An deighilt ag fás roimh na toghcháin san Eoraip agus níos faide i gcéin

Tá deighilt ag fás, in ainneoin an daonlathais a maítear a bheith againn, idir an gnáthphobal ar an tsráid agus an bhunaíocht lasnairde

An deighilt ag fás roimh na toghcháin san Eoraip agus níos faide i gcéin

Tá dán ag an bhfile Albanach Deórsa Mac Iain Dheórsa a thráchtann ar an Eoraip mar ‘leithinis na hÁise’ agus ‘Bálcain an domhain’.

Tá an Eoraip lán dá lán féin, á samhlú di gurb uirthi a shoilsíonn an ghrian, gurb aici atá an tslat tomhais, gurb uaithi a leathnaigh an rud a dtugtaí ‘sibhialtacht’ uirthi tráth.

Tá le tuiscint as dán Mhic Iain Deorsa nach bhfuil inti ach driobaillín beag den Áise, ionga den domhan mór, smut eile den saol.

Ní miste an speach sin ó am go chéile, go háirithe i mbliana, nuair a bheidh toghchán ar an ilchríoch, nó ar an méid di ar cuid den Aontas Eorpach í, nach ionann an dá rud.

Táimidne Eorpaigh (agus bainim leas as seo go leithscéalach ar son na ndaoine a ghéilleann gur feimín de chuid an domhain mhóir sinn) ag faire go géar ar conas a vótálfaidh na sluaite i dtosach an Mheithimh nuair a bheidh guth na ndaoine á chaitheamh. Táimid, an dá chuid, buartha maidir le conas a rachaidh i bhfeidhm orainn féin ar leith amháin, agus cén cor a chuirfidh leis an gcaidreamh lasmuigh dínn ar an leith eile.

Scéal agam dúinn: ní dhéanfaidh oiread sin difir maidir leis an dóigh nach gcroithfidh sé bunurlár na polaitíochta againn féin. Is fíor go bhfuil an dream go dtugaimid an eite dheis air amuigh ansin ag fás is ag cur gothaí orthu ar fud na hEorpa. Is iad atá breis agus 10% chun tosaigh ar Mhacron sa bhFrainc faoi láthair i gcuid de na pobalmheastacháin, agus tá áiteanna sa Ghearmáin a bhfuil suas le 30% den vóta á thuar dóibh. Glactar leis ag na daoine sin a bhfuil na miosúir acu go mbeidh an eite dheis chéanna ar an tríú buíon is láidre sa pharlaimint nua ach nach gcuirfidh sin aon mhant i suimint an láir a thiocfaidh ar ais mar a thagann de ghnáth, go fóill ar a laghad.

Is fíor nach ndéanfaidh sin aon athrú chun feabhais ar mhaolú scrios na timpeallachta agus ní dhéanfar clár oibre na nGlasach a chur i bhfeidhm níos fusa. Ach níl i gceist ag páirtithe lár an bhóthair faic a dhéanamh faoi sin ach an oiread. Is mó an spéis atá ag gach tír sna toghcháin Eorpacha mar mhacalla dá dtoghcháin náisiúnta féin ná in aon chúram a bhaineann leis an ilchríoch go fairsing.

Is fíor go bhféadfadh na toghcháin sin casadh a bhaint as atoghadh Ursula von der Leyen mar uachtarán ar Choimisiún na hEorpa, mar ardtaoiseach na hEorpa arís. Ní hé gach duine atá sásta leis sin, go háirithe sa tslí is gur ghabh sí gan cheist le sléacht Iosrael ar phobal Gaza ag tabhairt cead a gcinn dóibh a rogha áir a dhéanamh, nó sin ba dhóigh leat. Ina choinne sin thall, ar éigean go bhfuil sé de ghus ag aon dream cur ina haghaidh, go háirithe nuair nach bhfuil aon iarratasóirí ag cur a smut aníos ar íor na spéire. Rud a thabharfadh le fios duit go mbeimid mar a bhí, go bhfuilimid mar atá, fág straois éagsúil thall is abhus as an áireamh.

