An focal scoir sa ‘díospóireacht’ ag daltaí Choláiste Eoin!

Bua do dhaltaí Choláiste Eoin, Baile Átha Cliath, agus Coláiste Pobail Rath Cairn i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Coláiste Eoin

Tar éis na díospóireachta ar fad ba ag Coláiste Eoin a bhí an focail scoir!

Ba iad foireann sinsear Choláiste Eoin a thug leo Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2015, a bhí ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tráthnóna.

Ba é Coláiste Pobail Rath Cairn ó chontae na Mí a thug leo an bua i gcomórtas na sóisear.

Dea-scéal do Choláiste Eoin a bhí sa bhua seo tar éis na conspóide ar fad a bhí ar na meáin chumarsáide le tamall de laethanta anuas faoi cheardlann frithbhulaíochta a cuireadh ar athló.

Reáchtálann Gael Linn na comórtais díospóireachta seo do Ghaelcholáistí agus do iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Os cionn 50 foireann ar fad a bhí san iomaíocht ag tús an chomórtais agus tháinig an t-ocht bhfoireann a bheidh san iomaíocht i gCraobh na hÉireann trí réamhbhabhtaí cháilithe agus craobhacha réigiúnacha ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.

Bronnadh buanchorn agus duais de luach €1,000 ar an foirne buacacha tráthnóna agus bronnadh duais de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí san iomaíocht don chraobh.

Ba é an Feisire Eorpach, Seán Ó Ceallaigh, a bhí ina aoichainteoir agus cathaoirleach ag an ócáid.

 

Fág freagra ar 'An focal scoir sa ‘díospóireacht’ ag daltaí Choláiste Eoin!'

  • Tuigim

    Comhghairdeas leo ach ná measc é seo leis an ‘gconspóid’ ldt.
    Bhí na daltaí ar an taobh ceart i gcónaí is ní dhearna siad aon rud as bealach.
    Féir plé (féach céard a rinne mé ansin) dóibh!

  • @seancomheas

    Comhghairdeas ó chroí leis na daltaí agus na mùinteoirí I gColàiste Eoin. Tà ardchumas agus díograis don Ghaeilge lèirithe agaibh arís bail ó Dhia oraibh agus is cùis gaisce è sin. Níl a màistirí le fáil. Seo scoil atà ag freastal le os cionn dhà scór bliain anois ar dhaltaí ó gach cearn do Bhlè Cliath, iad dilis do chultùr na tíre fre chèile agus cluichí Gaelacha, an ceol agus An Ghaeilge mar chroílàr na scoile, gan tràcht ar na torthaí breàtha a bhaintear amach sna scruduithe chuile bhliain. Ní nach ionadh go bhfuil Craobh eile Díospóireachta crochta leo acu. Tà an scoil ag dul ó neart go neart, a bhuíochas sin do Fhinín Màirtin, fear uasal agus na leathbhàdóirí den chéad scoth atà lena hais agus daltaí cumasacha i rèimsí èagsùla ó ghort na himeartha go dtí an seomra ranga nó ar stàitsí na tíre. Tà neart seafóid chainte curtha i leith na scoile seo le cùpla là anuas, go leor dó seo trí na meàin shóisialta ag daoine agus gan mórán eile ar a n-aire acu. Is beag cruinneas a bhain leis an tràchtaireacht le roinnt laethanta anuas ach faraor tugtar tùs àite don drochscèal agus don chùlchaint. Ardmholadh dul do Ghael Linn freisin as freastal ar na díospóireachtaí Gaeilge seo agus, ach an oiread le Colàiste Eoin, an-obair à dhèanamh acu ar son àr dteanga agus cultùr na tíre.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Ard mholadh ag dul do Choláíste Eoin agus do Choláíste Phobail Rath Chairn as a mbuanna sa chomórtas seo agus is creidiúint iad na foirne dá scoileanna agus dá teaghlaigh.
    Sílim go bhfuil sé soiléir tar éis na cainte siosmadaí a thug Finín ar an Nuacht aréir agus ar Cormac ag a Cúig ná raibh aon rogha acu ach an ceardlann conspóideach a chur ar athló – agus ní ar cheal de réir mar a mhaígh go leor. Ghlac sé cuid den locht mar gheall ná raibh an fógra curtha amach go tuismitheoirí ar an Luan agus ní nach ionadh mar sin go raibh ceisteanna ag roinnt tuismitheoirí. Ní cruinneas nó siosmaideacht na treithe a luafainn le na meáín soisialta….

  • Mise Åine

    Dea-scéal, go deimhin, don dá scoil… comhghairdeachas ó chroí leo!