Is cosúil nach mbeidh aon fhuascailt i mBuiséad 2024 an tseachtain seo chugainn ar na deacrachtaí maoinithe atá ag Foras na Gaeilge de bharr an fholúis pholaitiúil sa Tuaisceart.
Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc gur mhaith leis an Rialtas tuilleadh maoinithe a chur ar fáil don Fhoras ach go raibh sin ag brath i gcónaí ar chúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart.
“Dar ndóigh, ba bhreá leis na hAirí institiúidí an Rialtais sa tuaisceart a fheiceáil ag feidhmiú arís chomh luath in Éirinn agus is féidir chun a chur ar chumas an Rialtais ó dheas tuilleadh airgid a chur i dtreo an Fhorais Teanga.”
Tá an maoiniú a fhaigheann Foras na Gaeilge mórán mar a bhí 20 bliain ó shin. €16.3 milliún a bhí ag an eagraíocht in 2022, i gcomparáid le €17.2 milliún in 2003.
Fógraíodh €300,000 breise don Fhoras i mBuiséad 2023 ach níl aon athrú suntasach tagtha ar mhaoiniú an Fhorais le fada mar gheall ar chiorruithe agus cúrsaí polaitíochta in Stormont.
Ní féidir airgead breise a bhronnadh ar an bhForas Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – go dtí go mbeidh buiséad iomlán na n-eagraíochtaí aontaithe leis an Roinn Pobal ó thuaidh agus ní féidir sin a dhéanamh go dtí go mbeidh Stormont ag feidhmiú arís.
Do Chlár na Leabhar Gaeilge, a mhaoiníonn an Rialtas ó dheas amháin, a tugadh an €300,000 d’Fhoras na Gaeilge in 2023.
Deir Foras na Gaeilge go bhfuiltear ag iarraidh go gcuirfí buiséad bonnlíne na heagraíochta ar ais chuig leibhéal 2008, nuair a bhíodh €21 milliún san iomlán á chur ar fáil ag an dá rialtas dóibh.
Seán Mac Cearáin
Rud nach dtuigim ná cad chuige go bhfuil áiseanna den chéad scoith le fáil i nDoire,Béal Feirse agus Ard Mhacha agus níl oiread is bothán ag aon ghrúpa ó dheas?
I mBéal Feirste amháin tá 3 nó 4 ionad breá acu .
Feirsteach
Seo an cúis: http://www.ciste.ie/home.aspx?lang=1
D’éirigh le grúpaí ó thuaidh comhaoiniú a fháil ar chultúrlanna – níos fusa maoiniú a lorg do thogra má tá cúpla céad míle punt/euro i do phóca cúil.
Níl amhlaidh de chiste ann ó dheas d’eagrais Ghaeilge, agus níl (nó ní raibh) cead ag Foras na Gaeilge airgead caipitil a dháileadh ar ghrúpaí.