Beidh na cluichí Oilimpeacha againn i bPáras sa samhradh gan amhras, ach is faoiseamh álainn idir gach cogadh a bhíonn ansin. Feicfear brat na hÉireann cúpla uair á luascadh, ach is de shuimiúlacht nach ndéantar aon áireamh ar líon na mbonn as gach ilchríoch faoi seach i leataobh ó na boinn a ghnóthaíonn gach tír ar leith. Is í an tír bheag is mó a mheánn fós in ainneoin an bhladair. An mbeidh aon duine abhus ag léim suas is síos is ag róstadh an ghabhair má bhuaileann an Eoraip an Áise ar dhréimire na mbonn?

An baol is mó a bhí ag an Eoraip riamh ná go mbeadh an forlámhas ag na tíortha is mó agus is tábhachtaí, leis a ráitear an Fhrainc agus an Ghearmáin de ghnáth. Tá an chuma ar an Iodáil gur cuma leo an pictiúr mór agus gur leor leo imirt a gcluichí féinig. Tá an Pholainn ag iomrascáil lena ndeamhain féin faoi láthair, agus níor imigh siad riamh as sa Spáinn. Tá na tíortha ó thuaidh dulta i dtreo na heite deise nuair a mbíodh sóisialachas daonlathach i réim iontu le fada, agus tá an chuid eile de na leipreacháin bheaga róscaipthe chun cur le chéile.

Tá baol eile ann, áfach. Is é sin go bhfuil deighilt ag fás, in ainneoin an daonlathais a maítear a bheith againn, idir an gnáthphobal ar an tsráid, sa ghort, ar an sliabh nó ina mbotháin agus an bhunaíocht lasnairde, pé iad féin, lucht airgid, maorlathaigh, an t-aos riaracháin trí chéile.

Léiriú amháin air sin is ea na léirsithe sráide ar son na Palaistíne i mórchathracha na críche, agus an leisce atá ar na cumhachtaí móra scaoileadh lena dtacaíocht d’inneall áir agus buamála Iosrael in ainneoin toil a muintireacha. Agus léiriú eile is ea an cur i gcoinne na hinimirce ar fud bailte beaga suaracha agus ar shráideanna leithleasacha ár dtíortha gan aon iarracht cheart ó na húdaráis lena mhíniú do na haineolaigh lena léinte donna agus gorma go bhfuil dualgas daonna nó Críostúil nó bráithriúil nó deirfiúrúil nó báúil nó ainmhí-thuisceanach féin fáilte chroíúil a chur rompu agus gan a bheith ina ngamail chaocha go ndéanfaidh an stair magadh fúthu ar ball.

Ní réiteoidh na toghcháin sa Mheitheamh mórán, mar beidh an crot céanna a bheag nó a mhór ar an bparlaimint, seachas sioscadh thall is abhus ar na himill.

Is é a d’fhéadfadh casadh níos cinniúnaí a chur sa ghnó ná toghchán uachtaránachta Mheiriceá. Má thoghtar Joe, ní hamháin nach mbainfidh Maigh Eo Sam Mag Uidhir, ach leanfaidh an éiginnteacht agus an útamáil agus an bhuamáil ar aghaidh.

Má thoghtar an Trumpa, cuirfear deireadh leis an gcogadh san Úcráin laistigh de cheithre huaire fichead. Nó sin a deir sé. Is é is dóichí, áfach, go mbeidh sé níos flaithiúla fós, más féidir sin, sa tacaíocht a thugann billiúnaithe lucht déanta airm agus uafáis d’Iosrael, rud a chuirfidh lasracha sa bharrach go hard i bhfearann na nArabach. Nó chuirfeadh, mura mbeadh gur ríthe nó deachtóirí lofa a bhformhór, agus cá bhfios, b’fhéidir gur rud maith é sin go dtagann ciall chugainn arís.

Tá mo liathróidí criostail teimhneach agus smeartha go maith faoi láthair ionas gur deacair tuar a dhéanamh. Fuaireas éinín marbh sa ghairdín an lá cheana, áfach, agus d’fhéachas isteach sna hinní ann mar mhalairt.

Ní maith liom a bhfaca mé ann.

Fág freagra ar 'An deighilt ag fás roimh na toghcháin san Eoraip agus níos faide i gcéin'

  • WTF

    Tabharfaidh Muigheo an chraobh leo mar sin!

  • Báireoir an chlaí aird

    Meas tú nach gcorcálfaidh Luimneach na ‘rebels’ arís i mbliana, pé lí a bhainfeas dá dtitim is dá n-inní!