An ‘Cathánach’ as Carna a rinne bagairt bháis ar John Bruton

I 1997, chuir duine éigin de thrioblóid air féin litir a sheoladh ón nGaeltacht chuig ceannaire Fhine Gael ag bagairt feallmharú air

An ‘Cathánach’ as Carna a rinne bagairt bháis ar John Bruton

Tuige a mbeadh duine ar bith i gceantar Gaeltachta Charna i gConamara ag seoladh litreach chuig John Bruton ag bagairt a dhúnmharaithe air i 1997?

Bás de bharr urchar gunna a bhí geallta do John Bruton dá bhfaighfí deis air. Nó cén fáth a gcuirfí ceist ormsa faoi? Ag teannadh an-ghar don Nollaig i 1997 a cuireadh ceist ormsa. Bleachtaire as an mBiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil a chuir glaoch teileafóin orm.

Fear suáilceach a bhí sa mbleachtaire agus dúirt sé go mb’fhéidir nach raibh dochar ar bith sa scéal, nó san eachtra. Ina dhiaidh sin féin, chaithfí an scéala a fhiosrú.

Chuir duine éigin de thrioblóid air féin litir a scríobh chuig Ceannaire Fhine Gael, John Bruton, ag bagairt feallmharú air. Cuireadh an litir sa bposta i gCarna. B’in é an t-am a gcuirtí ainm na háite a dtéadh litir sa bposta ar an gclúdach. Bhí sé suntasach gur chuig teach cónaithe an Uasail Bruton i nDún Búinne i gContae na Mí a seoladh an litir.

Thug John Bruton an litir do na Gardaí.

Cuireadh an t-ainm ‘Nollaig Ó Catháin’ leis an litir. B’in é an síniúchán. Níor cluineadh caint ar Nollaig Ó Catháin ar bith in Iorras Aithneach ná sna ceantair máguaird san am sin. Ba mise an t-aon duine sa gceantar a thug a ainm mar Ó Catháin sa leabhar teileafóin ag an am.

B’in é an t-údar gur chuir an bleachtaire caidéis ormsa. Fuair sé m’ainm, agus m’uimhir sa leabhar.

Ní fhéadfainn a dhul i mbannaí i dtosach gur bleachtaire dáiríre a bhí sa bhfear a bhí ar an teileafón, agus é ag caint liom faoi bhagairt an bháis ar an iarThaoiseach agus ceannaire Fhine Gael. Fuair mé ainm agus uimhir theileafóin ón nGarda agus ghlaoigh mé ar ais air. Bhí go maith.

Bhí píosa comhrá idir an bheirt againn. Bheadh an bleachtaire i gCarna an lá dár gcionn. Ar mhaith liom súil a chaitheamh ar an litir bhagrach, nó ar mhaith liom casadh leis?

Mhínigh an bleachtaire dom nach raibh aon amhras aige orm féin ach ó tharla go bhfuair sé m’ainm sa leabhar teileafóin, bhuail sé bleid orm. Ansin chuaigh sé ruainne níos doimhne sa scéal.

‘An mbeadh aon bhaol ann go mbeadh duine ar bith ag iarraidh aird a tharraingt ort?’

‘Is ar éigean é,’ a dúirt mé féin. Ina dhiaidh sin féin, dúirt mé leis an mbleachtaire go gcasfainn leis.

Chas mé leis théis a thurais gheimhriúil as Baile Átha Cliath go Stáisiún na nGardaí i gCarna. Thaispeáin sé an litir dom. Bhí sí gonta agus gangaideach: chaithfí John Bruton sa gcloigeann. Bhí an seasamh a bhí aige ar chúrsaí an Tuaiscirt ar chúis amháin a bhí leis an bhfeallmharú a bhí bagartha air.

Ach lena chois sin uilig, ní raibh cuma ná caoi ar an mbealach a bhí le John Bruton, a dúradh. Tá aiféala orm nár thriail mé le cóip den litir a fháil, ach sílim nach n-éireodh liom sin a dhéanamh.

Bhí an bleachtaire ag déanamh roinnt iontais gur seoladh an litir chuig teach cónaithe John Bruton. Cén chaoi a mbeadh seoladh baile John Bruton ag daoine thart anseo? Cá bhfios dom.

D’fhiafraigh sé díom arís an mbeadh aon duine thart sa gceantar ag iarraidh amhras a tharraingt orm féin ó tharla go raibh mo shloinne i nGaeilge sa leabhar teileafóin. Dúirt mé leis nach raibh a fhios agam – agus ní raibh.

Chuir muid beannachtaí na Nollag ar a chéile agus d’imigh muid linn. Tá mé ag ceapadh nach bhfuarthas amach riamh cé a scríobh an litir, an té a chuaigh isteach dá cur chun bealaigh i dTeach an Phosta i gCarna, aimsir na Nollag 1997.

Ach ar aghaidh linn go dtí 2004, seacht mbliana tar éis aimsir na bagartha ar John Bruton. Bhí mé ag scríobh píosa d’irisleabhar bliantúil Iorras Aithneach faoin gceangal a bhí ag ceannairí éagsúla de chuid Fhine Gael le ceantar Charna. Shocraigh mé go gcuirfinn glaoch ar an mBleachtaire Pádraig Mac an Tuile, an fear a ‘cheistigh’ mé i 1997.

An raibh aon tuairisc faighte ariamh ó shin ar ‘Nollaig Ó Catháin’?

Bhí an bleachtaire ar a bhealach go hAlbain ar chúpla lá saoire agus cúrsaí oibre fágtha ina dhiaidh aige. Thángthas ar an tuairim gur ‘crank’ a bhí i ‘Nollaig Ó Catháin’, a deir an bleachtaire. ‘Tá na leabhar dúnta ar an gcás sin – ná bíodh aon imní ort!’

Scairt an bheirt againn ag gáirí agus ghuigh muid Nollaig shona ar a chéile.

Go raibh suaimhneas síoraí ag John Bruton anois, fear ionraic agus fear maith. Rinne sé a dhícheall le dea-chroí. Ní féidir le duine ar bith a dhul thairis sin sa saol seo.

Fág freagra ar 'An ‘Cathánach’ as Carna a rinne bagairt bháis ar John Bruton'