An féidir comparáid a dhéanamh idir Rory McIlroy agus Christy O’ Connor, idir Stanley Matthews agus Cristiano Ronaldo?

Tiocfaidh sé rite leat a theacht ar aon spórt inar féidir comparáid de chineál ar bith a dhéanamh idir laoch an lae inniu agus laoch an lae inné

An féidir comparáid a dhéanamh idir Rory McIlroy agus Christy O’ Connor, idir Stanley Matthews agus Cristiano Ronaldo?

Christy O'Connor agus Rory McIlroy. Pictiúir: INPHO

Tá na heolaithe agus na diabhail de cheimiceoirí damanta sin i mbun oibre ina gcuid saotharlann arís. Feistithe ina gcuid cótaí bána agus a gcuid srón sáite síos i bpromhadáin agus i bhfleascáin chéimithe as a bhfuil gal den iliomad dath agus den bholadh is bréine ag teacht go tréan agus to tiubh.

Tá cuid acu ag iarraidh deifir a chur leis an lá a leagfaidh Jeff Bezos a chos ar an ngealach, cuid eile fós ag iarraidh blas an tsiúcra a fhágáil ar ábhar atá chomh searbh le bláthach agus a bhfuílleach i mbun cúram atá chomh héagsúil lena chéile le deireadh a chur le hocras agus pócaí billiúnaithe a fhágáil níos tréine.

Ag plé le spórt atá an dream atá i gceist agamsa inniu – iad siúd atá ag iarraidh go mbeadh plúr ár lúthchleasaithe (agus dá bharr sin mise agus tusa go bhfóire Dia orainn) in ann rith níos tapa, léim níos airde, caitheamh níos faide agus a bheith níos fearr ná ár sinsear ar chuile bhealach a bhfuil tú in ann cuimhneamh air.

Níl hiad an dream sin acu a bhíonn ag iarraidh drugaí nach féidir a lorg a aimsiú atá i gceist anois agam an geábh seo cé go bhfuileadar sin ag slíomadóireacht leo freisin – deis níos fearr faoi láthair acu ná a bhí ariamh.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, fágann Covid-19 nach féidir oiread de chath a chur ar a leithéidí siúd anois agus a bhíothas in ann a dhéanamh. Tá sé os cionn bliana ó d’admhaigh stiúrthóir eitice Sport Ireland, an Dr Úna May, go gcaithfí laghdú a dhéanamh ar thástáil agus go raibh sé as an áireamh go ndéanfaí a leithéid ag comórtais – mar nach raibh aon chomórtais ann.

Is amhlaidh scéal timpeall an domhain.

Obair dhleathach atá idir lámha ag mo chuidse eolaithe, obair atá dírithe ar fheabhas a chur ar chumas an chine dhaonna, beartas a mheasfá a thuillfeadh buíochas dóibh. Ach ní gá gur mar sin atá. Ariamh anall ní rómhaith a luigh an spórt, an forás ná an eolaíocht lena chéile – fiú an chuid sin de atá dleathach.

Níl sé deacair a mhíniú cén fáth go mbeadh siad siúd atá ag plé le haon spórt mar ghairim níos fearr agus níos oilte ná an dream nach bhfuil ann dóibh ach caitheamh aimsire.

Fós an féidir leat comparáid a dhéanamh idir na galfairí Rory McIlroy agus Christy O’Connor?

Trealamh a tháinig ar an saol as ábhar a ceapadh don spástaisteal atá á iompar ag Rory. Ba mhaidí a bhí déanta as adhmad agus as cruach a bhí ina mhála ag an gConchubhaireach.

Imreoir sacair lánaimseartha ab ea Stanley Matthews. Ach an bhfuil sé cóir a chumas a chur i gcomparáid leo siúd a imríonn inniu, leithéidí Cristiano Ronaldo?

Liathróidí éadroma nua-aimseartha acusan, iad ag imirt faoi chúram lucht leighis agus aclaíochta ardcháilithe, ar pháirceanna atá foirfe i gcónaí.
Ar éigean é.

Ní gá d’imreoirí an rugbaí a dhul chun páirce beag ná mór (maith dhom an t-imeartas focal) go dtabharfaidh tú do bhreithiúnas. Tá cúlaithe an lae inniu níos beaichte agus níos láidre ná tosaithe an chéid seo caite. Eatarthu tá na himreoirí ró tosaigh Uini Atonio (An Fhrainc), Leeroy Atalfio (Fidsí) agus Horace Pungea (An Rómáin) 415kg, nó beagnach leath-thonna meáchain.

