Tá an dallamullóg á cur ag aistritheoirí Gaeilge ar an Church of Scientology agus aistriúchán mícheart á dhéanamh d’aon ghnó acu ar ábhar oiliúna agus eolais na heaglaise conspóidí.
Tá feachtas ar bun le dhá bhliain anuas ag na hEoleolaithe le Gaeilge a chur ar an 10,000,000 focal atá ina gcuid cáipéisí.
Tuigtear do Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil cuid de na haistritheoirí atá fostaithe ag Eaglais na hEoleolaíochta ag cur leaganacha míchearta den ábhar ar fáil, agus go bhfuil daoine áirithe ag cur rabhadh ina gcuid aistriúcháin gan bacadh leis an ábhar a léamh.
Tá treoir tugtha ag an Eaglais do na haistritheoirí a chinntiú go dtagann an t-aistriúchán Gaeilge a sholáthraítear go beacht leis an mbunleagan Béarla “an oiread in Éirinn agus is féidir”. Tugadh treoir do na haistritheoirí freisin gur cheart go mbeadh an t-ábhar aistrithe “i nGaeilge chruinn, nádúrtha, gan aon bhotún inti”.
Ina ainneoin sin, dúirt duine den mheitheal aistritheoirí atá i mbun an togra faoi láthair, nár theastaigh uaidh go luafaí a ainm, go bhfuil daoine nach bhfuil Gaeilge mhaith acu ag obair ar an togra agus go bhfuil daoine eile ag soláthar aistriúcháin mhíchearta d’aon turas.
Tá na cáipéisí atá le haistriú, idir bhileoga eolais, leabhair, leabhráin, agus scripteanna d’ábhar físe agus fuaime, á gcur ar fáil abairt ar abairt ar an mbogearra aistriúcháin atá in úsáid ag an Eaglais.
Tuigtear do Tuairisc.ie, áfach, go gcuirtear na cáipéisí iomlána ar fáil do na haistritheoirí aonair sula dtosaíonn an obair.
Tá dhá bhogearra aistriúcháin dá cuid féin ag Eaglais na nEoleolaithe.
Tá na haistritheoirí ag obair i ngrúpaí beaga, a bhfuil níos lú ná deichniúr iontu, ar chodanna éagsúla den saothar aistriúcháin agus bíonn baill na ngrúpaí in ann saothar a chéile a fheiceáil ar an gcomhéadan aistriúcháin.
Tá an comhéadan sin, agus cuid den ábhar atá á aistriú, feicthe ag Tuairisc.ie.
Dúirt an t-aistritheoir le Tuairisc.ie go mbíonn a fhios ag Eaglais na nEoleolaithe, ní hamháin cé na habairtí atá aistrithe ag gach uile aistritheoir ach na habairtí atá léite nó feicthe ag gach uile dhuine acu freisin.
Tá an t-aistritheoir den tuairim gur bealach é seo lena chinntiú nach sceithfear aon eolas faoin ábhar atá le haistriú ná faoin bpróiseas aistriúcháin.
Dúirt an t-aistritheoir gur glacadh leis mar aistritheoir gairmiúil láithreach nuair a léirigh sé suim san obair, agus nár iarradh mórán fianaise air faoi na cáilíochtaí aistriúcháin atá aige.
“Bhí scrúdú le déanamh sular glacadh liom mar aistritheoir mar bhí téarmaí agus focail aisteacha sna cáipéisí. Glacadh liom láithreach i ndiaidh an scrúdú sin a dhéanamh, ach is cinnte go bhféadfadh duine nach mbeadh aon chumas aistriúcháin aige amhlaidh a dhéanamh. Níl a fhios agam cé mhéad duine ar fad a chuir isteach ar an obair,” a dúirt an t-aistritheoir.
