An chéad radharc ar an mórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua…

Dath dearg atá ar chlúdach an Concise English-Irish Dictionary a bhfuil dearadh clasaiceach fhoclóirí an Ghúim air

An chéad radharc ar an mórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua…

Tá an chéad radharc faighte againn ar an gcéad mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua le breis is 60 bliain.

Dath dearg atá ar chlúdach an Concise English-Irish Dictionary a bhfuil dearadh clasaiceach fhoclóirí an Ghúim air – stíl shimplí le dath gléineach amháin agus stríocaí in dhá dhath eile a bhfuil ciumhais bhán leo.

Gorm agus glas le ciumhais bhán atá na stríocaí ag bun an chlúdaigh ar an bhfoclóir nua.

Níl aon stríocaí ar fiar ag an mbarr mar atá ar fhoclóirí Uí Dhónaill agus De Bhaldraithe, ach seachas sin cloíonn an foclóir nua le dearadh aitheanta na bhfoclóirí Gaeilge.

Níl ar an gclúdach ach an teideal, i mbán, agus ainm an eagarthóra – Pádraig Ó Mianáin, an scoláire as Doire a bhí ina cheann feadhna ar mheitheal an fhoclóra.

Caomhán Ó Scolaí as Cois Fharraige a rinne an dearadh.

Ar dhroim an fhoclóra nua, ina bhfuil 1,800 leathanach agus 30,000 ceannfhocal, tá teideal an tsaothair, ainm an eagarthóra agus lógó Fhoras na Gaeilge a mhaoinigh an tionscadal.

 

8,000 cóip den fhoclóir nua atá á chur ar fáil agus comhlacht Éireannach atá lonnaithe san Iodáil a chuir i gcló é.

Beidh an foclóir nua á dháileadh ar shiopaí leabhar an mhí seo chugainn agus deir Foras na Gaeilge go “seolfar feachtas nua leis an bhfoilseachán suntasach a phoibliú san fhómhar”.

Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne atá áirithe ar cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.

48,000 ceannfhocal atá sa bhfoclóir ar líne ach ba ghá ciorruithe a dhéanamh don leagan clóite.

1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus tá 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann.

Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe i 1959.

Nuair a seoladh an foclóir nua go dtí na foilsitheoirí mí Bealtaine, dúirt Bainisteoir Thionscadal foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Cormac Breathnach, le Tuairisc.ie gur údar mór sásaimh d’fhoireann an fhoclóra gur éirigh leo an beart a dhéanamh agus an saothar a chur díobh tráth a raibh deacrachtaí go leor le sárú ag daoine de bharr na paindéime.

“Cúis áthais dúinn go léir gur cuireadh an leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge go dtí na clódóirí Dé Luain. Bhí deacrachtaí suntasacha gan choinne le sárú i gcéimeanna deiridh an fhoclóra de bharr na mbeartas atá i bhfeidhm ar fud na tíre le tamall,” arsa Cormac Breathnach ag an am.

Fág freagra ar 'An chéad radharc ar an mórfhoclóir Béarla-Gaeilge nua…'

  • Tomás

    Cén costas a bheidh ar an bhfoclóir nua?

  • Damhlaic magShamhráin

    Tuigim an luach a ghabhann leis an oll-saothar íontach seo-
    ACH ! cé’n praghas?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Maith thú a Phádraig.
    Moladh go deo leis an bhfoireann go léir.