An dteastaíonn teorainn chrua ón DUP, agus mura dteastaíonn céard sa sioc atá ar siúl acu?

Slat chun iad féin a sciúrsáil a roghnaigh muintir na Breataine ar an 23 Meitheamh 2016. Tá an DUP fós ag baint le fonn…

An dteastaíonn teorainn chrua ón DUP, agus mura dteastaíonn céard sa sioc atá ar siúl acu?

Bhí sé mar a bheadh splanc thintrí. Bhí an t-eolas ‘tubaisteach’ ‘millteach’ agus ‘scriosfadh’ sé an Príomh-Aire May. Breithiúnas an DUP agus a gcairde sa Pharlaimint in Westminster ar an gcomhairle dlí a tugadh don rialtas faoin margadh aistarraingthe ón Aontas Eorpach.

Ní hiontas ach an alltacht a cuireadh orthu. Mhairfeadh an cúlstad mura, nó go dtí, go gcuirfí margadh ina ionad a chinnteodh nach mbeadh teorainn chrua sa tír seo. Ní bheadh an chumhacht ag an Ríocht Aontaithe deireadh a chur leis as a gconlán féin. Maith go leor, arsa tusa, nach raibh a fhios sin againn le fada?

Bhí an t-eolas iomlán faoin gcúlstad ag Éireannaigh – a bhuíochas, seans, don iriseoir ardchumais Tony Connelly, eagarthóir RTE sa Bhruiséil. Ach bhí a fhios ag cait an bhaile céard a bhí i gceist. Táim cinnte go raibh a fhios ag an DUP é freisin. An raibh leide acu go raibh giota sa chomhairle dlí ó Geoffrey Cox, an tArd-Aighne a d’fheilfeadh dá gcás? Nó an raibh siad ag iarraidh taispeántas a nirt sa Pharlaimint a léiriú go gléineach do Theresa May, rud a rinne siad nuair a vótáil siad chun iachall a chur ar an rialtas an chomhairle dlí a fhoilsiú?

Tá ceist áirithe le cloisteáil coitianta na laethanta seo i mbialanna, seomraí ranga, tithe tábhairne agus fiú ag daoine a bhíonn ag spaisteoireacht ag Aonach na Nollag os comhair Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Is í sin, an dteastaíonn teorainn chrua ón DUP? Agus mura dteastaíonn céard sa sioc atá ar siúl acu?

Deir siad féin nach dteastaíonn. Go deimhin dúirt Gregory Campbell cúpla lá ó shin gur ficsean atá sa ‘teorainn chrua’ – seift mhargála de chuid an Aontais Eorpaigh. Tragóid is ea é, dar le Campbell, gur lig an Príomh-Aire May don fhicsean tionchar a imirt ar an idirbheartaíocht. Ní rabhthas in ann teorainn chrua a chur i bhfeidhm le linn na dTrioblóidí nuair a bhí breis is 20,000 saighdiúir ó Arm na Breataine lonnaithe anseo; níl teorainn chrua indéanta fiú dá dteastódh a leithéid ó éinne, a dúirt sé.

Ní foláir nó ní bhíodh ar an bhFeisire Campbell an teorainn a thrasnú rómhinic le linn na dTrioblóidí má shíleann sé nach raibh sí ‘crua’.

Is cuimhin liom go mbíodh sé ag máirseáil na n-oráisteach i Ros Neamhlach i gContae Dhún na nGall. An bhfuil dearmad déanta aige ar an moill a chuirtí ar dhaoine, na bacainní slándála, na hionaid chustaim, na túir faire, an tseiceáil randamach gan choinne? Maíonn an DUP freisin gur áibhéil gan bhunús ar bith atá sa chaint faoi bhaol foréigin, tuairim nach bhfuil an PSNI ag teacht léi olc, maith ná dona.

Tá sé sách deacair aon chiall a bhaint as seasamh an DUP, iad ag easaontú le móramh na vótóirí, le lucht gnó, feirmeoirí, scoláirí agus an earnáil dheonach. Mheabhródh sé duit an tslí ar tugadh droim láimhe le saineolas aimsir an reifrinn ar an mBreatimeacht (‘tired of experts’).

‘Ní bheimid claonpháirteach i mbeart a dhéanfadh dochar do stádas Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe agus damáiste don eacnamaíocht anseo,’ a dúirt urlabhraí an DUP ar an mBreatimeacht, Sammy Wilson, fear nár sheachain an focal neamhdhrámatúil riamh. Dúirt sé freisin nárbh fhiú tráithnín an moladh go dtabharfadh Theresa May an t-údarás don Pharlaimint an cinneadh a dhéanamh faoi cathain a chuirfí an cúlstad i bhfeidhm sa chéad áit. Fiú dá nglacfadh an tAontas Eorpach agus Éire leis an socrú sin, tá sé fánach aici a bheith ag iarraidh an DUP a cheannach, ar siad.

Thug ‘cuir i gcás’ a bhí ag an Ard-Aighne mar chuid dá chomhairle deis dóibh a bheith ag cur a gcosa uathu. Dá mbeadh idirbheartaíocht ag dul i bhfad nó í i sáinn, a dúirt Cox, d’fhéadfadh sé tarlú gurb é Tuaisceart Éireann amháin a choinneofaí san aontas custaim. Chinn sé gur chinneadh polaitiúil a bheadh ina leithéid agus gur ar éigean a mholfadh an Coiste Athbhreithnithe (ar a mbeadh ionadaithe ag an mBreatain) é gan tacaíocht na bpolaiteoirí sa Ríocht Aontaithe agus san AE. Níor thug an DUP aird ar bith ar an dara cuid den tuairim sin.

Ar ndóigh ní hiad an DUP amháin atá in aimhréidh. Céard faoin dream gur cuma leo cén dochar a dhéanfaí fad is go bhféadfaidís imeacht as an Aontas Eorpach? Céard faoi Pháirtí an Lucht Oibre agus Jeremy Corbyn, iad gan ord nó eagar? Níl de bhua ag Theresa May ach a diongbháilteacht agus a tiomantas dá dualgas. Seans go raibh cúram an Bhreatimeachta dodhéanta i bhfianaise na scoilteanna ina páirtí. Cibé trua a bheadh ag éinne di is í ag déileáil le hiliomad faicsean i measc na gCaomhach, áfach, ní féidir a col le hinimircigh a ligean i ndearmad.

Tá May ag casadh is ag lúbadh mar a bheadh sifín sa ghaoth faoi gach ceist eile agus é fánach aici, is cosúil. Cá bhfios nach mbeadh an phraiseach níos measa fós faoin am a léifidh tú seo? Slat chun iad féin a sciúrsáil a roghnaigh an Bhreatain ar an 23 Meitheamh 2016, lá an reifrinn; tá garraí slat á bhaint sa Pharlaimint in Westminster ó shin, an DUP chun tosaigh i measc lucht a mbainte.

Fág freagra ar 'An dteastaíonn teorainn chrua ón DUP, agus mura dteastaíonn céard sa sioc atá ar siúl acu?'

  • Seán Mag Leannáin

    An-léargas ar sheasamh an DUP ar an gceist seo le Póilín Ní Chiaráin, an t-iriseoir oirirc ar chúrsaí an tuaiscirt.