An Chróit ag súil gur leor a dtaithí chun an ceann is fearr a fháil ar an Iodáil

Ní imreofar cluiche na hoíche anocht ar ardluas agus an dá fhoireann sa tóir ar bhua a thabharfaidh áit sa chéad bhabhta eile dóibh

An Chróit ag súil gur leor a dtaithí chun an ceann is fearr a fháil ar an Iodáil

Rogha an Lae

Tá an Albáin tagtha aniar aduaidh ar go leor daoine sa chomórtas seo agus taispeántais mhaithe tugtha acu i nGrúpa B go dtí seo agus deis acu ar na babhtaí díbeartha a bhaint amach le bua anocht. Agus an Spáinn slán ag barr an tábla pé rud a tharlóidh, bheadh tú ag súil le roinnt athruithe ar fhoireann Luis de la Fuente, rud a thabharfadh dóchas don Albáin ach seans gurb é an cluiche eile i nGrúpa B an ceann is mó suim agus dhá fhoireann mór le rá ag tabhairt aghaidh ar a chéile d’áit sa chéad bhabhta eile.

Chomh fada is nach gcailleann an Iodáil in aghaidh na Cróite anocht, bainfidh siad áit amach sa chéad bhabhta eile. Ar an lámh eile, tá bua ag teastáil ón Chróit ach dhéanfadh comhscór cúis chomh maith dá bhfaigheadh an Spáinn an ceann is fearr ar an Albáin.

Idir mhaith agus olc a bhí an dá fhoireann go dtí seo. Cé nach raibh 30 soicind imeartha nuair a ghéill an Iodáil cúl sa chéad chluiche a bhí acu i gcoinne na hAlbáine, tháinig siad ar ais agus bhuaigh an cluiche. Níor éirigh chomh maith céanna leo i gcoinne na Spáinne, áfach, agus an cluiche sin caillte ag na hIodálaigh 1-0 oíche Déardaoin.

I ndáiríre, ba cheart go mbeadh stánáil tugtha ag an Spáinn don Iodáil an oíche sin. Ba é an cúl tuathail a scóráil Riccardo Calafiori a scar na foirne sa deireadh ach bhí dornán deiseanna ar chúil ag an Spáinn agus iad go hiomlán i gceannas ar an gcoimhlint.

Rinne na hógánaigh Nico Williams agus Yamine Lamal scrios ar chosantóirí na hIodáile sa chluiche ach is ábhar mór faoisimh a bheidh ann do Giovanni Di Lorenzo agus Fererico Dimarco ar chliatháin na hIodáile nach mbeidh an choisíocht chéanna ag imreoirí na Cróite. Tá Ivan Perišić ar chliathán na Cróite 35 bliain d’aois, breis is dhá aois Yamal (16) agus ceithre bliana déag níos sine ná Williams (21) agus ní lena luas a gheobhaidh an Chróit an ceann is fearr ar an Iodáil.

Tar éis dóibh a bheith go hainnis in aghaidh na Spáinne sa chéad chluiche, is beag nár bhuaigh an Chróit a gcluiche i gcoinne na hAlbáine Dé Céadaoin ach scaoil siad isteach cúl sa chúigiú nóiméad d’am cúitimh agus chríochnaigh na foirne cothrom, 2-2.

Cé gur ghéill siad an chéad chúl, chuaigh an Chróit chun tosaigh le dhá chúl in imeacht cúpla nóiméad leath bealaigh tríd an dara leath ach fós ní raibh siad in ann na cosa a thabhairt leo,

Rinne an bainisteoir, Zlatko Dalić, cúpla athrú ag leath ama chun níos mó fuinnimh a thabhairt don Chróit agus d’éirigh leo, go pointe. Oirfidh sé dóibh nach n-imreofar cluiche na hoíche anocht ar luas lasrach agus tá an scil agus an taithí ag imreoirí na Cróite an ceann seo a bhuachan ach is deacair muinín a bheith agat astu bunaithe ar an méid atá déanta acu go dtí seo.

Cluichí

An Albáin v An Spáinn – 8.00in (Grúpa B)
An Chróit v An Iodáil – 8.00in (Grúpa B)

Fág freagra ar 'An Chróit ag súil gur leor a dtaithí chun an ceann is fearr a fháil ar an Iodáil'