An fhírinne faoi scannal Kincora chomh brocach nach mian leis an mbunaíocht í a nochtadh?

Tá scannal mí-úsáid gnéis Kincora fágtha as an áireamh ag Rialtas na Breataine sa bhfiosrú a d’eascair as líomhaintí faoi phéidifiligh a bheith gníomhach i Westminster

depressao

‘Scannal nach féidir a scuabadh ar shiúl is ea an drochúsáid ghnéasach ar dhaoine óga in Kincora agus iompar na seirbhísí faisnéise rúnda ina leith.’ Sin é an freagra is coitianta i mBéal Feirste ar chinneadh Rialtas na Breataine gan cás Kincora a chur san áireamh sa bhfiosrú a d’eascair as líomhaintí faoi phéidifiligh a bheith gníomhach i Westminster.

Tá feachtas ar siúl ag Amnesty, íobartaigh agus polaiteoirí chun Kincora a chur ar chlár oibre an fhiosraithe mar gheall ar líomhaintí faoi MI5. Maítear gur chuir na seirbhísí faisnéise bac ar fhiosraithe an RUC faoi Kincora sna seachtóidí  ionas go bhféadfaí a thuilleadh eolais a bhailiú faoi dhrong péidifíleach a ghníomhaigh ann. Ní raibh sna buachaillí ach baoite ar an dúán ag na spiairí, dar le Amnesty.

Sceith bhéil ab ea Kincora, ionad do bhuachaillí in oirthear Bhéal Feirste, as mí-úsaid ghnéasach.  Fiosraíodh an cás cheana agus ciontaíodh triúr fear a bhí fostaithe ansin. Measadh, áfach,go raibh téarmaí tagartha na bhfiosruchán an-teoranta agus  gur ceileadh eolas agus comhaid oifigiúla orthu chun grúpaí cumhachtacha a chosaint.

Chinn lucht an fheachtais abhus gur fiosrú a scrúdaíonn iompar na n-údarás is cumhachtaí sa Ríocht Aontaithe, a chaitheann lóchrann ar Westminster agus a chartann sna comhaid, an bealach is fearr chun an fhírinne a aimsiú ar deireadh.

Fuaireadar an t-eiteachas. An tseachtain seo, d’fhógair Theresa May, Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine, go raibh cathaoirleach nua eile ceaptha ar an bhfiosrú ach gur mí-úsáid páistí i Sasana agus sa Bhreatain Bheag a bheadh i gceist.

Is í an Breitheamh Lowell Goddard ón Nua-Shéalainn an tríú cathaoirleach a d’ainmnigh May ó bhunaigh sí an fiosrú seacht mí ó shin. B’éigean do bheirt eirí as i ngeall ar naisc leis  an mbunaíocht.

Deir Rialtas na Breataine nach bhfuil Kincora curtha san áireamh mar gur gnó díláraithe é leas an pháiste agus gur cheart an t-ionad (nach ann dó a thuilleadh) a fhágáil faoi fhiosrú an Bhreithimh Hart atá ag déileáil le mí-úsaid in institiuidí i dTuaisceart Éireann idir 1922 agus 1995. An tseachtain seo cheadaigh an Tionól i Stormont síneadh ama d’fhiosrú an Bhreithimh Hart.

Ceadóidh an síneadh ama – bliain sa bhreis – don bhfiosrú a dhul i ngleic le Kincora, is cosúil. Bhí an Breitheamh Hart i dteagmháil cheana féin le Rialtas na Breataine “faoi cheisteanna nach mór a réiteach sula bhféadfaidh an Fiosrú scrúdú a dhéanamh …ar fhorais neamh-dhíláraithe .. mar chuid den iniúchadh ar líomhaintí mí-úsaide ar phaistí i Kincora”.

D’iarr an Breitheamh Hart go gcuirfí ar fáil sonraí faoi gach comhad atá ag ranna agus áisíneachtaí  Rialtas na Breataine agus, amach anseo, éileoidh an fiosrú fianaise ó fheidhmeannach gur déanadh amhlaidh.  Is minic cheana a bhí fianaise “caillte” nó ar iarraidh agus dá reir beidh sé sách deacair a chur ina luí ar íobartaigh go bhfuil fáil ar an bhfaisnéis iomlán. Ní le drochmheas ar Hart ná a fhoireann é is cosúil, ach tá a lán meáite gur fearr an seans a theacht ar an salachar nuair atáthar i mbun oibre i Londain ná abhus.

Má bhíonn aimhreas faoi thrédhearcacht nó faoi iompar na spiairí ní bheidh de thoradh air ach masla i mullach na heagóra d’íobartaigh agus a thuilleadh mímhuiníne i measc an phobail go bhfuil an fhírinne faoi Kincora chomh brocach sin nach acmhainn don bhunaíocht a nochtadh.

Fág freagra ar 'An fhírinne faoi scannal Kincora chomh brocach nach mian leis an mbunaíocht í a nochtadh?'