‘An Ghaeilge cloch choirnéil ár gcultúir agus beidh sí agam féin agus m’aide-de-camp’ – Peter Casey

Ba cheart go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán agus ní bheadh sé i bhfad á foghlaim, a deir Peter Casey

‘An Ghaeilge cloch choirnéil ár gcultúir agus beidh sí agam féin agus m’aide-de-camp’ – Peter Casey

Peter Casey. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Deir Peter Casey go bhfuil súil aige nach fada go mbeidh Gaeilge aige féin atá chomh líofa agus a bhí ag a mháthair agus gur Gaeilgeoir a bheadh ina aide-de-camp dá dtoghfaí ina Uachtarán é.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie faoina dhearcadh i leith na teanga, dúirt an fear gnó atá san iomaíocht i dtoghchán na huachtaránachta gur éirigh sé as a bheith ag foghlaim na Gaeilge mar gheall ar na Trioblóidí.

“Théinn síos go dtí Rann na Feirste gach samhradh go dtí go raibh mé ceithre bliana déag d’aois ach chuaigh na Trioblóidí in olcas an t-am sin agus d’éirigh mé as an nGaeilge.

“Mar sin, ní ghlacfadh sé mórán orm líofacht réasúnta maith a bhaint amach. Déanfaidh mé cinnte de gur Gaeilgeoir a bheidh i m’aide-de-camp.”

Deir Casey gurb í an Ghaeilge “cloch choirnéil ár gcultúr”.

“Tá súil agam nach fada go mbeidh mé in ann í a labhairt chomh líofa agus a bhí mo mháthair, go ndéana Dia trócaire uirthi,” arsa an fear gnó.

Níl aon amhras air ach gur chóir an teanga a bheith ar a thoil ag an Uachtarán.

“Cinnte, ba cheart go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán, is í céad teanga an náisiúin í,” ar sé.

Cé nach bhfuil an teanga aige féin, ní bheadh sé i bhfad á foghlaim, a deir sé.

Cinnte glan foghlaimeoidh mé Gaeilge. Tógfaidh sé tamall orm í a scríobh go cruinn ach tá mé cinnte go mbeidh mé in ann comhrá a dhéanamh laistigh d’achar gearr.”

Dá dtoghfaí ina uachtarán amárach é, chuirfeadh sé an teicneolaíocht ag obair ar son na teanga.

“Sílim go gcaithfimid é a dhéanamh níos éasca cumas comhrá a dhéanamh i nGaeilge a fhoghlaim agus tá go leor teicneolaíochtaí físe agus acmhainní r-fhoghlama ann anois le cuidiú le foghlaimeoirí.”

Fág freagra ar '‘An Ghaeilge cloch choirnéil ár gcultúir agus beidh sí agam féin agus m’aide-de-camp’ – Peter Casey'

  • Liam Mac Lochlainn

    Gaeilge do Pholaiteoirí
    Ceacht a haon
    An aimsir is tábhachtaí:
    An aimsir fháistineach

  • Liam Mac Lochlainn

    Gaeilge do Pholaiteoirí
    Ceacht a hAon
    An Aimsir is Tábhachtaí:
    An Aimsir Fháistineach