Ceann de na contrárthachtaí agus na paradacsaí is mó i gcúrsaí oideachais le leathchéad bliain anuas ná an áit a bhíonn ag an spórt ar an siollabas meánscoile.
Déantar spórt sa mheánscoil. Sin fíric.
Snámh agus cluichí páirce cosúil le peil Ghaelach, iománaíocht, camógaíocht, haca, rugbaí, sacar agus leadóg, ag brath ar acmhainní agus ar áiseanna na scoile. Déantar cleachtadh coirp agus cluichí a imrítear sa ghiomnáisiam amhail cispheil, peil faoi dhíon, cúrsaí gleacaíochta srl. Déantar lúthchleasaíocht chomh maith in an-chuid scoileanna.
Ach ní mar ábhar scrúdaithe a dhéantar iad. Ní thuigim féin an leisce a bhí ar an Roinn Oideachais deich mbliana i ndiaidh deich mbliana gan áit lárnach a thabhairt don spórt ar an gcuraclam. Níl ach bealach amháin chun é sin a dhéanamh agus é sin é a áireamh mar ábhar oifigiúil scoile. Tar éis an tsaoil, deineadh ábhar den mhiotalóireacht, den adhmadóireacht agus den eacnamaíocht bhaile. Ní gan dua a cuireadh na háiseanna ar fáil do na hábhair i meánscoileanna na tíre.
Ó thús na scoilbhliana seo tá corpoideachas mar ábhar scoile ar bhonn píolótach in 80 scoil. Chuir 369 scoil isteach ar áit a aimsiú sa chéad chéim den chúrsa corpoideachais seo ach ní rabhthas in ann ach freastal ar líon teoranta scoileanna a bheadh ar thús cadhnaíochta. Déanfar an corpoideachas a scrúdú mar ábhar nua don tSraith Shinsearach sa bhliain 2020. Ar ndóigh, tá an-díomá ar na scoileanna nár roghnaíodh (c.75%) ach lúcháir ar na cinn eile. Cosúil le gach ábhar eile beidh Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal i gceist sa chorpoideachas.
An cur chuige atá beartaithe ná: ag foghlaim na ngníomhaíocht choirp, ag foghlaim trí ghníomhaíocht choirp, ag foghlaim faoi ghníomhaíocht choirp. Leagtar béim faoi leith ar fholláine, ar chleachtadh coirp, ar ullmhúchán síceolaíoch, ar aiste bhia agus cothú, ar ról na meán sa spórt agus, ar ndóigh, ar thábhacht an spóirt féin i saol an duine óig.
Tá gníomhaíocht agus rannpháirtíocht na ndaltaí lárnach sa rud ar fad. Clúdaítear cluichí, uiscíocht (snámh, tarrtháil, rámhaíocht srl), damhsa, bailé agus nithe éagsúla eile ar an gcúrsa. De réir mar a thuigim beidh 50% de na marcanna sa scrúdú ag dul don ghníomhaíocht, eachtraíocht agus rannpháirtíocht agus an 50% eile don scrúdú scríofa a bheidh ar siúl le linn na scrúduithe stáit gach samhradh.
Tuigeann an saol mór is a mháthair go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le spórt ná spórt! Mar a deir an seanfhocal ‘is fearr an tsláinte ná na táinte’ agus is cinnte go gcaithfidh siollabas an chorpoideachais freastal ar fhadhb mhór na hotrachta, ar fhadhb an bhia ghasta, ar fhadhb an óil agus na ndrugaí i measc na n-óg. Nuair a deirim ‘freastal’ orthu, is éard atá i gceist agam ná béim mhór a leagan ar aistí bia a bheidh sláintiúil, ar nósanna beatha sláintiúla, ar chleachtadh coirp rialta agus ar stíl mhaireachtála shláintiúil.
Tá sé go hiontach go bhfuiltear tosnaithe ar an bhfiontar seo chun áit a thabhairt don spórt agus don chorpoideachas i scoileanna dara leibhéal na tíre seo. Ach tá go leor fadhbanna le sárú fós. Tá scoileanna áirithe a bhfuil áiseanna spóirt agus siamsaíochta den scoth acu, cinn eile nach bhfuil áiseanna chomh maith sin acu agus cinn eile fós nach bhfuil faic na fríde acu cé is moite de halla beag fuar ar chúl na scoile a úsáidtear mar sheomra tionóil ar maidin, mar cheaintín ag am lóin agus mar ghiomnáisiam um thráthnóna! Ní mór don rialtas infheistiú agus maoiniú a chur ar fáil do na scoileanna go léir sa tír atá ar an ngannchuid ó thaobh áiseanna spóirt agus cleachtadh coirp de sula ndéanfar an t-ábhar seo a leathnú amach ar bhonn náisiúnta, sílim.
Bíonn gach tosú lag. Tá neart fadhbanna le sárú ach fáiltím roimh an gcorpoideachas mar ábhar scoile. Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis sna blianta atá amach romhainn.
Más mall is mithid.
Fág freagra ar 'An corpoideachas mar ábhar scoile? Más mall is mithid…'