De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin togra aistriúcháin, tá réimse leathan daoine i mbun oibre air. I measc na ndaoine sin, tá aistritheoirí atá lonnaithe i ngach cearn den tír seo, chomh maith le hÉireannaigh i gcéin, eachtrannaigh a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus nach gcónaíonn sa tír seo, cainteoirí dúchais as an nGaeltacht, céimithe Gaeilge, lucht acadúil, lucht earnáil na Gaeilge agus daoine aitheanta i saol na Gaeilge.
Bhí ar na haistritheoirí uilig breathnú ar fhíseán seacht nóiméad sular thug siad faoin togra aistriúcháin le tuiscint a fháil ar an modh oibre a bhíonn ag an Eaglais maidir le haistriúchán.
Bíonn aistritheoirí agus ‘measúnóir’ i ngach grúpa a bhíonn ag obair ar an mbogearra aistriúcháin. Coinníonn an measúnóir súil ar obair na n-aistritheoirí agus cinntíonn sé go mbíonn leanúnachas i gceist ó thaobh téarmaíochta agus ceisteanna gradamaí.
Ó tharla gurb í seo an chéad uair ag an Eaglais a cuid ábhair a aistriú go Gaeilge, tá treoir stíle agus bunachar téarmaíochta don teanga á gcruthú ag na haistritheoirí faoi láthair.
Tá, mar shampla, cinneadh déanta ag an Eaglais córas an uruithe (atá coitianta i nGaeltacht Chonnacht agus na Mumhan — ar an mbord) in áit chóras an tséimhithe (atá coitianta i nGaeltacht Thír Chonaill – ‘ar an bhord’) a úsáid in ábhar uile na heagraíochta.
Tá súil ag Eaglais na hEoleolaíochta go mbeidh an chéad chuid den togra aistriúcháin curtha i gcrích faoi dheireadh mhí Iúil 2017.
Thug iarrbhall den Eaglais foláireamh d’aistritheoirí Gaeilge gan aon bhaint a bheith acu leis an eagraíocht chonspóideach níos luaithe an mhí seo, ach mhaígh an Eaglais féin go bhfuil roinnt mhaith aistritheoirí tosaithe ar an obair cheana féin agus “fáilte” curtha acu roimh an deis.
Dúirt an Eaglais gur “onóir” di a bheith “ag cur le hathbheochan na Gaeilge” trí cháipéisí a bhfuil 10,000,000 focal iontu a aistriú go Gaeilge, ábhar a bheidh “ar fáil le staidéar a dhéanamh orthu” ag na glúnta atá le teacht.
Harriet P.
Molaim bhur rabhaidh, a Aistritheoirí! Agus, a Mhaitiú, molaim duitse féachaint uair amháin eile ar an gCaighdeán Nua: Ní hé ‘Córas an Uraithe’ atá sa shampla atá luaite agat ach an ‘Córas Lárnach’. Bhí ‘Córas an Uraithe’ (m.sh., ‘leis an nduine’, ‘ar an dtrá’, ‘den gcara’, ‘sa dtuairisc’) ceadaithe de réir an Chaighdeáin Athbhreithnithe ach, ar chúis éigin, baineadh den Chaighdeán Nua é. (Níl ‘Córas an Uraithe’ ceadaithe sa Treoir Stíle Oifigiúil atá in úsáid i dTuaisceart Éireann ach oireadh, dála an scéil.) B’fhéidir nach bhfuil na hEoleolaithe ró-thógtha leis, ach tá ‘Córas an tSéimhithe’ luaite ‘is ceadaithe sa Chaighdeán Nua – nó sa gCaighdeán Nua, mura mhiste.
Fearn
Cad chuige daoine ag glacadh le airgead tuarastail le bob a bhualadh ar a bhfostóir? Cad é an t-iomrall cogúis é seo?
Hiy
An dall ag giollaiocht an daill agus iad araon ag fail ioctha as. Dallaphuicin a chur ar do shuile agus seo leat ‘ag aistriu’ …..ar dalladh. Agus ma ta ina bhreag biodh ach beidh an brabach againn fein.