An Dún Riabhach, dún na n-eachtraí agus na n-éanlaithe

Tá neart le feiceáil ar An Dún Riabhach, in Inis Eoghain agus sásamh mór le baint as na radharcanna iontacha agus as an stair atá le brath gach áit

An Dún Riabhach, dún na n-eachtraí agus na n-éanlaithe

Nuair a íslíodh Bratach an Aontais, nó Bratach na Breataine, ar An Dún Riabhach, in Inis Eoghain, sa mbliain 1938, bhí tábhacht ar leith ag baint leis an ócáid. Ba é an uair dheireanach é a raibh an bhratach sin crochta ann agus bhí ré nua ar tí tosú. Bhí An Dún, a bhí ann ó thús na 1800idí ag aistriú go húdarás na tíre seo.

Bhí casadh beag ag baint le scéal na mbratach agus an t-aistriú údaráis. Ba dheartháireacha céile iad an saighdiúir Sasanach agus an saighdiúir Éireannach a bhí i mbun ísliú agus ardú na mbratach.

I ndiaidh Chonradh 1921, choinnigh an Ríocht Aontaithe smacht ar thrí cinn de chalafoirt a bhí an-domhain, Loch Súilí, Inis Píc agus Cuan Bhaile an Chaisleáin. ‘Calafoirt an Chonartha’ a tugadh orthu. Ach tugadh ar láimh don tír seo iad ar deireadh i 1938 – díreach sular bhris an dara cogadh domhanda amach.

Ag an am, bhí an Sáirsint Arthur King, ó arm na Breataine, pósta ar dheirfiúr an tSáirsint Máistir Ceathrúin Michael McLaughlin ó Arm na hÉireann. Ba é an Sáirsint King a d’ísligh bratach na Breataine agus ba é an Sáirsint McLaughlin a d’ardaigh bratach na hÉireann.

Ach níorbh é sin deireadh an scéil maidir le ceangal idir an dá thír ag An Dún Riabhach. D’fhág Rialtas na Breataine scata fear ag an dún ar feadh scaithimh chun saighdiúirí na hÉireann a thraenáil in úsáid na ngunnaí móra a bhí ag cosaint an dúin agus Loch Súilí.

Leath bealaigh suas Inis Eoghain ar an gcósta thiar atá An Dún Riabhach. Níl aon dabht ach gur áit é seo a bhíodh an-úsáideach ó thaobh na straitéise míleata de – tá radharc den scoth amach uaidh ar Loch Súilí ó thuaidh agus ó dheas agus siar go Ceann Fhánada ar an taobh thiar.

Tharla go leor eachtraí míleata agus cathanna farraige i rith na mblianta sna bólaí seo. B’anseo i 1798, a ceapadh an réabhlóidí Theobald Wolfe Tone agus é in éide na Fraince, agus é ag iarraidh teacht i dtír mar chuid den Éirí Amach an bhliain chinniúnach sin. Mar thoradh air sin, chinn an Bhreatain ar dhún beag a thógáil ann ar fhaitíos go bhfillfeadh cabhlach de chuid Napoleon na Fraince.

D’fhan sé mar sin go dtí deireadh an 19ú céad nuair a chonacthas arís go raibh tábhacht an-straitéiseach leis An Dún agus Loch Súilí féin.

Caithfidh sé gur radharc dochreidte a bhí ann nuair a tháinig mórchabhlach na Breataine (an ‘Grand Fleet’) isteach go Loch Súilí i bhfómhar na bliain 1914, nuair a bhris an chéad chogadh domhanda amach. Measadh ag an am go raibh an calafort foscúil a bhí acu go dtí sin in Inse Orc na hAlban, róchontúirteach agus cineál leochaileach roimh ionsaí ó na Gearmánaigh.

Smaoinigh ar an radharc sin – beagnach 40 long chogaidh, cúrsóirí cogaidh, agus fomhuireáin – iad uilig in aon chuan amháin, ceann a raibh sé de bhuntáiste aige go raibh sé ar an mbeagán caolsáile atá sa tír. Chuireadar sórt ‘sail bharra’ nó  bac cosanta trasna an chuain chun fomhuireáin Ghearmánacha a chosc ó theacht isteach thairis.

Ach níor éirigh leo cosaint a thabhairt don long chlúiteach an ‘Laurentic’ a chuaigh go tóin poill tar éis di mianaigh Ghearmánacha a bhualadh i mbéal an chuain sa mbliain 1917. B’fhéidir go bhfillfinn ar scéal truamhéalach na loinge sin.

