An clutharú cultúrtha le Michael Jordan, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Josh Ritter

Sa mhír nua seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

An clutharú cultúrtha le Michael Jordan, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Josh Ritter

Ó druideadh an giom, ní bhíonn deis agam iarann a phumpáil le mo phosse níos mó agus is i muinín an rothair a bhím leis an chiall a choinneáil ionam agus an meáchan a chaitheamh díom.

A bhuíochas sin den aimsir dheas, is iomaí sin éan spéisiúil a bhíonn le feiceáil. Tá mórán clamhán faoin loch faoi láthair agus is ábhar iontais agam é a bheith ag amharc orthu agus iad ag léim ar an aer te anuas le heitilt go barr na spéire. Chonaic mé spioróg lá amháin agus í sa tóir ar ghealbhain sna páirceanna máguaird agus tá na fáinleoga ar ais cois locha. Níl mórán acu ann go fóill ach is dea-chomhartha i gcónaí iad; ní fada uainn an samhradh, slán beo a bheas muid.

Ó tharla fosta go bhfuil deireadh le cúrsaí spóirt, bím i muinín Netflix le cláracha faisnéise spóirt a aimsiú. Tá ceann ar dóigh go díreach i ndiaidh tosú, The Last Dance, sraith faoin chispheileadóir iontach, Michael Jordan, agus a bhliain deiridh i mbun na gciseán. Níl ach dhá chlár craolta go dtí seo ach is maith an léargas a thugann siad ar mheon Jordan, ar chúlra na spórt gairmiúil i saol na nAfra-Mheiriceánach agus ar an chúlchaint agus ar na hiaróga a bhí taobh thiar de scéal na Chicago Bulls.

Tugann Netflix deis dom fosta snas a chur ar an bheagán bheag Gearmáinise atá agam. Sea, tá iarrachtaí leanúnacha mírathúla ar siúl agam le Gearmáinis a fhoghlaim le breis agus 30 bliain. (Ní bheidh an teanga agam go deo mar ní bhíonn deis agam í a labhairt gach aon lá; ceacht iontach simplí i ndáiríre.)

Mar sin féin, is deas bheith in ann leabhar a chur i leataobh agus rud beag Gearmáinise a bhreathnú ar an scáileán. An scannán, Rising High/Betonrausch, a mheall mé an oíche faoi dheireadh: scéal bheirt rógairí;  iad ag iarraidh mol mór airgid a bhaint as margadh na dtithe i mBeirlín agus iad i bpáirt le lucht cam bainc. Scéal na hÉireann atá ann – auf Deutsch.

Bíonn na leabhair i gcónaí ann, ar ndóigh. Léigh mé Eachtraí Mara Phaidí Pheadair as Toraigh (Arlen House) le Séamus Mac a Bháird, leabhar a thaitin go mór liom. (Ní fhaca tú an léirmheas ar an tsuíomh seo? Mo náire thú!) Lena chois sin, tá mé díreach i ndiaidh cnuasach iontach gearrscéalta, Cnámh (Éabhlóid) le hEoghan Mac Giolla Bhríde a léamh, scríbhneoir comhaimseartha as Gaeltacht Dhún na nGall a insíonn scéalta comhaimseartha den scoth. Saothar an-bhreá ar fad.

Tá mé chomh seanfhaiseanta sin go bhfuil mo chuid ceoil ar fad ar CDanna go fóill. Bhí ceirníní agam lá den tsaol (cuir ceist ar mhamó); téipeanna ina dhiaidh sin (cuir ceist ar do dhaid) agus dlúthdhioscaí sa deireadh. Níl mé le tuilleadh airgid a chaitheamh lena bhfáil i bhformáid eile ar fad.

Mar sin féin, tá an éigeandáil ag tabhairt seans dom dul siar ar an bhailiúchán. Trí albam atá ag batráil na mballaí sa bhaile faoi láthair: Golden Age of Radio le Josh Ritter; Rodrigo y Gabriela, ceol giotáir den scoth (bhí siad mór i mBaile Átha Cliath lá den tsaol) agus Copperhead Road le Steve Earle, seancheann ó m’óige agus trioblóidí de chineál inteacht eile againn.

Castar na callairí suas go haon déag!

Fág freagra ar 'An clutharú cultúrtha le Michael Jordan, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Josh Ritter'