An DUP ar nós cuma liom faoi chruinnithe le paraimíleataigh

Tháinig cruinniú Gordon Lyons le paraimíleataigh dhílseacha sna sála ar chruinniú conspóideach a bhí ag a chomhghleacaí, Paul Givan, an t-aire oideachais, leo

An DUP ar nós cuma liom faoi chruinnithe le paraimíleataigh

Paul Givan

Is léir gurb é polasaí an DUP bualadh le scátheagras na ndílseoirí, an LCC, beag beann ar an gcáineadh a thuilleann an seasamh sin. Tháinig cruinniú Gordon Lyons, aire pobail Stormont leis an LCC sna sála ar chruinniú conspóideach a bhí ag a chomhghleacaí, Paul Givan an t-aire oideachais leis an ngrúpa.

Scáth eagraíocht do na paraimíleataigh dhílseacha, an UVF, RHC agus UDA is ea an LCC, comhairle an phobail dhílsigh a bunaíodh in 2015. Ba é cuspóir na heagraíochta cuidiú leis na grúpaí sin cúl a thabhairt le lámh láidir agus coiriúlacht – ‘próiseas claochlaithe’ ó pharaimíleatachas a thabhairt chun críche.

Inniu, is léir go bhfuil teipthe ar an bpróiseas claochlaithe. Tá cúl tugtha ag na daoine atá gníomhach san LCC leis an bparaimíleatachas, ach tríocha bliain ó d’fhógair na dílseoirí sos comhraic ar an 13 Deireadh Fómhair 1994, tá na paraimíleataigh gníomhach agus ag earcú ball nua. Sceith bhéil is ea daoine san UVF, UDA agus Red Hand Commando as coiriúlacht, mangaireacht drugaí, sracadh airgid ó lucht gnó agus imeaglú.

Dé Máirt seo caite bhuail an tAire Pobal Gordon Lyons leis an LCC a dúirt gur iarr siad air anailís as an nua a dhéanamh ar bhochtanas agus easpa deiseanna i gceantair dhílseacha agus aontachtacha. Theastaigh ón LCC, a dúirt siad, a chur ar shúile an aire conas agus cé na háiteanna ar cheart acmhainní ganna a chaitheamh. I measc na nithe a d’éiligh siad bhí tithíocht shóisialta i gceantar na Seanchille, Sandy Row agus Suffolk, mar a bhfuil tailte le haghaidh tógála díomhaoin.

Bhí bochtanas, call fostaíochta agus caighdeán íseal oideachais sna ceantair dhílseacha i measc na gcúiseanna go bhfuair próiseas claochlaithe an LCC tacaíocht i dtosach, le súil go gcuideodh iarpharaimíleataigh le scéimeanna forbartha níos deireanaí. Tá airgead poiblí á chaitheamh ar ghrúpaí atá in ainm is a bheith ag claochlú ach is beag de thoradh le feiceáil air.

Coicís roimh an gcruinniú le Gordon Lyons bhuail Paul Givan leis an LCC faoi chúrsaí oideachais. D’éiligh siad go gcuirfeadh sé stop leis an bplean chun Scoil na Seolta a oscailt ar Bhóthar Hamilton, iad ag maíomh go raibh Gaeilge á brú ar phobal nár éisteadh leis. Rinne Comhairle na Cathrach comhairliúchán sular ceadaíodh pleanáil don scoil agus léirigh na scórtha suim san oideachas imeasctha as Gaeilge ach bhí an LCC dubh dóite ina choinne.

Nuair a cáineadh Paul Givan as bualadh le hionadaithe na bparaimíleatach chuir sé cos i dtaca. Sé an scéal céanna é ag Gordon Lyons a cáineadh go géar. Dúirt scata d’eagraíochtaí cearta daonna, grúpaí atá ag dul i ngleic leis an mbochtanas agus eagraíochtaí pobail eile gur iarr siad cruinnithe leis an Aire Lyons ach nár bhuail sé leo. Ba chás leo an LCC a bheith ag fáil tosaíochta.

I bhfianaise na mbuillí a d’fhulaing an DUP in olltoghchán Westminster nuair a chaill siad trí shuíochán agus gur dhóbair dóibh péire eile a chailliúint, ní iontas é an DUP a bheith ag síneadh láimhe i dtreo ghrúpaí dílseacha. Tá an DUP ag stocaireacht, ag iarraidh téarnamh. Is údar imní é, áfach, an baol atá ann nach ndéanfaidh an gnáthphobal idirdhealú idir an LCC agus dreamanna a luaitear leo atá i mbun coiriúlachta ach an chuma ar an scéal go bhfuil ranna in Stormont á thabhairt le fios go bhfuil dlisteanacht ag baint leo.

Fág freagra ar 'An DUP ar nós cuma liom faoi chruinnithe le paraimíleataigh'