Sa mbliain 1972 bhuaigh Eddie Merckx an Tour de France ar rothar a raibh beagnach 10kg de mheáchan ann. Inniu níl de mheáchan sa rothar Trek Emonda ach 6kg. Ná bac le teicneolaíocht an rothair féin.

Nuair a bhuaigh ‘Nino’ Farina an chéad rás Formula 1 i 1950 ba 180msu an luas ba mhó a bhí faoina Alfa Romeo, – gnáthbhoinn a bhí fúithi freisin. Inniu tá bunáite ghluaisteáin F1 in ann 225msu a shroichint agus a rogha boinn faoi leith ar fáil don tiománaí atá ina shuí agus oiread uirlisí ina aice agus a bheadh timpeall ar phíolóta.
Tiocfaidh sé rite leat a theacht ar aon spórt inar féidir comparáid de chineál ar bith a dhéanamh idir laoch an lae inniu agus an lae inné.

Is fíor ceart go leor go bhfuil roinnt bheag curiarrachtaí domhanda sa lúthchleasaíocht nár sáraíodh le beagán os cionn deich mbliana fichead, ach den chuid is mó is cinn iad a bhaineann le léimneach nó le caitheamh meáchain.

Aon churiarracht amháin atá ag reathaí a mhaireann an t-achar sin, an ceann do rás 100m na mban (10.49s) a bhain Florence Griffith Joyner amach ag Trialacha Oilimpeach na Stát Aontaithe 1988. Ach tá sin anois i mbaol ó rith Shelly-Ann Fraser-Pryce an t-achar sin i 10.63s le fíorghairid.

Shelley-Ann Fraser-Pryce. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhuaigh sise an bonn óir Oilimpeach i mBéising agus i Londain agus tá sí 34 bliain d’aois anois – go deimhin tá sé 9 mbliana ó chuaigh an Iamácach i bhfoisceacht mbeannaí Dia den sórt sin ama cheana.

Bróga reatha de mhianach nua atá ar an margadh ag Nike is cionsiocair lena dul chun cinn anois, dar leis na húdair. Do na lúthchleasaithe is fearr amháin atá an Zoom X Victory molta faoi láthair agus tá a leathcheann ag na déantúsóirí eile freisin.

Tá na bróga seo chomh héadrom le cleite agus iad deartha ar bhealach a chinnteoidh go sábhálfaidh an reathaí fuinneamh, ach fós go rithfidh sé nó sí níos tapúla. An cúr faoi leith atá faoi thrácht na coise sa Nike, (a mbaineann rúndacht as cuimse lena dhéanamh), na spící agus an pláta carbóin is cúis leis seo, mar aon leis an gcraiceann siorca atá faoin tsáil.

Agus bróga den chineál sin á gcaitheamh ag na lúthchleasaithe, faoi dhó a sáraíodh curiarracht an domhain i rás 10,000m na mban an tseachtain seo caite in imeacht dhá lá. Táthar ag tuar go dtugann na Nikes seo buntáiste os cionn soicind an timpeall do lúthchleasaithe i rásaí fada.

Dópáil teicneolaíochta nó ‘technology doping’ a thugtar ar an obair seo ar fad agus ón mbliain 2006 i leith tá admhaithe ag an nGníomhaireacht Dhomhanda um Fhrithdhópáil (WADA) go bhfuil sé ‘in aghaidh spiorad an spórt’. Ach tá mórchuid éiginnteachta ag baint lena mhaoirsiú de bharr chomh scafánta agus a thagann rudaí nua chun cinn.

Ní fhaca mé an téarma ‘dópáil teicneolaíochta’ luaite go díreach leis an ngéarchéim is deireanaí atá luaite le cluiche ársa na hiomána, atá faoi léigear le seachtainí anuas ag saoithe a mheasann go bhfuil sin anois freisin á cur as a cuma ag an teicneolaíocht.

Go pearsanta measaim nár chuala mé a leithéid de sheafóid riamh, ach tá sé i gceist agam filleadh ar an scéal sin gan mhoill.

Fág freagra ar 'An féidir comparáid a dhéanamh idir Rory McIlroy agus Christy O’ Connor, idir Stanley Matthews agus Cristiano Ronaldo?'