Sé agus Éanna Ó Conchúir, sa 20 nóiméad deireanach chun a gcéilithe comhraic a chur de dhroim seoil.

Cháiligh an Teampall Nua don chluiche ceannais nuair a bhuaigh siad go bog ar Ghleann Fleisce, 3-20 in aghaidh 1-11.

Fág freagra ar 'AN GHAELTACHT: Na socruithe déanta do chluiche mór na Gaeltachta i gCiarraí'