An daonra céanna i San Marino agus i gConamara ach suíochán acusan ag na Náisiúin Aontaithe

Tá seacht dtír eile sa domhan a bhfuil daonra níos lú iontu ná mar atá sa nGaeltacht

An daonra céanna i San Marino agus i gConamara ach suíochán acusan ag na Náisiúin Aontaithe

Na Meiriceánaigh agus na Sínigh is mó a bhuaigh boinn ag na Cluichí Oilimpeacha aríst.

Ní hiontas ar bith go n-éireodh go maith leis an dá thír sin ar ndóigh nuair a chuirtear an daonra ollmhór atá iontu san áireamh. Scéal eile é má úsáideann muid modh measta eile.

Sa gcás sin is í Poblacht bheag San Mairíne a thug an bhratach léi. Cúigear lúthchleasaithe a chuir San Marino chuig na Cluichí. Thug siad trí bhonn abhaile leo. Bhuaigh siad péire acu sa traplámhach agus ceann eile ar choraíocht (iomrascáil).

Níl ach 33,931 duine i San Marino. Sin bonn in aghaidh gach 11,000 duine nó thart air. Tír bheag í ach tír í a bhfuil féiniúlacht aici agus áit shoiléir i measc thíortha an domhain. Tá suíochán aici ag na Náisiúin Aontaithe fiú amháin.

Má fhéachann muid aríst ar dhaonra San Marino feicfidh muid gur lú i bhfad é ná an daonra atá sa nGaeltacht oifigiúil seo againne, mar a bhfuil 96,090 duine.

Is mó is cosúla le daonra Chonamara daonra San Marino, áirítear gur 32,000 duine atá i gConamara (thuaidh agus theas).

Leis an gcomparáid a chur níos faide féach ar an méid daoine a vótáil i gConamara Thuaidh agus i gConamara Theas i dtoghchán Chomhairle Chontae na Gaillimhe go deireanach agus cuir é sin le hais iomlán na vótóirí i dtoghchán náisiúnta San Marino.

7,273 duine a vótáil i gConamara thuaidh agus 8,961 i gConamara Theas. Sin 16,234 go hiomlán.  19,234 á vótáil i San Marino. Ní raibh ach 3,000 vóta sa difríocht!

Nuair a chuir Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta éileamh chun cinn fadó go mbunófaí córas láidir riaracháin sa nGaeltacht dúradh linn go minic go raibh an daonra róbheag. Leithscéal a bhí ann a shlog cuid den lucht tacaíochta a bhí againn, gan dul tharstu.

“B’fhéidir dháiríre go bhfuil muid róbheag,” a deiridís go dólásach, beaguchtúil.

Ní meon diúltach mar é atá i bPoblacht San Marino. Tá a bparlaimint féin acusan. Tá bratach náisiúnta acu agus amhrán náisiúnta. Seasca ionadaí atá sa bparlaimint. Chuile cheithre bliana a thoghtar iad. Tá cúrsaí iomlán na tíre faoina smacht. Tá arm beag acu agus fórsa póilíní.

Ní hé amháin gur parlaimint dá gcuid féin atá ag rialú San Marino ach tá córas rialtais áitiúil taobh istigh den tír freisin. Tá an tír roinnte de réir an chórais sin ina seacht gceantar. Níl ach 967 duine sa gceantar is lú acu.

Ar ndóigh ní hí San Marino an t-aon tír bheag ar cheart dúinn suim a chur inti. Tá seacht dtír eile sa domhan a bhfuil daonra níos lú iontu ná mar atá sa nGaeltacht oifigiúil. Is iad sin:

  • Andóra –77,265
  • San Críostóir-Nimheas—53,199
  • Monacó—39,242
  • Lichtinstéin—38,128
  • Poblacht Oileáin Palau—18,094
  • Túvalú—11, 792
  • Nárú—10,824

Tá suíochán ag na Náisiúin Aontaithe ag an gcuid is mó acu.

Níl ach 801 duine i gCathair na Vatacáine ach sin scéal eile.

Fág freagra ar 'An daonra céanna i San Marino agus i gConamara ach suíochán acusan ag na Náisiúin Aontaithe'

  • CC

    Agus, tá i bhfad Éireann níos mó smacht is cumhacht áitiúil ag ceantar beag amháin (desna 26 ceantracha atá acu) in Eilvéis ná mar atá againn in aon ceantar ar bith in Éirinn.

  • CC

    *tá i bhfad Éireann níos mó cumhacht áitiúil ag daoine i gceantar beag amháin in Eilvéis ná mar atá ag duine ar bith in aon áit in Éirinn