An chóir le Biden i gcoinne Sanders agus breithiúnas le tabhairt i sé stát eile

Coinneofar súil ghéar ar thoradh an réamhthoghcháin in Michigan inniu óir b’in ceann de na Stáit a chuir Donald Trump ar bhóthar a leasa in 2016

An chóir le Biden i gcoinne Sanders agus breithiúnas le tabhairt i sé stát eile

‘Super Tuesday 2’ atá baiste ar an lá inniu ag lucht faire na polaitíochta sna Stát Aontaithe. Leanfar le réamhthoghchán na nDaonlathach inniu i sé Stát: Idaho, Michigan, Mississippi, Missouri, North Dakota agus Washington. Níl ach beirt san iomaíocht faoin tráth seo – Bernie Sanders agus Joe Biden agus cé gur beag atá eatarthu anois sa gcomhaireamh toscairí tá éiginnteacht go leor fós faoi rogha na nDaonlathach.

Chuir bua mór Joe Biden Dé Máirt seo caite iontas ar go leor. Bhí sé á thuar roinnt laethanta roimh Super Tuesday go raibh a rás rite agus gur cheart dó éirí as. Thug South Carolina an t-ugach dó a bhí uaidh agus faoin am go raibh tromlach vótaí na Máirt caite bhí sé chun cinn ar Sanders sa gcomhaireamh toscairí.

De réir a chéile, tharraing na hiarrthóirí eile amach agus thug siad a mbeannacht do Biden. Tá sin ag tarlú chuile lá ó shin – leid shoiléir go bhfuil ceannaireacht agus bunaíocht na nDaonlathach ag iarraidh a chinntiú nach bhfaighidh Sanders ainmniúchán an pháirtí.

1,991 toscaire a theastaíonn ón iarrthóir Daonlathach le hainmniúchán a pháirtí a fháil. Níl a leath sin fós ag Sanders, a bhfuil 573 toscaire aige, ná ag Biden, a bhfuil 664 toscaire aige, agus tá obair mhór le déanamh acu go fóill leis an sprioc sin a bhaint amach. Tá go leor réamhthoghchán eile ar an mbealach as seo go ceann roinnt seachtainí ach tá 125 toscaire ar fáil anocht agus inseoidh scéal na dtoscairí sin go leor.

Tá Michigan i lár na Stát Aontaithe ina aice na lochanna móra. Tá cáil ar an gcathair is mó sa Stát, Detroit, as ceol Motown agus déantús carranna. Tháinig Bernie Sanders aniar aduaidh ar na hiomaitheoirí eile anseo ceithre bliana ó shin nuair a bhuaigh sé an réamhthoghchán ach breathnaíonn sé nach leis a bheidh an lá inniu. Is maith leis an gcineál duine a chónaíonn in Michigan Joe Biden. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ag Barack Obama nuair a bronnadh pacáiste fóirithinte ar thionscal na gcarranna in 2009. Daoine den chine ghorm agus den lucht oibre atá i gcuid mhór de mhuintir na cathrach, an cineál vótóra a mheallann Joe Biden.

Leis-sean an réamhthoghchán seo a chailleadh, a deirtear linn.

Tá cúis eile go bhfuil Michigan an-tábhachtach. Tá sé ar cheann de na sé Stát a bheidh cinniúnach má tá Donald Trump le cur as oifig. Wisconsin, Michigan, Pennsylvania, North Carolina, Florida agus Arizona na stáit sin a bhuaigh Trump an t-am deireadh ach nár cheart iad a bheith buaite aige, de réir nóis. Is iad a sheol isteach sa Teach Bán é. Coinneofar súil ghéar mar sin ar Michigan inniu agus leathshúil ag daoine ar an olltoghchán.

Tá an chóir le Biden i gcoinne Sanders, ach an bhfuil an chóir sin sách láidir le Trump a chur dá bhoinn? Tá tamall orainn fós sula bhfaighfear freagra na ceiste linn.

Fág freagra ar 'An chóir le Biden i gcoinne Sanders agus breithiúnas le tabhairt i sé stát eile'