An dream a bhuaigh gan fuarú bonn

D’fhéadfadh cuid den dream is mó ar fad a bhfuil bailiúchán bonn sinsir contae ina seilbh bóithre na hÉireann a shiúl agus is beag duine a d’aithneodh iad

An dream a bhuaigh gan fuarú bonn

Niall Campbell, Mickey McCann and Ciaran Dowds

Níl sé ach cúpla seachtain ó rinne mé tagairt don chnuasach de bhoinn shinsir chontae atá bailithe ag Joe Henry, a bhí ar an bpáirc nuair a bhuaigh An Tuairín Cluiche Ceannais Sinsir Iomána Mhaigh Eo 24 uair idir 1972 agus 2000.

Tháinig bailiúcháin dá leithéid i gceist arís díreach ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh Cora Fine Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe – gaisce a d’fhág 14 bonnag Gary Sice agus é ar comhchéim lena chomrádaí Kieran Fitzgerald, a d’éirigh as an imirt ceithre bliana ó shin.

Ní suarach an méid atá ag an mbeirt, ach tá siad fós cúig cinn chun deiridh ar an gcarnán atá ag Paul Hearty, iarchúl báire Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin. Tá Craobh Shinsir Ard Mhacha buaite ag an gcumann sin 47 uair ar fad agus bhí Hearty ag imirt naoi n-uaire déag acu sin idir 1996 agus 2015.

Ceann i ndiaidh a chéile a tháinig na 13 craobh ba thúisce a bhuaigh sé, ag tosaí le bua ar Chlann na Gael. Faoin am ar éirigh Hearty as in 2017, bheadh 20 as a chéile buaite ag an gCrois murach gur bhuaigh na Piarsaigh Óga orthu in 2009.

Ceithre bliana ó shin agus na Raonaithe i mbabhta ceannais eile fós, bhain gortú do dhuine dá gcúl báire. Deineadh impí ar Paul Hearty (42 ag an am) geansaí a raibh uimhir 16 air a tharraingt ar a dhroim agus mar a thuigfeá ón tseirbhís a bhí tugtha dá chumann aige ní raibh sé ann iad a eiteachtáil.

Ar an drochuair dósan bhuaigh na Machairí orthu.

Mar a thuigfeá ní gann atá boinn chontae timpeall Chrois Mhic Lionnáin – 18 bonn ag Aaron Kernan, 16 ag Oisín McConville.

Bheadh eolas maith ag pobal na tíre ar na himreoirí céanna sin de bharr a ngaiscí leis na Raonaithe i gCraobh Chlubanna na hÉireann a bhuaigh siad leathdhosaen uair agus Hearty, Kernan agus McConville ar an bpáirc acu. Ach ar ndóigh ba é a gcuid imeartha i ngeansaí an chontae a d’fhág aithne níos leitheadaí orthu.

Ní hamhlaidh i gcás Brian ‘Bruno’ McCormack. Fós tá Craobh Chlubanna Laighean sa bpeil buaite seacht n-uaire aige lena chumann siúd, Port Laoise agus 15 Craobh Peile de chuid an chontae lena chois sin. Cuir ceann amháin iomána leis sin mar go mba iad Port Laoise freisin a bhuaigh sin in 2004.

Chuile sheans mar sin féin gur beag eolas atá agat ar Bruno mar nach raibh an rath céanna ar fhoirne Laoise agus a bhí ar Ard Mhacha, cuir i gcás.

Le bheith fírinneach seans gurbh iad na mionúir a bhuaigh Craobhacha na hÉireann i 1996 agus 1997 agus a shroich an cluiche ceannais an bhliain dár gcionn ba mhó a rinne gaisce do Laois le deich mbliana fichead.

Ba i gcluiche ceannais 1998 agus iad ar thóir an tríú bua as a chéile a d’imir Mac Cormaic. Bhí an mí-ádh leis. Tír Eoghain a bhí ina gcoinne agus os cionn leath na foirne a bhuaigh Corn Mhig Uidhir cúpla bliain dár gcionn acu siúd – a gcaptaen Cormac McAnallen, Gavin Devlin, Kevin Hughes, Stephen O’ Neill, Brian McGuigan agus an bheirt a scóráil cúil an bhua dóibh (2-11,0-11) – Owen Mulligan agus Enda McGinley.

Post a raibh sealobair ag baint leis a roghnaigh Bruno nuair a thug sé faoin saol agus dá bharr níorbh é an oiread sin imeartha a rinne sé do shinsir Laoise.

Agus mé ag plé an ábhair seo go deireadh, luaigh mé go bhféadfadh an té is mó ar fad a bhfuil bailiúchán bonn sinsir contae ina sheilbh (Joe Henry as an Tuairín i Maigh Eo – 24 san iomáint agus ceann amháin sa bpeil) bóithre na hÉireann a shiúl agus go mba bheag a d’aithneodh é.

Tráthúil go leor is amhlaidh cás freisin dóibh siúd is gaire dó – triúr iománaithe eile as Cumann Iomána na Birte – Ciarán Dowds agus Mickey McCann (20 bonn) agus Niall Campbell, atá taobh le ceann faoina bhun sin.

Cá bhfuil An Bheart seo, a deir tusa?

Ach fios a bheith agat cá bhfuil an dún cloiche ar a dtugtar Grianán Ailigh, ní fada ón áit sin é. Go deimhin tráth a raibh Dowds, Campbell agus McCann i mbarr a maitheasa, chuirfeadh seacht mbuille an duine uathu an sliotar óna bpáirc imeartha i Maigh an Easa go barr an dúin a thóg na Tuatha de Danann 1700 roimh Chríost.

Lena rá ar bhealach níos simplí, is ar an bpríomhbhóthar as Leitir Ceanainn go Doire atá An Bheart, i bhfoisceacht 4 chiliméadar den teorainn.

Ag bun thíos Inis Eoghain má tá tú fós ag scríobadh do mhullaigh.

Sa mbliain 2018 a bhuaigh an triúr laochra na boinn dheireanacha a tháinig ina mbealach. Bhí Mickey dhá scór ag an am, Ciarán bliain lena chois sin agus Niall dhá bhliain faoina bhun.

D’fhág sin 39 Craobh Shinsir buaite ag an Bheart, ach chaitheadar na cúig bliana a lean ar an gcaolchuid nó gur bhuaigh cluiche ceannais na bliana seo i dtús mhí Mheán an Fhómhair.

Bhí an ‘Triúr Amigo’ éirithe as faoin am sin.

Ocht bhfoireann shinsir iomána atá i nDún na nGall faoi láthair . Bíonn siad ar fad ag plé leis an bpeil freisin cé is moite de Setanta as Cúil na gCuirridín.

Iadsan is gaire don Bheart ó thaobh craobhacha – Corn na Mumhan buaite 18 uair acu.

Corn na Mumhan?

Sin ceann! Cén fáth a leithéid d’ainm a bheith ar an gceann a bhronntar ar bhuaiteoirí craoibhe i nDún na nGall?

Feicim colún eile ag teacht as fios fátha an scéil sin.

Fág freagra ar 'An dream a bhuaigh gan fuarú bonn'