Agus mé ar cuairt ann an lá cheana, treoraithe ag mo chéile deirféar, chonaic mé go raibh gairdín cuimhneacháin an-deas ar shuíomh an Dúin Riabhaigh agus go leor eolais ann faoi na mairnéalaigh ón Laurentic agus a muintir.

Tá an Dún Riabhach suite deich gciliméadar ó thuaidh de bhaile Bhun Cranncha. Ba i mBun Cranncha a d’fhan an tAimiréal Jellicoe, Ceannasaí Chabhlach na Breataine, le linn don chabhlach a beith ar foscadh i Loch Súilí i 1914. D’fhan sé freisin ar Leithinis Fhánada nuair a chaith sé tamall i Ráth Maoláin le linn na tréimhse chéanna. Cé gur fhág an mórchabhlach Loch Súilí, is minic a úsáideadh an áit mar chuan a bhféadfadh longa na Breataine foscadh a fháil le linn an Chogaidh Mhóir.

Thóg Arm na hÉireann An Dún ar láimh an lá stairiúil sin i 1938. Ó 1952 go dtí 1989, úsáideadh An Dún agus na foirgnimh thart air, mar lárionad traenála don Fhórsa Cosanta Áitiúla. Sa lá inniu, tá músaem de chuid na Comhairle Contae ann agus go leor rudaí spéisiúla le feiceáil ansin. I measc na n-éidí éagsúla de chuid an airm, tá culaith speisialta duine de na hoifigigh (faoi thraenáil) a bhí ar dualgas ag sochraid an Uachtaráin Kennedy i Meiriceá i 1963. Ba chosúil gur ar iarratas speisialta ón mbaintreach, Jackie Kennedy, a bhí buíon ó Arm na hÉireann ina ngarda onórach le taobh chónra Uachtarán Mheiriceá.

Tá cuma an-mhaith ar An Dún anois – a bhuíochas sin do na dreamanna éagsúla a thug cabhair thar na blianta agus a choinníonn súil ghéar ar an bhforbairt ann.

Ní hamhlaidh do na foirgnimh ar fad atá timpeall air – go leor leor acu a bhain le ré an Dúin sa chéad seo caite. Deirtear go bhfuil pleananna sofaisticiúla ann d’fhorbairt an tsuímh – chuala mé caint an lá cheana ar dhroichead ‘gloine’ a bhí le tógáil áit éicint ann. Sin in ionad an charr cábla a bhí beartaithe ar dtús.

Ní hé amháin gur áit é atá lán le stair agus eachtraíocht ach tá sé suite in áit ar leith, ina mbíonn éin farraige agus ainmhithe fiáine le feiceáil go minic thart air. Bíonn cadhcáil agus treodóireacht ar siúl ag comhlacht eachtraí farraige gar go maith dó freisin. Bíonn taispeántais ealaíne agus ióga ar siúl i gceann de na foirgnimh athchóirithe.

Ach tá ualach oibre le déanamh ann chun ionad turasóireachta a dhéanamh as. Tá súil agam go gcuirfear an t-airgead ar fáil chuige agus go bhfeabhsófar an bóthar isteach ann mar chuid den fhorbairt. Sin ráite, tá neart le feiceáil ann agus sásamh mór le baint as na radharcanna iontacha agus as an stair atá le brath gach áit thart ann.

Nuair a fuair an Sáirsint Michael McLaughin bás tar éis a shaol oibre a chaitheamh in Arm na hÉireann, cuireadh é agus an bhratach náisiúnta a d’ardaigh sé an lá cinniúnach sin ag Dún Riabhach i 1938, ag clúdach a chónra.

Fág freagra ar 'An Dún Riabhach, dún na n-eachtraí agus na n-éanlaithe'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tuairisc an mhaith ar áit spéisiúil in Inis Eoghain. Trua nach scaiptear níos mó eolais faoi. Agus más cuimhneach liom bhí café an deas ann! Ach is trua go bhfuil cuid mhaith de na tithe ina mbíodh na saighdiúirí ag cur futhu, titithe as a chéile.

  • Mairéad Ní Nuadháin

    An ceart ar fad agat a Dhonncha. Caifé le radharc álainn. D’fhéadfaí an áit a úsáid faoi láthair mar ionad spéisiúil scannáin. Mní N